UCC Logo - For Web Use Only. Please go to http://upic.ucc.ie for access to print quality versions

Gaeilge English

Treoracha ó Lár na Cathrach go Láthair na hOllscoile

Tá príomhláthair COC leathmhíle siar ó Lár Chorcaí - timpeall 15 nóiméad de shiúl na gcos ar Shráid Washington ó Shráid an Chapaill Bhuí.  Más fearr leat an bus gheobhaidh tú eolas thíos.  Tá gach láthair eile de chuid na hOllscoile ar léarscáil na hOllscoile agus léarscáil na cathrach thuas.

Coisithe amháin a scaoiltear isteach ag Geataí an Choláiste atá ar Bhóthar an Iarthair.  Is ag an nGeata ar Bhóthar an Choláiste a scaoiltear isteach gluaisteáin agus feithiclí eile.  Chomh maith leis sin tá slí isteach ag coisithe ar Bhóthar Uí Dhonnabháin, Shiúl an Phríosúin agus Bhóthar an Choláiste.

Aon slí isteach amháin is gnách bheith ag láithreacha eile COC ar fud na cathrach.  Is gnách go mbíonn go leor tacsaithe san aerfort, sa bhusáras agus i Stáisiún na Traenach.  Is cóir duit an seoladh a chinntiú, áfach, leis an té a mbeidh teagmháil agat leis/léi in COC sula dtabharfaidh tú don tiománaí tacsaí é.  €5 a bhíonn ar thacsaí ó Lár na Cathrach go COC de ghnáth.