Fáilte go Taighde COC.
Is é COC is rathúla agus is gníomhaí clár taighde in Éirinn. Is mór an chúis bróid dúinn na torthaí cruinne, tráthúla, ceannródaíocha a bhíonn againn de thairbhe na daoine is fearr a bheith againn agus iad ag baint feidhme as na modhanna is mó atá chun tosaigh sa domhan inniu.
Is maith an teist orainn gur mó taighde a tharraingíonn COC chuici féin ná aon ollscoil eile in Éirinn.
Chun eolas a fháil ar an mbuntáiste is féidir leis an eagraíocht s'agatsa a bhaint as taighde atá ar chaighdeán domhanda agus ar an dóigh ar féidir libh cur leis na hiarrachtaí reatha chun críocha an fheasa a bhrú chun cinn, déan teagmháil le hOifig an Taighde ag +353 21 4903501 nó seol ríomhphost chuig research@ucc.ie.
