Dún Chíomháin

Réamhrá

Is lárionad Ollscoile de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh é Dún Chíomháin atá suite i gcomharsanacht Bhaile an Fheirtéaraigh in Iarthar Duibhneach, Co. Chiarraí.  Is ceantar láidir Gaeltachta é Corca Dhuibhne agus meallann áilleacht na háite mar aon leis an teanga agus an cultúr daoine chun na dúthaí ó chian is ó chóngar. Tá Dún Chíomháin ag feidhmiú mar ionad ollscoile sa cheantar ó 1974 i leith.  Bhíodh halla Dhún Chíomháin nó Hall Cheabhin mar ab fhearr aithne air, ina halla rince agus pictiúir do mhuintir na háite ag dul siar i bhfad. Is mó cuimhne atá i measc an phobail fós ar an nDún nuair a bhíodh sé ag Seán Cheaibhin ós na nGorta Dubha agus a bhean Neilí, siopa, tigh aíochta agus halla rince agus pobail. Anois tá an halla athchóirithe agus é ina ionad foghlama le háiseanna teicneolaíochta ar ardchaighdeán.

Freastalaíonn Dún Chíomháin ar phobal Choláiste na hOllscoile Corcaigh, ar phobal Chorca Dhuibhne, ar cheantair Ghaeltachta na Mumhan agus ar phobal lasmuigh den Ghaeltacht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Cúrsaí/Seirbhísí ar Fáil i nDún Chíomháin

Seo a leanas cuid de na seirbhísí is cúrsaí atá ar fáil i nDún Chíomháin.

  • Seimeastar Gaeltachta do mhic léinn Ghaelainne Choláiste na hOllscoile Corcaigh
  • Sainchúrsaí Gaelainne agus cultúir do ghrúpaí náisiúnta/idirnáisiúnta
  • Cúrsaí deireadh seachtaine Gaeltachta do mhic léinn Choláiste na hOllscoile Corcaigh
  • Scéim na dTeaghlach i rith an tsamhraidh d'fhoireann Choláiste na hOllscoile Corcaigh chun an Ghaelainn a chur chun cinn i measc fhoireann na hOllscoile
  • Léachtaí sa litríocht, sa chultúr agus sa stair áitiúil i gcomhair le Oidhreacht Chorca Dhuibhne don phobal áitiúil
  • Dioplóma Ollscoile sa Ghaelainn do phobal Chorca Dhuibhne
  • Ionad comhdhála/seimineáir ar fáil don phobal
  • Ionad taighde agus staidéar ar fáil don phobal

Imeachtaí sa Dún

Sraith Cainteanna

Anois teacht an Earraigh...

Beidh sraith cainteanna is plé bainteach le cúrsaí sláinte is folláine ar siúl i nDún Chíomháin idir seo is tús mhí Aibreáin. Beidh na cainteanna ar siúl gach Céadaoin ag a 7pm.

Dáta Teideal na Cainte Aoichainteoir
28 Feabhra 2024 Ag cothú na sláinte tríd an mbia a ithimid Nell Ní Chíobháin, Saineolaí Cothúcháin
6 Márta 2024 Ag cothú cothromaíochta sna hormóin bhaineann - bia agus nósanna saoil Nell Ní Chíobháin, Saineolaí Cothúcháin
13 Márta 2024 Ag bláthú is ag treisiú sna blianta os cionn 50! Irene Ní Fhlannúra, Comhairleoir Cothúcháin
20 Márta 2024 Fan siar ón siúicre! Sailéid agus sneaiceanna blasta, sláintiúla Ceardlann le Susan Feirtéar
27 Márta 2024 Feamnach agus bianna le spíosraí Ceardlann le Susan Feirtéar 
3 Aibreán 2024 Cleachtaí anála chun dul i ngleic le strus agus deacrachtaí codlata Séilí Ann Ní Loinsigh
6 Aibreán 2024 * Maitheas agus leigheas sna plandaí atá ar leac an dorais againn - siúlóid suas an Máimín Darach Ó Murchú

 * Beidh an chaint seo ar siúl ar siúl Dé Sathairn, 6 Aibreán 2024, 11am-1pm.

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir dul i dteangmháil le Caitríona (c.budhlaeir@ucc.ie) nó le Susan (sfeirtear@ucc.ie).

Ranganna Amhránaíochta

Seo chugat do sheans chun cúpla stéibh d’amhrán a fhoghlaim is a bheith ullamh don gcéad tráthnóna bothántaíochta eile! Beidh ranganna amhránaíochta do dhaoine fásta fé stiúir Áine Uí Laoithe ar siúl gach Déardaoin ón 7 Márta 2024, 7pm-8pm i nDún Chíomháin. Tá costas €5 ar gach seisiún. Fáilte roimis na héinne is cuma an guth binn nó garbh atá agat!

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir dul i dteangmháil le Caitríona (c.budhlaeir@ucc.ie) nó le Susan (sfeirtear@ucc.ie).

Halla Dhún Chíomháin

Rinneadh uasdátú mór ar Halla Dhún Chíomháin i rith na bliana acadúla 2017-2018 chun go mbeidh sé in oiriúint do riachtanais fhoghlaimeoir an 21ú Céad. Seachas saotharlann seasta a bheith ann mar a bhí ó dheireadh an chéid seo caite, tá trealamh agus troscán soghluaiste agus so-athraithe ann anois atá dírithe ar nósanna e-fhoghlama BLDGF (Beir Leat do Ghléas Féin), agus a spreagann an cur chuige mac léinn-lárnach sa teagasc agus fhoghlaim. Cuimsíonn an spás foghlama nua-aoiseach seo gnéithe iomlána dhearcadh an lae inniu i dtaobh an teagaisc agus na foghlama sa mhéid go n-éascaíonn sé an fhoghlaim aonarach, an ghrúpfhoghlaim, an fhoghlaim neamhfhoirmiúil, agus an léacht thraidisiúnta chomh maith le limistéar sóisialta a sholáthar do na mic léinn a bhfuil timpeallacht láidir foghlama á cothú ann.  Cuireadh prionsabail DUF (Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim) i bhfeidhm ar dhearadh agus thógáil an spáis fhoghlama seo. Chomh maith le bheith ina áis do mhic léinn agus d'fhoireann COC féin, cuirfear An Halla ar fáil do phobal na Gaeltachta.

D'oscail Aire Stáit na Gaeltachta, an tUas Seosamh Mac Aoidh, Halla an Dúna go hoifigiúil ar 19 Meitheamh 2018 i gcuideachta Uachtarán COC, An tOllamh Pádraig Ó Sé ag ócáid ar fhreastail meascán de phobail Chorca Dhuibhne agus COC.

 

Maidir le Taisteal

Muna bhfuil do chóras taistil féin agat, is féidir bus nó traein a fháil go Trá Lí agus bus isteach sa Daingean. Tagann bus chomh fada le Baile an Fheirtéaraigh ar laethanta áirithe. Tá seirbhís mhaith tacsaí ar fáil sa cheantar chomh maith.

An Ceantar Máguaird

Tá raidhse bialann agus tithe tábhairne sa cheantar máguaird. Bíonn ceol tradisiúnta le cloisint i dtithe tábhairne éagsúla. Is fiú turas a thabhairt ar Oileán an Bhlascaoid Mhóir agus Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin chun léargas a fháil ar shaol na ndaoine a mhair ar an oileán suas go 1954. Más spéis leat am a chaitheamh ag siúl, tá bealtaí siúlóide draíochtúla sa cheantar ar nós Cosán na Naomh, Slí Chorca Dhuibhne agus Siúlóidí Oidhreachta. Is féidir na bealtaí seo a shiúl tú féin nó dul le treoraí cáilithe. Tá saibhreas de láithreacha seandálaíochta agus staire le fáil sa cheantar chomh maith. Is féidir na haon saghas spórt uisce a thriail agus bíonn cúrsaí agus ranganna seoltóireachta is cadhcála is a leithéid ar siúl d'éinne a bhfuil an fonn san orthu.

Suíomh

Tá Dún Chíomháin suite leath-chiliméadar soir ó shráidbhaile Bhaile an Fheirtéaraigh, áit a bhfuil tithe tábhairne, óstán, siopa grósaera, caifé agus seirbhísí dá leithéid. Tá Cruach Mhárthain suite ar an taobh theas agus tá ceann de na tránna is áilne in Éirinn suite ar an taobh thuaidh den Dún mar atá An Béal Bán. Tá an Dún féin:
17cm ón Daingean
67cm ó Thrá Lí
360cm ó Bhaile Átha Cliath
170cm ó Chorcaigh
170cm ó Luimneach

Sonraí Teagmhála

Caitríona Budhlaeir, Susan Feirtéar                                                      
Bainisteoirí ar Dhún Chíomháin
Baile an Fheirtéaraigh
Trá Lí
Co. Chiarraí
T: +353 (0) 66 9156136
R: c.budhlaeir@ucc.iesfeirtear@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr