COC sa lá atá inniu ann
Is Ollscoil fhorásach bhríomhar í Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Tá sí suite in Iardheisceart na hÉireann agus tá thart ar 14,500 mac léinn cláraithe inti. Faoi láthair tá 12,000 mac léinn cláraithe ar chúrsaí céime agus anuas air sin tá 2,500 cláraithe mar iarchéimithe. I measc na mac léinn éagsúil tá níos mó ná 1,000 mac léinn idirnáisiúnta agus iad de bhunadh ceann de 70 tír dhomhanda. Tá 3,000 míle duine fostaithe ag an Ollscoil.
Tá tús áite bainte amach ag COC in Éirinn mar institiúid taighde. Bíonn an teacht isteach is airde in Éirinn ag COC ó thaobh taighde de. Cuireann an Ollscoil curaclam ar fáil atá nuálaíoch agus taighde-bhunaithe. Tá stádas domhanda ag na hacadúlaithe a dheineann an teagasc, agus leis seo, bíonn an-thóir ag mac léinn ar na cúrsaí. Baineann an t-ardchaighdeán taighde le gach ceann de dhámha na hOllscoile; dámha a chuireann níos mó ná 120 cúrsa céime chomh maith le cúrsaí gairmiúla ar fáil. Is iad an seacht scoil seo agus an 27 roinn a bhaineann leo a riarann na cúrsaí seo. Is iad seo a leanas dámha na hOllscoile:
An Ealaíon agus Staidéir Cheilteacha
An Tráchtáil
Eolaíocht agus Teicneolaíocht an Bhia
An Dlí

