Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 29

29

Dúach Dal[l]ta Deagaid, cidh día tá? Ni ansa. Dá mac maithi bói ag Coirbri Losc .i. Dúach & Deagad a n-anmanna. Bói imchosnam mór etarru imon righí, ar ba h-ádhbur rí[g] Erenn cach mac dib ar dheilbh & ar gnim. Ní roibe a n-Erinn días budh chaime na búdh chuchtghlaine 'náid in dí mac sin Coirbri. Deagad mac Coírpri in soísiur, & bói ac dul tar Duach chum na righi. Rob olc tra la Dúach indí sin, & dochuir techta uadh arcend a bráthar a bhail a roibhe. Doluidh Degad iarsin co h-airm a m-bái Dúach. Dogabad Deagad annsin la Dúach, gur' bhen a rusca dé, gur roibhe dall. Conid [d]é sin gairthar Dúach Dallta Deagaid dé. Ocus issé cétdall Eirenn insin. Is dó sin rochét in fili:

  1. 1] Dogabad Deagad na thaigh
    2] ic Dúach aga dhearbbrathair {folio 567a}
    3] ocus do dallad co dían
    4] in Deagad sin gér' dhrochíall.

Duach Dalta Degaid indara ní de .i. Deagad, mac sin do Érnaibh Muman, is é rus-ail Dúach. Is de rolil Dúach Daltá Deagaid dé.