Eolas ar an Oifig Forbartha & Alumni
Cothaíonn an Oifig Forbartha agus Alumni caidreamh le alumní, le bronntóirí agus le cairde.
Ollscoil bhríomhar agus ghníomhach is ea COC agus tá suas le 19,000 mac léinn ag freastal air as gach cearn den domhan. Is ann don Oifig Alumni chun nasc leis an Ollscoil a chur ar fáil do mhic léinn agus do chéimithe nuair a fhágann siad. Tá Cumann na gCéimithe á riaradh ag an Oifig Alumni agus tá sé mar ghréasán inar féidir le céimithe cairdeas a choimeád lena chéile agus lena alma mater. Cothaíonn an Oifig Alumni spiorad dílseachta, rannpháirteachais agus tacaíochta i measc na 65,0000 céimí de chuid na hOllscoile. Eagraíonn Caroline Waters, Oifigeach Alumni, Dialann Imeachtaí a cuireadh ar siúl le tamall anuas ar bhonn bliantúil agus faigheann céimithe an iris bhliantúil seo. Anuas air sin faigheann baill Chumann na gCéimithe nuachtlitir ráitiúil dar teideal “UCC Alumni News”, agus bíonn teacht acu ar áiseanna an champais agus eolaire lascaine miondíola.
Cothaíonn an Oifig Forbartha (atá mar thaobh feidhmitheach ag Fondúireacht Ollscoile Chorcaí) comhphairtíochtaí le daoine aonair, le hiontaobhais agus le fondúireachtaí agus leis an earnáil chorparáideach a théann chun tairbhe na bpáirtithe leasmhara ar fad. Tá na comhpháirtíochtaí seo ríthábhachtach mar go gcuireann siad ar chumas na hOllscoile sárchaighdeán teagaisc agus taighde a chur ar fáil mar aon le taithí iontach ar an oideachas tríú agus ceathrú leibhéal do mhic léinn.
Cuireann an Oifig Forbartha deiseanna ar fáil do dhaoine aonair agus do chorparáidí chun a bheith páirteach i dtionscadail forbhartha caipitiúla agus oidhreachta agus i gcláir acadúla agus taighde. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an sórt gníomhaíochtaí a dtugann comhpháirtithe COC tacaíocht dóibh féach le do thoil ar an liosta Maoinithe atá i bhfeidhm i lathair na huaire. Má tá breis eolais uait, ná bíodh aon leisce ort glao a chur ar an Oifig Forbartha. Beidh ball foirne sásta deiseanna comhpáirtíochta a phlé leat.

