University College Cork Logo
 

Ráiteas Príobháideachta Choláiste na hOllscoile Corcaigh

Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháideachta Choláiste na hOllscoile Corcaigh i leith shuíomhanna idirlín na hOllscoile. Níl an Ollscoil freagrach as ábhar ná as cleachtais phríobháideachta suíomhanna idirlín eile. Ní i gcónaí is féidir a aithint gur nasc seachtrach atá i gceist le nasc chuig suíomhanna idirlín eile. D’fhéadfadh suíomhanna idirlín a bheith laistigh d’fhearann Choláiste na hOllscoile Corcaigh nach bhfuil an Ollscoil freagrach astu ar bhonn eagarthóireachta ná nach bhfuil smacht aici orthu. Ar na suíomhanna seo tá suíomhanna idirlín d’eagraíochtaí mac léinn srl. Cé go molann an Ollscoil go gcloíonn suíomhanna mar seo leis an ráiteas príobháideachta seo, féach ar ráitis phríóbháideachta na suíomhanna aonair nó téigh i dteagmháil leis na daoine atá freagrach as na suíomhanna sin chun tuiscint a fháil ar na beartais agus ar na cleachtais atá i bhfeidhm acu.

Ráiteas ginearálta

Tugann Coláiste na hOllscoile Corcaigh lánurraim do do chearta príobháideachta agus tá sé gníomhach i gcaomhnú chearta príobháideachta an té a dhéanann eolas a roinnt leis an Ollscoil. Ní bhaileoidh an Ollscoil aon eolas pearsanta mar gheall ort ar an suíomh idirlín seo gan do chead a lorg ach amháin sna cásanna go bhfuil ceangal dlí ar an Ollscoil a leithéid a dhéanamh (mar shampla dá ndéanfaí fiosrúchán maidir le coir nó dá sárófaí beartais, nósanna imeachta nó treoirlínte na hOllscoile). Beidh ardchaighdeán slándála agus rúndachta i gceist le heolas pearsanta ar bith a roinneann tú leis an Ollscoil, faoi réir ag an Acht um Chosaint Sonraí 1988 agus an Acht um Chosaint Sonraí (Leasú) 2003. Déantar cur síos i mBeartas Príobháideacht Sonraí de chuid na hOllscoile ar an tslí a chuireann an Ollscoil Prionsabail Cosanta Sonraí i bhfeidhm agus ar an tslí a phróiseáltar sonraí san eagraíocht ar fad. Tá an cur síos seo ar fáil ag http://ocla.ucc.ie/records/data_privacy.htm

Bailiú agus úsáid eolais phearsanta

Ní bhailíonn Coláiste na hOllscoile Corcaigh aon sonraí pearsanta mar gheall ort ar an suíomh idirlín seo seachas eolas a thugann tusa go deonach (mar shampla trí ríomphost a chur chuig an Ollscoil). Ní chuirtear ar fáil do thríú páirtí ar bith aon eolas a sholáthraíonn tú ar an mbonn seo agus ní úsáideann an Ollscoil é ach sa chomhthéacs inar chuir tusa ar fáil é.

Bailiú agus úsáid eolais theicniúil

Ní úsáideann an suíomh idirlín fianáin, seachas fianáin ‘seisiúin’ shealadacha a chuireann ar chumas brabhsálaí cuairteora, cuimhneamh ar na leathanaigh den suíomh idirlín seo ar tugadh cuairt orthu cheana. Bíonn an fheidhm chéanna ag an suíomh idirlín seo do chuairteoirí má dhíchumasaítear fianáin ón mbrabhsálaí gréasáin.

D’fhéadfadh go lógálfadh soláthróir seirbhíse idirlín na hOllscoile sonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar an suíomh idirlín seo chun críocha cuntasaíochta agus iniúchta amháin. Tá sé mar bheartas ag an Ollscoil gan eolas teicniúil dá leithéid a bhaineann le cuairteoirí ar leith ar an suíomh idirlín, a thaispeáint do thríú páirtí ar bith eile (seachas soláthróir seirbhíse idirlín na hOllscoile, a dhéanann taifead ar shonraí thar ceann na hOllscoile agus atá ceangailte de bharr forálacha rúndachta ina leith seo), ach amháin sa chás a mbíonn ceangal dlí uirthí a leithéid a dhéanamh. Is chun críocha staidrimh agus riaracháin amháin a úsáidtear an t-eolas teicniúil seo. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach ‘sonraí pearsanta’ chun críocha an Achta um Chosaint Sonraí 1988 nó an Achta um Chosaint Sonraí (Leasú) 2003 na sonraí teicniúla seo nach féidir leis an Ollscoil a chomhcheangal le duine aonair ar bith.


Mínítear sa ráiteas seo Beartas Príobháideachta Idirlín a bhfuil curtha i bhfeidhm ag an Ollscoil dá suíomhanna idirlín. I dtéarmaí dlíthiúla, áfach, ní fhorléirítear é mar ghealltanas conarthach. Coimeádann an Ollscoil de cheart aici féin athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar an ráiteas seo ar uair ar bith gan fógra.

Is féidir ceisteanna nó gearán maidir le Príobháideacht Sonraí / Cosaint Sonraí a chur chuig an tOifigeach

Cosanta Sonraí:
Catríona O'Sullivan
Information Compliance Officer
University College Cork
Western Road Cork
Phone: (021) 4903949
Email: foi@ucc.ie 

Iúil 2011

Image Denoting Logos of Sites to which this page can be shared