Corpus of Electronic Texts Edition
Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála (Author: [unknown])

section 7

Tochmarc Ferbae

{MS folio 253a} airgit oengil friu. lénti bangela co n-esnadaib corcraib iar tóebaib impu. Sceith órbuide co mbilib argit oengil fora munib co fethaib & co ndualaib & co n-imlib finddruini & nealtnebtha dib. Claidib
33455] {MS folio 253a 5} debennacha mora co n-eltaib dét co n-imduirnib airgdidib for a cressaib. Da maelgai i llaim cech fir dib co semmannaib argait. baí dano torachta di ór forloiscthi im cech ngai dib. Ni bátar assai imma cossaib na celbair imma cennaib.{MS folio 253a 10} In tres buiden dano .i. in buiden i mbai Mani fodéin. Coica ech
33460] dergdond seta sithméti inti. & coica ech find n-óiderg. It é scuaplebra iarna rusiud i corcair uile .i. a scópa & a monga. Srein delinecha friu. .i. bolga dergóir isindara liniu & bolga airgit oengil isin líne aile.{MS folio 253a 15} Belgi oir & argit friu uile. Maelchircul óir co clucinib fo bragit cech eich díb. ba binnithir téta mendchrott oca senmaim i lláim
33465] súad fogur na clucinsin. ica fogluasacht dona echaib ina cémmennaib. Carpait foduirn findruini co n-asnadaib óir & argit eter cech da n-ech{MS folio 253a 20} díbside. Coica sadall corcra co snáthib argit estib i cengul do chrettaib na carpat & co siblaib oir estib immach. dar borddaib na carpat co cendmílaib ingantachaib foraib. Coíca gilla n-óc n-aigfind
33470] {MS folio 253a 25} n-imlebur isin choícait charputsin. & ni baí nech díb acht mac ríg & rigna & curad cathmiled do Chonnachtaib .l. brat corcra cortharach impu co cortharaib ecair óir & argit. Cethri ora umaidi ar cech brut. mílech do dergór forloiscthi in cech brut. Lenti srebnaidi sítai co{MS folio 253a 30} tuagnadmannaib di ór bruthi buide i custul fria ngelchnessaib. l. cathsciath n-airgdide cona timtimchiull d'ór & co mbreccad gemm
33475] carrmocoil & lec lógmar cech datha for muinib leo. Dá chaindill gaiscid di slegaib cóicrinnechaib i lláim cech fir díb.l. semmand{MS folio 253a 35} d'indruini & d'ór in cech gai dib. Ciano dlestá miach óir do cech fir dib no ícfad seim gai cech fir dib é Torochta d'ór forloiscthi im
33480] cech gai dib. irthocbáil dano do charmoclaib fóthib uile cona n-ilbreccad di gemmaib lógmaraib. No lastais trá in aidchi amal{MS folio 253a 40} ruthni greni. l. claideb n-órduirn n-intlaisse co n-eltaib dét ecoir oir & argit. i trúallib fichthib finnargit fora cressaib dóib.l. echlasc


p.1138

{MS folio 253a} findruini co mbaccánaib óir ina lamaib. Ba caemalaind iarum & ba
33485] cruthach in maccoem baí eturru. is e leccanfota lansolus. drechlethan. {MS folio 253a 45} Folt fochas orbuide fírlebor fair co sniged co brainni a imda. Rosc n-airard n-adanta is e gorm glainidi ina chind. Ba cosmail fri cléithe caille cetamain fri sian slébi cechtar a da gruad. Andar latt ba fross do nemannaib rolaad ina chend. Andar latt bátar da dúal partaingi
33490] {MS folio 253a 50} a beoil. ba gilithir snechta oenaidchi a brági & a chnes chena. Sect {MS folio 253b} milcoin imma charpat i slabradaib argit & ubull óir for cech slabraid combá leór ceol fogur na n-ubull frisna slabradaib. noco rabi dath na rabi isna conaib bátar aice. Mórfeisiur cornaire co{MS folio 253b 5} cornaib óir & argit leo co n-etaigib illdathaib impu co mongaib
33495] finbuide foraib Bátar tri druí rempu co mindaib airgdidib uaas cennaib co mbrattaib breccaib impu. & co sciathaib umaidib & co n-asnaidib credumai foraib. Trí cruittiri co n-écosc rigda for cech{MS folio 253b 10} ae ina comair i mbrattaib corcraib. Rancatar iarum fon tachimsin co Cruachain & ro fersat a trí
33500] graiphni oenaig for faichthi na Cruachna. Celebrait iar sin do Meidb & do Ailill. & tiagait fon cummasin i cend séta & imthechta{MS folio 253b 15} for ammus Ratha Ini. Is caín tíachtain chetus ol Bricriu. ni fetar in ba caín ticfaithi. Biaid dul dia fiastar ar Mani. Rofitir me ar Bricriu is ruathur laí dogentaí ni anfaidi fri feiss aidchi i cuiciud
33505] Chonchobuir. Doberimse mo brethir ar Mani coro eram feis trí laa {MS folio 253b 20} & tri n-aidchi i ndunud Geirg na tairchem arís co Cruachain. Ni boí ní ba siriu ic fiamuch ráid ríu acht téit i cend séta & imthechta. Iar rochtain tra do bé thastil co dunud Geirg ro gabad oc frithálim in tsluaig and. Ro ésraít a tigi do bethi barralaind barrglas & essair
33510] {MS folio 253b 25} urard úrluachra. Foídis Erb a comalta .i. Findchoem ingen Ergi aróen ri bé tastil do fegad in tslúaig amal ticfaitís. Nirbo chían ém disi ón. Oro scaich di mess forru. Luid fri deminscél cosin ngrianán i mboí Ferb. & ro ráid fria Atchiusa ar si dírim don dúnsa & oro{MS folio 253b 30} gab Conchobor Emuin noco tanic rempi & noco ticfa co bruinne
33515] mbratha dirim is áilliu vel is choemiu vel is ilchlessachu andás in dirim docechaing in mag innossa. Is samail lim & bad i n-aballgort chumrai no beind lasin mbalad tánic dia n-étaigib ar ndochum iarna fogluas-{MS folio 253b 35} acht don maethgaíth doic tairsiu. Cech cless & cech abairt dogní in t-óclách fil eturru nocon faccasa riam a leithéit. focheirt a bunsaig
33520] rót n-urchair uad. fochengat a choin inna diaid. co tecat a choin eturru & lár & in t-óclach eturru & firmimint conna ric lár conas{MS folio 253b 40} gabat eturru fon cummasin. La sodain tra tecait slúaig dunaid Geirg coro múchait sé fir déc dib ica fégad. Tairlingit i ndorus in

p.1139

{MS folio 253b} dúne iar sin. & tairniter a carpait & scoirtir a ngrega. & tecait innund
33525] {MS folio 253b 45} isin dúnud. & ferthair firchain fáilti friu. & dognither gríth gretha do glanfothrucud dóib. Doratad iar sin isin laechthech mór boí ar comair drechi in dunaid. Dosrochtatar fo chetóir airigthi airerda[...] do cech biud sainemail boí for druimleirg in talman.{MS folio 253b 50} In tan tra ba hane dóib bith ic tochathium a flede dodechaid
33530] sidi gaíthi géri galbigi coro chroth dindgna in dúnaid uli & coro {MS folio 254a} chrithnaig in tech claraid i mbaí in slúag co torchratar a scéith dia ndelgnaib & a slega dia n-adlennaib. & coro sétea a mmíasa uadib amal dulli darbri. Machtnaigit ind óic desein. & ro iarfaig{MS folio 254a 5} Gerg do drui Mani cid ro imfulaing in gáethsin. Is and sin ro
33535] recair Ollgaeth druí Mani. Indar lind ém ar sé ní fó sén i tancas din tochmarcsa innocht. Dabarró Conchobor dafoichlid co mbrisfea cath for Meidb isin matainsea imbárach iar far ndíth uili in lín itaid is tig & dormgni in glónáthi airchetailseo iar sin.

    1. {MS folio 254a 10} Deilm in gaeth granni in grith
      bith ro bedb.
      derb in rád raínfid fer

      33540] sleg tri Gerg.
    2. Urchur arad tri reing ríg
      gním co neim.
      snigfid fuil formna fer
      sleg fri sleig.
    3. Gesfid scíath ria mbeim bailc
      a glaic gil.
      beti cuirp i cossair chairn
      bat mairb fir.
    4. {MS folio 254a 15} Bás meic ríg do lágin ríg

      33545] bid gním gér
      ulach ard 'ma chorp cruaid
      trúag in scél.
    5. Brisfid Badb bid bríg borb
      tolg for Meidb.
      ilar écht ár for slúag
      trúag in deilm.
    6. Deilm


33550] Diambad fómsa trá cách ol in druí no faicfithea in dunadsa innocht. Ro cairigedsom ó Mani co garb airesin. Is ed ro ráid Gerg.{MS folio 254a 20} ní baí ní ara fubthaitis occu. ar ni rabatar curaid vel cathmílid Ulad aróen ri Conchobor. Cenco beth sibsi etir sund ar se dobéraindsea & mo da mac cath do Chonchobur. Ra tócbait a n-airm
33555] leo iar sin. & ni thartsat dia n-airi a n-ebairt in druí. Dia mbaí dano Conchobor i tosuch ind laísin ina cotlud i{MS folio 254a 25} nEmain & a rígan na farrad .i. Mugain Etanchaithrech ingen Echach Feidlig. Co n-acca in mnaí coem ina dochum ina imdaí


p.1140

{MS folio 254a} Ecosc rignaide lé mong casdrumnech barrbuide i cuacris imma
33560] cend. sretha sítai fria gelchnes. bréit bláthmin máeth do sítu {MS folio 254a 30} uanidi imma bragit. Da maelassa findruine etera bonnu bláthmini & talmain. Tó cech maith duit a Chonchobuir. Cid fil dúinn deside ar Conchobor. Secht mbliadna ó 'nocht ar si dogentar táin bó Cualngi. & airgfitir Ulaid & berthair in Dond Cualngi. & mac ind
33565] fir dogena sin .i. Mani Mórgor mac Ailella & Medba dodechaid do {MS folio 254a 35} feis la hEirb ingin nnGeirg do Glind Gerg tri choícait a lín. Erigsiu ar si trí coicait fomorach cucu & bid latt coscur. Bidgais Conchobor iar sin & dúscis a rigain. & adfét di a aislingi. Is lór ém ar Mugain fil chena etrund & Connachta. Is demin ém ar se cid nar tost bemni
33570] dogentar in táin út. Déni a chomairli ri Cathbad ar Mugain & in chomairli dobera duit corop hí dogneis. Rádid Conchobor iar sin{MS folio 254a 40} fri Cathbad. ara ndernad fastini dó & doringni rand tosaig laíde iar sin & ro frecair Cathbad hé

    1. Finna latt a Chathbaid chain

      33575] ca buadred fil im menmain;
      ca hurbaid mór arnomthá
      a Chathbuid a druí Emna.
    2. A Chonchobair na curad
      a rí urdnide Ulad;

      33580] dofáetsat mór curad de.
      bid hé airdi d'asslinge.
    3. {MS folio 254a 45} Innis cech olc ticfa de
      déni fir na fastine;
      na habbair tria baegul bréic

      33585] ar ni fil druí do lethéit.
    4. Dofáeth Mani cech ail
      mac Medba don Chruachanmaig;
      is dofáetsat ri gním nguil
      tri choicait dia chomaltaib.

    5. 33590] Na slúaig út ón Chruachain chaises
      ni thecat uait dara n-ais;
      {MS folio 254a 50} ar is móti da blad trá
      foichle fethim is finna. F.


p.1141

{MS folio 254b} Doroichisiu imslán a rí ar se co mbuaid & coscur. & commaidim.
33595] Is and sin doroacht Cathach Catutchend ingen Dímóir co Emain. bangaiscedach amra iside. á iathaib Espáni tánic ar seirc Con Culaind co Emain. dochuaid issin sochraite sin aróen ri Conchobor{MS folio 254a 5} Doriachtatar dano triar amra a finib Fomórach and fo blad barbardachta ad .i. Siabarchend mac Sulremair. & Berngal Brec.
33600] & Buri Borbbriathrach. Dorocht dano and Fácen mac Dublongsig do sentuathaib Ulad. & Fabric Fiacail Nemi asind Asia Móir. amp{MS folio 254a 10} Forais Fingalach a Manaind. Luid iarum Conchobor tri choicait laech impusin & ni ruc nech do Ultaib leis. acht sé féin & a ara .i. Brod & Imrind in druíi. mac Cathbath. Ni baí dano gilla oc neoch
33605] díb. acht gilla Conchobuir acht a scéith fora munib leo & a llaigne {MS folio 254a 15} lethanglassa ina llámaib. & a claidib tromma tortbullecha fora cressaib. Niba lín tra ba mesta forru. bá mór a toilc menman. Oro siachtatar iarum co mbatar ic fegad in dúnaid uathu innund atchonncatar tromnél dímór uas chind in dúnaid. Cirdub indara
33610] {MS folio 254a 20} cend dó & dergg a medon & glass in cend aile. Iarfaigis Conchobor iar sin cid co tircran a Imrind ar se in nél út atchiam uasin dunud Tirchanaid ém ar Imrind ág & urbaid na haidchi innocht. & doringni in rethoricseo iar sin. .R. Dubnél nemi. glass erchad. imfaebor derg. crua credbaigthi
33615] {MS folio 254a 25} fo bíth tescfaiter taíb. leonfaitir lama. cirrfitir colla. maelfaitir muneóil i ndunad Geirg o thrath nóna nithaige co medón laí lechtlige di lar óc dalfid écdubi. D Cechaing Conchobor iar sin ar ammus in dunaid. Is and sin dano ro sudiged dabach umai thall is taig diarb a chomainm Ol Gualai.
33630] {MS folio 254a 30} iar sin. & robas oca línad dond fín. Dorochair dano a escra féig finnargait a lláim in daleman isin dabaig coro dóirt a trí tonna dar borddaib di. Is and ro ráid Ollgáeth in druí .R. All amae ol in druí brod in airigid niba cían la hallmuri bías ar focrechtnaigfiter sluaig airdibdibther laechrad. dobrisfiter
33625] {MS folio 254a 35} tige fogeba Emain ditui ar focerthar gala oenfer eter laí & aidche. eter slóg Geirg & Conchobuir isin tegdaise innocht ní fó mac ruc mathair isin taigsea innocht. Doroich Conchobor in dorus & gárit na hallmaraig gáir airgni


p.1142

{MS folio 254b} iar sin amal ba bés dóib immon dunad. Ergid Gerg iar sin &
33630] {MS folio 254b 40} érgit a da mac .i. Cond Coscarach. & Cobthach Cnesgel & gabait a n-armu. & rádis Gerg fri Mani. leicsiu etruind féin innar nUltaib. co fessara cia úain bas chalmiu bidbaid duitsiu sind uile. Is fó duit ar comthuttim aroén. mad sinni dothaeth and geibsiu it chind{MS folio 254b 45} dia féta. Téit Gerg immach iar sin & a da mac cona muntir léo.
33635] & foroprait ar gabáil in dúnaid. & ar chathugud fri Conchobor immach & ní lecat nech forro indund fri ré cían. Fecht n-oen trá téit Gerg darin dorus immach fri cnes urgaile & forfobair fora{MS folio 254b 50} thaffond ind loích on dúnud immach. & ros geib sroigled & essorcon do cech aí & do cech airchind immon dúnud & dofuittet cuiciur
33640] {MS folio 255a} fomorach laiss don ruathursin. & dofuit leiss in druíi. Imrind mac Cathbad & benaid a chend de & berid leis in cend innund ar ammus in doruis. Is and sin dodechaid Cathach Catutchend eturru & in dorus.{MS folio 255a 5} & dorat comrac féig fichda dósom. araísin co topacht Gerg in cend
33645] dísi. & berid leiss innund issin tech boí Mani. iarna chrechtnugud co mmór. & foceird na cinnu úad i fiadnaisi Mani. & suidis na imdaí iar sin & ataig a osnaid ass. & conattacht dig. Rosaig Conchobor andside cona muntir co mbátar fri cnes in tsonnaig. & tócfait a{MS folio 255a 10} sciathu úasa cennaib ina lámaib cléi & sraccait in sonnach cucu
33650] immach dia lámaib desaib & cengait co mbatar for lár in dúni. & ba oendorus dóib andside iar mbrisiud in dangin. Is and sin dolleici Brod uad indara sleig buí ina láim innond istech conos tarla{MS folio 255a 15} triasin scíath boí for inchaib ind ríg Geirg & conos tarla tria eslind a chuirp corbo chross tall tarsna triana chlíab iar tregdad
33655] a chride. & co ndechaid tria Airidech .i. gilla Geirg. co torcratar a ndís cen anmain. Immasaí Conchobor iar sin fo slúag Geirg{MS folio 255a 20} sechnón in dúnaid co torchair tricha láech leis do muntir Geirg do gním a lámi fém a oenur. cenmothá ina torchair ria muntir. Dorochratar dano sochaide dia muntirseom leosom.
33660] Is and trá atraacht Nuagel ingen Ergi .i. ben Geirg & dorat a trí {MS folio 255a 25} foídi ferggacha guil esti. & ro gab cend a fir ina hucht. Dar brethir ém ar si is mór in gním gillai doringni Brod .i. Gerg do marbad ina thig féin. Is sochaide trá ar si bias icot chainiud. & ciaro thuttis im changin t'ingini mór n-ingen i rraba féin chardes.
33665] & dorat a thesta for aird. & doringni rand tosaid laide.


p.1143

    1. {MS folio 255a 30} Iss é Gerg so ina ligi
      is tria chin a ingini;
      is triana cin atá sund.
      in tarbech sínte comlund.

    2. 33670] Mor in comlund ro gab Greg.
      ócláech find faeborderg.
      fer fíal fomórda ferda.
      aircech álaind ardergna.
    3. Ca laech rop ferr inna Gerg.

      33675] ca fróech na figed fri feirg;
      {MS folio 255a 35} ca slúag na caínfed do bás
      cen tlás na scaílfea dot éis.
    4. Sáeth lim th'fegad it lige.
      a Geirg alaind foltbuide;

      33680] a chara na cuan in cech than.
      is trúag limsa do marbad.
    5. Romaind duit i nGlind Gerg.
      ic Loch Áne is ic Irard;
      is icna huaranaibse thess.

      33685] mór mban foúarais cardes.
    6. Robat cara do cech cléir.
      no bíd cách icot ógréir;
      ba maith ri cách do gráibri,
      is derb ropat degairle

    7. 33690] {MS folio 255a 40} Ropat móra do berta.
      ropat ségaind airechta;
      ropat rí rurech co rrath
      ropat fuilech i fírchath.
    8. Ropo mór do thech rofess.

      33695] cia doringned and t'amles;
      {MS folio 255a 45} is and rot gáet i nn-inud ríg
      cia doringned rop anfír.

    9. p.1144

    10. {MS folio 255a} Rot gaet Brod is níro dlig.
      cor gab triut in Airidig

      33700] tú féin is do gilla thair
      i nn-oenfecht darochrabair.
    11. Mór gním gillai can gess.
      doringni Brod rop amles.
      marbad ríg rinne ré ré

      33705] ro marb sé sinni & sé IS é

{MS folio 255a 50} Foropairset dano dá mac Geirg béus .i. Cobthach Cnesgel &{MS folio 255b} Cond Coscarach ar gabáil in dúnaid & niro scandir cen échta dóib. Niro dámair in mórbríg do Mani bith ina thost cen techt féin do digail a chlemna for Ultaib. & atraacht iar sin & ro gab a scíath mór
33710] {MS folio 255b 5} míleta fair & a da sleig slemungéra uillendcha móra ina láim. & a chlaideb trom tortbuillech crúadgér comramach fora chriss. & atraactatar a thrí coicait i n-oenfecht fris. Nirbo irusa a frithalim ba mór in toilg menman & aicnid & intinsaitin úalli ro boí i cridi cech{MS folio 255b 10} óen dibsin. Ro boí dano sant mór & duthracht calmai do denam
33715] occu. Bá ségda súairc sobesach in rígmacc boí rempu. & ciarbo maccoem iar n-aís ropo mílid iar mórgasciud. ba halgen curmthigi. is ba dúr debtha. & ba nathir nemi. Bá cumnech écraiti. Ba oíbel{MS folio 255b 15} ága. bá comnart comergi. ba logthanach sét. ba hanaccarthach imgona. ba tene aradna. bá nertlia fergi. ba tond bratha ar buirbe.
33720] bá íaru ar athlaimi. ba dair ar damgni. ba hé rind ága & imgona na teora Connacht. & ba hé a cendmíl airechta & a lám thairberta sét & a sodomna ríg.{MS folio 255b 20} Nirbo miad leis nech isin domun do thiachtain fo chomlín do gabail tige fair. Ro thaffniset iarum iar sin na fomórchu on tig
33725] immach. Nirbo lám lega la Mani in n-uairsin. & dorochratar nonbur fomorach dia chétscundscli a oenur. Is and sin doriacht dibergach{MS folio 255b 25} na hAsia Móri .i. Fabric Fiacail Nemi fri cnes na debtha. & ro gab sroigled & essorcoin & brúd & básugud in tslúaig remi. & ni ragbad riss co rrocht cosin magin i mbaí Mani co tard cechtar n-aí díb scíath fri
33730] scíath dia cheli. & bátar isin chomlund co ndechaid dar medon aidchi. {MS folio 255b 30} & dorat Fabric tri gona aidbli for Mani. & ro dichend Mani esium iar scís chomluind. Cid Conchobor dano bá gal churad leis ar dorochratar tricha laech lánchalma leis do muntir Geirg imma mac .i. im Chond Coscarach. Ro immir trá in slúag cechtarda immforrán
33735] {MS folio 255b 35} fora cele. is bec naro chomraicset mera a coss. icond imthuarcain. Rosiacht fuil glúni fer sechnón in dunaid. Atchlos fon trichu chét


p.1145

{MS folio 255b} ba nesom dóib blobemnech na scíath & na bocóte & scemgal inna{MS folio 255b 40} laigne lethanglas & na claideb crúadgér. i comrac. & briscbrúar na clocend ica n-erlech & búridach na míled ic immirt écomlaind forru.
33740] Ro socht trá Mani iar ndíth na Fomorach co Fácen mac nDublongsig co mbátar fri ré cían i cathugud. Dorochair Facen{MS folio 255b 45} deside. Dorochair dano Siaburchend mac Slisremuir ra Cobthach Cnessgel mac Geirg. & ro tafned Mani & Cobthach iar sin issin rigthech iar cor áir a muntire. & ro gabsat co setrech & co ferda in
33745] tech co mmatain & m deochas forru ind. Is i nderiud na haidchisin dochuaid in ben chétna adfét na{MS folio 255b 50} scéla do Chonchobur. co rocht co Meidb áit i mbaí ina cotlud ina{MS folio 256a} himdaí i Cruachain Aí Co n-erbairt fria. dia mbeth fastini ocut ar si a Medb níbad chotlud dogenta. Cid and sin ar Medb. Ata
33750] Conchobor ar si oc gabail ar Mani & dofáeth leis Mani & eirgsiu innossa & non dígela. & dorat rand tosaig laide. & ro recair Medb triana cotlud.

    1. {MS folio 256a 5} A Medb ca cotlud dogní
      in fetar cinnas ataí;

      33755] diamsat fissid fáth imne
      ropad mithig duit eirge.
    2. A bé bán bulid co llí
      ca scél uathmar innisi;
      cata námait dothaet and

      33760] cia halt doine cia n-anmand.
    3. Conchobor cend na curad.
      ardrí ilbuadach Ulad;
      {MS folio 256a 10} ní damair a bruth no ferg.
      coro thogla innocht for Glend Gerg.

    4. 33765] Cia bail i tá Gerg is Mani.
      na fuilet i n-oenbali;
      ma tát ní hassa a togail.
      do lucht tigi Conchobair.

    5. p.1146

    6. {MS folio 256a} Mani cid mór a menma

      33770] im febas a degdelba;
      niba leiss commus a chind.
      da thurus innocht don Glind.
    7. {MS folio 256a 15} Mad dia marbthar Mani mór.
      bid díth cethern bid ár slog;

      33775] atresat curaid fri gail
      iter Chruachain is Emain.
    8. Érig is digail do mac.
      tinóil cóiced Ól nÉcmacht;
      snaidfea na sluagu co serb.

      33780] mad dia n-erge innossa a Medb.
    9. A.

{MS folio 256a 20} Dúscid Medb iar sin & dúscis Ailill. & adfét dó in fís atchonnairc & adfét fon slúag iar sin. Nibó fír ón ém ar Bricriu. O 'tchuala Fiannamail mac Ferguis Fordeirg sin .i. mac rechtaire na Cruachna níro ernaid fri cách. acht luid remi i n-iarmoracht Mani.
33785] ar bá comalta dósom Mani. ar rop é in t-ochtmad maccóem {MS folio 256a 25} na Cruachna Fiannamail. Togais Medb lé secht fer n-armach a n-as dech dorala i Cruachain in tansin. Is and sin doriacht Domnall Derg Drechlethan mac Dubain meic Ingamna. laech heside is dech ro boí ar cúl scéith & claidib & gai i coiciud Chonnacht.
33790] {MS folio 256a 30} & bá comalta dil dano do Mani heside. & dochuaid issin sligi cétnai ria cach. Tricha láech dano ba hed a lín. & Domnall ainm cech fir díb. Imthigis dano Medb iar sin ina réim ina ndíaid. Aslingi Medba connice sin & turthed a himthechta.{MS folio 256a 35} Imthús im Mani thair. Ro gab ina chind co maethráth éirgi
33795] arnabarach. & nirbo sám subach sadail ro cathed ind adaigsin eturru maróen Ó 'manacca dóib ri suilsi ind laí ro chumnig cách a anfolaid dia cheli. & forópair Conchobor ar gressacht a muntire.{MS folio 256a 40} Diamtís Ulaid ar se no betis immalle frimsa ní fuléngtha in cath amal fuilngithir d'fomórchaib. Ro drebaing gal i mbrunnib na fomorach
33800] don gressacht mórsin & dosratsat co dúr & co díchra frisin cathugud {MS folio 256a 45} & niro ansat di co ndechatar dar dorsib ind rígthigi innund. Ba cóem ém & ba hirgna in phelait rígda i ndechas and. Ba líach droch- aradu furri. Ro boí cét mías findargit & tri chét do chredumu & tri chet do finddruini and. Bátar dano tricha escra do airgiut oengil
33805] {MS folio 256a 50} Espáne ar borddaib dabach. Batar dano da cét corn buabaill co


p.1147

n-imdenam óir & argit & tricha coppán argit & tricha coppán{MS folio 256b} créduma. & cethracha gagar. Imscing línanairt gil co ndelbaib mgantachaib fri fraigid and. Is and sin immarocht don tslúag cechtarda for lár in tigi. Ropo díth don tslúag co mór and sin.
33810] {MS folio 256b 5} Rosiacht Cobthach Cnesgel mac Geirg iar slaidi na fomórach cosin magin i mboí Berngal Brec ic dichendugud na Connachtach. Dofuit Berngal tra la Cobthach iar scís chomlaind. Dorochair dano Buri Borbriathrach do laim Mani. & ro dased immi iar sin & ro{MS folio 256b 10} n-immir for slúag na fomorach sechnon in tigi. & dorochair tricha
33815] laech dib leis. Ó 'tchonnairc in cur cróda cathbuadach Conchobor in lainni forsa rabi Mani ro ndírig a dochum & ro frithailseom Mani co fichtha furachair & bátar fri ré cían i cathugud. & ro brissiset{MS folio 256b 15} nonbor maccoem fo cossaib. Teilgis Mani rout n-urchair co feirg & lonnus co mboí ina chrois trí Chonchobar. & céin boí Conchobor
33820] oc béim na sleigi ass ro gon Mani don mánáis lethanglais boí ina láim. & dodechaid Brod i foirithin Conchobair. & ferais Mani tri crechta aidbli fair. & nírbo sétrech comlaind Brod iar sin. Impáis{MS folio 256b 20} Conchobor iar sin fri Mani & ron ecrand do bráthbemmennaib do cech aird. co torchair leis marb cen anmain & forfopair iar sain ar
33825] erlech in tslúaig imme do cech leith isin tig. co torchratar bond fri bond & médi fri medi sechnon in tigi. Cid fil and trá acht ní{MS folio 256b 25} thérna nech i mbethaid dona tri coicdaib laech dodechaid la Conchobor acht sé féin & Brod. & cid ed ón ni slán ternátar. Tafnís Conchobor Cobthach mac Geirg ón dúnud immach. & i céin ro boí
33830] ina lenmain sechnón in maigi dochuaid ind ingen .i. Ferb ingen {MS folio 256b 30} Geirg & bé thastil immalle fria cosin magin i mboí Mani ina chróligi fola. & ina chropartaig & ro boí oc derfadaig & oc mifri. Dar brethir ém ar si ci ataí th' oenur innossa mór n-aidchi robá sochaide & dorat in laidsea oc tabairt a thesta.


    1. 33835] A gillai is derg do lepaid
      ní dam na déine deccair
      olc sén i tanac ó tig.
      bid mana dér rit muntir.
    2. {MS folio 256b 35} Sochaide dia tartais olc.

      33840] 'n aidchi ro ba i llongphort;
      a meic Medba in murir.
      a chulian ard ardenig.

    3. p.1148

    4. {MS folio 256b} A meic Ailella nach dis.
      ní latt in gním ro maídis;

      33845] Is trúag rim chride is rom chlí
      do bith tall it bithligí
    5. A gillai is gastu atchonnac.
      ropat slatt óir fri hadart.
      {MS folio 256b 40} ciaro boí do dál ri nech.

      33850] rob í do dál dedenach.
    6. Ropo garb do lám sin chath.
      ropot iarsla fomórach;
      mór fúaim do builli fri cend.
      sochaide i tanac thimchell.

    7. 33855] Ropo súairc do dath
      ropot cumnech comaltach;
      ropot gasta dar cach glend.
      sochaide i tanac thimchell.
    8. {MS folio 256b 45} Ropo chóir damsa sáeth dít

      33860] araí chomraic cenco rícht;
      ni lugaite in grád cen chess.
      Cid de thic m'amless.
    9. Is sáeth lim in lihi i taí
      a gillaisea a meic Meidb;

      33865] & is sáeth ram chride.
      intí fuil 'cot urnaide.
    10. Rop annam lat bith cen t'arm.
      nóco notarla is tu secmarb;
      {MS folio 256b 50} corot gaet in gai glan gle.

      33870] is corot tregd araile.
    11. 'S corot letar claideb crúaid.
      's coro sil bróen fola dar grúaid
      {MS folio 257a} 's coro gabsat immut uli.
      roptar athig oenchuri.

    12. p.1149


    13. 33875] {MS folio 257a} Uch cid ro batar damsa.
      naro fegsat ardinsa;
      mo lennán mo thoga tréoit
      is m'fer dingbala degséoit.
    14. Is m 'er dingbala frim lá

      33880] Mani Mor mac Ailella;
      {MS folio 257a 5} ba marbsa da ingnais de
      cenco tisium dam aire.
    15. A bratt corcra i nn-inud ríg.
      is mór domber i n-imsním;

      33885] dar eis nir gab nech úad
      oro gab armu d'imlúad.
    16. Sé féin ar lar in taigi.
      's a lám arna himdibi.
      's a gai 's í laech ras cuir.

      33890] 's a chend i lláim Conchobuir.
    17. {MS folio 257a 10} 'S a chlaideb tortbuillech trén.
      ro gab úad i n-etarcén;
      's a sciath bail darochair de,
      i cosnam a muntere.

    18. 33895] Coíca láech immi fo thrí
      trúag a ndul uili ar nefní'
      mór a n-osnad tan ros cab
      'ca chosnam darochratar.
    19. Hésium féni noco bréc.

      33900] ro fodail mór sét;
      {MS folio 257a 15} ni lugu dorochair de
      oc cosnam a muntire.
    20. Atá na ligi co crúaid
      maccoem Connacht glaini á sluaig

      33905] mairg dia muntir miad glan gle.
      & mairg dia glancheile.

    21. p.1150

    22. {MS folio 257a} Noco chumcimsea ní duit
      air domrat i ndrochbeirt;
      is briste mo chride de.

      33010] icot fégad a gillai. A.
    23. A.

{MS folio 257a 20} Is and sm doroacht Fiannamail mac Fergusa Forderg trí choícait laech cucu. Ro tuarascaib ind echlach disi & ro innis scéla garba dósom. Ro dassed immisium iar sin. & ro iarair eolas airm i faigbed Chonchobor. & doringset laid eturru.


    1. 33915] Fiannamail seo chucunni.
      ro iarraided acunni;
      {MS folio 257a 25} cid maith a bés oca thig
      ro scar do gs ria muntir.
    2. A ingen is garb in scél

      33920] innissi dam tria grés ngér;
      scarad fri muntir mét ngal
      mas iatso darochratar.
    3. Is iatsain do muntersu
      arai cenco fintatsum;

      33925] ro marbsat ro marbtha i fat
      robo chomrac dergnámat.
    4. {MS folio 257a 30} Ocus Mani in marend hé
      mo chomthach mo choceile;
      mo rí mo ruiri 'com thaig,

      33030] mo duni alaind inmain.
    5. Is goirt lim aní atberi
      a Fiannamail fiannaidi;
      ro merad immut cen acht.
      fogéba sund a thiglecht.

    6. 33935] Eolas dam ram forraig ferg.
      ma rafetar a glanFerb;
      {MS folio 257a 35} apair rim cia bail i tá
      Mani Mór mac Ailella.

    7. p.1151

    8. {MS folio 257a} Uchan achan air

      33940] na fetar a Fiannamail;
      dorochair Mani malle
      is ogus a muntire
    9. Cia dorat in cath crúaid.
      Cia doraitni fó dimbúaid;

      33945] & cia ro marb Mane.
      & siat i n-oenbaile.
    10. {MS folio 257a 40} Ulaid tancatar atúaid.
      a nirt chatha chlaidebrúaid;
      coro gabsat foraind tech.

      33950] co tri coícdaib laech laimthech.
    11. Ticfa fri Ultaib in scél
      at bidbaid cen imarlén;
      mairfitir and tiar is tair.
      dia marat na Connachtaig.

    12. 33955] Doberim mo chobais duit.
      a Fiannamail uair at roglic;
      {MS folio 257a 45} na dechaid d'Ultaib cen chlith.
      acht óendias ina mbethaid
    13. Cade in días térnatar and

      33960] cia halt daíne cia n-anmand;
      & cía dochuatar ass
      doringset mór diar n-amles.
    14. Conchobor is Brod cen brath
      is iat térnatar assin chath;

      33965] da gai trí Chonchobor féin.
      's a trí tri Brod ni imcén
    15. {MS folio 257a 50} Ciaro guin Conchobor crom
      cia dorat i n-ecomlond;
      ni beoda a dula cen geiss.

      33970] ma tá airsium dluig legis.

    16. p.1152

    17. {MS folio 257b} Mani ro guin Chonchobor.
      di sleig nirb orddugud;
      ro marbsom Mani iar sin.
      is é afa Fiannamail. F.


33975] Imthigid Fiannamail iar sin i n-iarmoracht Conchobuir co tarla {MS folio 257b 5} Niall Cendfind mac Conchobuir ina agaid. & cét fer n-armach do thegluch Conchobuir immalle fris ic iarraid Chonchobuir. Ro ferad gleo fíchda feochair eturru. Maroen ro imred forlond fer for Fianna- mail deside. & nir damad cert comlaind dó náco torchair marb cen
33980] {MS folio 257b 10} anmain. Dorochair dano trícha laech laisium a oenur. Forfopair and sin ind ingen ic fegad gilla Connacht. Dar brethir ém ar si ni ar meth gascid ná hengnama dorochrabairsi acht forlond do imbirt foraib. & ummoro tra ar si darochair far comlund libsi cia dorochrabair. & ro chan in laidseo sis.


    1. 33985] {MS folio 257b 15} Truag sin a gillu Connacht
      ní fuil clúim ria bar n-adart;
      bar lemsi is léim cen follacht
      fúarabair béim dar amarc.
    2. Ca sluag rop ailliu innathe.

      33990] is bad ferr i cend clethe;
      bar ndelb ropo delb dílge
      is frithe serb far snathe.
    3. Snáthe far ruisc ro mebaid.
      fuarabair dig cuisc tonnaid;

      33995] {MS folio 257b 20} ropo chrúaid leo far ndebaid
      ro dedail gleo i n-uar collaib.
    4. Ro marbsaid cét fer n-armach.
      ro forrép in cú codnach
      bar scél is crúaid 's is caingnech.

      34000] is mana dér co homnach.
    5. Is trúag mo chumangsa rib
      ic scailiud dér is ic mifrig;
      ropad ferr limsa dula lib
      is mo loscud do chrithrib.

    6. p.1153


    7. 34005] {MS folio 257b 25} Sib slúag rop áilliu i nHerind
      gillai Chonnacht nos caínim;
      cach oen ros marb ní seguind
      fégaim cech mbaidb foa fuídim.
    8. Ropo mór far muirn sin chath

      34010] i n-agid na fomorach;
      mór mban dagena uch ach
      i ndegaid na rouallach.
    9. Uallach thancatar is tech.
      nocorb athair dóib aithech;

      34015] {MS folio 257b 30} oro gabsat cóir na cleth.
      nocorb allic dóib teched.
    10. Ro biathsaid Baidb co mbáni
      a llus airm lór a chruadi
      Gillai Chonnacht co caími

      34020] daíni ra tromalt truagi. T.

Doroacht iar sin Domnall Derg Drechlethan mac Dubain faichthi{MS folio 257b 35} in dúnaid. Maith ém a llus gai & claidib ar bé thastil Domnall Derg mac Dubain. Lond fri úair ngascid cách tanic and & ropad mór a chobair dia chomaltu diana tairsed ina bethaid. O 'tchuala ind
34025] ingen sin dodechaid immach ina agid & ro gress co mór & doringni rand & ros frecair Domnall Derg Drechlethan.

    1. {MS folio 257b 40}A Domnaill meic Dubain dil
      a gríb in gascid gabthig;
      cidat lond im gním garta

      34030] ro marbad do chomalta.
    2. Ciaro thuit Mani in milid.
      ra chind ara chomdinib;
      im gaís im gasced im gart
      im enech is im ánlecht.

    3. 34035] Ni hopair laech na ndéni
      uchfad uch is ecaíni;
      {MS folio 257b 45} or na targa Mani de.
      ba ferr calma fri namte.

    4. p.1154

    5. {MS folio 257b} Bam tarb tnúith isna tressaib.

      34040] focicher crú tria chnessaib;
      coselub mór bemmend búan
      ar Conchobor claidebruad.
    6. Nirbo ró Conchobor cain.
      i ndígail Mani mennmnaig;

      34045] or ni tharga is nir gein
      a mac samla asin Chruachain.
    7. {MS folio 257b 50} Conchobor cid mór a blad
      & Niall is Feradach.
      i ndígail Mani ro cerb

      34050] nos linfea mo lám a Ferb.
    8. {MS folio 258a} Dambad tussu a Domnaill Deirg
      no marbtais Ulaid tri Feirb;
      ropad bladach a digail
      for scéol Mani mórgnimaig.

    9. 34055] Daig is esium féin ro beb.
      Mani Mórgor met miled;
      noco ragsa síar dom thig.
      na raib fer bethaid d'Ultaib.
    10. {MS folio 258a 5} Ropad sám ram chride cain.

      34060] ropad dídnad dom anmain;
      dithnacht Ulad uili ind.
      dot láim dremain a Domnaill. A.

Nirbo chían inn irnaide do Domnall co n-acca chuci in mbuidin móir i mbátar cethri chet fer n-armach im Feradach Lámfota mac
34065] Conchobuir. Imsaí cách díb dochum a chéli. Ro imred forlín fer {MS folio 258a 10} andside for Domnall. & ro dásed immisium & dorochair coíca láech lais & dorochair fer cech fir dia muntir. & ro gonsom féin Feradach badí Doringned guin galand desium and sin & ro díchend Feradach{MS folio 258a 15} hé & rolá a ulaig commaidmi. & ro díchennait a munter & rolaad a
34070] n-ulach commaidmi. Dochuaid ind ingen iar sin co mbaí ic fégad Mani. Is étig ar si{MS folio 258a 20} atathar and sin innossa a gillai. & bam marb dot chumaid. cid tréot ro marbad m'athair & a mac. & is dóig niba hed amáin dia tora Medb & doringni in laidsea sis tria thursi.


p.1155


    1. 34075] {MS folio 258a} Trúag ám sin a meic Medba.
      a gillai alaind ergna;
      is fuilech forderg do chnes.
      dodechaid dít ar n-amles.
    2. Is triut ro marbad m'athair.

      34080] ropo deglaech degathaig;
      is triut ro marbad a mac.
      ni hassa dam a dermat.
    3. {MS folio 258a 25} Is triut dogentar mór d'ulc.
      atgén arin gné fil orut;

      34085] is mór d'ulc bias de
      d'óes Mani & Feirbe.
    4. Is briste mo chride de
      ic fégad do chrólige;
      mallacht ar láim ro letair

      34090] is dotrat i ndrochlepaid.
    5. Mór n-ingen dia tibre sáeth.
      mór mban do marbad a glangáeth.
      {MS folio 258a 30} mór n-airecht bias ocot gul.
      is dot tesbaidsiu th'oenur.

    6. 34095] Ropot álaind a chianaib.
      cut chulenaib 'con fiadaig.
      ropo mór let do menma
      im febas do degdelba.
    7. Isat étig innossa

      34100] isat bána do bassa.
      is mairg na cifea dar lind.
      ro scar do chend rit cholaind.
    8. {MS folio 258a 35} Olc in scél berthair síar
      co Finnabair na nglangiall;

      34105] tasc a brathar di co feirg.
      is a esbaid ar glanFeirb.
    9. Ailill & Medb don maig.
      ni biat siat i mbethaid;
      imsod a gné do gruaide.

      34110] ni mé naba lór truage. T.


p.1156

{MS folio 258a} Is and sin rasochtatar a da mac co Conchobor .i. Niall &{MS folio 258a 40} Feradach. Darocht dano Medb co secht cétaib láech lé co mboí as cind ind armaige. Doringni crúadchippi grinni bec di. & torcaib idna catha rempi & ros dírig ar ammus Conchobair do digail a
34115] mmeicc & a muntire fair. & ciarbo chnedach crechtach Conchobor{MS folio 258a 45} nocon ic imgabail Medba ro boí acht is 'ca iarraid. conos tarla tul fri tul. Gebid cách díb sroigled & essorcoin. leod & letrad brúd & básugud a chele. Rofuc Medb andside tolc míled i cath na nUltach co torchair cóiciur lee. im dá mac Conchobuir .i. im Níall Cendfind
34120] {MS folio 258a 50} & im Feradach Lamfota. Ro gab dano Conchobor scaindred & répad & mudugud in tslúaig aile amal leomain londchrechtaig eter {MS folio 258b} banbraid corbo díanleges dó amal ro thuitset a gaí chró ass la méit na ferggi ro gab iar marbad a da mac. Maidid for Meidb iar sin & dofuittet tri coícait léech lánchalma dia
34125] {MS folio 258b 5} muntir. & nos berat na ferchutredaig ass hí iar sin. amal bá bés dóib. & ro len Conchobor in maidm co ndechaid dar Mag nIni immach. Impáis Conchobor iar sin fri dúnud nGeirg dia indriud. Atagat munter Geirg andside im Chobthach Cnesgel cath cróda comnart do{MS folio 258b 10} Chonchobur ic cosnam a ndúnaid. Imsaí Conchobor chucu amal fáel
34130] fó chairib. & feraid comlund fri Cobthach & dorochair Cobthach deside. & ro marbad cech óen ba inechta dia muntir. & ataig Conchobor lais ina fúair d'ór & d'argut & d'indruini & do chornaib & do choppanaib{MS folio 258b 15} & d'escraib & d'arm & d'étuch. Rofuc dano leis in dabaig umai ro boí is tig. & no fiurad forba Ulad uili a llán do lind. & is ria atberthea
34135] ól nguala la Ultu. Fo bíth is teni guail no bíd i nEmain is tig i n-ibthea hí & is uad ro ainmniged Loch Guala umai i nDaminis{MS folio 258b 20} criche Ulad ar is foí atá indiu i ndiamraib. Dorat dano leis in rígain .i. Nuagil ingin Ergi. & a hingin .i. Feirb. & na tri coicait ingen immalle fria. Atbath fo chétoir Ferb & a trí coícait ingen immalle
34140] fria do chumaid na macraide. Atbath dano Nuagel do chumaid a fir {MS folio 258b 25} & a da mac. Ro claided úag do Feirb iar sin. & ro tócbad a lia. & ro scríbad ainm oguim. & doringned duma immon licc. conid Duma Ferbi a ainm ri Ráith Ini aniartúaid atá. Imthigid Conchobor co mbúaid & choscur co rocht co Emain &
34145] {MS folio 258b 30} adfét a scéla o thús co dered do Mugain & ro ráid fria fili .i. Ferchertne mac Dergerdne meic Gairb meic Fir Rosa Ruaid meic Rudraige co ndernad glónathe airchetail co cummair do chumnigud in scéoilsin. Conid iar sin ro chansom in laídseo sís. & ro falsig ind éicsiu dósom combad fúasait don Táin in scelso.


p.1157


    1. 34150] {MS folio 258b 35} Aslinge Conchobuir choir
      meic Cathbad cróda findmóir
      ardrí Ulad erim n-úag
      ris dresend cách claidebrúad.
    2. Boí Conchobor aidchi and

      34155] ina chotlud nirbo gand.
      co n-aca ní chuci in mnaí
      ina dochum ina imdaí
    3. Etiud corcra co cruth óir
      a hecosc nirbo deróil

      34160] {MS folio 258b 40} srethai sítai uasa cind
      mind ard óir ina imthimchiull.
    4. Asbert fris in ben co mblaid
      Maith in sen a Chonchobair;
      ordan & taced dait

      34165] do cech leith úair it irdairc.
    5. Cid as nesu dúin de sin
      ar mac Nesa miad mairir;
      asníd a bé dún co llí
      ca fot cossin n-immirgi.

    6. 34170] {MS folio 258b 45} Secht mbliadna lána o 'nocht
      not gluasfiter dond oenphort;
      maccaib mnaib miad ros bí
      immon Dond cathach Cualngi.
    7. Cia nos ber nual cen goí

      34175] cia doróet in cath cocróe
      slúag ard Herend immasaig
      im Ailill don Chrúachanmaig.
    8. Noco toil sin slicht nad bá
      ol Conchobor cond catha.

      34180] {MS folio 258b 50} in fail anaill násad n-án
      a bé barrbude balbán.

    9. p.1158

    10. {MS folio 258b} Fil gním n-amra. dét for sét
      is ní irnaidi fri bréic;
      {MS folio 259a} mac ind fir dotic cen meth

      34185] Mani Mór mortha miled.
    11. Dodechaid do feis la Feirb
      la ingin Geirg do Glind Geirg;
      tri coícdaib laech lathar fír
      ed a llín ní immarrím.

    12. 34190] Im thráth nóna nuall glan gle.
      is and fastud na flede;
      {MS folio 259a 5} is and airisit malle
      a rí Emna ollglaine.
    13. Cia lín ragmait réim cen aír

      34195] ar Conchobor cóir cruthchaín.
      eirgsiu chucu rád cen brath.
      tri coícait fer fomórach.
    14. Bid latsu coscar co ngail
      a Chonchobuir chomramaig;

      34200] gebatsu form in scél gle
      a rí Emna ollglaine.
    15. {MS folio 259a 10} Duscis Conchobor iar sin
      & duscis a rígain
      adfét a tarfas dó

      34205] tria relad cen imargó
    16. Asbert fris in ben co mbail
      Mugain miadmas co morchéil
      is lór na fil chena trá
      etruind & Connachta.

    17. 34210] Atbert Conchobor glan gle
      comsid án na hergaile;
      {MS folio 259a 15} is derb cia anam nar tig
      daficfat na Connachtaig.

    18. p.1159

    19. {MS folio 259a} Uair dorala duit a thecht.

      34215] ní gebam dít trí fornert;
      a flaith Ulad glaine slúaig
      coro thérna iar nglanbúaid.
    20. Luid Conchobor iarum
      a lin cétna nirbo gó

      34220] do Raith Ini násad gúr
      i mboí Gerg diarbo rígdun.
    21. O rancatar in ráith réil
      in fíand fodbach co nglanchéill
      {MS folio 259a 20} dochuatar ind aidbli uird

      34225] dara ndorus in mórbuirg.
    22. Cechaing Conchobor sin les
      trí choicait láech lúth rofes.
      facbaid a muntir immuig.
      na cró chatha co cunnail.

    23. 34230] Dabach umai i tig ind rig
      ica línad tall dond fin.
      {MS folio 259a 25} in tan ránic núall
      mac Nesa noithech nitha.
    24. Aill amae tall ar in druí

      34235] di láim ind ríg nad imchloí
      atgen form láid luth frisgair
      brod ane in airidig.
    25. Nirbo irnaide iar sain
      coro es Brod úad in sleig

      34240] co mboí tria Gerg isin tig
      & triasin n-airidig.
    26. {MS folio 259a 30} Tanic Conchobor is tech
      co trí coícdaib laech laimthech;
      co tuc cend Mani

      34245] cona secht fichtib airlech.

    27. p.1160

    28. {MS folio 259a} Facbaid Conchobor is tig
      a muntir tria imargail.
      acht hé nammá & Brod
      ní thérna dib fri slonnod.

    29. 34250] In ben chetna thiar fri Meidb
      rádis athesc narbo meirb
      {MS folio 259a 35} marbais Conchobor do mac
      olc uair dochúaid dia chomrac.
    30. Doluid Medb aníar don chath

      34255] co secht cetaib fer n-armach.
      co comraic tul fri tul
      i mmaig Ulad fri Conchobur.
    31. Marbais Medb and isin maig.
      mórfesser tria imargail;

      34260] dia laim féne ferr cech cur
      im da mac do Chonchobur.
    32. {MS folio 259a 40} Maidid iarum siar for Meidb
      corbo esbaid asa seilb;
      co fargaib and ed imne.

      34265] secht fichit londláth gaile.
    33. Soit iarum frisin dún.
      Ulaid uallaig erctais múr.
      airgit aní roboí and.
      co n-ilur tuarad tetband.

    34. 34270] Doringsetar cath co crú
      munter Geirg thall fri Ultu;
      {MS folio 259a 45} co 'mmacommarb dóib uile
      eter ríg is rígruire.
    35. Ro marbsat and amra fir.

      34275] secht Find secht nDuib secht Temin;
      imna ócu erctais dind.
      im tríchait Fergus forind.

    36. p.1161

    37. {MS folio 259a} Tricha Murethach miad mend
      co ngabtaís catha co cend;

      34280] tricha Failbe tricha Fland.
      im tríchait noísig nDomnall.
    38. {MS folio 259a 50} Tricha Cobthach tricha Cond.
      im tríchait Corpre comdond;
      tricha Dubthach. tricha Ros

      34285] im tríchait n-alaind nÓengos.
    39. {MS folio 259b} O sain immach imalle
      do lonnaib láth is gaile;
      ní fil rofiter a ndíl
      ro bátar uile i ndimbríg.

    40. 34290] In sin uile adbal gáir
      la toirm teglaig co tromgráin
      imma ruirig roínis cath
      ind úairsin dorochratar.
    41. {MS folio 259b 5} Remscél do Tháin Bó Cualnge cain

      34295] bid forbach dond imgail;
      is dond aslingi atá
      bás Mani Móir meic Medba.
    42. Mora gluind ro batar de.
      cid uathmar in t-aslinge

      34300] dorochair Gerg cona slúag
      in ruri garta comrúad.
    43. Dochuaid Conchobor co mbúaid
      mac Nessa noítis morslúaig;
      {MS folio 259b 10} do Emain Mache monar ngle

      34305] co tarfad a aslinge.—

      A.

Finit.

p.1162