Cúlra Stairiúil
Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh (COC) ar cheithre chomh-ollscoil Ollscoil Náisiúnta na hÉireann.
Is mar Choláiste na Banríona a céadbhunaíodh COC in 1845 agus tá sí ar na hinstitiúidí ardoideachais is sine in Éirinn. Bunaíodh dhá choláiste banríona eile i mBéal Feirste agus i nGaillimh i dtrátha an ama céanna.
Ceaptar baint a bheith ag an gcéad suíomh a roghnaíodh don Ollscoil le Fionnbarra, Naomh Chorcaí, a bhunaigh mainistir agus scoil léinn in aice na hOllscoile. Is dá thairbhe sin gurb é “Ionad Bairre Scoil na Mumhan” is mana don Ollscoil inniu.
Is faoi fhorálacha achta a chuir ar chumas Bhanríon Shasana Victoria coláistí nua a bhronnadh chun an Léann a chur chun cinn in Éirinn a bunaíodh Coláiste na Banríona, Corcaigh. Corpraíodh trí choláiste Bhéal Feirste, Chorcaí agus na Gaillimhe faoi chumhachtaí an achta seo ar 30ú Nollaig, 1845. Is iad Uachtaráin agus Leas-Uachtaráin na dtrí choláiste a leag amach na statúid agus a shocraigh ar chóras oideachais. Ceapadh na hollúna ar 4ú Lúnasa, 1849, agus ligeadh isteach na mic léinn ar 30ú Deireadh Fómhair an bhliain chéanna.
Bunaíodh Ollscoil na Banríona in Éirinn in 1845 agus d’fhoráil a cairt go mbeadh ar chumas an tSeanaid a bhronnadh ar mhic léinn Choláiste Banríona Bhéal Feirste, Chorcaí agus na Gaillimhe cibé céimeanna agus gradaim sna hEalaíona, sa Leigheas agus sa Dlí a bhronntar i gcoláistí agus in ollscoileanna eile na hÉireann agus na Breataine Móire.
D’ordaigh an chairt, leis, go mbeadh gach ceart, pribhléid agus díolúine ag mic léinn na dtrí Choláiste Banríona a bainfeadh amach na céimeanna sin i nDámha na nEalaíon, an Dlí agus an Leighis – agus a bhronnfaidh Seansailéir agus Seanad Ollscoil na Banríona - de réir mar a bhaineann lena leithéid chéanna de chéimeanna a bhronnann ollscoileanna agus coláistí eile.
Rinne an tAcht um Oideachas Ollscoile (Éire) 1879 soláthar do bhunú ollscoile nua in Éirinn – a dtugtaí Ollscoil Ríoga na hÉireann uirthi ina dhiaidh sin – agus do lánscor Ollscoil na Banríona laistigh de dhá bhliain ó dháta Chairt na hOllscoile Ríoga. San acht seo, foráladh gur ollúna, chéimithe agus mhic léinn mháithreánaithe de chuid Ollscoil Ríoga na hÉireann feasta iad siúd ar ollúna, chéimithe agus mhic léinn mháithreánaithe Ollscoil Banríona na hÉireann iad seal a lánscortha. Bronnadh Cairt na hOllscoile Ríoga ar 27ú Aibreán, 1880, agus lánscoireadh Coláiste na Banríona 3ú Feabhra, 1882.
Bhunaigh Acht Ollscoileanna na hÉireann, 1908, dhá Ollscoil nua – Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Lanscoireadh an Ollscoil Ríoga 31ú Deireadh Fómhair, 1909. D’fhoráil Acht 1908 gur chéimithe agus mhic léinn mháithreánaithe de chuid ceann éigin den dá Ollscoil nua feasta iad céimithe agus mic léinn mháithreánaithe na hOllscoile Ríoga.
Tháinig Acht na nOllscoileanna, 1997, i bhfeidhm 16ú Meitheamh 1997. Faoi ailt 7(1) agus 7(2) den acht sin faoi seach, “tiocfaidh Comh-Choláistí Ollscoil Náisiúnta na hÉireann chun bheith agus beidh siad ina n-ollscoileanna de bhua an ailt seo” agus “beidh siad ina gComh-Ollscoileanna d’Ollscoil Náisiúnta na hÉireann”. An Chorporáid a bunaíodh in 1845 mar choláiste faoin teideal agus faoin ainm Coláiste na Banríona, Corcaigh agus ar athbhaisteadh Coláiste na hOllscoile Corcaigh uirthi le cairt in 1908, tháinig sí chun bheith sa tslí sin - de bhua Acht na nOllscoileanna, 1997 – ina hollscoil ar dtabharfar Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Corcaigh.
Déantar foráil san Acht maidir le móraistriú cumhachtaí agus feidhmeanna ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann chun a gComh-Ollscoileanna (m.sh. ceapadh foirne, ceadú clár agus comhall scrúduithe), maidir le hatheagrú inmheánach na n-ollscoileanna (m.sh. na húdaráis rialaithe), agus maidir le hathruithe éigin ar an gcaidreamh idir na hollscoileanna agus an stát (m.sh. ról an Údaráis um Ardoideachas).
Le linn 1997/98, cinneadh struchtúr Choiste Rialaithe na hOllscoile ag Coimisiún a bunaíodh faoin Acht. Comóradh toghcháin do na hearnálacha éagsúla ballraíochta agus chuaigh an Coiste Rialaithe nua i mbun oifige go ceann trí bliana. Chinn an tÚdarás Rialaithe gurb é An Coiste Rialaithe ab ainm agus theideal dó.
Athbhunaíodh an Comhairle Acadúil de réir fhorálacha an Achta, agus tháinig an Comhairle Acadúil athbhunaithe i bhfeidhm le linn 1999. Glacadh le mionrialúcháin maidir le comhall scrúduithe agus le cinneadh torthaí scrúduithe le linn 1998/99 agus cuireadh bhfeidhm an bhliain sin iad. Rinneadh athbhreithniú ar phróiséas ceaptha aicmí éagsúla foirne agus corpraíodh na cinntí iomchuí sna forálacha reachtúla iomchuí.

