Saol an Mhic léinn.
Is nós le mic léinn COC a bheith gníomhach go maith in imeachtaí éagsúla a bhíonn ar siúl lasmuigh den saol acadúil. Is iad an 114 cumann agus club mac léinn a spreagann saol bríomhar na mac léinn. Bíonn deis ag fochéimithe agus ag iarchéimithe páirt a ghlacadh i réimse leathan imeachtaí a reachtáltar ar an gcampas; cuir i gcás na clubanna polaitiúla, an ealaíon nó go deimhin cluichí spóirt. Osclaíodh Ionad Spóirt na Díge sa bhliain 2001. Is Ionad Spóirt den scoth é seo ina bhfuil rogha fhairsing d’áiseanna spóirt nua-aimseartha; bíodh áiseanna faoin aer nó áiseanna faoi dhíon i gceist – linn snámha; sauna; seomra gaile; seomra gleacaíochta; páirceanna imeartha rugbaí, sacair agus haca; cúirteanna leadóige; raon reatha; ardáin féachana agus caifé.
Is é Aontas na Mac Léinn a sheasann thar ceann mac léinn uile na hOllscoile. Is é COC an t-aon Ollscoil ar ar bronnadh gradam ar stáisiún raidió an champais. Is mic léinn atá i bhfeighil an stáisiúin Campus Radio . Is é The University Express , nuachtán na mac léinn.

