Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 4

Temair IV

  1. Domun duthain a lainde,
    comul caire cét cuire,
    bréc ilar líth fri labrad,
    acht adrad ríg na n-uile.
  2. 5] Rofáith cach recht im road,
    roscáich cach cert co grian;
    Temair indiu cid fásach,
    bói ré ba násad niad.
  3. Nirbo thráig a tor tóebach,
    10] diarbo hóenach scor scélach;
    ba mór ndám diarbo domgnas
    in dúnad fondglas férach.
  4. Ba dind n-ordnide n-imglicc;
    ba borg-bile co mbodb-shlait;
    15] fri taidbsin ba druimm n-airdirc
    i n-aimsir ui Chuind Cormaic.
  5. Is cáem in gairm noscóema,
    ainm doróega sech rúama;
    tarcai Bóind bró bága
    20] Cathir Chrófhind, cró búada.

  6. p.30

  7. Dia mbói Cormac fri clotha,
    ba réil roblad a retha:
    ní fríth dún amail Temraig,
    ba sí rún belaig betha.
  8. 25] Balc a bríg-sain fiad buidnib
    ind ríg-sain réided Temraig;
    is ferr dúin tólaib fine
    tuirem a thige teglaig.
  9. In tech mór mílib amus
    30] do dínib nirbo dolus;
    cathir glan glérib glain-fher
    secht cét traiged a tomus.
  10. Nístairchell báise burba,
    ná cumga gáise garga;
    35] nirbo robec fria terba,
    sé cóic cubat a harda.
  11. Nói cluid, nísclúi garb-drend,
    la nói ndúi 'n-a timchell,
    fri find-airbert na find-chrand,
    40] cathir imairderc imthend.
  12. Adba ind ríg, rí ós Rinne,
    forsndáilte fín co finde,
    ba dín, ba dún, ba dindgna,
    tri chóicait imda inde.

  13. p.32

  14. 45] Tri chóicait láech co laindib,
    nírbo borg báeth ar bruidin,
    ba sé lucht, línib dindgnai,
    cecha imdai de shuidib.
  15. Ba hálaind in slóg samlaid;
    50] taitned ór ar a n-idnaib:
    tri chóicait airel n-ergnaid,
    cóica cach airel imglain.
  16. Secht cubait, cennach condail,
    fiad in dáim drongaig drennaig,
    55] fri hannud sutrall solus,
    ba sé tomus in tellaig.
  17. A secht n-aile, rochuala,
    fri cert glaine cen séna,
    ségda sainemla sáera
    60] cáema caindelbra créda.
  18. In chathir gríanach glan-sin
    fledach fíanaoh co fondsib,
    inde fri soichli solus
    dá secht ndorus de dorsib.
  19. 65] Ba hé dliged ind ríg-sin,
    ól asnibed in slóg-sin;
    ba mét mór-mór in lán-sin,
    tri chét ól isind ól-sin.

  20. p.34

  21. A n-ól n-uidech fri húabur
    70] na ruirech rúad, na ráin-fher,
    nirbo dimbraig don áirem;
    tri chét dáilem nosdáiled.
  22. Nói cóicait stáb a roga,
    ba sí dál, toga a tuile,
    75] sech ba carrmocol glan-balc,
    ba hór ba hargat uile.
  23. Tri chóicait coica ngalach,
    cen nach n-anad fri fuirech,
    fri hairer, cennach tolach,
    80] na ríg rogach, na ruirech.
  24. Cóica rechtaire ránda
    lasin flaith fálda fírda;
    cóica foss fledach fír-glan
    la cóicait ríglach rígda.
  25. 85] Cóica láech i n-a sessam
    connóitís in fáel íbssad,
    céin bíd in rí ac oül,
    ar obbad doäad dossam.
  26. Ba hán don mál ba móu,
    90] ar cach lóu ba lia:
    tricha cét nochonfuirged,
    mac Airt tuirmed cach dia.

  27. p.36

  28. Cend-drong filed fó fírda,
    saigtís dliged a ndála,
    95] is derb ní báes cia 'tbera
    co n-áes chena cach dána.
  29. Tuirmem teglach i ndálaib
    tige Temrach do dínib:
    is í-seo a n-árim fíre,
    100] tricha míle de mílib.
  30. Diambói Cormac i Temraig,
    ar roblat ós cach rogail,
    ríg-athgein meic Airt Óenfhir
    ní fríth de dóinib domain. D.
  31. 105] Cormac co cáeme chrotha
    ba fotha fond-balc flatha;
    genair ó Echtaig imgil
    mac do ingin Uilc Acha.
  32. O bói Solom oc siriud,
    110] ferr cach ciniud fri comul,
    gein bad chumma fri Cormac
    a Dé in tormalt domun? D.

  33. p.38