Go Corcaigh le Bád Farantóireachta
Tá seirbhís laethúil idir Corcaigh agus Swansea na Breataine Bige le Swansea-Cork Ferries. Naoi n-uaire an chloig a mhaireann an turas.
Sa samhradh bíonn seirbhís sheachtainiúil idir Corcaigh agus Roscoff na Fraince le Brittany Ferries.
Tá seirbhís rialta as Rós Láir (timpeall trí huaire an chloig as Corcaigh) go Fishguard agus Pembroke na Breataine Bige le Irish Ferries agus Stena, chomh maith le poirt eile i dTuaisceart na Fraince le Irish Ferries.

