Leathanaigh shamplacha ó lámhscríbhinní Gaeilge
i Leabharlann na hOllscoile, Corcaigh
Lámhscríbhinní ón 18ú agus ón 19ú haois atá i gceist anso, agus is mar áis don bhfoghlaimeoir a bheadh ag iarraidh scríbhinní ón tréimhse sin a léamh atá na leathanaigh seo agus a mbaineann leo á gcur fáil.
Tuigtear, áfach, gur le hOllscoil na hÉireann, Corcaigh,
an cóipcheart ar na híomhánna leictreonacha so,
agus nach dleathach athúsáid a dhéanamh díobh gan
cead ó údaráis leabharlainne na hOllscoile.
Táthar fé mhórchomaoin ag Vincent Morley as an gcló Gaelach
("Bunchló na Nod") a sholáthar agus a chur in oiriúint don
obair seo.
Pádraig de Brún
Corcaigh
Meitheamh 2002
NA LEATHANAIGH
An script Ghaelach atá iontu so, .i. an córas scríbhneoireachta agus giorrúcháin a bunaíodh ar scríobh na Laidne mar a tugadh go hÉirinn i dteannta na Críostaíochta sa 5ú haois é, agus gur deineadh forbairt air do réir riachtanaisí na Gaeilge diaidh ar ndiaidh.
- Lch 203 de LS 1,
an chuid deiridh de Sheanchas Gearaltach,
Seán Ó Cléirigh
a scríobh [i mBaile Átha Cliath], 1825
- Lch 1 de LS 11,
leathanach teidil agus rann scríobhaí,
Séamas Ó Caoindealbháin, fíodóir, a scríobh, i mBaile an Bháda, láimh le hEas Géitine, Co. Luimnigh,
1831
- Lch 152 de LS 21,
an chuid deiridh de Bheatha Chríost,
Seón Mac Solaidh a scríobh, i mBaile Hardaman, par. Thighe Calláin, Co. na Midhe
[1720]
- Lch 112 de chuid (a) de
LS 44,
an chuid deiridh de Chaithréim Dháithí mhic Fhiachra,
Mícheál [Óg] Ó Longáin a scríobh, i gCorcaigh, 1815
- Lch 328 de
LS 62,
an chuid deiridh d'Fhoras Feasa ar Éirinn,
Eoghan Ó Caoimh a scríobh, do Hannraoi Mac Códa, i gCorcaigh,
ar fuláireamh an Easpaig Eoin Baiste Mac Sleighne, 1703
- Lch 22 de
LS 124,
an chuid deiridh de Bhruidhean Chaorthainn, agus rann scríobhaí,
Eoghan [Ruadh] Ó Súilleabháin, an file, a scríobh, 1773
- Lch 71 de
LS 127,
an chuid deiridh de Stair Shéarlais Mhóir,
Labhrás Ó Tháran a scríobh, i mBaile Átha Cliath, 1781
- Lch 410 de
LS 164,
tosach litreach dar dáta 30 Iúil 1805 ó Dhonncha Ó Floinn i gCorcaigh go dtí an tAthair Pól Ó Briain,
Ollamh na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad;
Seán Ó Dreada a scríobh an chóip seo, i gCorcaigh, 1827
- Lch 241 de
LS xxviii de LSS Thorna,
an chuid deiridh den Phaidir i ndán,
Donnchadh Ó Súilleabháin [athair Amhlaoibh an Chín Lae, b'fhéidir]
a scríobh, i gCill Áirne, 1787