University College Cork Logo
 

An Ghaeilge

Is mian leis na hÚdaráis go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn i ngnáthshaol an Choláiste i measc na foirne agus na mac léinn. Chuige seo tá an bheartaíocht seo leanas déanta acu i measc nithe eile:

  • Cúrsaí deonacha sa Ghaeilge labhartha a chur ar fáil don fhoireann agus do na mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe acu.
  • Cúrsaí Gaeilge i scileanna feidhmeacha e.g. ríomhaireachta
  • Dioplóma sna hEalaíona (An Ghaeilge Fheidhmeach)
  • Cúrsaí seachtaine agus deireadh seachtaine a sholáthar do mhic léinn i nDún Chíomháin, áitreabh de chuid an Choláiste i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, i gcaitheamh na bliana.
  • Scéim na dTeaghlach a eagraítear i rith an tSamhraidh i nDún Chíomháin
  • Sraith léachtaí poiblí as Gaeilge ar ábhair speisiúla le cainteoirí aithnidiúla
  • Cabhrú le himeachtaí áirithe i measc na mac léinn (agus an phobail), ar nós Spraoi Cois Laoi.
  • Seomra Caidrimh Gaeilge don fhoireann: bíonn cead isteach ag mic léinnann faoi stiúrú baill den fhoireann. Bíonn irisí, nuachtáin agus leabhair Ghaeilge ar fáil ann
  • Seisiúin Cheoil - Am lóin gach Céadaoin i rith an téarma bíonn seisiún ceoil traidisiúnta sa Seomra Caidrimh agus fáilte roimh chách ann
  • Cnuasach de théipeanna bunaidh (fís agus fuaim) ón nGaeltacht

Is féidir gach eolas faoi na cúrsaí teanga agus na himeachtaí thuas afháil ó Phól Ruiséal, Stiúrthóir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Áras Úi Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Láithreán Idirlín: http://www.ucc.ie/igl

Image Denoting Logos of Sites to which this page can be shared