University College Cork Logo
 

Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh déanta suas de cheithre Coláistí:

  • Ealaíona, an Léann Ceilteach agus Eolaíochtaí Sóisialta
  • Gnó agus Dlí
  • Eolaíocht, Innealtóireacht agus Eolaíocht Bhia

 

+léigh tuilleadh

Tá baint ag ranna éagsúla le riaradh na hOllscoile agus cuireann na ranna céanna seirbhísí ar fáil do mhic léinn.

 

+léigh tuilleadh

Dr. Michael Murphy, UCC President 

 

 

 

 


  Fáilte an Uachtaráin

Is mór an chúis áthais dom fáilte a chur romhat go suíomh idirlín Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Is mar “Choláiste na Banríona Corcaigh a céadbhunaíodh COC in 1845 agus tá sé ar na hinstitiúidí oideachais is sine in Éirinn. Breis agus 150 bliain ina dhiaidh sin, tá clú idirnáisiúnta i gcónaí ar an Ollscoil agus í sa 2% is airde d’institiúidí taighde an domhain.

Is é ár misean ná feabhas sa teagasc, sa taighde agus in eispéireas na mac léinn a chothú. Fágann seo gurb é atá i gceist le COC ná Ollscoil chomhaimseartha a bhfuil dearcadh domhanda aige. Gheobhaidh tú eolas ar gach gné de shaol na hOllscoile sa suíomh seo - go mbaine tú tairbhe as.

An Dr Micheál Ó Murchú

Uachtarán

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

 

+léigh tuilleadh

Find out more about the facts and figures of UCC (updated annually)

+léigh tuilleadh

Stair COC

UCC History, Window Moulding Detail from the Main Quad

Is mar Choláiste na Banríona a céadbhunaíodh COC in 1845 agus tá sí ar na hinstitiúidí ardoideachais is sine in Éirinn.  Bunaíodh dhá choláiste banríona eile i mBéal Feirste agus i nGaillimh i dtrátha an ama chéanna. Ceaptar baint a bheith ag an gcéad suíomh a roghnaíodh don Ollscoil le Fionnbarra, Naomh Chorcaí, a bhunaigh mainistir agus scoil léinn in aice na hOllscoile.  Is dá thairbhe sin gurb é “Ionad Bairre Scoil na Mumhan” atá mar mhana ag an Ollscoil inniu.

+léigh tuilleadh

Bialanna, Siopaí agus Áiseanna

Main Restaurant bedecked for Conferring Meal

Faigh amach mar gheall ar chúrsaí bia, siopadóireachta agus páirceála i COC...

+léigh tuilleadh

Media & Communications

Munar éirigh leat teacht ar an eolas a bhí uait, téigh i dteagmháil le hOifig na Meán agus na Cumarsáide...

+léigh tuilleadh

Contact Coláiste na hOllscoile Corcaigh:  T:+353 (0)21 490 3000 | E: m&c@ucc.ie |
Addr: Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Bóthar an Choláiste, Corcaigh, Eireann |