Áras Uí Thuama: Ionad Cónaithe Gaeilge - Scoláireacht €500
|
|
|
Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Tógadh an t-áras álainn seo sa bhliain 2006. Beidh tú sona sásta san árasán nua-aimseartha seo i dteannta le mic léinn eile. Beidh tú ar do sháimhín só i do sheomra codlata úrnua, compórdach a bhfuil áiseanna staidéir ann. Gaeltacht na hOllscoile atá anseo ina bhfuil bloc de naoi n-árasán (le dhá, trí, ceithre sheomra codlata iontu). Fan i dteagmháil le do chairde ar an ríomh-phost nó déan do chuid taighde ar do shuaimhneas san Áras breá seo tríd an idirlíon atá ar fáil saor in aisce. Cuirfidh tú aithne ar mhic léinn ó gach coláiste agus beidh craic agaibh le chéile. Chomh maith leis sin, ní bheidh ocras ort riamh agus Ollmhargadh díreach in aice leat mar a bhfuil rogha gach bia ar fáil. Níl an Ollscoil ach cúig neomat de shiúl na gcos uait agus tá Áras Uí Thuama an-chóngarach do lár na cathrach. Oireann na hárasáin seo do gach gné ded’ shaol. Cad eile a bheadh ag teastáil ó mhac léinn an lae inniu?
IarrataisTá fáilte roimh aon mhac léinn lánaimseartha a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici cur isteach ar áit in Áras Uí Thuama. Is gá dó/di foirm speisialta Ghaeilge a líonadh agus dul faoi agallamh.
Cuirtear roinnt áiteanna i leataobh
gach aon bhliain le haghaidh mhic léinn
na chéad bhliana.
Tá scoláireachtaí substaintiúla ar fáil
Foirm do Lucht UCC 2013/14
Foirm do Lucht na hArdteiste 2013/14

Teagmháil
OIFIG IONAD NA GAEILGE LABHARTHA
Guthán: + 353 (0)21 490 2314
Macas: + 353 (0)21 490 3329
Ríomhphost: g.labh@ucc.ie
Suíomh Idirlín: http://www.ucc.ie/igl
I ngach árasán tá:
An Chistin /Seomra Comhluadair
|
Seomraí Codlata/staidéir
|
Tá ceangal teilifíse i ngach seomra.
NB Caithfidh gach áitritheoir éadaí leapan, cuilt agus piliúir a thabhairt leis / lei.
Tá a lán áiseanna ar fáil in Áras Uí Thuama ina measc:
- Árasán le 2,3,4 sheomra codlata le “en-suite” i bhformhór acu.
- Ceangal idirlín saor in aisce
- Teas lárnach leictreach Goldshield
- Teilifíseán daite (cábla)
- Páirceáil shlán rothair
- Níolann féinseirbhíse*
- Bailiú Bruscair
- Maoir Chónaithe
Tá fáilte roimh aon mhac léinn lánaimseartha a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici cur isteach ar áit in Áras Uí Thuama. Is gá dó/di foirm speisialta Ghaeilge a líonadh agus dul faoi agallamh. Cuirtear roinnt áiteanna i leataobh gach aon bhliain le haghaidh mhic léinn na chéad bhliana.
