Oifig an Uachtaráin COC
Fáilte an Uachtaráin
Is mór an chúis áthais dom fáilte a chur romhat go suíomh gréasáin Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Is mar 'Choláiste na Banríona Corcaigh' a céadbhunaíodh COC in 1845 agus tá sé ar na hinstitiúidí oideachais is seanda in Éirinn. Breis agus 150 bliain ina dhiaidh sin, tá clú idirnáisiúnta orainn mar phríomhinstitiúid taighde na hÉireann.
Is é an misean atá againn ná feabhas a chur chun cinn sa teagasc, sa taighde agus i gcaighdeán shaol an mhic léinn agus fágann sé seo gur ollscoil chomhaimseartha í COC a bhfuil dearcadh domhanda aici. Gheobhaidh tú eolas ar gach gné de shaol na hOllscoile sa suíomh seo - go mbaine tú tairbhe as.
Dr Michael Murphy
Uachtarán
Coláiste na hOllscoile Corcaigh

