Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Finntrágha (Author: Unknown)

p.1


1] Rí ro gabasdair flaithus & forrlamhas an domhain mhóir
2] uili go himlán .i. Dáiri Donn mac Loisginn Lomghlúinig.
3] Ro thinóileadar immorro & ro thimsaigeadar sluaig in
4] domain d'innsaighidh in rígh sin. Táinic ann Bolcán rí
5] na Fraingci & Marghairéd rí na Gréigi & Faghartach rí
6] na hInnia & Lughman Leathanarmach rí Saxan & Fiachra
7] Foiltleabar rí Gairian & Tor mac Breoghuin rí na hEspáine
8] & Sligeach mac Seanghairbh rí Fear Ceapdha & Iruadh
9] mac Dreagain mic Duilli rí Fer nDreagan & Comur
10] Croimgeann rí Fer Conchenn & Caitchenn rí Fer Caitchenn
11] & Caiseal Clúmach rí Lochlann & a trí derbráithri .i. Forne
12] Glaingér Gaisgedhach & Mongach in Mara & Tacha, &
13] Dáire Dédsholus rí Mara Toirrian & Madan Muncas mac
14] Duinn rí na Gaethlaighi & trí rígha ó thurgabáil gréine
15] anoir .i. Duibhceartan mac Fir Mais & Muilleann mac Fir
16] Luit & Cuilleann mac Faebhair Glais, & Ógarmach ingen
17] rígh na Gréigi, an bangaisgedhach is ferr táinic isin doman
18] riam, & mórán do ríghaibh & do tigerrnaibh ele nach
19] áirimter ann so.


20] Ar toigheacht immorro don tromsocraide sin co hairm
21] a roibhe airdrí in domhuin, ro cinneastair uile éncomuirli
22] .i. teacht do ghabháil Érenn ar áis nó ar éigin. Ocus ba
23] hé so a n-adhbar .i. feacht n-aon dá ndeachaid Finn mac
24] Cumhaill ar innarbad a hÉrinn isin domhun mhór & do
25] bhí thoir re bliadhan a n-amsaine ag Bolcán rí na Fraingci,
26] & ro élo bean & ingen rígh Frangc leis ar tabairt comgrádha


p.2


27] dóibh araen do & is tríd sin ro tinóiledar na sluaig & na
28] socraide sin do theacht dá dhíghailt ar Érennchaibh.
29] Óir nirbo miadh nó maise leisna maithib sin tár & tarcaisne
30] do tabairt don Éirennach orrtho.


31] Is ann sin ro fhiarfaig rí in domhain: ‘Cia bus eólach
32] dam-sa a {folio 1a 2} caladportaib Éirenn?’ ar sé. ‘Do-gén
33] fíreólas duit,’ arsa Glas mac Dreamuin, ‘& atáim féin ar
34] innarbad ó Fhinn mac Cumuill, & bérad eólus ar caladaibh
35] rédhi rofairsingi na Érenn díb-si,’ ar sé.


36] Is ann sin tángadar na sluaig & na socraide línmhara &
37] na teaghlaigi taidbseanacha sin isin oirear a rabhadar
38] a longa & a laídeanga & ro hinnled leó a cnairre & a cairpthi,
39] a curaigh & a caemhlonga, & ro cuireadar amach cliatha
40] cuanna certa crannrighne cruadhrámhadh & do-rinneadar
41] imramh trén togharadh dianlaidir deghcubhaidh gurbho
42] cosmhail re ceathaibh gelclúm ar gormsrothaib nó re hael
43] aengheal ar ardchlochaib na srotha cubhracha cneasgeala
44] sin tar éis na láideang ón luathimram, co rucadar na
45] longa sin sithi seabcamail sruthluaimneach ó cimsaibh
46] na cuan a coimnéineacht tar drumcladaib diana dígáire ..
47] na díleann & tarin mothar mórthonnach & tarna tonnaibh
48] móra mongmóra mallgorma.


49] Is ann sin immorro ro éirgeadar na gaetha & ro
50] ardaigheadar na tonna co nach cualadar-san énní acht
51] nuall mear maithneach na murdhúchann & gotha imda
52] éccunnla na n-én corrach crithluaimnech ós gluair glastonn
53] agá crothad. Ní mo-chean ámh tarrla re freastal nó re
54] frithólamh na fairrgi forránaighi fuardoimne sin .i. nert
55] tonn & tuili & trénghaithi ag caitheamh a cainnti & a
56] cirgaili & a ceannairrci risna longaibh, & fós nír inadh


p.3


57] inchomhráidh na treabha taibhfhliucha sin re seastán
58] na slat agá sreangbhualad & re coimbéimnigh na crann
59] le garbgaethaib agá cruadbrised. Ní raibhi immorro
60] acu-sun ann sin long gan lúbugad ná rung gan rangbhriseadh
61] ná ub gan odugad ná clár gan crithnugad ná tairrngi
62] gan trothlugad ná {folio 1b 1} bord gan brúghad ná birrling
63] gan brisedh ná abur gan fhoslugad ná teas gan tuargain
64] ná tili gan tuarcain ná as gan iompodh ná crann gan
65] cruadlúdhbadh ná stagh gan sduaidhléim ná ruaidhbréid
66] gan rébadh ná laídeang gan locadh a luathshiubail re
67] lánanfadh, muna theagmadh lucht a freastail & a fortachta
68] ina fochraibh dá fhóiridhin.


69] Ó nach bhfuair immorro in gaeth sin laigi arna laechaibh
70] ná tlás arna trénferaibh, do éirig uaithib co ráinic a
71] haitreab arduachtarach anamna, & is ann sin fa mín in
72] muir dóibh & fa ceannsaidh gach goirmlinn gurbo téigli
73] séimidhe socharthanach in fairrgi itir chuan & chúil &
74] chearn & charraig, co nach ráinic a leas neach díbh oirbert
75] nó imram do dénamh acht na longa fána lánsheólad ag
76] imthecht le foghar na gaíthi glanuairi gur ghabsad cuan
77] & caladport a rinn maithinis na ndomun & ag glascarraig
78] risi n-abarthar Sgeilleag Míchíl aniubh. Is é fa heólach
79] acu ann sin .i. Glas mac Dreamhain ó Shíth an Lacha
80] Léin linnuair & ó dhiamralbh Droma Droibheóil, & in uair
81] do dúiscti fiadh nó bethadhach éicciallaidi eili agin fhéin,
82] nír tharbha do choin nó do dhuine rith ris acht a gabháil
83] beó do Ghlas mac Dreamain, & do fastóadh agin fhéin
84] tríd sin & is gairid do bí aca an uair do cuiredh air beth
85] ag feall ar Fhinn do Cormac mac Airt do rígh Éirenn &
86] dob éigean dó Éiri d'fhagbáil tríd sin & dul sa doman mór,
87] & is é ba heólach do rígh in domuin an tan sin.


p.4


88] ‘A anam a Ghlais mic Dreamhain,’ ar rí in domain,
89] ‘ní cuan mar so do gheallais dom loinges d'fhagáil acht
90] trágha gealgainmidhi a fédfaidís mo shluaig aenaigi &
91] oireachtais do chomóradh an tan nach bedís ac cathugad.’
92] ‘Is aithnidh damh-sa cuan mar sin a n-iarthar Éirenn,’
93] {folio 1b 2} ar Glas, ‘.i. cuan Finntrágha a Corca Duibhne.’


94] Tángadar rompo as sin co Finntráigh & ro línadar
95] crislaigi in chuain uili co nárbo léir in sáili tairsibh, &
96] bárc mór rígh in domhain do gabh in cuan ar tús conadh
97] Rinn na Báirci a ainm ó sin ale, & ro tuirrneadar a seóla
98] illathacha anairtghela & do tógbadar a puipli bélcorcra
99] breachtnaidhi & ro caithsead a mbiadha saera somblasta
100] & a ndeocha míne meascamla & tucadh a croinn ciúil cucu
101] dá sírsheinm & a n-aes dána do ghabháil a nduan & a
102] ndubhchonn dóibh.


103] ‘A Ghlais mic Dreamain,’ ar rí in domain, ‘cia dá
104] ráinic in tír si a tángamar ar tús do chuid ronna?’ Uair
105] do roinnedar Ére eaturra féin ré techt anoir dóib. ‘Do
106] Thor mac Breoghain do rígh na hEspáine,’ ar Glas,
107] ‘ráinic an tír si.’ ‘Más ead, a rí na hEspáine,’ ar rí in
108] domhain, ‘is tú dlighes feis & aedaigheacht na hoidhchi
109] anocht do tabairt dúinne.’


110] Is ann sin ro éirig rí na hEspáine & ceithri catha armruadha
111] eagair mailli ris, & táinic fo imlibh na críchi a cédóir, & do
112] bádar trí dúnaidh a n-iarthar na críchi sin .i. Dún Cais
113] & Dún Aedha & Dún Cearbain, & do loiscedh le rígh na
114] hEspáine iad idir triath & tigerna, idir mnaí & macámh,
115] idir coin & fhear, idir chuach & chorn & chopán, & do bádar
116] trí chaeca do theaghlach in gach dúnadh díb-sin & do
117] loisceadh leó uili iad.


118] Do bhí iommorro a fhis ag Finn & ag fianaibh Éirenn co
119] ticfad in tromdámh sin d'innsaighi Éirenn .i. ríghradh
120] in domain uili, amail do bhí a fighair & a fháistine dóibh,


p.5


121] & ní raibhi cuan ghabhála a nÉrinn gan fer forairi ó Fhinn
122] fair. Ocus is é do bhí ag forairi in chuain sin aigi .i. Conn
123] Crithir mac Brain mic Feabhail ó Theamhair Luachra,
124] & ar Corrchnoc na Féine rea n-abarthar Cruachan Adhrann
125] do bhí sé in oidche sin & {folio 2a 1} sé ina chodlad ann, & is
126] é do muscail hé sceamghal na sciath agá scoltadh &
127] comthuarcain na cloidhiom & comhcomairt na craíseach
128] ag cirrbad curp na fírlaech & gáirthi na mban & na macámh,
129] na con & na n-each fán comlasair. Ocus do érig Conn
130] Crithir fona gáirthibh sin & as eadh adubairt: ‘Mór na
131] gnímha do-rinnedh trím anocht,’ ar sé, ‘& mairg máthair
132] do-rad m'idhna d'éis an chodalta so do-rinnes, & gidedh
133] ní fhaicfe Finn náid fiana Éirenn misi beó dá éisi & rachad
134] ar lár na n-allmurach indus co tuiti dream éigin díbh
135] lium nó co tuiter-sa leó-san.’


136] Do cheangail a curp ina chathéidedh catha & do lig
137] 'na chailgi reatha rinnluaithi a ndiaid na n-allmurrthach,
138] & ní fada do-chuaidh in uair do-connairc triúr ban roime
139] sa sligid & armghaisceadh laích ag gach mnaí díbh. Ocus
140] do reath-san orro & ní ruc orrtha, & tuc a lámh fón sleigh
141] dá teilgin.


142] ‘An, a óglaích,’ ar bean díbh, ‘uair atá agad eólus ina
143] córa duit h'arm do deargadh ná oruinne & sinn inar mnáibh.’
144] ‘Cia sibh-si féin?’ ar Conn Crithir. ‘Trí ingena Deirg
145] mic Dolair ó tráigh Mara Tibhir anoir sinne,’ ar siad, ‘&
146] tucamar ar triúr grádh écmaisi duit-si & ní fuathaide le
147] neach againn a chéili é, & tángamar do tabairt chabhartha
148] duit uair do bhí a fhis againn gumadh tusa cédduine do
149] shoisfedh d'fianaibh Éirenn dochum na n-allmurthach.’
150] ‘Caidhi bhar cobair-si dam-sa?’ ar Conn Crithir. ‘Budh
151] maith ar cabair-ne duit,’ ar siad, ‘óir dealbóbhmaid-ne
152] sluag draídheachta umad-sa dona geosadánaibh sanaisi
153] & do barr bhilair, & gin co marbhaid sluag nó socraide


p.6


154] mailli rit-sa, gáirfid dona hallmurachaib & beanfaid a
155] n-airm asa lámhaibh & beanfaid a neart & a radarc díb
156] & mairbhfidhar leat-sa rí na hEspáini & ceithri céd dá
157] muintir. Ocus biaidh cath Finntrágha lá & bliadain 'gá
158] cur & biaidh cathughadh nua gach n-énlá ann risin ré sin,
159] & biodh cridhi maith agad-sa uair dá marbh-{folio 2a 2} thar
160] gach lae tú, beir imlán ar maidin, óir biaidh tobar
161] slánícidh againne fód comhair & in t-óglach is annsa let
162] a fianaibh Éirenn, do-ghiabha mar sin farit.’


163] Do bádar immorro sluaig rígh na hEspáine ag gabáil
164] creach & úirthedh & airgne ó Tráigh Modhuirn atuaidh
165] rissa n-abarthar Murbach an tan sa co Finntráigh fo
166] dheas. Is ann sin ruc Conn Crithir mac Brain mic Feabail
167] orrtho & in sluag draídecht sin faris, & do bhean a creacha
168] díbh & do bean in sluag draígheachta a nert & a radarc
169] díbh, & tángadar sluaig rígh na hEspáine 'na raen romadma
170] gusin maighin a raibhi rí na hEspáine, & Conn Crithir
171] 'gá marbad & 'gá mugad.


172] ‘Airis agam, a rímílid,’ ar rí na hEspáine, ‘co ferainn
173] comhlann rit tar ceann mo muintire ó nach impódhann
174] énduine acu fén rit díbh & tú 'gá n-ár & 'gá n-oirrleach.’


175] Ro innsaighedar trá an dias sin a chéli & ro sháidhedar
176] in dá mergi maethsróill isin tulaig taebhuaine & do shínedar
177] na lámha luathghonacha leisna craísechaib ceannghorma
178] cródherga & tucadar dubgona dlúithi daingne dofhreastail
179] ara chéli. Mar sin dóibh nó gur ardéirigh in grian & gur
180] crannbrissed a craíseacha & gur scailtsed a scéith & gur
181] lánscarsad a lúireacha, & do nochtadar a lannchloidme
182] lasarcorcra leathanfhaebhracha & do rinnedar urlaide
183] urrlamh anaithnidh & ro bádar isin comrac sin re tréimsi
184] & re hathaidh fhada do ló, conadh ann sin fuair Conn


p.7


185] Crithir áitheas bráthbéime a comrac an chathbhairr
186] & na caemhlúirighi do rígh na hEspáine co tobhacht a
187] cheann dá cholainn. Ocus do thógaibh Conn Crithir an
188] ceann & do chomhmaíd an gnímh & is edh adubairt:
189] ‘Dar mo bréithir ámh,’ ar sé, ‘ní cuirfidir ón ceann sa
190] mé muna marbtar mé nó co tí uathadh nó sochaidhe
191] éigin d'fianaibh Éirenn cugam.’ Do-chuala rí in domhain
192] sin & is edh adubairt: ‘Is mór in briathar sa do-bheir an
193] laech,’ ar sé, ‘& éirigh dá fhis, a Glais mic Dreamain,
194] an é an t-Osgar ardghlonnach ad-chuala a fianaibh Éirenn
195] do-beir an briathar sa.’


196] Táinic iommorro Glas a tír & táinic a comghar do Conn
197] Crithir. ‘A laích,’ ar sé, ‘is {folio 2b 1} mór in briathar sin
198] tucais, & caidhi h'ainm & do shloinnedh?’ ‘Misi Conn
199] Crithir mac Brain mic Feabail ó Theamuir Luachra,’ ar
200] sé. ‘Mása tú,’ ar Glas, ‘is fagus t'fhuil & t'fialus dam fén,
201] & is misi Glas mac Dreamain ó Teamair Luachra,’ ar sé.
202] ‘Dob éccoraidi duit-si techt do comrac rim-sa ó allmurchaibh
203] sin,’ ar Conn Crithir. ‘Truagh sin,’ ar Glas, ‘ar shédaibh
204] an beatha uili, dámadh tairisi dhamh Finn & fiana Érenn,
205] ní coimreógainn re neach d'feraibh Éirenn ná rit-sa seach
206] cách.’ ‘Ná habair-si sin,’ ar Conn Crithir, ‘uair cúic
207] mic dég do chloinn atá ag Finn a fhégmais a clannmaicne
208] fén, & luigim-si fóm armaibh & fóm ghaiscedh, dá
209] marbhthá-sa sin uili, nach budh eagail duit Finn acht
210] co tigtheá ara eineach & ara comairci.’ Adubairt immorro
211] Glas 'na dhiaidh sin: ‘Táinic mo lá bádha-sa let-sa &
212] rachad dá innisin do rígh an domain.’


213] Ocus do ghluais roime mar a raibhi an rí. ‘A anam a
214] Glais,’ ar rí an domain, ‘an n-é Oscar atá ann sud ?’
215] ‘Ní hé idir, a ardrí.’ ar Glas, ‘& dámadh hé, a táinic as
216] dod muintir-si ní thicfadís, & bráthair dam-sa atá ann &


p.8


217] is timcroidhi lium a beith 'na aenar & dob áil lium dul
218] do congnamh leis.’ ‘Dá ndeachair,’ ar rí an domain,
219] ‘cuinngim-si ort tacht dá innisin dam an lín thuitfeas
220] lium d'fhianaibh Érenn gach lae, & dá tuiti a beac leó
221] dom sluagaibh, techt dá innisin dam cé lé tuitfid.’
222] ‘Cuinngim-si ort-sa,’ ar Glas, ‘gan neach dod shluagaib
223] do licean a tír acht mar adér-sa nó co tí fiana Érenn chugainn.
224] Ocus ó nach fhuil urgairdiugadh ele againn aniubh,’ ar
225] Glas, ‘tabraidh comlann énfhir dúinn.’


226] Ocus do cuiredh dias allmhurach cucu in lá sin & táraidh
227] Conn Crithir an tabhaill taíbleabhar & cuiris cloch cert
228] cudruma innti & tuc urchur cert coimdhíreach co tarrla
229] a tul édain a fhir comraic co rug in inchinn ina caib
230] cró tré cúl a chinn. Fuaradar iommorro an dias sin bás
231] leó & do siredar dias allmurach dochum gach fir acu.
232] Frith uatha co hathlum an aiscidh sin. Tógbhais Conn
233] Crithir in cealtair coimhreamar chatha {folio 2b 2} & tuc urchur
234] áith athlum urmaisneach don fir ba neasa do acu gur
235] bhean a mullach a ochta co ndeachaidh tríd, & mar do-connairc
236] in fer ele sin, do theith do leith aroma in tí arar
237] teilgedh an t-urchur, co ndeachaidh an tslegh tríthu araen
238] co fhuaradar bás de, & do thuitedar a dhias fén le Glas
239] faí sin. Do thuitedar dano trí nónbair leó rí n-oidhchi,
240] & ba créachtach Conn Crithir ón ló sin & adubairt sé re
241] Glas: ‘Tángadar triar ban chugam-sa ó tráigh Mara
242] Tibir anoir & do gealladar damh, gé marbthaí gach lae
243] mé a cath Fhinntrágha, gumadh beó arnamárach mé, &
244] in neach budh annsa lium d'fhianaibh Érenn co fuigheadh
245] mar sin. Ocus coiméd-sa an cuan anocht co ndeachainn-si
246] dá fhis.’ Ocus téit dá fhis & do cuiredar fón tobar
247] slánícidh é & táinic co himlán as.


p.9


248] Imthúsa Glais mic Dreamhain téid aran chuan. ‘A rí
249] an domhain,’ ar sé, ‘atá cara agam aran loinges .i. Madan
250] Munchas mac Duinn rí na Gaethlaighi, & is edh adubairt
251] sé sa domhan mór thoir gur leór duit-si é fén do gabáil
252] Érenn & co mbéradh a ngéill ar áis nó ar éigin chugad-sa,
253] & cuinnchim-si ort-sa a leigen chugam-sa am aenar anocht,
254] co fhéchamis cia hagainn is ferr choiseónas Ére.’


255] Ro innsaigheadar dano an dias sin a chéli & do-rinnedar
256] comhrac fíchdha fortamail feidmlaidir. Acht énní, ní
257] hann sin do bhí a ndán bás d'fhagáil do Glas, & fuair rí
258] na Gaethlaigi bás leis. Ocus gairid 'na dhiaidh sin an
259] uair táinic Conn Crithir cuigi & do bí Conn ag molad an
260] gníma sin do-rinne Glas & 'gá comhmaídem co mór,
261] is ann sin do-conncadar trénfer fian Érenn cucu .i.
262] Taisteallach Trénfer. ‘A óga,’ ar sé, ‘cia na cinn úd
263] agaibh ósin ár?’ ‘Ceann rígh na hEspáine ceann dibh,’
264] ar Conn Crithir, ‘& is lim-sa do thuit. Ceann rígh na
265] Gaethlaigi an ceann ele & le Glas mac Dreamain do thuit.’
266] ‘Scéla Finn & fhian Érenn agad-sa dúinn?’ ar siad. ‘Do
267] fhágbus-sa ac Snám Dá Én thuaidh iad,’ {folio 3a 1} ar
268] Taistellach. ‘Éirigh-si dá n-innsaighi’ ar siad, ‘& tigid
269] chugainn dá mberdís anar mbeathaidh orainn.’ ‘Dobadh
270] nár dam-sa sin,’ ar in trénfer, ‘.i. dá rígh do ríghaibh an
271] domhain do tuitim libh-si araen & gan mo lámh do dergadh
272] damh-sa ré ndul ón cuan orrtho.’ Ocus téid aran cuan.


273] ‘A rí an domain,’ ar sé, ‘atá sunn trénfer fhian Érenn ag
274] iarraidh comhlainn.’ ‘Is dam-sa is cóir an trénfer úd
275] do fhreagra,’ ar Coimleathan mac Toithim .i. trénfer rígh
276] an domhain. Ocus táinic a tír a cédóir. Is amlaidh iommorro
277] do bhí an fer sin & deich ferdhuirn fiched ana airde & an
278] urdail cédna 'na lethni, & is amlaid do bhí fós arna fhothracadh
279] a folaib dreagan & leoman & loisceann & nathrach


p.10


280] neime, & fuathróg fhairsing úrleathair um deanacht a
281] chuirp.


282] Ocus ro innsaigedar na tarbhlaích sin a chéili ana
283] tréitibh taíbhtheanna tonnbhorba troighleathna tarrlúthmara
284] tailcíchtaracha, & do maelgormaighedar na
285] maelshúili mórliatha malachgharbha & do comhdrannt-aigheadar
286] na cláirfhiacla craebhghlasa cnáimreamhra
287] cogantacha craesfhairsinga & do chasadar na cromsróna
288] cuasleathna comtharrthacha craebhshilteacha & ro inn- saighedar
289] na laích sin a chéli & ro iadhadar na dódlámha
290] dublaidire doleónta daingeangreamacha doscaílti tarna
291] dromannaibh & tucadar trodchuir tréna thulgánacha
292] d'aroili. Is ann sin iommorro tuc trénfer rígh an domhain
293] fáscadh fortill fírchalma ar Thaistellach cor theilg braen
294] fola forruaidhi ar barr gach meóir dá méraibh & lia
295] dubhfhola tara bhél, & cuiris 'na easclainn aird adhbhail
296] ara ghualainn é & cuiris ina rith é co hairm a raibhe rí
297] an domain. Ocus ad-bert Taistellach: ‘A anam a
298] Choimhleathain, créd dob áil leat do dénamh rim?’
299] ‘Do breith co rígh an domain,’ ar sé, ‘& do cheann do
300] tharraing as do cholainn & a cur ar cuaille a fhiadhnaise
301] fer an domhain.’ ‘Olc an comairle sin,’ ar Taistellach,
302] ‘uair is ferr duit mo leigen sís co sléchtainn duit a
303] fhiadnaisi sluagh an domhain. Ocus do sléchtadar {folio 3a 2}
304] tréinfir Érenn uili dam-sa & do-ghénaid duit-si mar sin,
305] & is maith duit fós a beith rena innisin isin domhan mór
306] thoir agad gurab taesca do ghabhais féin géill tréinfer
307] Érenn ná do ghabh rí in domhain a ngéill.’ ‘Is cubhais
308] dam-sa,’ ar Coimlethan, ‘co ndingean sin rit.’ Ocus leigis
309] sís ar lár hé. Cromais Taistellach a cheann dó-sum. Dóigh
310] leisum fa sléchtaine dó féin sin. Sínis Taistellach a lámha
311] ana thimcheall & ro fáisc co fortill fearglaidir co ráinic ar


p.11


312] ard a ghualann, & an líg chloichi do bhí a comfhoccus dó,
313] tuc urchur de uimpe co nderna smirspairti fola & cró dá
314] curp a medón a croicinn, & tuc an chois thailc troighleathan
315] rena ghualainn dó & do tharraing an ceann dá cholainn &
316] do comhmaídh an gnímh.


317] ‘Atré buaidh & beannachtain,’ ar Conn Crithir, ‘& éirigh
318] romad anocht co teach m'athar-sa co Teamair Luachra
319] .i. Bran mac Feabail, & abair re Bran Tuatha Dé Danann
320] do thimsachad uili dar cabhair, & éirig as sin amárach
321] co fianaibh Érenn.’ Ocus táinic Taistellach roime tar
322] éis an comraic sin co dúnadh Brain mic Feabhail & do
323] innis a scéla uili co himlán dóibh.


324] Do-chuaidh iommorro Bran mac Feabhail do thinól &
325] do thóicheastal Thuaithi Dé Danann & do-chuaidh co
326] Dún Seasnáin Seanghabhra a nÍbh Conaill Gabhra, & do
327] bhí fleadh agá caitheam ann & mórán d'ógaibh Tuath
328] Dé Danann ann, & do bádar trí saermacáim Tuath Dé
329] Danann ann .i. Ilbreac mac Manannáin & Némhannach
330] mac Aenghusa & Sighmall hua Midir, & ro cuirsed fáilti
331] re Bran mac Feabail & dob áil fhosaig do dénamh dó.
332] ‘A óga,’ ar Bran, ‘atá éigin is mó ná sin orainn.’ Ocus
333] do gab ag innisin a scél dóib & ac innisin an éigin a raibhi a
334] mac .i. Conn Crithir, ‘An-sa agam-sa anocht,’ ar Seasnán, ‘&
335] rachaid mo mac .i. Dolb mac Seasnáin, co Bodhb Derg mac
336] an Daghdha, & timsóchaid Tuatha Dé Danann chugainn.’


337] Ocus do-rinnedar amlaid sin & do-chuaidh Dolb mac
338] Seasnáin roime co Síth {folio 3b 1} Bhan Fhinn ós Feimeanmuig
339] & is ann do bhí Bodhbh Derg mac an Daghdha an tráth
340] sin, & ro innis Dolbh na scéla sin do. ‘A óig,’ ar Bodhb
341] Derg, ‘ní sinne dlighes Érennaigh do chabair ón éigin sin.’
342] ‘Ná habair sin,’ ar Dolb, ‘uair ní fuil mac rí ná


p.12


343] rodhamna ná taísech féine d'fhianaibh Érenn gan bhean
344] do Tuathaibh Dé Danann nó gan a máthair nó a buime
345] nó a maicleannán díbh & is mór dábar cabair-si do-rinnedar-san
346] riam gach uair bu éigin díbh.’ ‘Is cubhais dúinne ámh,’
347] ar Bodhb Derg, ‘gura cóir do fhreagra let fheabhas do
348] theachtaire.’ Ocus do cuiredar teachta uatha ar Tuathaibh
349] Dé Danann a fhail a rabhadar & tángadar uili co hairm
350] a raibhi Bodhbh Derg & tángadar co Dún Seasnáin. Ocus
351] do bádar ann an oidchi sin & ro éirigheadar co moch
352] arnamárach & ro ghabhsat a léinti saera sídamla umpu &
353] a n-inair amlacha iublaidi ilgrésacha & a lúireacha tiugha
354] taíbhleabhra taitnemacha & a cathbarra clochórdha
355] cumdaigh & a scéith scáthuaine & a cloidhme troma
356] taíblethna toirteamla & a sleagha slíptha slinnleathna.


357] Ocus is iad fa rígha & fa rofhlaithi dóib an tráth sin
358] .i. trí Gairbh Shléibhe Mis & na trí Léith Luachra & na trí
359] Mhuiredhaigh Mhaidhi & na trí Shichairi Siúiri & na trí
360] hEochaidh Áine & na trí Laegairi Licdherga & na trí Conaill
361] Clomraighi & na trí Finn Fhinnabrach & na trí Scáil Brogha
362] an Scáil & na trí Rodanaigh Raighne & trí Discertaigh
363] Droma Fornochta & trí mic Aedhain Easa Ruaidh mic
364] Bodhuirn & Táthbuillech Shléibhe Cairn & Sochearn
365] Muighi Sainbh & an Seaghsa a Seaghais & Fear Dron a
366] Laighis & an Glas a Bruinne Breagh & Airgedlámh ó
367] Sinainn & Ograidhe a Maenmach & an Suirgeach ó Leamhain
368] & an Seancha ó Sinainn & Midir a Brigh Léith & Feilim
369] Nuacrothach mac Nocheadail & Donn a Sídh Beacuisce &
370] Dreagan Dronuallach & Fer an {folio 3b 2} Bérla Bhinn ón
371] Bhóinn & Cathal Crithchosach rí Berrnáin Éili & Donn
372] Fritgrine & Donn Duma & Donn Teimeach & Donn
373] Seanchnuic & Donn Chnuic an Dois & Brat Riabhach &
374] Dolb Dédsholus a sídhaibh & cúic mic Fhinn a Sídh Cairnn
375] Chaín & Finnbharr Meagha Siúil & Sighmall ua Midir


p.13


376] & Ilbreac mac Manannáin & Némannach mac Aenghusa &
377] Lir Síthi Finnachaidh & Ábhartach mac Illathaig, & mórán
378] eili do maithibh Tuath Dé Danann nach áirimhter ann so.


379] Táinic dano na sluaigh & na socraide sin a críchaib
380] Ciaraighi Luachra & co Sliabh mongruadh Mis & as sin
381] co cuan Finntrágha.


382] ‘A Thuatha Dé Danann,’ ar Ábhartach, ‘éirgedh méid
383] meanman & aignedh indaibh re hagaid chatha Finntrágha,
384] uair biaidh sé lá & bliadain 'gá cur & biaidh gním gach énfir
385] díb 'gá innisin co deireadh an domhain, & comaillidh na
386] briathra móra do-bherthaí isna tighibh n-óla.’ ‘Éirig, a
387] Ghlais mic Dreamain,’ ar Bodhbh Derg mac an Daghdha,
388] ‘d'fhógra catha dam-sa co rígh in domhain.’ Do ghluais
389] Glas roimhe mar a raibhe rí in domhain. ‘A anam a
390] Ghlais,’ ar rí an domhain, ‘in iad fiana Érenn súd?’
391] ‘Ní hiad,’ ar Glas, ‘acht drem eili d'feraibh Érenn nach
392] lamhann beith ar uachtar talman acht beith a sídhbroghaibh
393] fo thalmain .i. Tuatha Dé Danann, & d'fógra catha dóibh
394] tánag-sa.’ ‘Cia freageóras Tuatha Dé Danann dam?’ ar
395] rí an domhain. ‘Rachmaid-ne cucu,’ ar dá rígh do ríghaibh
396] an domain .i. Comur Cromgenn rí Fer Conchenn & Caitchenn
397] rí Fer Caitcheann, & do bádar-séin cúic catha armruadha
398] eagair & tángadar a tír a cédóir ana ruadbuinnedhaibh
399] romhóra.


400] ‘Cia do dingémadh rí Fer Conceann dím?’ bhar Bodbh
401] Derg. ‘Rachad-sa chuigi,’ ar Lir Síthe Fhinnachaidh,
402] ‘& gidhedh, do chuala mé nach fhuil sa doman mór duine
403] is ferr lámh ná sé.’ ‘Cia dingbhus rí Fer Caitcheann díb?’
404] ar Bodhbh Dearg. ‘Dingébhad-sa,’ ar Ábartach mac
405] Illathaigh, & gabhais lúirech trom treabhraidh taitneamach
406] uime & cathbarr cíorach coinnlech ceithircimsach &
407] cloideamh ...

{RIA MS 29§}


p.48

{folio 328} ‘Diongbhad-sa é,’ ar Ádhbhartach mac Ioldaithche, agus gabhas a lúireach tsaidhbhir taitneambach uime agus cathbharr cíorach coinnleach ceatharchiumhaiseach uime a cheann agus cloídheamh deargfhaobhrach doifhreastail fána chléthaobh agus dá chraoisicc cheannghorma chodroma chatha ionna láimh chlí. Agus táinic sé san gcath ámhalaidh sin & do ghaibh dá n-ár agus dá n-oirleach agus dá n-athchuma.

Air sin tárla dá chéile Lir Síth Fionnchaidh agus Rígh bhFear gCoincheann, agus tugadar treasa doilghe díthchillíghe dothuaras-gabhála dá chéile. Agus as gairid do bhí Lir san ccómhrac an tan do bhí sé dá chlaoidheamh ann. Ó do chonnairc Bádhbh Dearg sin, asé adubhairt: ‘Is trúadh liom t'faicsint san éigionn sin, a Lir,’ air sé, ‘agus éirgeach neach éigin agaibh dá chabhair.’

Air sin téid Ilbhreac mac Mannannáin agus an Néamhannach mac Aongusa san gcómhrac agus tugadar fíorghoin gacha fear aco ar Rígh bhFear gCoincheann. Freagrais Rígh bhFear gCoin- cheann cumaoin a ngona dóibh sin & níorbh fheárrde do Lir é. Ó do chonnairc Badhbh Dearg sin, asé adubhairt: ‘Is dursainn liom t'faicsin san éigin sin, a Lir,’ air sé, ‘agus cia do-ghéabhainn do chúnamh leis?’

{folio 329}‘Rachad-sa do chúnamh leis,’ air Siomall ua Méidhir.


p.49

Agus téid sé go háit na hiomreasna agus tug doghonadh air Rígh bhFear gCoincheann. Freagrais Rígh bhFear gCoincheann cumaoin a ghona do san go hollamh & níor leóimh Lir a cheann do thógbháil súas óna sgéith agus do léig osna éagchómblainn as árd as. Ó do chonnairc Badhbh Dearg sin, asé adúbhairt: ‘Is truadh liom chroidhe Lir d'faicsint san éigionn úd, agus a óga, éirge dá chabhair go lúaith.’

Air sin tángadar chúig mhic Fhinn ó Shíth Chairn Chaoin go láthair na hiombhúailte agus go hionnad na hiomreasna, agus tug síad goin gacha fear aco air Righ bhFear gCoincheann & do ghoin seisionn gach fear aco sin agus d'freagair a chómhrac do Lir air gcédna. Gídheadh tángadur trí naoinamhuir oile do Th. D. D. chúcha agus do ghoin gach fear aco sim Rígh bhFear gCoincheann agus ní hiomdha goin díobh sin d'imthig gan goin ionna háighidh ó Rígh bhFear gCoincheann, agus do bhain osna éagchómhlainn as Lir tórsa uile.

Iomthúsa Ádhbhartach mac Ioldaithche do thuit Rígh bhFear gCatcheann leis agus do chúalaig sé osna Lir san gcómhlann, agus táinic 'na réim ró-reatha chuige agus do rug léim le crann na craoisighe go ttárla a dhá throig air ghualainn Lir aige & do rug an darra léim idir Lir agus Rígh bhFear gCoincheann. ‘Seachain an cómhrac, a Lir,’ air Ádhbhartach, ‘agus léig eadrom-sa agus an Rígh feasta é.’ Cuireas Ádhbhartach mac Ioldaithche a chloidheamh san láimh chlí agus a chraoiseach san láimh dheis agus tug goin d'ionnsuíghe brollach lúiríghe Rígh bhFear gCoincheann. {folio 330} Tógbhus Rígh bhFear gCoincheann a sgiath súas d'imdhíghean a bhrághad gurbadh ann sin do bhuail Ádhbartach dá chloídheamh fán íochtar é gur theilg a dhá chois óna ghlúinibh síos de, agus do thuit an sgíath leis sin síos do Rígh bhFear gCoincheann & tug Ádhbhartach an darra béim do gur sgar a cheann & a chollann rena chéile.


p.50

Air sin do ghabhadar na Coincheannaig raon maidhma chúcha agus géarbh iad T. D. D. do sheasaibh an ball an lá sin, ba hadhbhal a n-easbadh fá dheóigh, & tugadar a lucht croinn agus crólíghe leó dá síththrogaibh féin.

Iomthúsa Fionn mac Cúmhaill & Fíanaibh Éirionn an lá san do bhádar ag snámh ag Áth Éin budh thuaidh ag Soinninn & iad air talamh ós túaith Teamhrach, agus do-chonnairc siad Taisdiol Tréanfhear chúcha. Agus táine Fionn féin ionna chuinne & ionna chómhdháil, óir ba béus leis an tí do chuireach dtiarraidh sgéula, teacht do féin dá innsint nó dá agallamh, ionnus dámo drochsgeula do bhíoch aige go ttiubharradh sé féin cumaoin ortha nach tiúbhrach an t-óglách, agus dámo sgéula matha do bhíoch aige go mbeárrde a mblas é féin dá n-innsint. Agus d'innis Taisdiol mur do thángadur Ríodha an Domhuinn Mhóir uile go cúan Fionntrágha agus a ngníomhurtha ann go nuige seo. ‘A Fhíanaibh Éirionn,’ air Fionn mac Cúmhaill, ‘do fúaireamhuir mórán d'olc na hÉirionn agá cosnamh riamh, agus as beag gach mórolc dár fríth aiste d'féuchaint an uilc gheabhthear anois aiste ón dream táine inte, agus cosnaigh go {folio 331}maith riú í.’

Air sin ro éirgiodar Fionn agus Fíanaibh Éirionn a moch lae & lántsoillse air na mháireach agus ro ghaibh síad a n-airm ádhbharacha iomghuineacha óirghréasacha umpa agus do chóruígheadair a gcarbaid leó agus tángadur tar Sruth attúaidh agus a n-Aoibh Chonnuill Gábhra agas a gcríochaibh Chíarruídhe Lúachra, agus do Thragha leabhair bháin láimh chlí le Cathair na Claonrátha síar. Agus do bhádar an fhian an oídhche sin ag Innbhir Labhroinne .i. Labhroinn inghín Mhíledh hEaspáine do báthadh leis an ttuinn sin agus is annsin oilleán sin do hadhnacadh í agus is uaithe tugadh an t-ainnim sin uirthe, agus as Innis Catha anois í. Agus do chuir Fionn mac Cumhaill a órdóg fána dhéid fhios agus taidhbhreadh fios & fíoreólus do agus adúbhairt Fionn: ‘Tiocfaidh aimsir ann,’ ar sé, ‘agus beith toillceand .i. cléire, annso ag foghnamh don Tarnnguireach uilechómhachtach beó & marbh, don Mhac


p.51

is fearr rugadh nó béarrfar, d'ardrígh nimhe & talmhann, agus beith árus clog & cléireach ann.’

Asa haithle sin adúbhairt Usgur le Caoilte & le Mac Lúidheach: ‘Tige liom, a óga,’ ar sé, ‘go ndeachamaois d'fios na díse deaghlaoch .i. Conn Crithir agus Glas mac Dreámhuinn dá mbeirim ionna mbeatha ortha ionnus go ndeargfaimís ár n-airm air na hallmhúrachaibh sul do thiocfadís an fhían chúghainn amáireach.’ Agus rángadur riompa go Fionncharnn na Faire os cionn Fionntrágha. Agus táine {folio 332} mian codalta d'Usgur ann sin. ‘Anaigh agom, a óga,’ ar sé, ‘go ndearrnainn beagán suain óir dob fhearrde liom chum catha é’ Agus do luígheadur air an gcarnn, Caoilte dá leath deas agus Mac Lúidheach dá leath clí.

Air sin adúbhairt Ardrígh an Domhain rena theaghlach teacht a ttír & creachadh do bhreith chuige sul do thiocfadís Fionn mac Cumhaill agus fíanaibh Éirionn air an gcarnn. Tángadur sluagh Rígh an Domhuinn a ttír air sin, tríar air chaogaid laoch & tugadar gáir mhór os árd asta & do thógbhadur gáir mhór ag sluagh Rígh an Domhuinn air bórd a longa dá ccómhfhreagra, agus bo hiongna le gach aon dá gcualaidh na gárttha sin gan dul re gaoith & re gealtachas dóibh. ‘Do shiubhlas an dómhunn mór uile fá thrí,’ air Caoilte, ‘agus as bríathar dham nách cúala an uiread sin do goithibh daona daoine a n-aon ionnad ríamh.’ Air sin do sginn Usgur feadh naoi n-iomuire ón gcarnn amach agus d'eirge go prap arís agus do ghaibh a ruaimneach chatha ina láimh chlí & a chloídheamh inna láimh dheis & tug dá bhuille a gcuinne a chéile dá chloídheamh & dá luirg chatha. Agus adeirid daoine nách tugadh aon bhéim roimhe ríamh ná ionna dhíaig as mó léar treasgradh daoine leis ná é, óir do háirmheadh naoi naonamhuir a gcrólíghe dá éis dár threasguir dá nguaillibh, dá nglúinibh & dá {folio 333} n-uillinnaibh. Agus téid 'na ruathar ró-thréan luaithreatha air sin d'ionnsuídhe mhuinntire Rígh an Domhuinn.

Annsin do chúalaigh Conn Crithir agas Glas mac Dreamhainn an bhéim sin agus tángadur a gcuinne an churradh a gcéadóir


p.52

agns táine Usgur ionna ruathar a ttiompchioll chaith na n-allmhúrach ionnus nách sgaoilfeach aon aco ó chéile, agus táine fúthaibh donna dhiagh sin ionna ruathar ró-reatha gur ciorrbadh cuirp & gur treasgradh cinn & gur leadradh lúireach leis agus ba samhuilte sin re buinne rábharta ag rith an ruathar rug futhaibh, acht cheana ní dheachaidh aon as díobh le sgéulaibh gan tuitim le Usgur sul táine an oídhche.

Is annsan do-chonnairc na hallmhúraibh Fianaibh Éirionn ag teacht dá n-ionnsuídhe ionna ruadhbhróinntibh rómhóra, agus do sháith síad a bpobull d'Fionn mac Cumhaill air an Ráith os cionn Fionntrágha gonna Ráith Fhinn a hainnim ó sin a leith. ‘A rígh féine,’ air Oisín, ‘an d'aontaobh do chuirfim caith risna hallmhúraibh?’ ‘Ní budh hé,’ ar Fionn, ‘óir do mhúchadís iomarcadh na sluagh sinn agus ní budh fearr fear uásal ná anúasal aguinn. Gidheadh cuirfiod-sa mac rígh nó árdfhlatha gach lá ag cómhrac le Rígh an Domhuinn gona shluagh, agus cóireóchad-sa caolrinn air mo chaith féin & deireadh leathan ionnus go sgaoilfe caolrinn mo chatha-sa na hallmhúraibh ó chéile {folio 334} agus nach léigfeadh an deire leathan a ndlúthúghadh rena chéile arís. Agus ná deargach aon duine agaibh 'arm acht air thríath nó tighearna óir an úair thuitis an tríath nó an tíghearna, is maidhm dá mhuintir é.’

Agus adúbhairt Fionn mac Cúmhaill mic Tréanmhóir uí Bhaoisgne: ‘Cia do-ghéabhainn chum an chatha amáireach?’ ‘Do-ghéabhair mise,’ ar Fionn mac Dubháin .i. rígh féine an Fhian Mhuimhneach. ‘Ní rachair cheana,’ ar Fionn, ‘óir teasbeántar dhómh-sa ná fuil séun catha amáireach ort, óir ní dheachaigh aon duine a gcaith uaim ríamh nách aithneóchuinn a ttiocfach sé taranais chúm arís.’ Adúbhairt Fionn mac Dubháin: ‘Air shéudaibh na beatha uile dámo thairigsi dhómh-sa arís go bráth íad, ní locfuinn ón gcaith do ghabhus do láimh tré dhroch-fháistinne


p.53

air bith do dhéanamh dham, agus as air mo thír féin do-rinneadar an chéaddiobháil agus as mé féin do dhíoghalfas ortha é air ttúis.’

Air sin téid Fearghus Finnbhéil d'fhógra catha d'Fionn mac Dubháin go Rígh an Domhuinn. ‘Cía fhreagaras Fionn mac Dubháin dham?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Freagaród-sa é,’ air Margréta Mór Rígh na Gréige, ‘agus atáid trí catha agus fithche laoch agam ann so.’ Agus téid Fearghus File {folio 335} go mac Dubháin agus go ttí a dhá mhac mheannamnacha do bhí mur aon fhris .i. Fáilbhe & Máine agus an fhian Mhuímhneach uile fairiú. Agus rugadar ruathar rachtmhar ró-olcach a gcuinne agus a gcómhdháil a chéile agus ni lúgha ná céad laoch do thuit le saint chum a rochtainne chum a chéile agus níor fhan siad go rángadur ucht le hucht. Is annsan tug Rígh Gréag urchur urmaisneach áitheasach don chraoisig cheannghorm chómh-reamhur chatha d'Fionn mac Dubháin gur tharlaigh idir órdruinn agus imlinn d'Fionn mac Dubháin í gur bhris a dhruim fada sliosgheal árd ann go ná raibh fáith leágha ná leighis air dá éis. Air sin cuiris Fionn mac Dubháin a fheidhm air an sleagh agus tarangas as í agus cuiris 'na ruathar eagcobhsaidh go Rígh Gréag í óir níor fhéad éirghe ionna sheasamh air mbrisi a dhroma ann don urchar, agus cuiris a láimh ann a chloidheamh crosórdha cúmhaduighthe agus tug buille do Rígh Gréag gur theasg an caithchrios agus gur leadair an lúireach agus go ndearrnaig dá chuid chodroma dhe, gur chómthuiteadar an dís deaghlaoch sin. Agus do claoidheag feart d'Fionn mac Dubháin os cionn Fionntrágha, gurab amhalaidh sin do thuiteadar na tréanfhir úd bonn re bonn & beól re beól {folio 336} ar an láthair sin, agus do thógbhadur trí gártha móra troma taidbhseacha ag sluagh an domhuin agus ag fianaibh Éirionn ag cómhuídheamh na díse deaghlaoch sin.


p.54

Annsin adubhairt Fionn mac Cúmhaill: ‘Is truagh liom Teamhair Luachra do bheith gan Fionn mac Dubháin innte, óir ní dheachaidh duine diombuídheach aiste riamh re bhúr linn, agus an té nách fuilinge am dhún-sa ná a ndún Chormaic mic Airt mic Cuinn Chéadchatha do dheich seachtmhuine, do-ghéabhadh cion & ceól a ndún Finn mhic Dubháin ar feadh bliadhna, agus do-bheirim-si ainnim athar air Fháilbhe ionnus nách beith Teamhair Lúachra re bhúr linn gan Fionn mac Dubháin inte.’

Mar sin dóibh go maidionn air na mháireach. ‘Agus cía do-ghéabhainn chum an chatha aniogh?’ air Fionn. ‘Do-ghéabhair misi,’ ar Goll Garbh mac Rígh Alban, agus doba inghín do Gholl mac Mórna a mháthair, agus air mhair do chlannaibh Mórna an tráith sin, as faris do bhídís, agus as beag dá bpríomhlaochaibh do mhair an tan sin acht Conán mac Mórna amháin, óir do marbhadh Goll glacláidir roimhe sin tré fheall & tré fhionnghall le Fionn mac Cúmhaill & {folio 337} le fianaibh Éirionn. Air sin d'éirge Goll Garbh mac Rígh Alban & ro ghaibh a iorradh glasleabhair gríosmháilleach chatha uime & do chomhéirge colg an chaithmhíledh sin ionnus go n-anfach mionúbhall nó móráirne air bharr uachtarach gach ruibe dá fholt agus dá fhionnadh agus do shluig súil dá shúilibh a gcuas íoghachtaraig a chinn chasfholtaig agus do mhearlas an tsúil eile 'ge go nár mhó maoldorn míledh ná re faicsint na n-allmhúrach dó. Agus as iad táine an' aighidh .i. trí Ríghthe ó thuargabháil gréine anoir .i. Dubhcheartainn mac Fearmais, Uilleann mac Faobhair Ghlais agus Cuilleann mac Fearlúaith gonna ttrí cathaibh cródha cómhóra. Agus téid mac Rígh Alban fúthaibh, agus an neach do chéadfhéuch air níor fhéad 'athfheicsint arís le méid a fheirge, & gabhais dá n-ár & dá n-éirleach & dá n-athchumadh gur ba lía a marbh ná a mbeó go ttáirfios dóibh air sin a gcoirp agá gcíorbadh agus a muinghíl ag[macr ] maolleadra & a bhfuil ionna bhfaonluíghe & a mbeoil ag blasmearna agus a gcluasa ag clismearna go ndeachaig a gcíall & a gcuimhne


p.55

uatha. Agus do chruinnighidar cáirde chúghcha & tugadh sin dóibh agus dob í a gcómhairle annsan a ttrí Ríghthe do ghabháil agus a ttabhairt do mhac Rígh Alban do chionn imtheachta agus léigionn dóibh féin. Air sin táine mac Rígh Alban go mórmheannamnach mur a raibh Fionn {folio 338} mac Cúmhaill & fíanaibh Éirionn & na braighde sin mur aon fhris agus do díthcheannuidheadh a bhfíanuise an rígh féine Fionn mac Cumhaill iad.

Agus mur tháine an lá air na mháireach chúcha, adúbhairt Fionn mac Cúmhaill: ‘Cía do-ghéabhainn chum chatha aniu?’ ‘Do-ghéabhair sinne,’ air Osín & air Usgur mac Oisín, ‘agus clanna Baoisgne uile farrainn óir as sinn cuid is fearr d'aoibhneas Éirionn agus as dúinn as cóir a cosnamh mar sin.’ Air sin téid Fearghus d'fógra catha ó Osín mac Finn & ó Usgur mac Osín go Rígh an Domhuinn. ‘Cia fhreagras clanna maicne an rígh féine dham ?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Freagoród-sa íad,’ air Bolcán Rígh Fraingc, ‘óir is chúcha tángus a nÉirinn, & tuitfid liom agus Fionn féin ionna ndiaig óir ó thuiteas préamhacha an chrainn, tuitfidh an crann féin asa háithle sin.’

Air sin éirgeas Bolcán Rígh Fraingc & a cheithre catha armrúadh mar aon fris agus do ghabhadar a n-earradha catha uile umpa & tángadar a ttír fá chéadóir. Agus ro éirge don leath eile Osín armnímhneach mac Finn mhic Chúmhaill mhic Tréinmóir uí Baoisgne & Usgur anglonnach mac Osín & clanna maicne Baoisgne ó sin amach. Agus do ghabhadar a léinteacha saora síodhamhala suaicheanta úmpa agus a sgíatha sgáthúaithne agus a starghaibh stuadhghlana agus a gcathbharra dubhdhaithte agus a


p.56

gcloidhimhe troma taobhleabhaire toirteamhla agus a sleaghaibh slíopa slinnleathana slinnghéura. Cía trácht do chromadur na catha ceachtardha fána chéile inna rúadhbhróintibh rómhóra agus ionna ndrongaibh toirteamhla líonmhura {folio 339} gur marbhadh mórán re hathaidh n-aithghairid eatortha. Is ann san do mhearlas an mhuir mhearthonnach mheasgaitheach d'innsint uilc an chatha sin agus do chriothnaig an talamh trómfhódach fána gcosaibh & do chómhbhéiciodar cairgeacha cinngharbha agus do bhorblabh- aradar badhbha beóldearga bonnlúaithe & brainfhéich bhorbdhubha bheólchaínteacha & ba cómhór do labharadís clocha na talmhann ionna ttíompchall agus coillte teanntroma agus easaibhne éadroma agus linnte labharthacha lomlúaithe, agus tugadar na dúile úachtaracha trómgháir d'aontaobh ortha d'innsint na n-éacht agus na n-easbadh sin óir do nualladís cruinn agus clocha, aeghar & firmemente dá chéile d'innsint uilc na húaire sin gur chlos fá cheithre chuallaibh an domhuinn an díoghalt tug Usgur air caith na n-allmhúrach an tan sin, agus ba samhuiltíghe sin le gairbheas glórach garbhlinnteach ag cómhdhortadh tré chaol-charruigeacha chómhtheanna nó mur bhuinne borbruadh breaclasarach tré mhullach ríghthíghe etc.

§


p.14


408] Rug {folio 4a 1} Oscar ardruathar fo cath na n-allmurach
409] & ba samalta sin re gairbheas nglórach ngairbhlinnteach
410] ngráineamhail ac comdortadh tré chaelcharaidh comthana,
411] nó mar bhuinni mborbruadh mbreaclasrach tré mullach
412] rofhairsing ríghthighi, nó mar thonnghail tuinne ceannghili
413] cneasuaine cainntighi cuipghili treathanmóiri 'na timcheall,
414] is é sin sreathadh & scaíledh & slisbualadh & sreangleadradh
415] & saebcuma tuc Oscar arna hallmurchaibh don ruathar sin.


416] Is ann sin do-riacht Bolcán rí na Fraingci & Oisín dochum
417] a chéli & ro sáidhsead an dá meirgi maethsróill isin tulaig
418] taebhuaine & ro thógaibhsead an dá sciath áilli ilbuadhacha
419] a n-aicill a chéli & ro nochtadar a cloidhme creatbláithi
420] comtharrachaa & do-rinneadar urrlaidhi urrlamh ainiarmartach.
421] Ocus do bhí an comrac ag dul tara chéili ann
422] sin uair do bás ac clódh Oisín ann, & do-connairc Oisín
423] mac Oisín sin & táinic chuca & tuc béim do rígh na Fraingi
424] & do-rad an rí bém dó-san & do freagair a comlann d'Oisín.
425] Ocus do-connairc dá mac ele Oisín sin .i. Échtach &
426] Uladh, & ro ghonadar rígh Frangc & do gon-san gach
427] neach díbh-sean a cumain a ghona, & do bean osnamh
428] éccomlainn a hOisín tairsib uili. Ocus do-connairc Mac
429] Lughach sin & do-rad rodghuin do rígh Frangc & do-rad
430] an rí béim dó-som & do freagair a comlann d'Oisín.
431] Tángadar iommorro trí caeca laech do Clannaibh Baíscne
432] chuigi & ro ghon gach énfhear acu hé & ro ghon-san gach
433] énfer acu-san, & do bean osnam éccomlainn a hOisín
434] thairsibh uili.


435] Do-chuala iommorro sin an tuir nár traethadh & an
436] leoman luathfhergach & an nathair neimhélach & an
437] onchú irghaili & an tonn rabharta & an bráth tar bruachaibh
438] & an chathbearna céd & an lámh nach lamthaí & an croidhi
439] nach cumscnaidthí & an troigh nach ruc aenchéim ar


p.15


440] cúlaibh riamh roim {folio 4a 2} uathadh nó sochaide .i. Oscar
441] anghlonnach. Ocus ba hingnadh leis cia do lémadh an
442] éigean sin ara athair, & táinic dá n-innsaighidh ana
443] fheargruathar reachtaigmhéil & ba samalta re caeca each
444] ac torannbhualadh & ag crithbhualadh na trágha an
445] crithbhualadh tuc uirri. Ocus do-connairc rí Frangc
446] chuigi hé & do-chuaidh a chruth & a chaemhdénamh de &
447] téid a ghal & a ghaisceadh ar chúl & smuainis nach roibhi
448] ar talmain dídin aigi muna deachadh a n-aer nó a
449] firmaiminnt, & féchais suas arna néllaibh & smuainis
450] gumadh dín dó eaturra & táinic édtruma chélli & aigeanta
451] dó & tuc síneadh ara cholainn ó talmain co ndeachaidh
452] re gaíth & re gealtacht a fhiadhnaisi sluagh an domhain
453] & nír thoirn don baetheitill sin co ráinic Gleann mBolcáin
454] a n-oirrthear na críchi sin, & tucadh gáirthi adhbulmhóra
455] ag sluaghaibh an domhain 'gá chaínedh & ac fianaibh
456] Érenn 'gá commaídheamh.


457] Do bádar iommorro fiana Érenn mar sin co táinic an
458] oidhchi, & adubairt Finn: ‘Is cumthach aithmélach atá
459] rí an domain anocht,’ ar sé, ‘& do-bhéra amas longpuirt
460] oruibh. Ocus cia hagaibh do-ghiabhainn d'foraire an chuain
461] anocht?’ ar sé. ‘Do-ghiabhair misi,’ ar Oisín, ‘& an
462] lín cedna do bhí ac cur catha aniubh mailli rim, óir ní
463] furáil linn lá co n-oidhchi do dingmháil d'fhianaibh Érenn.’
464] Ocus tángadar aran cuan. Ocus is i sin uair & aimser
465] adubairt rígh an domhain: ‘Dar linn, a fhiru an domhain,
466] ní maith bhar sén catha aniubh,’ ar sé, ‘& éirgeadh dream
467] éigin agaibh do thabairt amuis longphuirt ar fhianaibh
468] Érenn.’


469] Is ann sin ro éirgedar naí mic Gairb mic Tachair .i.
470] Donn Mara mac Gairbh & Lonnmar mac {folio 4b 1}Gairbh
471] & Lodra mac Gairbh & Iuchra mac Gairbh & Troigleathan


p.16


472] mac Gairbh & Tarraing Trén mac Gairb & Tola mac Gairbh
473] & Tomna mac Gairbh & Dolar Durtha mac Gairbh rí
474] Mara nIcht & sé céd dég a shocraidi. Ocus tángadar a
475] tír uili acht seinnser na clainni sin Gairb .i. Dolur Durbha,
476] & do freagradar Clanna Baíscne co hathlum imghonach iad
477] & tángadar do tréntuarcain a chéle gur leadradh lámha ann
478] sin & gur teascadh taíbh & gur cirrbadh cuirp, & do bádar
479] isin irghail sin co táinic an maiden mochsolus. Acht énní,
480] ní roibh beó sa maidin neach doba thualaing a arm d'imirt
481] díbh leath ar leath acht triar do clannaibh Gairbh & Oisín
482] & Oscar. Ocus ní drud ó chele do-rinnedar acht tucadh
483] sithi ara chéli acu & ro innsaigh dias díb Oscar & ro innsaig
484] an treas fear & Oisín a chéli, & ba cruaid coimnert cutruma
485] an comrac sin. Ocus fuaradar a dís fén bás le hOscar &
486] do thuitsedar taisi & táimnélla báis air fén & ba lór do
487] laighdiugadh Oisín sin.


488] Ro theilg iommorro Oisín & an t-allmurach a n-airm asa
489] lámaibh & ro dúnsat a righthi reamra ríghdha romaiseacha
490] tar caelaib corp a chéle & tucsad cuir fhearrdha fhírcalma
491] d'aroile. Acht énni, dobo theachta ó oirrther an domhain
492] co Críchaibh na Fhuinedhach d'fhéchain comraic na deisi
493] sin. Is ann sin tuc an t-allmurach tarraing tulcalma ar
494] Oisín dochum na fairrgi, óir ba maith a snámh & a onfais
495] féin. Tuc iommorro Oisín tarraing air sin óir nír fhiú
496] leis a inad comraic do seachna dó. Rángadar iommorro
497] araen sa fhairrci & do bídís ac combáthadh a chéile co
498] téighdís {folio 4b 2} co grian & co grinnell an glanmara. Ba
499] crád cridhe iommorro leisin fhéin Oisín do beith isin éigin
500] sin. ‘Éirigh, a Fhearghuis Fhínbhéil,’ ar Finn, ‘do moladh
501] mo mic dam & dá greasacht.’ Téid Fearghus co hoirear an
502] chuain chuipghléghil. ‘A anum a Oisín,’ ar Ferghus,
503] ‘is maith an comlann sin do-ní & is imdha fiadhnaisi air


p.17


504] uair atáid sluaig an domain móir uili & fiana Érenn 'gut
505] fheitheamh, & médaig do menma & cuimhnigh na comlanna
506] maithi do-rinneadh roime leat.’ Do cumhnaigh iommorro
507] Oisín a áithesa móra mince 'mun ngreasacht sin tuc
508] Fearghus air, & do éirigh a aignedh & do médaigh a menma
509] & ro dúnastair na dódláma doleónta um chael droma an
510] allmuraigh & rug les co grian an glanmara hé & tuc a
511] druim re grian dó & a bél a n-airde & níor lig anís hé gur
512] scar a anam fria corp, & tuc a tír hé & ro scar an ceann &
513] an colann re' chéli & táinic féin co coscrach commaídmtheach
514] co fianaibh Éirenn.


515] Ro éirigh iommorro seinnser na clainni sin Gairbh mic
516] Thacair .i. Dolar Durba rí Mara nIcht. ‘A rí an domhain,’
517] ar sé, ‘is truagh duit gan mo leigen d'éntaíbh rem
518] bráithribh co fianaibh Érenn, uair dá mbeinn-si féin
519] fariú, níbudh tualaing fiana Érenn ar marbadh & dígheólad-sa
520] co maith iad uair mairbhfead-sa céd fear n-armach
521] gach lae díb nó co tair lim iad uili, & is briathar dam,’
522] ar sé, ‘dá faghar-sa neach do sluagaibh an domhain
523] do deargadh a airm ar neach díb, co n-imér bás air.’ Ocus
524] táinic a tír & do tshir comhlann céd aran fhéin, & tucadh
525] gáir fhochmaididh & fhanámaid aca-san uime & do cuiredh
526] céd chuigi an lá sin. Cidh tráth acht ba ruathar leomain
527] bhuirb barbardha a ghnímartha-san orro & dorcradar leis
528] gan áladh gan fordergadh do thabairt air fén & do-rinne
529] cairn dá ceann- {folio 5a 1} aibh & duma dhá collaibh &
530] fadhbcharn dá n-édaighibh.


531] Iar sin tráth ro theilg an t-allmurach a eirredh catha
532] de & do ghabh eirredh suaicnidh somhaiseach uime & do
533] gabh camán & liathróid & ro bhuail an liathróid ó iarthar


p.18


534] na trágha co 'hoirrther & do ghabh 'na deasláim ré toirrnemh
535] hí & do chuir ara troighidh hí an dara feacht & do lig 'na
536] ruathar hé ó iarthar na trágha co 'hoirrther & sé ac teilgean
537] na liathróide don troighidh 'na chéile gan lámh do bhuain
538] ria & gan isi do bhuain re talam, & cuiris ara ghlún hí an
539] treas fecht & reathais gusan cenn ele don tráigh & sé 'gá
540] cur don glún 'na chéle gan buain re lár. Teilgis iommorro
541] ara ghualaind hí & ruc ruathar ba samalta re gaíth Márta
542] ón cheann 'na chéili don tráigh & sé ag teilgean na liathróidi
543] don ghualainn dá chéile gan láim do bhuain ria & gan
544] isi do bhuain re talmain. Ocus greannaighis an fhian uili
545] uman cles sin do dénamh. Fóbrais iommorro Oscar &
546] Mac Lugach techt do dénamh an chleasa sin. ‘Anaidh,
547] a óga,’ ar Finn, ‘uair ní dearrna & ní dhingne Éirennach
548] an cleas úd acht éntriar amáin .i. Lugh mac Eithleann a
549] cath Mhuighi Tuiredh & do-rinne Cú Chulainn a Tailltin
550] hé & ticfa macámh ele do Connachtaibh do-ghéna hé.’


551] Téid trá an t-allmurach ana luing ana dhiaidh sin, &
552] táinic arnamárach & do shir comhlann céd. Nír fríth neach
553] dá fhaemadh sin nó co nderrna an fhian crannchur & an
554] céd ráinic chuigi an lá sin ní tháinic fer innisti scél díbh
555] & torchradar leis fo cédóir, & do-chuaidh ana luing an
556] oidhchi sin. Táinic arnamárach chuca, acht énní, ní
557] fhacadar an fian chuca riamh d'iarraidh comhlainn neach
558] re budh mó a ndoicheall ná sé, & ba seac leó an cranncur
559] do dénamh ar teithedh a fhreagartha, & an céd dá ráinic
560] dul chuigi an lá sin, ro fhágsad imchomarc beathadh &
561] sláinti ac fianaibh Érenn, uair ba dearbh leó nach ticfaidís
562] tara n-ais arís. Táinic an t-allmurach chuca & do bhí
563] do méd a fheirgi ní hairm tuc les {folio 5a 2} an lá sin acht rug
564] ruathar fútha, & an fer fa neasa dó díbh, do ghabhadh ar
565] chael choisi hé & do-beredh rodbhuilli dímór de fá cheann
566] an fhir ba neasa dó, & do thuit an céd sin leis & do leig


p.19


567] a ghuth míledh a mullach a chinn ac commaídem an áir
568] & do-chuaidh 'na luing an oidhchi sin.


569] Do-clos iommorro fo ceithri cúilibh Érenn scéla an
570] allmuraig sin & an díl tuc aran fhéin. Do-chuala iommorro
571] Fiachra Foiltleabar rí Uladh sin & adubairt: ‘Is truagh
572] lium,’ ar sé, ‘méd an éigin a fuilid fian Érenn & gan mo
573] beith féin inchatha leó.’ Ocus ní roibhi do chlainn aigi
574] acht énmac amháin a cinn a trí mbliadan déc, & dob é
575] adhbar rígh dob fearr dealbh & eineach do bí a nÉrinn é.
576] ‘Maith do-déntá-sa sin,’ ar an macámh, ‘.i. ógbaidh Uladh
577] uili do cur lium-sa cucu ó nach inchatha tú féin.’ ‘Ná
578] habair-si sin,’ ar an rí, ‘uair ní hincomraic leanamh trí
579] mbliadan déc, & dámadh edh, dobadh eadh thusa.’ Ocus
580] do thuig an rí nárbh áil leisin macám anmain gan dul
581] co fianaibh Érenn. Do gabadh iommorro leó hé & do
582] cuireadh a seomra fo iadhadh hé & dá macám dég do
583] macaibh rígh & rofhlatha Uladh do bhí 'na comaltadhaibh
584] aigi leis. ‘A óga,’ ar an macámh, ‘is maith do-ghénadh
585] sib-si techt lium-sa co fianaibh Érenn, ar gin co fuil bhar
586] n-airi-si re ríghi nUladh, dobadh maith díb clú maith
587] dábar rochtain fén. Uair gin gur gabh Conall Cearrnach
588] mac Aimirghin ná Cú Chulainn mac Subhaltaigh náid
589] mic uaisli ághmara Uisnigh ríghi nUladh, is beac má ba
590] oirrdearca Concobhar agá roibhi ríghi Uladh ná siad
591] tréna ngnímarthaibh maithi fén, & is cubhais dam-sa fós,’
592] ar sé, ‘nach racha proinn nó tomaltas am bél-sa coidhchí
593] ar ulcaibh rib-si innas co fhuiger-sa bás & co ngéba rí
594] eachtrann ríghi Uladh tar éis m'athar-sa & co ruca
595] ainbreatha oraibh-si.’


596] Do-chuaidh iommorro an comhrádh sin fona macámaibh
597] & an tan do chodail an rí, do-cuadar-san fo teach na séd
598] & tuc- {folio 5b 1} sad sciath & cloidheamh & cathbarr & dá
599] craísigh chatha & da chuilén mílchon gacha macáimh leó


p.20


600] as, & tángadar rompu tar Eas Ruaidh mic Badhuirn
601] atuaidh & tré crichaibh craebhtorthacha Cairbri co
602] coimdíreach & tré chúigedh clannlínmar Connacht & tré
603] Chailli an Chosnuma rea n-abartar rogha gacha ríghi &
604] fíronóir gacha filed & tar sruth Anaighi & a Ciarraighi
605] Luachra & láim re Cathair na Claenrátha siar & as sin
606] co cuan Finntrágha.


607] Is í sin uair & aimsear tarrla an t-allmurach .i. Dolar
608] Durbha, aran tráigh ac grísadh & ac imdergadh na féni,
609] & do ghabh adhnáiri mhór Oisín uime sin. ‘A fhiana Érenn,’
610] ar sé, ‘do thuit mórán dar sluagaibh le Dolar Durbha &
611] ní shaílim a beac againn do dhul beó ó chath Fhinntrágha,
612] & má tá a ndán dam fén bás d'fhagháil ann, is fearr lium
613] bás d'fagháil le Dolar Durbha & comrac maith do dénam
614] ris ná beth ac féchain an díla do-bhéra sé aran féin gach
615] laí.’ Ocus ro tógbadh tromgháir truagh tuirseach trom-neimélach
616] ag ógbaidh na féine & agá n-aes ciúil & oirfididh
617] & ealadna óna briathraibh sin Oisín.


618] Is í sin uair & aimser do-conncadar an buiden óg ildealbach
619] san oirear anoir gach ndíreach chuca. ‘An agam, a mic,’
620] ar Finn ‘co fhinnainn cúich an bhuidhen óg illealbach
621] do-chím is ferr écosc do-connac aran domhan riam.’ Ocus
622] tángadar chuca faí sin & leigis mac rígh Uladh a glún
623] deas faí a fhiadhnaise an ríghféinidh & beannaighis co
624] cunnail céillidi dó, & freagairter mar an cédna hé &
625] fiarfaighis Finn scéla díbh, cúich iad fén & caidhe a n-árus.
626] ‘Eamhain Macha ar n-árus,’ ar an macám, ‘& is dím féin
627] goirther Goll mac ríg Uladh, & comaltadha dam na macáim
628] úd aili ad-chíthi-si.’ ‘Créd ro ghluais sib an tráth sa?’
629] ar Finn. ‘Sluagh an domain móir uili ad-cios dúinn ac
630] cathachadh ribh-si gach laí & dob áil linne cleasa goili
631] & gaiscidh d'fhoghlaim {folio 5b 2} uaibh-si, & dá mbeidís macáim


p.21


632] óga uaisli mar sinne faré rí an domhain, dob áil linne,
633] a rífhéinidh, ar coimlín fén do dingmháil díd-sa dib ó
634] nach aíseach sinn re comrac prímlaech.’ ‘Mo-chean-sa
635] bar tacht & bar torrachtain,’ ar Finn, ‘& gidheadh,’ ar
636] sé, ‘dobadh scél mór énmac h'athar-sa do leigean dochum
637] na n-allmurach & gan adhbhar rígh d'Ulltachaibh acht sé.’


638] Is ann sin do leig an t-allmurach a ghuth míledh a
639] n-uachtar a chinn do coimgrennugadh na féine. ‘Créd an
640] laech úd ad-chím?’ ar mac rígh Uladh. ‘Laech súd ac
641] iarraidh comhlaind céd,’ ar Conán mac Morna. ‘Créd
642] do-ber gan comhlann éinfhir d'fhagháil dó?’ ar an
643] macámh. ‘Truagh sin,’ ar Conán, ‘uair do thuiteadar
644] cúic céd laech don féin re cúic lá a ndiaidh a chéili leis &
645] ní fagar uathadh nó sochaidhi anois dá freagra.’ ‘Ingnad
646] an clú atá oruibh-si,’ ar an macámh, ‘& énlaech sa domhan
647] d'éra um comhlann daíbh, & rachad-sa cuici,’ ar mac rígh
648] Uladh. ‘Ná habair arís sin,’ ar Conán, ‘uair dar ar
649] mbréithir, na cúic céd torchair leis, do dingébadh gach
650] énfher díbh thusa.’ ‘Nír aithnidh dam-sa an fhian roim
651] aniubh,’ ar an macámh, ‘& dar lium is tusa fear míblais
652] & mí-urrlabra na féine, a Conáin mic Morna.’ ‘Is rim
653] ráitir,’ ar Conán mac Morna. ‘Is briathar dam-sa,’ ar
654] mac rígh Uladh, ‘dá mbeitheá-sa & an laech úd & na
655] cúic céd sin d'éntaíbh, nach bérainn-si céim ar cúl romaibh
656] uili.’ Ocus éirghis an macámh d'innsaigidh an allmuraigh.


657] ‘A Chlanna Rónáin,’ arsa Finn, ‘cuirim ar bhar cumairce
658] & ar bhar n-eineach gan mac rígh Uladh do leigean
659] dochum an allmuraigh.’ Éirghis Caílti & clannmaicne
660] Rónáin uili, & fa hobair mór dhóibh uili a congmháil &
661] do cuireadh glais & géibhinn fair. Ocus an céin do bás
662] 'gá ghabáil-sén, do-chuadar a dhá chomalta décc do
663] comrac risan allmurach, & nír airigh an fhian iad gur
664] {folio 6a 1} thuitsed leis & gur bhean a dhá cheann déc díbh, &


p.22


665] do leig a ghuth míledh a n-uachtar a chine ac commaídem
666] an ghníma sin. ‘Créd fá ndénann an t-allmurach so?’
667] ar mac rígh Uladh. ‘Is truagh duit-si an t-adhbhar,’ ar
668] Conán mac Morna, ‘.i. ac commaídem do dhá comalta
669] déc-sa atá.’ ‘Truagh an scél sin, a dhuine,’ ar mac rígh
670] Uladh, ‘& a fhiana Érenn,’ ar sé, ‘budh fada a fholtanus
671] díbh mo congbháil mar so uair do-ghiab-sa bás d'feirg
672] & d'aithmhéla & is oraibh-se bhias a fholtanas,’ ar sé,
673] ‘& budh eascaraid sibh & Ulaidh dá éis choidhchi, & dobo
674] beac a díth díbh-si tuitim leisan allmurach úd dam-sa
675] suil do congbadh sib mar so mé.’


676] Do-chuaidh iommorro an comrádh sin fo fianaib Érenn
677] & ro scaíledh aca de. Is ann sin ro ghabh an mac sin arm
678] a shean & a sheinnsear & ro ghabh scúirdléine sróill &
679] gormlúireach grísmáillech glaisleabar & órsciath imealchorcra
680] & coilér cumdachta caelreangach cimasgel & dá craisigh
681] cheannghlasa cheannlethna cróremra & cloidheamh crosórdha
682] cumdaigh, & ruc ruathar a n-aghaidh an allmuraigh
683] fón innus sin. Ocus meabais gean gáire aran allmurach
684] ima fhaicsin chuigi & do thógbadar sluaigh an domhain
685] móir uili gáirthi scigi & fanámhaid dó, & ba móidi a menma
686] leisan macámh sin uili, & rángadar sé gona uadha aran
687] allmurach suil do gonadh hé féin. Ocus ro fearsad comrac.
688] Féigh fuileach forbartach coimnert calma croidheamhail
689] ruibhnech reachtmar rodghonach treasach taíbhderg
690] tulgánach aigmhéil ingnadh anaithnidh iachtach urrlamh
691] osnadach láimderg léidmeach luathghonach dígháir dlúth-mear
692] dásachtach cneadhach crannruadh croidemail comrac
693] na deisi sin. Uair dá sirthí ó imlibh oirrtheracha Innsi
694] Cirb a medón Mara Romoir Ruaidh co Tír na Fhuinedhach,
695] ni fuighthí eaturru sin comhrac deisi budh ferr ná in


p.23


696] comrac sin. Ocus do bádar sluaigh an domhain mhóir
697] uili & fiana Érenn 'gá coimgreasacht.


698] Ocus ar techt na hoidhchi trá & ar tairgsin a n-arm & ar
699] scoltadh a sciath, {folio 6a 2} ní drud ó chéili do-rónsat amhail
700] bu gnáth do comrac sgur ó thicfadh adhaigh acht
701] rucadar ruathar foirtill fergadhbal a comdáil a chéle
702] & ro dúnsad a lámha luatha léidmheacha tara chéli &
703] tucadar cuir ána athluma d'aroile gur brúighedar an
704] gealtrácht gainmidhi. Ocus do bádar isin comshuathadh
705] sin co táinic an lán mara & gur leath eaturra & tír, & do
706] bhí do méd feirgi na deisi sin nár sheachnadar a n-inadh
707] comraic co táinic an lán mara tarsta & gur báidhedh araen
708] iad a fhiadnaisi sluagh an domhain & fian Érenn, & tucadh
709] gáir adhbhalmhór ac sluaghaibh an domhain & ag fianaibh
710] Érenn ac comchaíneadh na deisi sin. Ocus is ann do
711] fríth arnamhárach iad aran tráigh & a lámha arna
712] cruadhcheangal um chaeldromannaibh a chéili & cuach-shnadmanna
713] dá cosaibh tréna chéili, & srón meic rígh Uladh
714] a mbél an allmuraigh & a smeig-sim a mbél an macáimh,
715] & dob éigean an t-allmurach do leadradh acá scarthain
716] re' chéili. Ocus ro hadhlaiceadh mac rígh Uladh & do
717] claidheadh a fheart & do tógbadh lia osa loidhe, & do
718] feradh a chluithi caínteach le fianaibh Érenn, & nír thuit
719] leisan fhiangaisceadh riam mac dobo comhchoitchinne
720] cuma iná sé.


721] ‘Cia do-ghiabhainn d'fhoraire an chuain anocht ?’ ar
722] Finn. ‘Rachmaid-ne chuigi,’ arsa naí nGairb na féine .i.
723] Garb Shléibhi Mis & Garb Shléibhi Cua & Garb Shléibhe
724] Cláir & Garb Shléibhi Crot & Garb Shléibhi Muice & Garb
725] Shléibhe Fuaid & Gairb Sléibhe Átha Móir & Garb Dúine
726] Dealgan & Garb Dúine Sobairci & a fhiana fén fariú.


p.24


727] Gairid iommorro do bádar ann an tan do-conncadar Iruath
728] mac Dreagan mic Duilli rígh Fer nDreagan chuca, & do
729] innsaigheadar a céili & do bádar ag ár & ag oirrlech aroili.
730] Acht énní, ni fédtar a comhraic uili d'faisnéis nó d'innisin
731] & ní fétar a tuarascbáil do thabairt uair ní raibhi 'na
732] seasam ar chinn an lae díbh acht trí Gairbh dona Garbaibh
733] & rígh Fer {folio 6b 1} nDreagan, & ní ar tlás ná ar time do-chuaidh
734] aca méd an áir 'na timchell acht ro cromadar
735] na cinn & ro luathaighedar na lámha & do ben gach neach
736] díbh ciall dá anmain, uair do sáidheadar na craíseacha
737] isna corpaibh co rucadar urranna caebacha cubhardearga
738] cró tré dromannaibh na ndeachlaech gurba comthuitim
739] don ceathrar sin bonn re bonn & bél re bél aran láthair sin.


740] Asa aithli sin iommorro do-connairc Ferghus Fínbhél
741] mac Finn urmór fhian Érenn ar tuitim & do-chuaidh
742] gan cead gan comairli dóib co Teamraig na Rígh mar a
743] raibhe Cormac mac Airt airdrígh Érenn & do innis dó
744] an t-éigen a raibhi Finn & fiana Érenn. ‘Maith lium-sa,’
745] ar Cormac, ‘Finn do beth isin éigin sin, uair ní lamhann
746] neach dá fuil fúm d'aes na treabaire muc ná míl ná breac
747] ná bradán ná óglaegh allaidh dá fhagadh marbh a cinn
748] gacha conairi, ní lamhann a thógbáil do lár le smacht &
749] ní lamhann neach d'aes na treabaire teacht ón buailid
750] gusan seanbhaili gan sgreaball d'Finn & ní lamhthar bean
751] díb do thabairt d'fhir nó co fhiarfaighear di an mbiadh
752] fear nó leannán a fhianaib Érenn aici, & muna rabh, is
753] éigin screaball do thabairt d'Finn ré ndul dochum fir
754] di. Ocus is mór do drochbreathaibh beiris Finn orainne
755] & dobadh ferr linn treisi ac allmurchaibh ná aigi.’


756] Téid iommorro Fearghus aran fhaithchi mar a raibe
757] Cairbri Lifeachair mac Cormaic ac cluichi lúibe & liathróidi.
758] ‘A Cairpri Lifeachair,’ ar Ferghus Fínbél, ‘is olc an


p.25


759] cosnamh ar Érinn duit beith ac baethcluichi gan buantarbha
760] & si 'gá buain díb ac allmurchaibh.’ Ocus do bí 'gá greasacht
761] & 'gá imdergadh, & gabhais adhnáire mór Cairbri Lifeachair
762] tríd sin & teilgis a chamán uadha & táinic fá Thuathaib
763] Teamrach. Ocus do timsaigh an óghaidh uili co roibhi
764] deich céd fiched ar maidin, & tiaghaid rompa gan ced
765] gan comairli do Cormac mac Airt nó co rángadar cuan
766] Finntrágha. Ocus téid Ferghus rompa a pup- {folio 6b 2} aill
767] Finn & fiarfaigis Finn scéla de & do innis Ferghus dó
768] Cairbri Lifeachair do theacht leis, & ro éirgedar fian Érenn
769] uili a n-agaidh Cairbri & ro fearsad fáiltidha ris. Adubairt
770] Finn: ‘A Cairbri,’ ar sé, ‘dobadh fhearr linn do theacht
771] cugainn an tráth do beidis aes ciúil & oirfididh & aes dána
772] & mná & bannála ac aíbhnes ort ná in tan do biadh éigean
773] catha orainn amail atá anuis.’ ‘Ní do choimidacht ort
774] thánag-sa,’ ar Cairbri, ‘acht do thabairt m'fheadma catha
775] leat.’ ‘Nír ghabhus-sa óglach nua riam re hucht chatha,’
776] ar Finn, ‘uair is minic leisan neach tig mar sin a dhul a
777] n-inadh báis d'fhagáil, & ní háil lim-sa m'óglach nua do
778] thuitim trím.’ ‘Is cubhais dam-sa,’ ar Cairbri, ‘co
779] tibear-sa cath as m'ucht féin dóib muna thucar as t'ucht-sa
780] é.’ Ocus téid Fearghus Fínbhél d'fógra catha ó Chairbri
781] Lifeachair ar rígh an domhain.


782] ‘Cia fhreageórus mac rígh Érenn dam?’ ar rígh an
783] domhain. ‘Rachad-sa chuice,’ arsa Sligeach mac Sengairb
784] rígh Fhear Ceapdha, & táinic a tír & a trí ruadhchatha
785] romóra. Ocus táinic Cairbri 'na n-agaidh & a ógbaidh
786] uili fa lia a fharradh Cairbri ann sin. ‘A Cairbri,’ ar fear
787] dá muintir ris, ‘gabh cridhi maith chugad don cath sa
788] uair ní ferr leisin fhéin cuid maith agad-sa de ná ag
789] allmurchaibh. Uair is é do sheanathair-si do marb Cumall
790] mac Trénmhóir athair Finn & is cumain leó-san sin gin
791] gur cumhain leat-sa é.’ 'Gá chluinsin sin do Cairbri, ruc


p.26


792] ruathar fá cath na n-allmurach & do gabh 'gá slaidhi
793] & 'gá sleachtadh gurba taebhtheascaighi treóin dá treas
794] & gurba mughaighi maithi dá mórghleó co tarrla chuigi
795] an fer feargach forránach .i. Sligeach mac Seanghairbh,
796] & gér é sin, ba bás urrlam & fa écc obann & fa hoideadh
797] áirighi teagmháil rena comlann. Ocus tuairgis cách a
798] chéle díbh & do congbhadar an dá sciath áilli ilbuadhacha
799] frisin aicill & do cromadar na haighthi arda oscurtha
800] a crislaigibh na sciath mbreacard mbordchuanna & do
801] imreadar na lanna límtha gurba cliatha tolla teascaidhthi
802] na taíbh ón trénurrlaidi sin.

{RIA MS 29§}{folio 355}


p.56

... agus do chromadur na haighthe osgurdha a gcrioslaídhibh na sgíath mbreacárda mbordchuanna agus d'imridur na lanna líomhtha leathanghéura gur ba cliatha tollta teasgaithe


p.57

na taoibh aco ón ttréantuargaint sin gur ba dóirsi báis na béimionna calma cómhléidmheacha tug Cairbre air an allmhúrach, gur thuit a bhfóircheann an chómhraic sin leis, agus táine féin go mbuadh gcosgair go Fionn mac Cúmhaill agus go fíanaibh Éirionn.

As a haithle sin adubhairt Fionn mac Cumhaill: ‘A fhianaibh Éirionn,’ air sé, ‘ní fhaicim féin mac rígh ná rófhlaith ná taoiseach féine d'fhíanaibh Éirionn gan caith do thabhairt as 'ucht féin, agus fógartar lá mórchatha eattrom-sa agus Rígh an Domhuinn.’ ‘Léig dhómh-sa caith do thabhairt d'allmhúrcha,’ air Caoilte mac Rónáin. ‘Atá sin do ghoil agus do ghaisge ionnat,’ air Fionn mac Cúmhaill, ‘air son nách ceárd mhic óglaoich dul do chur catha le hárdríghthibh, agus dá mbeitheá-sa a líon catha do chur, do léigfinn chuige thu.’ ‘Atáid fithche céad agam annso,’ air Caoilte. ‘As maith an tsochraid mhic óglaoich sin,’ air Fionn, ‘agus a fhianaibh Éirionn,’ air sé, ‘is maith do dhlíghfeach dhíbh cúngnamh sluagh do thabhairt do Chaoilte mac Rónáin, óir as é chongbhus gacha bliadhain agus gacha treas bliadhain sibh óir atá seacht ttighthe n-aoigheadh ag cómhfhreagra age d'fearaibh Éireann.’ ‘Do-bhéur féin céad do,’ air Usgur. ‘Do-gheabhaidh sé céad eile úaim-si,’ air an fhian Mhuimhneach. ‘Do-gheabhaidh sé céad úaim-si,’ air Goll Garbh mac Rígh Alban. ‘Do-gheabhaidh sé céad uaim-si,’ air Druim Dearg mac Dollair .i. rígh féine an fhian Ulladh. ‘Atáid {folio 356} cheithre céad fhithchiod agom anois,’ air Caoilte mac Rónáin, ‘& níor theasta úaim do ghnáithlíon catha acht sé chéad, agus bíoch an chuid sin don chaith oram féin am aonar.’

Air sin téid Fearghus d'fógra catha do Chaoilte mac Rónáin go Rígh an Domhuinn. ‘Cía don fhéin do thig chum an chatha aniogh?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Óglách atá a bhfíannuígheacht é,’ air Fearghus. ‘Is mó badh cheárd do mhac óglaoich brughachas agus biadhtachas do dhéanamh ná dul do chur catha re hárd-ríghthibh, Agus cía fhreagórus mac Rónáin dam?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Rachad-sa chuige,’ air Troighleathan mac Rígh


p.58

na hEaspáine. ‘As córuide dhuit a dhul,’ air Fearghus, ‘óir is ann atá an té do mharbh t'athair .i. Conn Crithir mac Brain mic Feabhaill.’ Agus do ghaibh gráin mhór Fearghus le méid an adhmolaidh agus le hadhuaibhreacht a innill, agus táine mur a raibh Caoilte mac Rónáin agus d'innis sin do. D'ionnsuidheadur cách a chéile donna mbrosnach beódha agus ionna ndubhdhortaibh díleann agus do cuireadh ár adhthallmhór re hathaidh n-aithghairrid eattortha, & tárluig Caoilte mac Rónáin agus mac Rígh na hEaspáine air a chéile agus do bhádar ag tréantúargaint a chéile.

Agus as í sin uair agus aimsir do-chonnarcadar fíanaibh Éirionn loingeas mhór fán gcúan. ‘Is truadh sin,’ air Fionn mac Cumhaill ‘óir is tuille cabhartha atá ag teacht chum na n-allmhúrach, agus as daoine caillte sinn feasta.’ Air sin féuchas Oisín seacha ortha agus adubhairt: {folio 357}‘Dob annamh leat-sa do mhealladh adt aithne, a rígh féine,’ air sé, ‘agus ní hallmhúraig íad súd acht dream d'fearaibh Éirionn atá ann agus as dod mhuinntir-si íad súd .i. Fiodhach mac Righ Breatan agus an Fhian Bhreathnach agus Dubhán mac Nuadhat mac Rígh Craige Léithe a dTuamhainn .i. dearbhráithir do mháthar féin.’ Air sin tángadar na slóighte a ttír agus do-chonnarcadar na héachta dá ccur agus d'aithníghidur suaitheantas & meirge Chaoilte ann, agus gach nduine do thigeach do láithir, do-bheirioch béim do mhac Rígh na hEaspáine, agus níor bréagnuidheach na seanfhocail leo .i. luighe iolair ar uathadh. Agus do thuit mac Rígh na hEaspáine leó.

Air sin do thiomsuídheadar urmhór fhíanaibh Éirionn go haonionnad agus adubhairt Fionn mac Cúmhaill: ‘Éirge, a Fhearghus, mur a bhfuil Rígh an Domhuinn agus gaibh lá mórchatha dhomh-sa fris.’ Air sin téid Fearghus mur a raibh Rígh an Domhuinn


p.59

agus canais aitheasg Fhinn mhic Cúmhaill fris agus d'órduígheadur an treas lá a ndiaidh an lae sin chum an mhórchatha sin do chur.

Do bhádhas immorro ag teacht tar na sgéulaibh sin go coitcheann ar fud Éirionn uile agus go háirighthe do bhádhas an oídhche sin ag trácht air an gcaith a mbrúgh Thaidhg mic Nuadhat Rígh Craige Léithe a tTuadhmhumhainn. Agus así bean do bhí ag Tadhg .i. Caoiltabhair inghín Rígh Thíre na bhFear bhFionn, agus ba dhearbhchomhalta dhi Rígh an Domhuinn agus mac inghine dhi Fionn mac Cúmhaill. Agus do bhí san mbrúgh céadhna Muirinn {folio 358} Mhongchaoin inghin Thaidhg mic Nuadhat agus Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mic Nuadhat. ‘A anam a Chaoiltabhair,’ air Tadhg mac Nuadhat, ‘cía dona hárdríghthibh so do shíleas tú do theacht beó ón mórchaith so nó an ttiocfa ceachtar dhíobh?’ ‘Is truadh sin,’ air Caoiltabhair, ‘óir dá mbeidis fir an domhuinn uile a n-aighidh Dháire Dhuinn mic Loisginn Lómghlúnaig .i. Rígh an Domhuinn, ní thraochfadís é, agus ní bhfuil cumus ag armaibh an domhuinn aon ruibe dá fholt do leadarradh agus ní bhfuil fíacail ionna cheann acht aonchnámh daingean & ní bhfuil easna 'na chorp acht aonchlár cóimhreámhar cnámha. Agus an oídhche do geineadh Dáire Donn do taidhbhreadh do Bhulcán Gobha a n-ifrionn go ngeinfíghe mac an oídhche sin do ghéabhach an domhann uile go hÉirinn agus nách déanfach arm ar bith fuilliúghadh ná


p.60

fóirdhearga air acht an t-arm do bainfíghe as an míanach do bainfíghe an oídhche sin, agus do rinneadh leis san ló céadhna sgian agus ga agus cloídheamh. Agus an tan do bhí Dáire Donn ag gabháil an domhuinn, do fuair Righ na Fúarígheachta fios na n-arm dho agus do rug Rígh an Domhuinn go teach m'athar-sa iad .i. Rígh Thíre na bhFear bhFionn, a oide féin, agus atáid a gciste cloiche age.’ ‘A Chaoiltabhair,’ air Tadhg mac Nuadhat ‘do badh maith dhuit-si dul lead dhraoigheacht féin ag iarraidh na n-arm sin do chabhair mic h'inghíne féin .i. Fionn mac Cúmhaill.’ ‘Is truadh sin,’ air Caoiltabhair ‘óir dá mbeidís anmanna Shíl Ádhaimh a ngeall {folio 350} ris sin, ní badh tualaing neach ar domhunn teacht ó Thír na bhFear bhFionn go Cúan Fionntrágha a n-iarthar Éirionn fó cheann trí lá, & dá mbeidís na hairm agom-sa annso, ní thiubhrainn úaim íad a n-aighidh mo chomhdhalta féin, an té do hoileadh air aon chíoch liom .i. Rígh an Domhuinn.’ Adúbhairt Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mic Núadhat rena athair: ‘Tabhair-se cúngnamh draoidheachta damh-sa go ndeachuinn d'iarraidh na n-arm dá mbeith mo chuid ionna bhfagháil óir asé as truadh liom an té is triaith agus as tíghearna dham agus mac mo dhearbhcsiubhrach féin do dhul fá chaoighil cloidhimh an allmhuraig úd agus nách déanfuig airm ar bith fuiliughadh ná fórdhearga air.’

Air sin tángadur air an bhfaithche amach & do cuireadh Labhraidh a riocht iolair adhbhallmhóir annsan. Air sin tógbhus Labhraidh air go húréadrom tar Muir Toirrian agus tar Muir Nirtgheal agus tar gach líonmhuir eile go ráinig faoi mheódhan laoi air na mháireach go dún a sheanathar .i. Righeacht na bhFear bhFionn. Agus do chúaidh iona riocht féin annsan agus téid don dún anonn air sin agus beannuídheas don Rígh go connail céillidhe


p.61

agus fearais an Rígh fíorchaoin fáilte roimh Labhraidh agus dob áil leis a fhastógh ionna fhochair féin.

‘Ní chun cómhnuighthe tángus don turus-so,’ air Labhraidh, ‘acht ag iarra cúmhanta agns cómhairle ort-sa atáim .i. bean laoich do Th. D. D. do líomhnuídheag oram agus ní gabhthar úaim gan cómhrac fána ceann, {folio 360} agus atáid airm séanta ag an té atá chun comhraic liom do rinne Bhulcán Gobha a n-ifrionn do agus as ag iarraidh na n-arm atá agad-sa tángus-sa,’ air Labhraidh. ‘As truadh sin, a Labhraidh,’ air an Rígh, ‘dá mbeidís fir an domhuinn dá n-iarraidh oram-sa, ní thiúbhrainn úaim íad agus gan fhios agom nách a n-aighidh mo dhalta .i. Rígh an Domhuinn do béarfaoi íad.’ ‘Ná habair sin.’ air Labhraidh ‘óir as é an treas fhear as annsa liom-sa dá bhfuil air druim an domhuinn é .i. tusa & é féin agus Tadhg mae Nuadhat, agus ní bhfuil fáith catha ná comhlainn air feasta óir do ghaibh sé Éire amhuil gach críoch eile agus do bhronn sé Éire do mhac inghine t'inghine-se .i. Fionn mac Cumhaill.’ Cia trácht créad do chan síad eatorrtha, tugadh na hairm do Labhraidh agus tugadh éadromacht na ngasán sanaise ionnta agus do-chuaidh Labhraidh a riocht iolair adhbhallmhóir annsan agns do cheangail sé na hairm do bhun a sgíathán. Agus táine tar na hiomarchaibh céadhna arís go ttáine a ttráith ghairm an choiligh go dún a athar féin .i. Rígh Craige Léithe a dTuadhmhumhainn, agus do thuit taise agus támhnéula báis air féin annsan. Agus gabhas Tadhg fáilte roimh Labhraidh agns tógbhus asteach san mbruíghin é agus tug losa Th. D. D. do .i. beatha agns sláinte. ‘A mhic,’ air Tadhg, ‘as maith an teachtaireacht sin do rinnis óir ní dearrnadh a comhmhaith sin do theachtaireacht a nÉirinn ná air an ndomhunn riamh.’ ‘Is beag an tairbhe sin dómh-sa,’ air Labhraidh, ‘agus nách féidir liom na hairm so {folio 361} do thiodhalacadh go Fionntrágha chum Fionn mac Cúmhaill fá thráith catha


p.62

amáireach.’ Agus d'éirge an lá ortha faoi sin. Air sin do-chonnarcadur Mac Éibhin .i. cumasach sármhaiseach do Th. D. D. chúcha agus ba comhlúaith re gaoith Mhárta é go meódhan lae agus ba comhluaith re cách ó sin amach é. ‘As maith an tráith a thánguis, a chara,’ air Labhraidh, ‘agus triall leis na hairm so go Fionn mac Cúmhaill fá thráith catha aniogh go Fionntrágha.’

Do ghluais mac Éibhin etc.

§


803] {folio 7a 1}‘... leisna harmaibh si co Finn fo tráth catha
804] aniubh.’


805] Do ghluais iommorro Mac Éimin roime amail luas
806] ainnli nó feirbe nó iarainne nó mar sithi gaíthi glanuaire
807] ag rochtain tar ceann mhachaire nó maighshlebi co ráinic
808] fo tráth éirghi do ló co cuan Fhinntrágha. Is í sin uair &
809] aimser do bhí Ferghus Finbél ac gabáil láma aran féin
810] dochum an mórchatha & is ed adubairt: ‘A Fhiana Érenn,’
811] ar sé, ‘dá mbedís seacht samlá a n-énló agaibh, atá a
812] n-obair aniub acaibh-si, uair ní dearnadh & ní dingéantar
813] a nÉrinn co brách obair énlae mar an lá aniubh.’


814] Ro éirgeadar iommorro fiana Éirenn ann sin & mar do
815] bádar ann, do-conncadar Mac Éimhin ana ruathar roreatha
816] chuca. Ocus fiarfaigis Finn scéla de & do fhiarfaig de can
817] asa táinic. ‘Ó Brugh Thaidhg mic Nuadhad thánac,’
818] ar Mac Éimhin, ‘& dot fhis-sa do cuireadh mé dá fhiarfaighe
819] dhíd cinnas fhóbraidh dul a n-agaidh rígh an domhain &
820] nach deargann airm nó ilfhaebair air.’ ‘Is cubhais dam-sa,’
821] ar Finn, ‘muna deargaid m'airm-si air, co mbrúidhfidir
822] lium a corp a medhón a lúirighi.’ ‘A rífhéinnidh,’ ar Mac


p.27


823] Éimhin, ‘atáid agam-sa ann so na hairm neime dá fhuil
824] a ndán dó bás d'fhagáil, & tuc Labhraidh Lámfhada,
825] derbráthair do máthar-sa féin, chugad iad tre dolb draídheachta.’
826] Ocus tucadh a láimh Fhinn iad & do bean a
827] cumdaighi díb & ro éirgedar saighnéna teinntidhi & bolga
828] bithneimneacha díb, & nír fhédadar ógbaidh na hairm sin
829] d'fhéchain. Ocus táinic trian do ghal & do ghaisceadh
830] & do menmain & do mórcroidhe dá gach énfhear d'fianaibh
831] Éirenn le faicsin na n-arm sin ag Finn, uair na caertha
832] teinedh do theilgdís díb, ní gabhadh eirreadh ná eideadh
833] riú co téighdís tré corpaibh na ndaíne fa neasa dóib ana
834] saighdib sithneimneacha. Ocus adubairt Finn: ‘Tairre,
835] a Ferghuis Fínbél,’ ar sé, ‘& féchtar lat cá méd maireas
836] don fhéinn dochum an mórchatha aniubh.’ Áirmis
837] iommorro Ferghus Fínbél iad & adubairt re Finn: ‘Éncath
838] eagair amáin mhaireas don fhéinn,’ ar sé, ‘& is imdha
839] ann sin fer comlaind triair & fer comlainn nónbhair &
840] fer comlainn tríchad & fear comlainn céd.’ ‘Éirigh más
841] edh,’ ar Finn, ‘mar a fhuil rígh an domhain & abair ris
842] láthair an mórchatha d'innsaighi feasta.’


843] Téid Fearghus co rígh an domhain & is amlaidh do bhí
844] an {folio 7a 2} rígh ana imdhaidh & ceóla crota & cuisleanna
845] ciúil agá seinm dó. ‘A rígh an domhain,’ ar Fearghus
846] Fínbél, ‘is fada an codladh sin a fhuili & ní guth ort uair
847] budh é do chodladh déideanach hé, & ro innsaigedar
848] an fhian a n-inadha catha & freagair-si iad.’ ‘Is dóigh
849] lium-sa,’ ar rí an domhain, ‘nach fhuil acfainn catha aca
850] am' agaidh-si. Ocus cá méd maireas d'fhianaibh Érenn?’
851] ar sé. ‘Éncath egair amáin,’ ar Ferghus, ‘& cá méd maireas
852] do shluagaibh an domhain?’ ‘Deich catha fiched
853] tánac-sa a nÉrinn,’ ar sé, ‘& torcradar fiche cath le
854] fianaibh Érenn díb & is eadh maireas díbh deich catha
855] armruadha egair, & gidheadh atá ochtar díbh-sin & dá


p.28


856] mbedís fir an domhain uili am' agaidh-si do dingémthaí
857] leó iad .i. mé féin & Conmhael mo mac mórghnímach &
858] Ógarmach ingen rígh na Gréigi, an lámh is ferr sa domhan
859] am' fégmais-si féin, & Finnachta Fiaclach mo thaíseach
860] teaghlaigh-si féin, & rí Lochlann & a trí derbráithri .i.
861] Caiseal Clúmach & Fornne Glangér Gaiscedach & Tocha
862] & Mongach an Mara.’


863] ‘Is cubhais dam-sa ámh,’ ar rígh Lochlann cona
864] bráthribh, ‘dá ndeach énfhear do shluaghaibh an domhain
865] romainne chuca, nach racham-ne, uair ní biadh toisc
866] dergtha faebair againne orrtho & ní bhérmaís ar díl ar
867] sainnti díbh uair is geis dúinn ó dergmaid ar n-airm gan a
868] sáith fola & fulrachta d'fhagáil dóib.’


869] ‘Rachad-sa am ' aenar chuca,’ ar sósar na clainni sin
870] .i. Forne mac rígh Lochlann. Ocus do ghabh a ghoirmeirredh
871] grísneimneach gráineamail uime & táinic fá fianaibh
872] Érenn & cloidemh dergfaebrach gacha lámha dó & do-beredh
873] an bráthbéim re 'chéile orrtha & ro heasairc an tucadh
874] dá n-ógaibh & do tanaig an trácht dá trénferaibh & ro
875] lín an learg dá laechaibh. Ocus do-connairc Finn sin
876] & ba crádh croidhe & ba baegal báis & ba heasbaidh anma
877] leis an díl tuc an t-allmurach aran féin, & do bí ag
878] coimgreasacht na féine chuigi. Ocus ro éirigh Ferghus
879] Fínbhél & is edh adubairt: ‘A fhiana Érenn,’ ar sé, ‘is
880] truagh tarrla díbh a méd d'éigin & d'anforlann d'fhuilngeabhair
881] um ceann Érenn 'gá cosnamh & énlaech 'gá
882] buain díb aniubh & nach fuiltí acht amail bhís ealta minén
883] ar fud craíbhe {folio 7b 1} éigin 'gá n-imdídean ó bhís seabhac
884] ara tí. Sibh-si ag dul ar scáth Finn & Oisín & Oscuir & nach
885] cinneann neach ara chéli agaib & nach tabhair neach
886] uaib agaidh aran allmurach.’ ‘Dar mo chubhais,’ ar
887] Oisín, ‘is fír uili an forgeall sin & ní fhóbair neach againn
888] seach a chéili a dingmháil,’ ‘Ní fhuil neach is ferr ná


p.29


889] 'chéili agaibh,’ ar Ferghus. ‘Biaidh anois,’ ar Oisín 'gá
890] leigean 'na thorainn thinneasnaigh d'innsaigid an allmuraig.
891] ‘An agam, a laích,’ ar Oisín, ‘co ferainn comrac rit tar
892] ceann na féine.’ ‘Is briathar dam-sa guma gerr an cairde
893] sin,’ ar mac rígh Lochlann.


894] Do thógadar iommorro an dá sciath imealchaín aladhbreac
895] a n-aicill a chéili & ro imreadar na craíseacha
896] créchtaidbhli comaigmhéile & na cloidme iarannbhláithi
897] órcumdaigthi, & do-rinnedar urrlaidhi tric thinneasnach
898] re hathaidh fhada. Do bhí iommorro an comhrac ac dul
899] tara chéili ann sin uair do bás ac clódh Oisín ann & do
900] bhean osnam éccomlainn as. Ocus ba druim re saegal
901] trá & fa bhuain chéilli do cabhair leisan fhéin Oisín do beith
902] isin éigin sin & tucadh gáir acaínteach os aird uime.


903] ‘Is cubhais dhamh, a fir dhána,’ ar Finn re Ferghus,
904] ‘gurab truagh duid an greasacht thucais ar mo mac
905] dochum an allmuraigh, uair dob usa lium-sa bás
906] d'fhagáil dam fén & d'fianaibh Éirenn uili ná a faicsin
907] isin éigin a fhuil. Ocus éirigh d'adhmoladh mo mic dam
908] cumadh móide leis a menma hé & gumadh calmaidi a
909] comthuarcain.’


910] Téid Ferghus gusan maighin a rabhadar na curaidh
911] isin comlann. ‘A anam a Oisín,’ ar Ferghus, ‘is adhnáir
912] leisan fhéin ísli h'inaid-si isin comlann sin & is imdha
913] taisteallach sibhail & echlach urláir ó ingenaibh rígh &
914] rofhlatha Érenn ag feitheam do comlainn.’ Gabhais
915] méid menman Oisín 'mun greasacht sin tuc Ferghus air
916] & ro éirigh a aigneadh & do médaigh a menma re a mholadh,
917] & tuc sínedh ara cholainn co toillfedh mac mís idir gach
918] dá asna dó, & do-chualadar an fhian uili coimghéisedh a
919] chnám ag drud ó chéili, co tuc urchur don craísigh cródeirg
920] chatha baí fora inchaibh co tarrla an craíseach a mbrollach


p.30


921] na lúirighi co ndeachaidh fod ferlámha dá crann cruaidh
922] cheathardruimneach ar slicht a glaisiarainn tréna druim
923] siar seachtair {folio 7b 2} co fuair bás de. Ocus táinic féin co
924] fianaibh Érenn dá éisi.


925] Iar sin iommorro do tógbadh gáir adhbhulmór ag
926] sluaghaibh an domain 'gá chaínedh & gáir eili ac fianaibh
927] Érenn 'gá commaídem. Ní ar tlás ná ar time iommorro
928] do-cuaidh 'gá bráithribh-sean an laech sin do bhuain
929] díb, uair nír miadh nó maisi leó a thuitim le firgaiscedhach
930] na féine. Iar sin trá ro éirigh an fírlaech fergach forránach
931] dárbo comainm Tocha mac rígh Lochlann & táinic a tír
932] do dhíghailt a bráthar. Ocus is amlaidh do bhí an fer
933] sin & circaill cithneimneach cláriarnaighi uime ó a bhonn
934] co a bhathais. Dob athearrach aignidh iommorro d'fir
935] a fhéchain gin co n-innsaiged é, & fa dubadh dealba do
936] dheidhmhíledaib & ba tréigean feadma le fírlaechaibh &
937] ba claechlódh céille le curadhaibh a fhaiscin. Ocus nír
938] an ina n-imeal nó co ráinic a certlár na féine & do lig
939] ingheilt dá loinn límtha leaturrthaigh ar curpaibh curadh
940] & ar formnaibh feróglach & ar guaillibh galgad & ar righthibh
941] ríghmhíledh, & tucadar uili a ndruim risin allmurach &
942] do-chuadar a raen madma & teithidh reme. Gér imnár
943] trá in t-éigean sin, nír ghabh neach do láim mac rígh
944] Lochlann do dhingmháil nó gur impó Mac Lugach ris.


945] ‘An agam, a rímílid,’ ar Mac Lugach, ‘co ferainn comrac
946] rit tar ceann na féine ó nach fóbraid uili do frithólam.’ Ba
947] recht aignidh iommorro le mac rígh Lochlann a impódh
948] don dergruathar ara raibhi, & gérbh edh, nír fiú leis a eineach
949] d'uirbernnadh .i. éra ar neach fá nimh um comrac.


950] Ro feradar iommorro an dias sin ardcomrac aigméil
951] ilgonach anaithnidh gan turbaid gan tairgsin, gan rún
952] tláis ná time ná teithidh ar ceachtar díb, gur combladhadar


p.31


953] a craíseacha sa chathirghail & gur lúbadar na sithlanna
954] 'gá sírbualadh & gur scannradar a scéith ó faebraibh na
955] cloidem corrgér curata. Ocus ar n-easbaid a n-órsciath is
956] ann ba sanntaighi an sárcomlann, & tucadar a n-aenfheacht
957] dá athbhéim uaibhrecha aigméili ainiarmartacha gur
958] combhuaileadar na cloidme a caelfhaebraibh a chéili co
959] ndeachaid cloidem Mic Lugach tré cloidem an allmuraig,
960] & tuc an dara béim dó gur coimbris an cathbarr & gur
961] dianteasc an dlúthtúireach & gur scoilteastair an sciath &
962] gur comroinn an croidhe co cudruma don choílbéim sin.
963] Ocus táinic féin co menmnach {folio 8a 1} móraigentach co
964] fianaibh Érenn.


965] Is ann sin do éirigh an mac merrda míchéillidi mór-croidheach
966] aili do macaibh rígh Lochlann dárbo comainm
967] Mongach an Mara & do bádar sluaig an domain uili ac
968] éirghi leis. ‘Anaidh, a fhiru an domain,’ ar sé, ‘uair ni
969] sibh dhlighes curpéraic mo bráithrech-sa, & ó nach sibh,
970] ligidh dam fén dul d'agra na cédérice ar fhianaibh Éirenn.’
971] Ocus táinic a tír, & is amlaidh do bhí & súisti imreamhar
972] iarnaighi ana láim lesa rabhadar secht caera athleaghta
973] iarainn & caeca slabhradh iarnaide eisti & caeca ubhall
974] gacha slabraidh & caeca dealg neime an gach ubhall.
975] Ocus ruc ruathar fútha mar sin dá silbhualadh & dá
976] sreingleadrad & dá saebcuma, gurba samalta re healta
977] minén ag teithed roim seabac an scaíled & an scannrad
978] tuc arin féin ana timcheall. Ocus do ghabh adhnáire mór
979] laech d'fhianaibh Érenn uime sin .i. Fidhach mac rígh
980] Breatan & adubairt: ‘Tairre doma mholad, a Ferghuis
981] Fínbhél,’ ar sé, ‘co ndeachainn do comrac risan allmurach
982] innus gumadh móidi mo menma & m'aignedh & gumadh


p.32


983] calmaidi mo comlann thú doma molad.’ ‘Urusa do molad,
984] a mic,’ ar Ferghus, & do bhí re hathaidh fhada 'gá molad.


985] Ro innsaighedar iommorro an dias sin a chéile co
986] briatharbhorb barbarrdha baethéicciallaidi. Ocus is ann
987] sin do thógaib Mongach an Mara an súisti imremar iarnaide
988] & tuc béim co talchar tinneasnach d'innsaighi mhic rígh
989] Breatan, & ruc mac rígh Breatan saibhléim lúith a n-airde
990] do lethtaíb chlé an allmuraig & tuc béim cloidim don
991] allmurach co tarrla tar cael a dhá lámh gur coimtheasc
992] in dá láim & ní hacu ro anastair an ghormlann gérloinnearrdha
993] acht ro roinn co cudruma an cathmhílidh fá a
994] certmedón, & ag tuitim dó, tarrla ubhall iarnaidhe don
995] tshúisti cona dhealgaib nemi ar dedhbhél mic rígh Breatan
996] co rug an teanga & na fiacla & finnchaeb chró don inchinn
997] tre chúl a chinn siar, gur comtuitedar an dís sin bonn
998] re bonn & bél re bél aran láthair sin.


999] Is ann sin ro éirigh seinnser na clainni sin rígh Lochlann,
1000] & ba hé sin an bráth nach fulangthí & an dubdhortadh
1001] díleann & an chliathbearna céd & an bráth tar bruachaibh
1002] & an tonn rabharta & an fear nach ruc céim ar cúl riam
1003] roim uathadh ná sochaidi .i. Caiseal Clúmach airdrígh
1004] Lochlann féin, uair ní táinic díthugad daíne nó uathughad
1005] aicme mar sin a nÉrinn riamh. Ocus do bhí sciath neime
1006] ar dearglasadh aigi do-rinne gabha {folio 8a 2} ifrinn dó & dá
1007] curthaí fo muir hé, ní báithfedh énlaem dá lasair & níba
1008] teóidi hé fein hí. Acht énní, ó do ghabhadh air hí, ní
1009] lamadh cara ná neamchara techt feadh a urchair féin
1010] a comghar dó. Ocus táinic fá fhianaibh Érenn mar sin
1011] & ní thuc dh'arm leis acht cloidem dá imdhídean uair ní
1012] d'imirt airm orrtha táinic acht do leigean neime a scéith
1013] fútha, uair na caera teinedh do theilgedh fútha, ní gabhadh
1014] arm ná earradh ná éideadh riú gan dul tré curpaib na laech
1015] ana saighdibh sithneimneacha co mbiadh an fer díbh ar


p.33


1016] derglasadh a medón a arm & a éididh, & an uair do beanadh
1017] neach eili ris, do ghabhadh an lasair sin hé, uair ní ferr do
1018] lasadh scolb do dharaigh díleann do biad re bliadain re
1019] deataigh ná do lasfad gach neach díbh idir arm & eirredh
1020] & éidedh. Ocus dobo bheag gach mórolc dá táinic a nÉrinn
1021] riamh ag féchain an uilc sin.


1022] Gurab ann sin adubairt Finn: ‘Tógaibh bar láma, a
1023] fhiana Érenn,’ ar sé, ‘& tabhraidh trí gáirthi beannacht
1024] don tí do cuirfeadh anmuain éigin aran allmurach innus
1025] co ndeachadh dream éigin againn uadha do thoradh a
1026] reatha.’ Ocus do tugadar fiana Érenn na gáirthi sin fo
1027] cédóir. Meabhais iommorro gen gáire aran allmurach
1028] re cluinsin na ngáirthedh sin. Is ann sin do bhí Druimdherg
1029] mac Dolair mic Dorchaidhi, rífhéinnidh fhian Ulad a
1030] comgar don allmurach & do bhí sleagh neime aigi do bhí
1031] ag Clannaibh Rugraidhi a ndiaidh a chéili & an Cróderg
1032] fa hainm di. Ocus do fhéch ar rígh Lochlann & ní fhaca
1033] gan éidedh de acht a bhél & sé urfhoslaici ag gáire fán
1034] fhéin. Is ann sin tuc Druimderg urchar don Cróderg
1035] chuigi gur certamais ana bhél hé gur aidhbli a hurgráinne
1036] do leith a chúil nás do leith a aighthe. Ro thuit iommorro
1037] a sciath & ro báidh a lasair ó da thuit a thigerrna, & ráinic
1038] Druimdherg chuigi & do scar a cheann re a cholainn & ro
1039] maídh an mórghním. Ocus is í sin cabhair is fearr leisan
1040] féin fuaradar leisan fhianghaisceadh riamh.


1041] {folio 8b 1} Asa aithli sin iommorro do brúchtdhoirtedar na
1042] catha ceachtarrdha coimdhícra comdhúthrachtacha sin
1043] fo 'chéili ana coilltibh comdhlútha & ana mbloiscbéim
1044] brodla & ana ndubdhortaibh díleann co grod & gu garb
1045] & co gáibhtheach, co borb & co badhbha & co bráthamail,
1046] co dána & co dian & co deithfireach, & rob imdha ann sin


p.34


1047] fead cloidim re cnáimh & trost cnámha agá chirrbadh &
1048] colla arna créchtnugad & súili arna saebdallad & dóidi arna
1049] ndruimgerradh, & máthair gan mac & bean chaemh gan
1050] chéili. Ro freagradar iommorro na dúili uachtaracha a
1051] comdáil an chatha leó d'faisnéis na n-olc & na n-imneadh
1052] budh cinnti do dhéanamh isin ló sin, & do merlabhair an
1053] muir d'faisnéis na n-easbadh & do thógadar na tonna
1054] tromgháir truaghadhbal dá sírchaíneadh & do bhúiredar
1055] na piasta dá piastfhaisnéis & do ghéisedar na garbhchnuic
1056] le gábhadh na greisi sin & do crithnaigheadar na coillti
1057] do chaíneadh na curadh & ro gáireadar na glaschlocha ó
1058] ghnímaibh na ngér-reann & do ghuiledar na gaetha ag
1059] admháil na n-ardécht & do crithnaigh an talamh ac
1060] tarrngaire an tromáir & do gormbrataigh an grian le
1061] gáirfeadhaigh na nglas-sluagh & do niamdhubadar na
1062] neóill re hathaidh na huaire sin & do chomgháireadar coin
1063] & cuanarta & badbha & geilide glinne & arrachta aieir &
1064] faelcoin na fidhbaidhe dá gach aird & dá gach oirchinn
1065] ana timcheall & sreath deamnaide diabalta do lucht aslaig
1066] uilc & écórach dá coimgreasacht a ceann a céili.


1067] Is ann sin iommorro ro smuain laech d'fhianaibh Éirenn
1068] gur mór dh'ulc & d'égóraib do-rinne féin & a chineadh &
1069] a chlannmaicne ar Clannaibh Baíscne, & dob áil leis
1070] gnímartha maithi do dhénamh dóibh ara shon, & dob
1071] é sin Conán mac Morna. Ocus do luathaigh a lámha le
1072] a lannchloidem & do tholl dá thiubhghonaibh taebha gan
1073] teasargain & ro leadair lámha ba lánchalma & do dhíthaigh
1074] dá dheadhcolg dúili ba dreachálainn & ba hadbal re innisin
1075] a ghnímartha aran ruathar sin.


1076] Do bhí iommorro Finn ós cinn an chatha ann sin ac
1077] coimgreasacht na féinne & ac greasacht {folio 8b 2} Chonáin
1078] seach cách & rí an domhain don leith eili ac greasacht na
1079] n-allmurach. Adubairt Finn re Fearghus Fínbhél: ‘Éirigh
1080] do molad Conáin dam gumadh móidi leis a menma hé


p.35


1081] uair is maith an easargain do-ber sé ar mo bhidhbadaibh-si.’
1082] Ocus téid Ferghus dá innsaigid. Do ghabh iommorro
1083] teasaidheacht Conán ann sin ó imarcaid na hirghaili
1084] & do-chuaidh amach do ligean na gaíthi faí. ‘Is fír sin,
1085] a Conáin,’ ar Ferghus Fínbhél, ‘is maith is cumain let-sa
1086] seaneascairdeas Clainni Morna re Clannaibh Baíscne, &
1087] dobadh deóin leat-sa bás d'fagáil duit féin ann so dámadh
1088] díth do Clannaibh Baíscne hé.’ ‘Ar grád h'einigh rit,
1089] a fhir dhána, ná himderg mé gan fhochuinn & do-ghén
1090] obair maith ar allmurchaib acht co roistir isin chath.’
1091] ‘Dar mo chubhais ámh,’ ar Ferghus, ‘dobadh maith an
1092] airighi dá dénamh sin thusa,’ & tuc treas adhmolta ann
1093] sin ar Chonán. Téid iommorro Conán aris fón cath & níba
1094] measa a gnímartha don turus sin, & téid Ferghus Fínbhél
1095] co hairm a raibe Finn.


1096] ‘Cia anois is fearr isin chath?’ ar Finn re Ferghus.
1097] ‘Dubhán mac Cais mic Cannáin,’ ar Ferghus, ‘.i. mac
1098] óglaích dod muintir-si, uair ní tabhair béim do neach
1099] acht énbhéim & ní térnóidhthear beó ón béim sin &
1100] adrorcradar trí nónbair & ochtmogha laech leis gus anois.’
1101] Do bí iommorro Dubán Donn mac Nuadhad, mac rígh Chairrgi
1102] Léithi, rí Tuadhmuman, aran láthair sin & is
1103] ed adubairt: ‘Dar ar cubhais ámh, a Ferghuis,’ ar sé,
1104] ‘is fír uili an forgheall sin, uair ní fhuil isin chath mac
1105] rígh nó tigerna chinnes ar Dubán mac Cais mic Cannáin,
1106] & do-ghébhad féin bás ann nó cinnfed air.’ Ocus do lig
1107] ana thorainn tinneasnaigh tréasan cath amail buinne
1108] mborbruadh mbreaclasrach fá chnoc ardmhór aiteangharb
1109] nó mar thuinn reachtmhóir rabartha ac bualad um
1110] ghealtrácht ngainmidi, is é sin trá ár & easargain & ollcuma
1111] tuc arna hallmurchaib, & táinic naí cuarta fón cath &
1112] do marbh naí nónbair gacha cuarta díb.


p.36


1113] Ocus do fhiarfaig Finn d'Ferghus: ‘Cia anois is ferr
1114] isin cath?’ ar sé. ‘Dubán Donn mac Nuadhad, mac
1115] rígh Chairrgi Léithi, rí Tuadmuman,’ ar Ferghus, ‘uair
1116] nír chinn neach air ó chinn a seacht mbliadan anuas
1117] & ní chinneann anois.’ ‘Éirigh-si dá adhmolad,’ ar Finn
1118] re Fearghus, ‘cumadh móidi leis a menma hé.’ ‘Cóir a
1119] adhmoladh,’ ar Ferghus, ‘uair dar leat is sluagh ac rochtain
1120] dína roim tromfhleachadh mar a- {folio 9a 1} táid na hallmuraig
1121] ag rith roime tar gach leath.’ Ocus téid Ferghus mar a
1122] raibhi Dubán Donn & do ghabh ag moladh a nirt & a ghoile
1123] & a ghaiscid & ac molad a lúith & a lámaigh & a ghnímarthadh
1124] archeana, & táinic féin mar a raibhe Finn arís & adubairt
1125] Finn: ‘Cia anois is fearr isin cath, a Ferghuis?’ ar Finn.
1126] ‘Oscar ilbuadhach,’ ar Fergus, ‘& ní a n-énchath re
1127] cách atá, uair do cuireadh ceithri céd cuigi féin ar leith
1128] .i. dá céd Frangcach & dá céd d'feraibh Gairian & Fiachra
1129] Foiltleabhar rí fer nGairian féin, & atáid sin uili ac
1130] comtuargain scéith Oscuir, & ní tuc laech díbh-sin guin
1131] air nach tuc-san goin 'na haghaidh.’ ‘Cia réim nó ruathar
1132] do-chí ar Chaílti mac Rónáin?’ ar Finn. ‘Fuil sunn gan
1133] ro-éigean tar éis an deargruathair rug,’ ar Ferghus.
1134] ‘Éirigh-si chuigi,’ ar Finn, ‘& abair ris dream éigin
1135] dona allmurchaib do dhingmháil d'Oscur.’ Téid Ferghus
1136] chuigi. ‘A Chaílti,’ ar sé, ‘is mór an t-éigean úd do-chí
1137] ar do charaid .i. Oscur, fa bhéimnigh na n-allmurach, &
1138] éirig do thabairt fhortachta éigin dó.’


1139] Téid Caílti gusan maighin a raibhe Oscur & na hallmuraig
1140] & tuc béim cloidim fona comhair gan choigill don tí ba
1141] neasa dó co ndearna dhá chuid cudruma de. Tógbhais
1142] Oscur a cheann & féchais air. ‘A Chaílti’, ar sé, ‘dar lim
1143] nír lamais do chloidem do deargadh ar neach eili nó gur
1144] dingmhais aen dá raibhi a comair mo chloidim-si. Adhnáir


p.37


1145] duit fós fir an domhain mhóir & fiana Érenn uili a n-énchath
1146] & gan comlann d'fhagháil ann nó gur chuidighis mo chuid
1147] chatha orum-sa, & is cubhais damh-sa,’ ar sé, ‘cor áil
1148] lium do chur isin cosair cró ara shon.’ Do chlaechlóidh
1149] sin iommorro a chiall & a chonn do Chaílti & tuc a agaid
1150] ar chath na n-allmurach arís & ruamna na feirgi ana
1151] ghnúis & ana ghealagaid, & torcradar ochtmoga laech leis
1152] don ruathar sin.


1153] Is ann sin iommorro táinic Oscur ana ruibnedhaibh
1154] rodhiana reatha a timcheall a chatha féin & do ghabh ag
1155] drud & ag dingi & ag dlúthceartugad na n-allmurach a
1156] ceann a chéili, & táinic féin fútha dá éis amhail théid
1157] sruth seagmar sestánach tar chladhaibh clachísli camcharadh,
1158] nó amail do beith tréd caerach ar mórmuigh
1159] & cú allaid ana ceartlár agá coimleagadh & nochar
1160] smachtamhla aran tréd hé ná Oscur arna hallmurchaib,
1161] & nochar tana sílchur na trágha óna fearaib 'na faenluighi,
1162] uair {folio 9a 2} cebé 'gá raibhe síneadh saegail tar éis an chatha
1163] sin, ní ag neach do chuid Oscair do bhí, & torcradar na
1164] ceithri céd sin leis & tuc a aghaidh arís aran mórchath &
1165] do-chuaidh fútha amhail leoman luathfheargach & do
1166] ghabh ag imirt a fheirgi orrtha.


1167] ‘Cia anois is fearr isin chath?’ ar Finn re Ferghus.
1168] ‘Do mac móirmenmnach féin,’ ar Ferghus, ‘.i. Oisín
1169] ilbuadhach, & atá sé a tiublár na n-allmurach 'gá luathmharbhadh.’
1170] [gap: Hyphenated word carried up to previous line]
1171] ‘Cidh tuarascbháil fuil aran chath anois?’ ar Finn re
1172] Ferghus. ‘Truagh sin,’ ar Ferghus, ‘uair ní táinic & ní
1173] ticfa neach budh tualaing a innisin nó a fhaisnéis anois.
1174] Uair is cubais dam-sa,’ ar sé, ‘nach dlúithi & nach daingne
1175] na coillti dlúithi dosbarracha doscaílti is dlúithi & is
1176] do-imteachta a n-iarthar na hEórpa anáid anois, uair
1177] atáid irsi a sciath & brollaigi a lúireach a lámaib a chéile.


p.38


1178] Ocus is cubhais eili dam,’ ar Ferghus, ‘dá mbeith an
1179] darna fer nó an treas fer dá fhuil isin chath & athainneadha
1180] teineadh a láimh gach aín díb acá mbualadh fá 'chéili,
1181] nach budh aidhbhsigi splangcach theinedh uatha a
1182] n-airde ná a tig do theinntigh a cimsaibh a clogat & a
1183] cathbharr & a cathlúireach ó fhaebraibh tana tiubhthuagh
1184] & chloidem corrgér curata. Ocus is cubais eili dam,’ ar
1185] Ferghus, ‘nár fhear a ló fhoghmhair cith ferthana is truma
1186] ná an cith fola fhearus forna sluaghaibh anuas arís do
1187] teilg gaeth & siangearán na n-arm & golgháirfeadhach na
1188] sluag a n-aer & a fhirmaiminnt. Cubhais eili dam fós,’
1189] ar Ferghus, ‘nár theilg gaeth dá táinic óna dúilibh riamh
1190] do dhuilleabar do mórcoill urdail ar theilg gaeth aniubh
1191] a néllaib & a n-aer d'fholtaibh fada finncasa forórdha &
1192] do chiabaibh case círdubha & d'urrladhaibh leabra
1193] lánmaiseacha arna teascadh do bhiaillibh imleathna
1194] infhaebracha, uair do múchadar na fola & na fuilt sin
1195] fearas forna cathaibh leath ar leath iad nach samalta
1196] co fhuighthí sa bith neach d'aithneóchadh aen díb seach
1197] a chéili muna tucadh aithne ara n-urrlabraibh. Ocus is
1198] imdha laech ac tuargain scéith Oisín & Oscuir, & an
1199] laech is lugha éigean {folio 9b 1} a fianaibh Éirenn, atá nónbar
1200] allmurach ac tuargain a scéith, & is imdha laech dhíbh
1201] fós ara fhuil caeca laech nó seasca nó ochtmhogha, &
1202] atáid cúic céd ac tuargain scéith Oisín & Oscuir & Chaílti
1203] & is mór an t-éigean a fhuilead seach chách.’


1204] ‘Éirigh-si chuca, a Ferghuis,’ ar Finn, ‘& tabhair treas
1205] adhmolta ar gach aen díbh-sin fo leith gumadh móidi a
1206] menma & a n-aigned leó hé.’ Téid iommorro Ferghus
1207] gusan maighin a raibhe Oisín & Oscur & maithi Clainni
1208] Baíscne a ceartmheadhón an chatha ac cirrbhadh na
1209] curadh & ac marbadh & ac mugadh na miled, & do ghabh


p.39


1210] Ferghus ann sin ac commaídheam na curadh & ac laídheadh
1211] na laechraidhe & ac greasacht na ngalghadh & ac adhmoladh
1212] na n-ánradh & ac maídem na míled & ac brostadh na
1213] mbuidhean & ac foráil an anta & ac teannadh an tairisim
1214] & ac aslach na hinnsaighi co tabradh-san iommorro tuilled
1215] meanman & aigeanta dá gach énfhear d'fianaibh Érenn
1216] gérbo sainnt & gérbo dúthracht leó féin calma do dénamh
1217] roime sin. Ocus táinic Fergus arís mar a raibe Finn.


1218]

‘Cia anois is fearr isin chath?’ ar Finn re Ferghus
1219] Fínbhél. ‘Dar mo chubhais ní cara duit-si an tí is fearr
1220] ann,’ ar Fergus, ‘.i. rí an domhain .i. Dáire Donn mac
1221] Loiscinn Lomghlúinigh, & táinic ana ruathar roreatha
1222] amhail luas ainnli nó feirbi nó iarainne, nó mar sidhi
1223] gaíthi géiri glanuaire ac rochtain tar ceand machaire nó
1224] maighshléibhe dot iarraidh-si & dot iarmóracht trésan
1225] cath, & níor fhágaibh sé cúil nó cearnn nó aird nó oirchinn
1226] nó aireanach don cath gan iarraidh duit-si, & tángadar
1227] trí chaeca laech dá theaghlach do lucht chúlcoiméda
1228] leis isin chath, & do-conncadar dá fhianghaisceadhach
1229] dot fhéin-si iad .i. Cairell Cathbhuilleach & Aelchinn
1230] Cruachna, & do indsaigheadar rígh an domhain, uair nír
1231] áil leó a leigin chugad-sa gan fordergadh dóibh fén air, &
1232] do thuitedar lucht cúlcoiméda an rígh leó & nír deargadar
1233] a n-airm air fén & do thuitedar-san araen leisean & is mór
1234] an chathbhéimneach chatha atá air ar fhud an chatha
1235] ac rochtain chugad-sa.’


1236] Táinic iommorro rígh an domhain chuca faí sin & ní
1237] raibhe {folio 9b 2} a fharradh Fhinn ann sin acht Daelgus mac
1238] righ na Gréigi, & is ris aderthaí Arcallach na Tuaighi Duibhe
1239] .i. is é cédduine tuc tuagh leathan ar tús a nÉrinn hé
1240] & is hí ba harm dó ann sin. ‘Tucas mo briathar,’ ar sé
1241] ‘nach ligfinn Finn romam a cath nó a comlann co brách.’
1242] Éirghis Arcallach & tig builli barbarrdha don leathantuaig


p.40


1243] bai 'na láimh don rígh gur theasc an minn rígh co ráinic
1244] an folt, & ní tuc braen fola asa leathar uair do impóidh
1245] a bél aran tuaigh & tángadar caera teineadh fón fhaithche
1246] don builli sin. Ocus do-rad an rí béim dó-sum & do-rinne
1247] dhá chuit chudruma de.


1248] Is ann sin iommorro ráinic airdrí oirrdeirc uasalghnímhach
1249] teann tréntalchur tarcaisneach neartmar neimneach
1250] naimhdeamhail data díghainng dubhgusrúnach an domhain
1251] & an cing cabarthach clannlínmhar ceartbreathach flaitheamhail
1252] fíreólach Finn, & do-riachtadar an dana omna
1253] áigh sin & an dá beithir gan baeghlachadh & an dá
1254] mathgamain mórghlonnacha & an dá leoman luathfheargacha
1255] co háit na hirghaili. Ocus do-connairc rí an domain
1256] an cloidheamh nemhe arna nochtadh a láimh Fhinn & ro
1257] airigh an tshleigh nithghalaigh neimhe & an scian, & do
1258] athain na hairm neimhe dá raibhe a ndán dó féin bás
1259] d'fhagáil & ro lín uaman & imeacla uili hé & do-chuaidh a
1260] cruth & a caemhdénamh de & do meirbligheadar a meóir
1261] & do crithnaighedar a chosa & do saebadh a rosg & a
1262] radharc le faicsin na n-arm sin a láimh Fhinn. Ro
1263] nochtadar iommorro an dá chathmílidh a cloidhme altgorma
1264] iarannbláithi órcumdaighi & ro innsaigheadar a chéile co
1265] dianborb dlúthmar dásachtach & co mórbhuilleach
1266] malltroightheach merlaidir & co trénteann tulbhorb
1267] tinneasnach, & do-rinneadar na hairdríghi an irghail co
1268] hingantach, uair do beandaís tuirt & tromchaepa a taebhaibh
1269] & a torcasnach a chéili, & nír bec an ní ris ba samalta
1270] torannchleasa na deisi sin amail budh é sidhi gairbgreasach
1271] gaíthi na geamoidche arna roinn co ceart cudruma do
1272] thiucfadh anoir & aniar a n-airrcis a chéili, nó amail budh
1273] hí an Mhuir Romhair reachtaigeantach Ruadh ar ndénamh
1274] dá leath co lánceart di do bhánbhéim a ceann a chéili, nó


p.41


1275] amail do beitís dá laithi borbghnímacha bhrátha ac
1276] imchos- {folio 10a 1} nam an talman co tinneasnach re 'chéili.


1277] In té iommorro nár chleacht a créchtnugad riamh
1278] reimhe sin, do bás 'gá anmainniugad co mór sa comhrac
1279] .i . rí an domhain, uair nír fuiligheadh d'arm riam air
1280] coruigi sin. Do thógadar iommorro an dá cathmílid sin
1281] an dá láim ághmara aigméili a n-énfheacht leisna
1282] béimeannaibh co tarrla cloidheamh rígh an domhain a
1283] sciath Finn co ruc an trian uachtarach as & gur leadair an
1284] lúireach ó a cris sís & ruc leithead boisi míled d'fheóil &
1285] d'fhinnleathar a leisi leis co talmain. Tarrla iommorro
1286] cloidheamh Finn a n-oscail uachtarach scéith rígh an
1287] domhain gur scoilt an sciath & gur theasc cloidheamh an
1288] chathmhíled, & do bhean an builli cédna a cois chlí an
1289] rígh co ndeachaid tríthi co talmain, & do-rad an t-athbhéim
1290] dó gur scar an ceann & an caembhruinne re 'chéili. Ocus
1291] do thuit Finn féin a taisibh & a táimnéllaib & mórán do
1292] chneadhaibh & do créchtaibh & do cróshlighibh báis air.


1293] Is ann sin ro ghabhastair Finnachta Fiaclach .i. taíseach
1294] teaghlaich rígh an domain, an minn rígh & ro reathastair
1295] leis mar a raibhi Conmhael mac rígh an domain & gabhais
1296] minn a athar fá a cheann. ‘Cuma sén catha & comlanna
1297] imdha duit-si sin, a mic,’ ar Finnachta. Ocus tucadh
1298] airm rígh an domain dó & táinic ar fud an chatha d'iarraidh
1299] Fhinn & do thuit caeca ar céd laech leis don fhéin don
1300] ruathar sin. Do-connairc iommorro Goll Garbh mac rígh
1301] Alban hé & ro indsaigh hé, & ro fersad comrac. Fíchdha
1302] fergach fortamhail dlúthmar dána dofreastail iachtach
1303] urrlam osnamhach cneadhach crannruadh croidheamhail
1304] an comrac sin. Ráinic iommorro béim ó mac rígh Alban don
1305] mac sin rígh an domain fo sceimeal a scéith ana taebh
1306] clé co ndearrna dá chuit cudruma dhe.


p.42


1307] Do-connairc Finnachta Fiaclach sin & ruc sidhi arís
1308] arin minn rígh & beiris leis hé co hairm a raibe Ógarmach
1309] ingen rígh na Gréigi. ‘Gabh an minn rígh umad,’ ar sé,
1310] ‘a Ógarmach, uair atá a ndán don doman bean dá ghabháil
1311] & ní huaisli bean dá ngébha hé ná thusa.’ Ocus tucadh
1312] a gairm rígh gosaird. ‘Cá fearrde dam-sa sin,’ ar
1313] Ógarmach, ‘& nach maireann d'fhianaibh Éirenn ní ara
1314] ndígheólainn-si rígh an domain {folio 10a 2} do marbad.’ Ocus
1315] táinic d'iarmóracht Finn fón cath & do-connairc Ferghus
1316] Fínbhél hí & táinic co hairm a raibhi Finn. ‘A ríféinidh,’
1317] ar sé, ‘cuimnigh an cathugad maith do-rinnis re rígh
1318] an domain cotrásta & cuimnigh h'áithusa móra mince
1319] riam coruici so, & is mór an t-éigean atá anois cugad .i.
1320] Ógarmach ingen rígh na Gréigi.’


1321] Táinic iommorro an bhanghaiscedhach chuca faí sin.
1322] ‘A Fhinn,’ ar sí, ‘is olc an t-íc dham thú annsna ríghaibh
1323] & annsna tigerrnaibh do thuit leat & led muintir, & gidheadh,’
1324] ar sí, ‘ní fhuil agad-sa íc ann is mó ná thú féin & a maireann
1325] dod chlannmaicne.’ ‘Níba fír sin cheana,’ ar Finn, ‘&
1326] cuirfead do cheann-sa sa chosair cró a cumaidh cháich.’
1327] Ocus ro innsaig an dias sin a chéili amail dá leomun
1328] loinnmeara nó amail do eireóchaidís do múchad a chéile
1329] craebhthonna cladhanfaidh cuipgheala Clidhna & Tonn
1330] thaíbhleabar toirismeach Thuaighi & Tonn romar reachtaigeantach
1331] Rugraidhi, ba samalta sin risin cirrbadh &
1332] risan chomthuargain thuc an dís sin ara chéili. Ocus
1333] dob é imthúsa an comraic, gér fada baethcomhrac na
1334] bangaiscedhaighe, do-riacht béim ó Finn di gur theasc an
1335] minn rígh gurb é brollach na lúirighe do ghabh risan
1336] cloidheam, & tuc an dara béim gur scar an ceann & an


p.43


1337] cholann re 'chéili. Ocus do thuit féin isin chosair cró &
1338] ba marb hé asa aithli acht gé dho éirig arís.


1339] Do thuiteadar iommorro sluaigh an domhain & fiana
1340] Érenn leath ar leath ann sin, & ní raibhe 'na sheasam dona
1341] cathaibh ceachtarrdha acht Mac Crimhthainn na Cuan
1342] .i. dalta d'Fhinn, & taíseach teaghlaig rígh an domhain .i.
1343] Finnachta Fiaclach. Ocus táinic Finnachta Fiaclach fón
1344] ár & do bhi ag tógbháil chuirp rígh an domhain leis ana
1345] luing & adubairt: ‘A fhiana Érenn,’ ar sé ‘gidh olc do
1346] sluagaib an domain móir an cath sa, badh measa dhíbh-si
1347] hé, uair géabhad-sa an doman mór thoir & a bfos ó do
1348] thuiteabair-si leath ar leath.’ Do-chuala iommorro Finn
1349] sin & sé 'na luighi sa chosair cró & maithi Chlainde Baíscne
1350] ana timchell & adubairt: ‘Is truagh lium nach bás
1351] fuaras suil do cluinfinn an t-allmurach ac rád na mbriathar
1352] so & hé ac rochtain beó sa doman {folio 10b 1} mór arís d'innisin
1353] scéil, & ní fearrde lium gnímh ná écht ná áitheas dá nderrna
1354] mé féin ná énduine d'fianaibh Érenn & fer innisti scéil do
1355] dhul beó as dona hallmurchaib, & an fhuil énduine beó
1356] a comgar dhamh?’ ar sé. ‘Atáim-si,’ ar Ferghus Fínbhél.
1357] ‘Cia réim nó ruathar fuil aran cath anois?’ ar Finn.
1358] ‘Truagh sin, a Fhinn,’ ar Ferghus, ‘is briathar dam-sa
1359] ó do chumaiscedar na catha sa maidin aniubh ara chéile
1360] nach ruc allmurach ná Érennach céim ar cúl re 'roili nó
1361] gur thuiteadar uile bonn re bonn, & is cubhais dhamh,’
1362] ar Ferghus, ‘nach léir re feadh radhairce gráinne gainim
1363] ná feóir aran trácht sa thís le corpaibh curadh & cathmhíled
1364] ana fhaenluighi ann, & is briathar eili dhamh,’ ar sé, ‘nach
1365] fuil neach dona cathaib nach fhuil isin chosair cró sin
1366] acht madh taíseach teaghlaig rígh an domain & do dhalta-sa
1367] féin .i. Cael mac Crimthainn na Cuan.’ ‘Éirigh-si dá
1368] fhis, a Ferghuis,’ ar Finn.


p.44


1369] Téid Ferghus co hairm a raibhi Cael & do bhí 'gá fiarfaige
1370] dhe cinnus do bhí sé. ‘Truagh sin, a Ferghuis,’ ar Cael
1371] ‘is briathar dham dá mbeantá mo lúireach & mo chathbharr
1372] dím & m'éideadh uili, nach fhuil dúil dom dhúilib nach
1373] tuitfeadh ó 'chéili, & is cubhais dam gura doilghi lium
1374] an laech úd ad-cím ag dul beó dona hallmurchaib ná mé
1375] féin do beith mar atáim, & fágaim mo beannacht agad-sa,
1376] a Ferghuis,’ ar Cael, ‘& tógaibh leat ar do mhuin mé
1377] dochum na fairrgi co ndénainn snámh a ndeagaidh an
1378] allmuraig & ní bia a fhis aigi-sean nach neach dá muintir
1379] fén mé. Ocus táinic snáithi mo shaegail cheana & dobudh
1380] maith lium dá tuitedh an t-allmurach lium suil do scarfadh
1381] m'anam rem corp.’


1382] Tógbhais Fearghus leis dochum na fairrgi hé & ligis
1383] ar snám a ndeagaid an allmuraig hé. Anais an t- allmurach
1384] ris ar rochtain na luingi dó uair do shaíl gumadh dá muintir
1385] fén hé. Éirghis Cael iommorro ar gabalshnám láim risan
1386] luing. Sínis an t-allmurach a lámh chuigi. Gabhais Cael
1387] ar chael cruibh hí & dúnais na dóide daingeangreamacha
1388] doscaílti uime & tuc tarruing fherrdha fhírchalma air
1389] co ruc tar bord amach hé. Ro dhúnadar na laechlámha
1390] leadurthacha tar {folio 10b 2} corpaibh a chéili & rángadar
1391] araen grian & grinneall an ghlanmhara, & ní facus ceachtar
1392] díbh ó sin a leith.


1393] Is ann sin tángadar mná & bannála & aes ciúil & oirfididh
1394] & ealadna fhian Érenn d'iarmóracht & d'adhlacadh rígh &
1395] rofhlatha na féine & do breith gach aín budh inleighis
1396] díbh co háit a leighis. Ocus táinic Geilghéis ingen Mic
1397] Lugach .i. bean Chaíl mic Crimthainn na Cuan & do-clos
1398] fo oirear na críche uili na faídhedha fainne & na foscadha
1399] fírthruagha do lig gosaird ac iarraidh a caímhchéili a
1400] measc an áir. Ocus mar do bhí ann, do-connairc sí an


p.45


1401] chorr léna & a dhá hén & an fiadhach fochealgach risa
1402] n-abarthar an sinnach ar tí a hén, & an uair do fóbradh
1403] sisi én díb do teasargain, do beiriodh-san sithi aran én
1404] eili gur éigean don chuirr a síneadh eaturra araen & gur
1405] usa lé bás d'fhagáil & d'fulung ón confhiadh allaid náid
1406] na heóin do marbadh dó. Ocus tuc Geilghéis sin da húidh
1407] co mór & adubairt: ‘Nír ingnadh dam- sa,’ ar sí, ‘grádh
1408] dom chaemleannán ó atá an t-én becc isin airc úd uma
1409] hénaibh.’ Ro-chuala iommorro damh allaid ar Druim
1410] Ruighlenn ós cinn an chuain & do bhí ac caíneadh na
1411] heillti co dearmháir ón chnoc co 'chéili, uair do bádar
1412] naí mbliadna a fharradh a chéili & do luighdís a fidh
1413] do bhí re cois an chuain .i. Fidh Léis, & do marbad le Finn
1414] an eilid sin & do bhí an dam sin naí tráth dég gan fér gan
1415] uisce do blasacht ac caíneadh na heillti sin. ‘Ní guth
1416] dam-sa,’ ar Geilghéis, ‘bás d'fhagáil do cumaidh Chaíl
1417] ó atá an damh ac timdibhi a shaegail do chumhaidh na
1418] heillti.’


1419] Tarrla Ferghus Fínbhél di a measc an áir. ‘Scéla Caíl
1420] agad dam, a Fhearghuis?’ ar sí. ‘Atáid iommorro,’ ar
1421] Fearghus, ‘uair do báidh sé a chéile & taíseach teaghlaigh
1422] rígh an domhain .i. Fiannachta Fiaclach.’ ‘Beac an
1423] t-ingnadh dam-sa,’ ar sí, ‘Cael & Clanna Baíscne do
1424] chaíneadh uair is trén chaínid na heóin & na tonna iad.’
1425] Ocus do-rinne an laídh ann sin:

  1. 1426] 1] Géisidh cuan
    1427] 2] ardbhuinne ruadh Rinn Dá Bhárc,
    1428] 3] báthadh laích Lacha Dá Chonn
    1429] 4] is edh chaíneas tonn re trácht.

  2. p.46

  3. 1430] 5] Luinchidh corr
    1431] 6] a seisceann Droma Dá Trén,
    1432] 7] sisi 'gá buaidreadh do bhí,
    1433] 8] sinnach dhá lí ar tí a hén.
  4. 1434] 9] Truagh an tséis
    1435] 10] do-ní damhán Droma Léis,
    1436] 11] marb eilid Droma Síleann,
    1437] 12] géisidh dam díleann dá héis.
  5. 1438] {folio 11a 1}13] Truagh an fhaídh
    1439] 14] do-ní an smólach a nDruim Chaín,
    1440] 15] & ní neamhtruaighi an scol
    1441] 16] do-ní an lon a Leitir Laígh.
  6. 1442] 17] Is saeth lium
    1443] 18] bás an laích ro luigheadh lium,
    1444] 19] mac na mná ó Dhoiri Dá Dos
    1445] 20] beith anos is cros fá 'chinn.
  7. 1446] 21] Truagh an gháir
    1447] 22] do-ní tonn trágha re tráigh,
    1448] 23] ó adbath fer séghdha saer
    1449] 24] saeth lium Cael do dhul 'na dáil.
  8. 1450] 25] Truagh an tres
    1451] 26] do-ní an tonn sa tráigh si theas,
    1452] 27] misi ro tharrnig mo ré,
    1453] 28] misdide mo ghné, ro feas.
  9. 1454] 29] Ceatha troma
    1455] 30] do-níd tonna Thulcha Léis,
    1456] 31] misi nochan fuil mo maín
    1457] 32] ó ro maídh an scél ro géis.

  10. p.47

  11. 1458] 33] Marbh an ghéis
    1459] 34] dubhach a heóin dá héis,
    1460] 35] mór do-ní domenma dhamh
    1461] 36] an dogra ro ghabh an ghéis.
  12. 1462] 37] Ro báidheadh Cael mac Crimthain,
    1463] 38] nochan fuil m'inmhain dá éis,
    1464] 39] is mór triath do thuit le a láimh,
    1465] 40] a sciath a ló gháidh ro ghéis.

    Géisidh.


1466] Is ann sin do scar a hanam re' corp do Gheilghéis do
1467] chumaidh Chaíl mic Crimthainn, & do claidheadh a feart
1468] ós cinn Fhinntrágha & do tógbadh lia ósa luighe & ro
1469] feradh a cluithi caínteach ann sin.


1470] Conadh hé Cath Finntrágha conigi sin gan imarcaidh
1471] gan easbaidh.


1472]

Finit.


1473] Arna scríbadh d'Fhinnlaech Ó Cathasaidh do thSaidhb
1474] ingin Taidhg hí Mháille .i. saí mhná ar ghaís & ar eineach
1475] & gheanmnaigheacht et reliqua.