Leis an dTraein
Timpeall ocht dtraein in aghaidh an lae a théann go Corcaigh as Staisiún Heuston Bhaile Átha Cliath. Turas trí huaire an chloig a bheag nó a mhór atá ann. Gheobhaidh tú clár ama Iarnród Éireann ach cliceáil anseo. Stadann na traenacha i Mála chun dul ar aghaidh go Cill Áirne agus i nGabhal Luimnigh chun dul ar aghaidh go Luimneach agus Aerfort na Sionainne. Is féidir tacsaí a fháil ó Staisiún na Traenach go COC ar timpeall €7, agus bíonn bus de chuid na cathrach ag fanacht nuair a thagann cuid de na traenacha isteach.

