Corpus of Electronic Texts Edition
Rop tú mo baile (Author: [unknown])

p.42

Be thou my vision

  1. Rop tú mo baile,
    a Choimdiu cride:
    ní ní nech aile
    acht Rí secht nime.
  2. Rop tú mo scrútain
    i l-ló 's i n-aidche;
    rop tú ad-chëar
    im chotlud caidche.
  3. Rop tú mo labra,
    rop tú mo thuicsiu;
    rop tussu dam-sa,
    rob misse duit-siu.
  4. Rop tussu m'athair,
    rob mé do mac-su;
    rop tussu lem-sa,
    rob misse lat-su.
  5. Rop tú mo chathscíath,
    rop tú mo chlaideb;
    rop tussu m'ordan,
    rop tussu m'airer.
  6. Rop tú mo dítiu,
    rop tú mo daingen;
    rop tú nom-thocba
    i n-áentaid n-aingel.

  7. p.44

  8. Rop tú cech maithius
    dom churp, dom anmain;
    rop tú mo flaithius
    i n-nim 's i talmain.
  9. Rop tussu t' áenur
    sainserc mo chride;
    ní rop nech aile
    acht Airdrí nime.
  10. Co talla forum,
    ré n-dul it láma,
    mo chuit, mo chotlud,
    ar méit do gráda.
  11. Rop tussu t' áenur
    m' urrann úais amra:
    ní chuinngim daíne
    ná maíne marba.
  12. Rop amlaid dínsiur
    cech sel, cech sáegul,
    mar marb oc brénad,
    ar t' fégad t' áenur.
  13. Do serc im anmain,
    do grád im chride,
    tabair dam amlaid,
    a Rí secht nime.
  14. Tabair dam amlaid,
    a Rí secht nime,
    do serc im anmain,
    do grád im chride.
  15. Go Ríg na n-uile
    rís íar m-búaid léire;
    ro béo i flaith nime
    i n-gile gréine
  16. A Athair inmain,
    cluinte mo núall-sa:
    mithig (mo-núarán!)
    lasin trúagán trúag-sa.
  17. A Chríst mo chride,
    cip ed dom-aire,
    a Flaith na n-uile,
    rop tú mo baile.