UCC Logo - For Web Use Only. Please go to http://upic.ucc.ie for access to print quality versions

Gaeilge English
part of the quad

Is mór agus is éagsúil an t-eolas a bhíonn ó dhaoine i dtaobh bheith ag staidéar i gCOC. Is féidir go bhfuil deireadh ag teacht le do thréimhse sa leibhéal iarbhunoideachais agus go bhfuil tú ag lorg eolais i dtaobh chláir chéime na bliana seo chugainn a bheidh dírithe ar lucht fágála scoile. Is féidir go bhfuil tú ag cur críche leis an tSraith Shóisearach agus gur mhaith leat eolas ar na hábhair ar chóir duit díriú orthu ar an mbliain seo chugainn.  B'fhéidir gur fada i do

dhiaidh do chuid scolaíochta agus go bhfuil tú ag smaoineamh ar theacht ar ais mar mhac léinn aibí lánaimseartha nó mar fhoghlaimeoir fadsaoil. Nó b'fhéidir gur mhaith leat teacht go COC mar mhac léinn idirnáisiúnta nó mar mhac léinn iarchéime. Cibé atá de dhíth ort, tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh seo duit a bhfuil uait d'eolas chun an rogha is fearr a dhéanamh i dtaobh do chuid oideachais feasta.