Páirceáil
- Íoslódáil an Mapa seo i mBéarla Visitor Parking on Campus (1,193kB) Map
- Íoslódáil an Mapa seo i mBéarla Accessible Parking and Accessible Toilet Facilities (592kB) Map
Carrchlóis COC
Coinníollacha Páirceála
Tá foirgnimh COC lonnaithe i gceantair éagsúla i lár Chathair Chorcaí agus mórthimpeall uirthi chomh maith. Toisc srianta suímh agus páirceála níl COC in ann dóthain páirceala a chur ar fáil do gach ball foirne, mac léinn nó cuairteoir a thiomáineann go dtí an Coláiste. Dá bharr sin, moltar go láidir dóibh siúd ar mhian leo teacht ar an ollscoil modhanna taistil eile a úsáid seachas an gluaisteán. Déanann an córas iompair phoiblí freastal maith ar COC agus tá iarrachtaí á ndéanamh chun áiseanna do rothaithe agus do choisithe a fheabhsú.
- Ba cheart dóibh siúd a thiomáineann agus a pháirceálann ar champas tús áite a thabhairt do choisithe agus a bheith tuisceanach do dhaoine faoi mhíchumas a úsáideann an campas.
- Má pháirceálann tú timpeall ar COC ba cheart duit páirceáil i spásanna páirceála dleathach amháin agus ní mór cuimhneamh ar riachtanais na n-áitritheoirí áitiúla.
- Tá uasteorainn luais de 15km san uair (c 10 míle san uair) ar an gcampas agus sna carrchlóis.
- Bíonn carrchlóis an Choláiste ar oscailt mar seo leanas: 8.00r.n. - 10.30i.n. Ní cheadaítear páirceáil thar oíche. Ní bhíonn lasc-chárta ag teastáil chun dul isteach sna carrchlóis seo tar éis 6.00i.n. – ar chúl Áras na hEolaíochta (ar thaobh na láimhe clé, carrchlós na Fisice), Áras na Laoi agus Bóthar Uí Dhonnabháin (Tíreolaíocht). Cabhraíonn seo le mic léinn oíche agus laghdaíonn sé an brú ar spásanna páirceala mórthimpeall na hollscoile.
- Ní bhíonn teacht ag éinne ar an gcuid is mó de na suíomhanna páirceála seachas foireann COC a bhfuil lasc-chárta acu, lucht míchumais agus cuairteoirí réamhúdaraithe. Ní chinntíonnn lasc-chárta spás páirceála.
- Ní thugtar cead isteach gan lasc-chártaí (má dhéanann tú dearmad ar d’eochair ná déan iarracht teacht ar an gcampas tríd an maide iontrála le do thoil).
- Ní cheadaítear páirceáil ach amháin sna spásanna atá leagtha amach (idir dhá líne bhána). Nuair a bheidh siad lán, ní thabharfar cead isteach d’fheithiclí i gcarrchlóis a bhfuil áiseanna comhairimh acu. Tá seo ríthábhachtach chun cloí le Rialacháin Dóiteáin agus chun go mbeidh teacht ar fhoirgnimh agus saorghluaiseacht coisithe ar fáil.
- Tá na spásanna atá curtha ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil dóibh siúd amháin a bhfuil an greamán cuí ar a bhfeithicil acu.
- Is ar phriacail an úinéara a pháirceáltar na feithiclí agus níl an Coláiste freagrach as aon chaillteanas, as aon chaillteanas iarmhartach ná as aon dochar.
- Coimeádann COC an ceart chun feithlicí a bhaint nó a theanntú má chuireann siad isteach ar an rochtain d’fheithiclí éigeandála nó mura bhfágtar iad i spás márcáilte. Gearrfar táille €80 chun an teanntán a bhaint (le díol leis an gconraitheoir teanntaithe). Séanann COC gach freagracht as aon dochar a dhéanfaí d’fheithiclí a bhainfear as an gcarrchlós.
- Beidh córas píonóis i bhfeidhm ag COC agus tabharfaidh siad rabhadh amháin dóibh siúd nach gcloíonn leis na "Coinníollacha Páirceála" agus má tharlaíonn sé in athuair ní bheidh cead acu a lasc-chárta a úsáid ar feadh míosa. Má leanann an neamhaird ar na coinníollacha ní thabharfar cead an lasc-eochair a úsáíd ar feadh tréimhsí níos faide nó bainfear ar fad í.
Coinníollacha Rochtana
Ceadúnais Pháirceála Foirne / Lasc-Chártaí
Ní féidir le COC páirceáil a chur ar fáil don fhoireann go léir. Ni fhaigheann ach an fhoireann sna catagóirí seo leanas lasc-chártaí chun teacht ar an bpríomhchampas:
- Foireann COC lán-aimseartha/páirt-aimseartha bhuan
- Foireann faoi mhíchumas
- Baill foirne nach bhfuil buan ach a bhfuil 3 bliana fónaimh curtha isteach acu
Ar mhaithe le slándáil, eisítear lasc-chártaí do dhuine ar leith le haghaidh feithicil atá cláraithe (agus/nó feithicil eile an teaghlaigh) agus ní féidir iad a aistriú. Tá ceangal ar úinéirí lasc-chártaí sonraí mar gheall ar a bhfeithiclí a chur ar fáil. Má athraítear feithicil, ní mór sonraí iomlán a thabhairt don Uas Pádraig Lynch, Oifigeach Riaracháin, Oifig na Seirbhísí Ginearálta ag an bhfolíne 2251 nó tríd an r-post p.lynch@ucc.ie.
Ní mór lasc-chártaí a thabhairt ar ais má fhágann tú fostaíocht COC.
Déanfar athchlárú ar lasc-chártaí ar bhonn idirmheánach, agus cuirfidh an Coláiste é seo in iúl d’úinéirí na lasc-chartaí. B’fhéidir go n-iarrfaí ar iarrthóirí cruthúnas aitheantais a chur ar fáil. Tar éis an phróisis athchláraithe seo, cuirfear ar ceal na lasc-chártaí sin nach bhfuil athchláraithe. Páirceáil do Mhic Léinn
Ní thabharfar lasc-chártaí do mhic léinn. Déanfar eisceacht de mhic léinn faoi mhíchumas. Is féidir le mic léinn páirceáil sna háiteanna seo leanas:
- Carrchlóis Cuairteoirí/Gearrthéarma ag Inse Phearóid agus Ascaill Phearóid.
- Crosaire Uí Dhuinneacha (Láthair Spóirt Choláiste na Toirbhirte, Sos & Bus)
- Poll an Duibh (Sos & Bus)
Ní foláir feithiclí a pháirceáil sna spásanna marcáilte amháin.
Páirceáil do Chuairteoirí
Tá páirceáil do chuairteoirí ar fáil ag Inse Phearóid agus ag Ascaill Phearóid (ráta san uair a’ chloig) agus ag Ionad Eolaíochtai Sláinte Ghort an tSrutháin (íoc & taispeáin). Tá líon beag (6) spás páirceála in aice leis an Ionad Fáiltithe ag an tslí iseach ar Bhóthar an Choláiste. Ba cheart páirceáil do chuairteoirí a ullmú roimh ré tríd an fhoirm chuí a líonadh agus a chur ar facs chuig Oifig na Seirbhísí Ginearálta ag 021-4903560. Ní mór do na harratais a bheith údaraithe ag an mBainisteoir Roinne agus dáilfear iad san ord ina bhfaightear na hiarratais. De ghnáth tugtar foláireamh 24 u.a.c. ar a laghad.
Mura bhfuil cuairteoirí in ann páirceáil a fháil ar an gcampas iarrtar orthu cuimhneamh ar riachtanais rochtana áitritheoirí an cheantair mórthimpeall an champais. Ní mór díoscaí réamhíoctha a úsáid chun páirceáil ar an gcuid is mó de na hionaid pháirceála ar an tsráid. Tá páirceáil íoctha ar fáil sna carrchlóis in Ascaill Phearóid, in Inse Phearóid agus i nGort an tSrutháin.
Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas
Tá lasc-chártaí ar fáil don fhoireann agus do mhic léinn ón Uas Pádraig Lynch, Oifigeach Riaracháin, Oifig na Seirbhísí Ginearálta ag an bhfolíne 2251 nó tríd an r-post p.lynch@ucc.ie. Tá roinnt spásanna márcáilte curtha in áirithe do dhaoine faoi mhíchumas. Má pháirceáltar sna spásanna seo, ní foláir greamán a thaispeáint ar fhuinneog an ghluaisteáin.
Tugtar cead do chuairteoirí faoi mhíchumas teacht ar an gcampas nuair is féidir ach é sin a iarraidh ag an tslí isteach d’fheithiclí ar an bpríomhchampas.
Conraitheoirí.
De ghnáth ní bhíonn páirceáil ar fáil d’fhoireann conraitheoirí laistigh de COC. Tabharfar cead isteach do líon teoranta feithiclí chun ábhair a sheachadadh srl. Ba cheart go gcinnteofar sábháilteacht phearsanra COC ó thaobh seachadtaí agus páirceála de i bPlean Sábháilteacha agus Sláinte do Thionscadail Chaipitiúla.
Seachadtaí
Is faoi rogha na foirne slándála ag Ionad Slándála an Phríomh-Champais an pháirceáil ghearrthéarma d’fheithiclí seachadta agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag gach maide tráchta. Ní ceart go mbeadh feithiclí seachadta sa tslí ar rochtain. Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Slándála (Folíne 2266) má tá feithiclí seachadta móra le teacht ar an gcampas.
Ba cheart do sheachadtaí rialta teacht ag na huaireanta cloig seo leanas:
- Roimh 8.30
- Idir 10.00-12.30
- Idir 14.30-16.30

