Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

p.288

{folio 565a}

entry 1

1

Mumu, canus rohainmnighidh?

Ni ansa. A nomine alicuius regis .i. ó ainm righ bái fuirri .i. Eochaid Mumo mac Niadh Feibhis eissidhe.

Eochaid Mumo cidh día tá?

Ni ansa. Eochaid Momó .i. ar ba mó a nert & a cumachta ina nert & cumachta cach duine a n-Éirinn bói a comhré fris. Is de sin ainmnighther Mumú.

Muma .i. mó a h-ana nás ana cach coigidh aili a n-Eirinn, ar is innti nó adhradh bandía in t-sónusa .i. Ana a h-ainm-sein, & is uaithi sidhe isberar Da Chigh Anann ós Luachair Degad.