Beathaisnéis an Uachtaráin
Insealbhaíodh An Dr Micheál Ó Murchú mar Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh i Mí na bhFaoilleach 2007.
Céimí na Scoile Leighis de chuid COC is ea An Dr Ó Murchú. Ceapadh é mar Ollamh le Cógaseolaíocht Chliniciúil agus mar Cheann ar An Roinn Cógaseolaíochta agus Teiripice i COC sa bhliain 1992. Rinneadh Déan ar Dhámh an Leighis agus na Sláinte agus Ceann ar Choláiste an Leighis agus na Sláinte de sna blianta 2000 agus 2006 faoi seach. I rith na tréimhse seo, stiúraigh sé clár fairsingithe agus éagsúlaithe agus mhéadaigh sé líon na gcéimeanna gairimiúla ó dhá cheann (Leigheas agus Fiaclóireacht) go dtí sé cinn (Altracht, Cógaseolaíocht, Teiripe Urlabhra agus Teiripe Cheirde). Cuireann siad seo oideachas, oiliúint agus deiseanna taighde ar fáil do 3,000 mac léinn nach mór. Tá breis is €120 milliún i gceist leis an gclár infheistíochta caipitiúil seo agus é ar an gclár is mó ó bunaíodh an Dámh sa bhliain 1845.
Bhí poist shinsearacha ag An Dr Ó Murchú in Ollscoil Chicago agus sa Scoil Leighis Ríoga Iarchéime i Londain. Bhí sé ag obair in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath agus in Ospidéal Naomh Fionnbarra, Corcaigh.
Ar na rólanna ceannaireachta seachtracha a bhí aige, bhí An Dr Ó Murchú ina bhall de roinnt mhaith eagraíochtaí gairmiúla náisiúnta agus idirnáisiúnta, ina measc painéil chomhairleacha tionsclaíochta agus rialtais. Bhí sé ina bhall de bhoird éagsúla, mar shampla Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus An Bord Taighde Sláinte.
Tá raidhse mhaith foilsithe aige le breis is céad bunfhoilseachán ar straitéisí teirpeacha do phriacail agus do ghalair chardashoithíocha. Faoina stiúir bhí mórthionscadail taighde idirnáisiúnta agus tástálacha cliniciúla, agus is minic a luaitear é i litríocht an taighde leighis.
Tá sé pósta le Siobhán agus tá triúr clainne air.

