Le heitleán
Bíonn eitiltí rialta ag Aerlingus idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath, agus idir Corcaigh agus Heathrow agus Gatwick Londain. Chomh maith leis seo bíonn eitliltí rialta ag Ryanair idir Corcaigh agus Stanstead Londain. Bíonn seirbhís rialta ag Aer Arann idir Corcaigh agus Béal Feirste agus cuireann na trí chomhlacht seo agus comhlachtaí eile nach iad seirbhísí rialta idir Corcaigh agus mórán cathracha eile san Eoraip. Gheobhaidh tú tacsaí ón Aerphort ar timpeall €10 agus téann bus aerfoirt in aghaidh na huaire an chloig gach lá. Tá cuntar ag gach ceann de na príomhchomhlachtaí “carr-ar-cíos” san aerfort. http://www.ork.aero/
Nuair nach mbíonn aon eitilt dhíreach go Corcaigh ó Mhór-Roinn na hEorpa, is féidir eitilt go Baile Átha Cliath, Béal Feirste nó Londain agus leanúint ar aghaidh go Corcaigh as sin. Iad siúd a thaistealaíonn as Tuaisceart Mheiriceá téann siad go Baile Átha Cliath, Béal Feirste nó Sionainn agus leanann go Corcaigh as sin. (Níl aon eitilt dhíreach idir Sionainn agus Corcaigh – féach ar chláir ama na mbusanna agus na dtraenacha.)
