Riathóir: Marian Ní Shúilliobháin

Táille: £36

Cúrsa 10 seachtaine is ea é seo. Tá cúrsaí ar fáil acu siúd nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, atá ar bheagán Gaeilge nó a bhfuil measarthacht acu cheana. Is sa chéad seachtain i Mí Mheán an Fhómhair a dhéantar clárú na ranganna agus tosaíonn an múineadh ag tús Mhí Dheireadh an Fhómhair. Ó 7:30 go 9:30 oíche amháin sa tseachtain is gá freastal agus bíonn na ranganna ar fáil ó Luan go Déardaoin.
Is ar fhorbairt an ghnáthchomhrá, ar shealbhú múnlaí coitianta, ar fheabhsú líofachta agus cruinnis agus ar leathnú foclóra a chuirtear béim. Is as na modhanna múinte is nua-aimseartha agus as na háiseanna is nua teagaisc (téipeanna físe agus fuaime, nuachtáin agus irisí Gaeilge srl.) a bhaintear feidhm.

Riarthóir: Marian Ní Shúilliobháin

Táille: £60

Cúrsa 20 seachtain is ea é seo. Tá cúrsaí ar fáil acu siúd nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, atá ar bheagán Gaeilge nó a bhfuil measarthacht acu cheana. Is sa chéad seachtain i Mí Mheán an Fhómhair a dhéantar clárú na ranganna agus tosaíonn an múineadh ag tús Mhí Dheireadh an Fhómhair. Ó 7:30 go 9:30 oíche amháin sa tseachtain is gá freastal agus bíonn na ranganna ar fáil ó Luan go Déardaoin.
Is ar fhorbairt an ghnáthchomhrá, ar shealbhú múnlaí coitianta, ar fheabhsú líofachta agus cruinnis agus ar leathnú foclóra a chuirtear béim. Is as na modhanna múinte is nua-aimseartha agus as na háiseanna is nua teagaisc (téipeanna físe agus fuaime, nuachtáin agus irisí Gaeilge srl.) a bhaintear feidhm.
Is gnách go gcaitheann lucht an ranga seal gairid i nDún Chíomháin i nGaeltacht Chiarraí.

Riarthóir: Pól Ruiséal

Táille: £25


Cúrsa is ea é seo do bhaill foirne na hOllscoile seo. Is de réir chaighdeán na Gaeilge acu féin a leagtar amach na ranganna. Cuirtear fáilte roimh aon bhall foirne.

Riarthóir: Marian Ní Shúilliobháin

Táille: £20

Tá cúrsa deonach sa Ghaeilge Labhartha (14 seachtaine, uair an chloig sa tseachtain) á chur ar fáil ag an gColáiste do mhic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe acu. Beidh cúrsa ar leith ar fáil do mhic léinn fásta.
Is é cuspóir an chúrsa feabhas a chur ar chumas na mac léinn sa teanga agus ag an am céanna caoi a thabhairt dóibh dul i dtaithí ar na géithe is taitneamhaí de chultúr na Gaeilge. Baintear úsáid as na modhanna múinte is nua-aimseartha atá ar fáil. Úsáidtear téipeanna físe agus fuaime, nuachtáin, irisí srl.
Beidh cúrsaí deireadh seachtaine sa Ghaeltacht ar siúl do mhic léinn ar suim leo a leithéid. Chomh maith leis seo, cuirfear líon áirithe scoláireachtaí gaeltachta ar fáil do mhic léinn a n-éireoidh leo in agallamh ag deireadh an chúrsa.
Is i Mí Dheireadh an Fhómhair a ghlactar le hiarratais don chúrsa seo de ghnáth ach déanfar a thuilleadh fógraíochta air amach anseo.

Riarthóir: Pól Ruiséal

Táille: £600

Cúrsa Dioplóma páirtaimseartha sa Ghaeilge Fheidhmeach a mhaireann ar fheadh dhá bhliain. Is é is príomhaidhm don chúrsa oiliúint sa ghaeilge a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na mac léinn a ngnó gairmiúil a chur i gcrích go héifeachtach trí mheán na Gaeilge. Cuirtear an cúrsa ar siúl ar an gcoinníoll go gcuirtear dóthain iarratasóirí isteach air.
Ní mór caighdeán iontrála nach lú ná caighdeán ghrád D/D3 sa Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta ardleibhéil a bheith bainte amach ag iarratasóirí. D'fhéadfadh an Chomhairle Acadúil glacadh le daoine lánfhásta a mbeadh cothrom chaighdeán an mháithreánaigh bainte amach acu.
Costas £300 in aghaidh na bliana is ea an táille. Is féidir í seo a dhíol ina dhá leath - an chéad leath (£150) ar ghlacadh leis an iarratasóir don Oifig Iontrála agus an dara leath i dtosach an dara téarma acadúil. Úsáidtear foirm "bank-giro" chuige seo.

Riarthóir: Marian Ní Shúilliobháin

Táille: saor in aisce

Réamhchúrsa Gaeilge is ea é seo. Is ar mhic léinn nach bhfuil aon chleachtadh ná taithí acu cheana a fhreastlaíonn sé agus is ar an teanga labhartha a leagtar an bhéim.
Cúrsa 9 seachtaine atá ann ina ndéantar trí huair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine in aice le cibé obair bhaile a thugtar. Is sa tríú seachtain i Mí Dheireadh an Fhómhair is gnách a thosaíonn na mic léinn tar éis dóibh clárú ag tús na míosa sin.

Riarthóir: Marian Ní Shúilliobháin

Táille: saor in aisce

An bhéim a cuireadh ar an teanga labhartha in GA1120, leantar di agus cuirtear léi in GA1121. Ar a bharr seo tugtar réamheolas ar phrós agus véarsaíocht na Gaeilge. Is féidir go socrófar deireadh seachtaine sa Ghaeltacht leis.
Cúrsa 15 seachtaine is ea GA1121. Déantar trí huair an chloig teagaisc sa tseachtain agus bíonn roinnt oibre baile le déanamh. Is gnách go ndéantar an clárú go luath i Mí Dheireadh an Fhómhair agus go dtósaíonn an cúrsa féin sa dara téarma. Tabharfar a thuilleadh eolais amach anseo.

Riarthóir: Marian Ní Shúilliobháin

Táille: $20

Cúrsa speisialta sa Ghaeilge Labhartha is ea é seo do mhic léinn an Ard-Teastais Oideachais.
Is é cuspóir an chúrsa cabhrú le mic léinn an A.T.O. caighdeán maith i labhairt na Gaeilge a bhaint amach agus iad a ullmhú le haghaidh Scrúdú an Ard-Teastais. Mairfidh an cúrsa 14 seachtaine (1 uair an chloig sa tseachtain).
Is i Mí Dheireadh an Fhómhair a ghlactar le hiarratais don chúrsa seo de ghnáth ach déanfar a thuilleadh fógraíochta air amach anseo.

Riarthóir: Ciarán Dawson

Táille: saor in aisce
Cúrsaí 8 seachtaine (dhá uair an chloig sa tseachtain) a dhéanaimid de ghnáth sa ríomhaireacht. Ar chlár an ranga bíonní:-
1. An Córas Oibreacháin. Cé go dtagraítear do na córais oibreacháin uile is ar Microsoft Windows 98 a bhunaítear an cúrsa.
2. An Phróiseáil Focal. Múintear an dóigh le Word a lúbadh agus a chlaochlú don úsáideoir Gaeilge. Foghlaimítear an chaoi le leathanach a leagan amach chomh maith leis an tslí a mbaintear feidhm as na clónna éagsúla le heolas a chur go héifeachtach i láthair an léitheora. Leagtar béim ar úsáid an ríomhaire i scríobh tráchtas agus píosaí fada oibre.
3. An tIdirlíon. Léirítear an Gréasán Uile-Dhomhanda agus na foinsí Gaeilge atá air. Faigheann gach duine sa rang seoladh R-Post dá c(h)uid féin. Déantar plé ar an dóigh le feidhm a bhaint as an Idirlíon le taighde a dhéanamh.
4. HTML. Taispeántar an chaoi a leagtar amach leathanaigh ghréasáin agus a gcealglaítear lena chéile iad.

Riarthóir: Pól Ruiséal

Táille: saor in aisce

Cúrsa feabhais is ea é seo atá dírithe orthu siúd a oibríonn do na rialtais áitiúla. Cé gur i nDún Chíomháin i nGaeltacht Chiarraí a dhéantar an cúrsa cuirtear fáilte roimh dhaoine ó gach cearn den tír.