Fáilte go dtí Oifig an Leas-Uachtaráin Teagaisc agus Foghlama
Dia duit agus fáilte go dtí leathanaigh shuíomh idirlín Oifig an Leas-Uachtaráin Teagaisc agus Foghlama. Tugtar duit sa suíomh idirlín seo léargas ginearálta ar an Oifig seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach cliceáil ar na naisc atá sa suíomh seo. Mura dtagann tú ar an eolas atá uait, áfach, cuir in iúl dúinn é sin. Cuirtear fáilte roimh aiseolas cabhrach i gcónaí, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn.
Ár gcreideamh:
Tá sé mar aidhm againn pobal scoláirí a chruthú ina bhfuil ár bhfoireann agus ár mic léinn uile páirteach. Tacaítear le cur chuige teagaisc agus foghlama atá samhlaíoch agus éifeachtach agus déantar é seo a chothú. Tugtar cothrom na féinne don teagasc, don fhoghlaim agus don taighde. Bunaítear an cur chuige teagaisc foghlaimeoir-lárnach ar thaighde agus tá sé fréamhaithe sa chultúr. Baineann mic léinn agus teagascóirí taitneamh as an taithí teagaisc agus foghlama araon. Cliceáil anseo chun ár bplean straitéiseach a fheiceáil, ina bhfuil mionléargas agus ráiteas misin ar fáil.
Ár gcuid oibre:
Cuirimid cláir forbartha gairmiúla ar fáil mar seo leanas: Teastas, Dioplóma agus Máistreacht i dteagasc agus i bhfoghlaim san ardoideachas chomh maith le cláir seimineár rialta, oiliúint do theagascóirí iarchéime. Anuas air sin, cuirimid comhairle ghinearálta agus tacaíocht ar fáil. Is féidir tuilleadh sonraí a fhaíl trí chliceáil anseo.
Cé sinne:
Tá an tOllamh Grace Neville ina Leas-Uachtarán Teagaisc agus Foghlama. Tá an Dr Bettie Higgs agus Marian McCarthy i gceannas ar Ionad Bairre, Ionad Teagaisc agus Foghlama COC ar bhonn laethúil. Tá roint ball foirne COC a roinneann a gcuid ama go fial linn chun na cúrsaí forbartha foirne a rith agus is mór againn a gcuid iarrachtaí go léir. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na baill foirne seo ar shuíomh idirlín Ionad Bairrre.

