Corpus of Electronic Texts Edition
Elfenbegräbnis (Author: Unknown)

p.559

Liber Flavus Fergusiorum

{MS folio 92b1}Laa n-aen robái Mac Coisi for brú Locha Lébind1 co faca ai óenmnái ina suidhi ósin loch & fadan guil aisti. Bratt úaine impe, trillsi taitneacha um a ceand. Áille do mnáibh an domhain a dealb. Ba mór & ba díairmhe a méd
5] seoch mnáib a haimsire. ‘Cidh tái ag gul?’ ar Mac Coisi.
‘Fil a domhna occum’, or sisi, ‘.i. mo chétshearc & mo chétleannán do marbad andiú a Síth Codhail & a breith dia adhnacadh co Clúain mic Noisi co rusadhnacht innti.’ Ceileabrais Mac Coisi dí íar sin & teit co Rubha Conaill co hairm
10] a mbái rí Éirenn .i. Congalach mac Máilmithíg & atfét an scel sin uile dó. ‘Gu Clúain dúind ambárach!’ or Congalach, ‘dia fhis an fír an sgél sin.’ Tíagaid co Clúain arambárach .i. Congalach & Mac Coisi. Fíarfaigthir leo dona cléirchibh an roadhnacht fer na deilbi sin occa isin tráth sin. Atpertsat
15] na cléirig ná roadhnacht duine oca isin tráth raithi sin uile.

Gabaidh Congalach for eiliugud Mic Coisi & a chluiche ime. Teacaid a cClúain an aidhche sin. Docúaladar an clog mairb isan madain arnambárach. Manach ba marb isan baile & tucadh dia adhnacal cor claidhedh derc dó áit a fuil Leacc
20] na nDrúadh andiú. Ó ráncus sealad sís isin tochailt fríth fuil & duille úrbethe ann. Ba hingnadh mór leo-som sin.


p.560

Cech doimne noroisidh an t-adhnacul ha mó sa mó nogeibthi an fuil & an duille. Innisder do chách an sgél sin. Tecaid cách dia fheghadh co mbádar ós cenn an adhnacuil. Atpert
25] Congalach friu: ‘Tochlaid an adhnacul an gcéin nogébthai an fuil & an duilli.’ Dogníther an clais co domain.

Fogabar sgúab beithi 'na híchtar & duine ana meadhón & a bél sís. Indistir do Chongalach & do Mac Coisi sin & do chách archena. Tecai uile ós cinn an adhnacuil. Tógbaid anís
30] íarum an corp asan adnacal. As é tra ba cáime cruth & delb d'feraib an betha. Folt buidhe fair. Áenguin adhbul ana chneas. Cóic traighthi fiched ana airde. Seal dóib ag a féchsain. Claitir an fert fair íarum. Tic cách arambárach dia fhéchsain & docinnedh comairle cidh dogéndis fris. Tochailter
35] an fert doríssi & ní fríth ann an corp & ní fes a sgéla íarum.

F.i.n.i.d.