Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 38

38

Eogan Taidhlech do radh ris .i. fecht dochoidh Eogan Mór ind Esbain for ceilidhe. Issé ba rí Espain intan sin .i. Eber Mór mac Midhna. Fuair tra Eogan gradhugud mór ind Espain don toisc sin. Do bhói didiu ingen aire[g]dha ag in rígh a n-áentuma intan sín .i. Bera ingen Ébir a h-ainm. Ocus tuc sí gradh égmaisi d'Eogan sú dochuaid a n-Espain ara


p.302

urscélaibh. Tug tra Eogan in ingin íarsin, & rug sí clann t-sainemhail dó .i. mac amra .i. Oilill Olomm, & días ingen .i. Scoithniam & Caimill a n-anmanna.

Dothigedh isin aimsír sin Ebir bradan builidh brecdhathach do t-Sruth na n-Dúl a Parrthus cacha bliadne go Sruth Tibir, & tigedh ó Thibhir go Sruth n-Ebir a n-Easpain. IS amhlaid do bói in bradan sin & tlacht olla fíraille co cinél cacha datha trít. Fofrith tra in bradan sin la h-Éber i n-aimsir sin Eóghain a n-Espain, & dobenadh in tlacht olla sin dé, & tucadh do ingin Ebir in olann sin. Doríghnedh tra laisin ingin brat taidhlech taithnemach d'Eogan don tlacht sin robhói forsin m-bradan. Ocus in brat sin is é ro bhói fá Eogan intan tainic a n-Erinn. Conn Cétchathach a righi n-Erinn intan sin. Robo tháidhlech taithnemach in deallradh bói for Eogan ón brat sín. Conid de sin rod-gíul Eoghan Taidhlech de.