Ar Bhusanna na Cathrach
Faigh Bus 8 ar Shráid Phádraig. Seo é Bus Bhaile an Easpaig agus imíonn ceann amháin acu gach 15 neomat. Tuirling den bhus ag Crosaire na Carcrach. Sin nó faigh Bus 5 (a théann go hAibhinne Rossa) agus tuirling ar Bhóthar an Choláiste.
Le Bus Éireann
Tagann timpeall sé bhus in aghaidh an lae as Baile Átha Cliath. Turas 4 huaire an chloig a bhíonn ann de ghnáth. Gheobhaidh tú clár ama Bhus Éireann ach cliceáil anseo. Is féidir tacsaí a fháil ón mBusáras go COC ar timpeall €7, agus stadann an chuid is mó de bhusanna na cathrach ag an mBusáras atá thart faoi 300m ó Shráid Phádraig i lár na cathrach.
Téann bus oíche idir Corcaigh agus Londain (Busáras Victoria), agus téann sé sin leis an mbád farantóireachta idir Rós Láir (Co Loch Garmain) agus Fishguard nó Milford Haven na Breataine Bige.
