Fáilte
Bunaíodh Stair na hEalaíne i COC i nDeireadh Fómhair 2001, nuair a cuireadh an cúrsa BA san ábhar sin ar fáil don chéad uair. Tá forás suntasach tagtha air ó shin i leith, sa tslí go bhfuil sé anois ar cheann des na réimsí nua staidéir is rathúla agus is fuinniúla i gColáiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta, rud atá léirithe ag an méadú ar líon na bhfochéimithe agus na n-iarchéimithe bliain ar bhliain. Sa bhliain 2004, seoladh cúrsaí HDip, MPhil, agus PhD, agus sa bhliain 2006 cuireadh tús leis an MA teagaisc sa nua-ealaín agus san ealaín chomhaimseartha. Spreagtha ag an mborradh seo, d’eagraigh foireann Stair na hEalaíne sraith imeachtaí anamúla- cómhdhála, léachtaí poiblí, taispeántais, agus institiúidí teoirice—chun cabhrú le cothú an amharc—chultúir i gCorcaigh, agus chun an teagmháil idir scoláirí agus institiúidí ar fud na hÉireann agus thar lear a dhaingniú. Tá COC ar fheabhas mar ionad chun staidéar a dhéanamh ar na hamharcealaíona agus dearadh, ach go háirithe, ó osclaíodh Ailéar Lewis Glucksman agus an tIonad um Oideachas Ailtireachta, agus, freisin dar ndóigh, de bharr seoladh an MA nua i Léann Scannán. Lasmuigh de champas an Choláiste, i lár na cathrach, tá Áiléar Ealaíne Crawford, Ionad Ealaíona Triskel agus an Mhonarcha Náisiúnta Snoíodóireachta, chomh maith le pobal ealaíne beoga cathair Chorcaí.



