Fáilte
Cuireann An tAonad Aistriúcháin, Ionad na Gaeilge Labhartha seirbhís ghairmiúil aistriúcháin, Béarla - Gaeilge agus Gaeilge - Béarla, ar fáil d'eagraíochtaí nó do dhaoine aonair.
Is institiúid léinn agus taighde é Coláiste na hOllscoile Corcaigh, rud a chuireann ar chumas Ionad na Gaeilge Labhartha aistriú a dhéanamh ar réimse leathan téacsanna ós rud é go bhfuil teacht ag aistritheoirí ar shaineolas ar mhórán ábhar éagsúil.
Is féidir talamh slán a dhéanamh d'ardchaighdeán an aistriúcháin; ó thaobh chruinneas aistriúcháin agus gramadaí de, agus ó thaobh shaibhreas na Gaeilge de.
Feidhmíonn Coiste Aistriúcháin, faoi choimirce Bhord na Gaeilge, chun an t-ardchaighdeán seo a dheimhniú.
|