University College Cork Logo
 

Is é an Misean atá ag Roinn na hAcmhainne Daonna & na Forbartha Eagraithe ná ‘cur le forbairt na hOllscoile mar institiúid den chéad scoth a dhéanann forbairt agus cur i bhfeidhm ar bheartais acmhainne daonna agus ar chláir atá dírithe ar éifeacht a fheabhsú ar bhonn aonair agus eagraithe.’

 

+léigh tuilleadh

Tugtar cur síos duit i suíomh idirlín Bheartais agus Nósanna Imeachta Choláiste na hOllscoile Corcaigh an rialú inmheánach a bhfuil gá leis chun creat rialaithe a chinntiú a oireann d’fheidhmeanna uile na hOllscoile, ina measc feidhmeanna airgeadais, cuntasaíochta, Acadúla, Sláinte & Sábháilteachta, TF agus sóisialta. Áis thábhachtach is ea an lámhleabhar don Ollscoil a chinntíonn gurb ann do bhonneagar rialaithe agus do chomhlíonta. Chomh maith leis sin, coimeádann sé polasaithe agus nósanna imeachta sna haonaid go léir san Ollscoil ar bhonn cothrom agus féachann sé chuige go bhfuil siad cothrom le dáta.

Tá sé mar cheann d’aidhmeanna ag suíomh idirlín na mBeartas caighdeánú a dhéanamh ar nósanna imeachta rialaithe ar fud na hOllscoile. Ní thógann sé ionad pé cáipéisíocht bheartais atá san aonad cheana féin. Cáipéis rialaithe atá i gceist leis an gcáipéis seo arna heisiúint ag na ranna éagsúla agus is iadsan a dhéanfaidh í a chaomhnú.

 

+léigh tuilleadh

Coiste um Fheabhsú agus um Fhorbairt Ghairmiúil Foirne

Staff Enhancement and Development Programme Winners

Tugann an Clár seo aitheantas don obair a dhéanann baill foirne aonair agus meithleacha agus tá tionchar nach beag ag an obair chéanna ar shaol na hOllscoile. Daoine spreagúla iad seo a mbíonn rath nach beag ar a gcuid saothair.

 

+léigh tuilleadh

Seirbhísí Ar Líne

 

Icons for Online Services
Staff Sports and Social Logo

Cumann Spóirt agus Sóisialta na Foirne

Scáthgrúpa is ea i gceist le Cumann Spóirt agus Sóisialta na Foirne a chlúdaíonn grúpaí spóirt agus sóisialta na foirne.

 

+léigh tuilleadh

Image Denoting Logos of Sites to which this page can be shared