UCC Logo - For Web Use Only. Please go to http://upic.ucc.ie for access to print quality versions

Gaeilge English

Sa charr nó de shiúl na gcos

Ó Lár na Cathrach:

Tiomáin siar i dtreo na tuaithe as Sráid Washington go dtí go rachaidh tú thart ar Ostán Jury agus Gharáiste Mhuscraí atá ar thaobh na láimhe clé.

Téigh ar chlé ag na soilse tráchta atá in aice le seangheataí an Choláiste.

Téigh suas Cnoc Uí Dhonnabháin.  Chífidh tú Seipéal Honán ar thaobh na láimhe deise.

Ag barr an chnoic téigh ar dheis: beidh tú ar Bhóthar an Choláiste.

Téigh 200m siar an bóthar seo go dtí go mbainfidh tú amach Príomhgheata Feithiclí an Choláiste ar thaobh na láimhe deise.

Chun carrchlós na gcuairteoir a bhaint amach, téigh ar aghaidh go dtí na soilse tráchta ar Bhóthar an Choláiste.  Cas ar dheis agus téigh síos Cnoc Shiúl na Carcrach.  Ag bun an chnoic lean an bóthar ar dheis agus anonn an droichead.  Beidh carrchlós éadála Inse Perrott go díreach ar dheis agat.  Bealach eile go carrchlós Inse Perrott is ea Bóthar an Iarthair a leanúint siar tar éis na soilse tráchta ag seangheataí an Choláiste agus casadh ar chlé ag na chéad soilse tráchta eile.  Tá an carrchlós ar thaobh na láimhe clé 100m suas an tsráid seo.

Foireann a bhfuil cead páirceála acu, lucht seachadta, lucht míchumais agus iad siúd a bhfuil gnótha oifigiúla leo atá in ann páirceáil ar Phríomhláthair an Choláiste.  Tá páirceáil chuairteoirí an-teoranta ar fad ar láthracha eile COC.

Páirceáil diosca atá i bhfeidhm i lár Chathair Chorcaí.  Is féidir na dioscaí a cheannach i mórán siopaí agus garáistí ar fud na cathrach.  Má bhíonn earraí á seachadadh agat i láthair de chuid COC is fearr rochtain a shocrú roimh ré leis an té/roinn a mbeidh tú ag tabhairt na n-earraí chuige/chuici.