Turas fíorúil ar COC.
Bunaíodh Coláiste na hOllscoile Corcaigh an chéad lá riamh sa bhliain 1845 mar cheann de thrí cinn d’Ollscoileanna na Banríona: - ceann i gCorcaigh, ceann sa Ghaillimh agus ceann eile i mBéal Feiriste.
Ceaptar go raibh ceangail idir chéad suíomh na hOllscoile agus Naomh Fionnbarra. Ba é Naomh Fionnbarra naomh pátrúin Chorcaí agus bhí mainistir agus scoil aige cóngarach go maith don Ollscoil. Aithníonn mana na hOllscoile an ceangal seo sna focail “Where Finbarr taught let Munster Learn’ (Go bhfoghlaimíodh Mumha san áit ar theagasc Fionnbarra).
Tá cáil ar champas COC as an suíomh ina bhfuil sí suite; áit ina bhfuil mórán crann, cuid acu ar Californian Redwood iad. Cuireann seo go mór le dreach na bhfoirgneamh sa Phríomhchearnóg. Ba é an t-ailtire clúiteach as Corcaigh, Sir Thomas Deane a dhear na foirgnimh seo a bhaineann leis an ngluaiseacht ina deineadh athbheochan ar an stíl Ghotach; ghnáthstíl choláistí Oxford.
Ceithre acra is daichead de thalamh atá sa phríomhchampas, agus tá breis áiseanna cóngarach go maith.