Corpus of Electronic Texts Edition
Lebor na hUidre (Author: [unknown])


2494] Scéla na esergi inso


2495] TABRAD cách dia airi co ticfa bráth is andside bias esergi dona
2496] hulib daínib tri erfuacra meic De. Isind ló sin .i. lló bratha
2497] cumscaigfider nem & talam & inna huli duli filet intib. túaslaicfiter &
2498] legfait ri tes tened brátha. acht cuirfiter na huli sin hi cruth bas aldiu &
2499] basocraindiu co mór andás in cruth i rrabatar iarna mbrunniud & iarna
2500] nglanad tria thenid mbrátha. Is and sin techtfas in teni sin lathi
2501] brátha bríg & nert cosmail don tenid inro faíte na tri meic oc Nabcodon.
2502] níro loise in tene sin na maccu náema. Ro loisc im na timthirthidi
2503] ecráibdecha batar imman sornd tened. Is amlaid sin loiscfes teni
2504] bruthmar brátha na huli pecthachu & na huli ecráibdechu. ni
2505] erchotigfi im do chorpaib na firen ar bíaid in teni sin amal bróen
2506] n-áilgen dona náemaib loscfid im na pecthachu.


2507] Doraga mac duni de nim insind lo sin .i. i lló bratha .i. Ísu Crist
2508] & artraigfid isind aeór i soilse & étrochta dermair amal gin. & linfaid
2509] in tsolsi sin in n-uli ndomon o turcbáil gni coa fuiniud. Atchluinfet
2510] and sin na huli daini filet i n-adnaicthib guth meic De. Combad guth
2511] corptha atberad Ísu sund do éstecht dona marbaib .i. guth ind
2512] árchaingil Michil doraga d'erfuacra na hesergi co coitchenn for in
2513] cinud ndóenda co n-epri friu fo tri .i. ergid uli a bas.{folio 34b} l^ is guth
2514] nemchorpda atbeir Ísu sund d'estecht dona marbaib .i. forcongra
2515] spirtalda & cumachta diasneti in Chomded nad chumaing nach nduil do
2516] imgabail. is triasin forcongra sin atresat na huli daíne a bás .i. do
2517] neoch ro sluic talam & atúatár bíasta. & ro báid usce & ro loisc tene &
2518] dano ro túaslaicthe for aicned na ndul dia ndernta. Atreset sin uli a
2519] bás la brafad n-oenúaire & gebaid cách díb a anmain féin i n-oentaid
2520] a chuirp dilis & fedligfit iar tain mbetaid tria bithu.


2521] Is and sin faídfed in Comdiu a techtaire úasli .i. na aingliu nóema
2522] fón n-uli ndomon & tinolfait na huli fírenu a cetri ardaib in talman. &
2523] nos berat leó hi comdáil Crist isin n-aer. Tinolfit im na demna leó
2524] na hule pecdachu & na hule ecráibdechu. Beti and sin na huli sin for
2525] aird i fíadnaisi in Chomded ocond fugiull .i. aingil & demna & daini & .i.
2526] eter phecthacaib & fírenu.


2527] Cestnaigthir dano cia hinad árithe asa mbia eisérge cach duine. asa


p.83


2528] n-adnaicthib ém co demin. iar ndesmirecht sin chuirp in Chomded
2529] atraracht asa adnacul fessin. Ind airend im ro tomlithea o bíastaib &
2530] ro scailte i n-inadaib ecsamlaib atreset sin iar comarli in Chomded nos
2531] tinolfa & nos athnuigfe asind inud bas áil dó. Araídi iss ed as dochu and
2532] comba hand atresat airm inro tomlithe & inro esrete. at iss ed sin
2533] armither ar adnacul dóib. Cestnaigthir dano i mbia esergi dona
2534] toglúasachtaib & dona toratraib dóennaib. Is e a frecra sin co mbia
2535] co demin esérgi thall i mbethaib do hulib ro thechtsat hi fos bás iar
2536] mbethaid. Má ro thechtsat didiu na togluasachta bás iar mbethaid cid i
2537] mbroind a máthár is demin co mbia esergi dóib thall. & co techtfat
2538] bethaid iarsin básin. Manip cumtabairt didiu amlaid sin esérgi dona
2539] toglúasachtaib is lugu co mor as chumtabairt esergi dona náedenaib &
2540] dona torothraib.


2541] Cestnaigthir dí uair atresat na huli daíni a bás cía háes l^ cia delb i
2542] mbia esérgi dóib. ocus tráchtaid in t-apstal in cesta sin co n-abair.
2543] Atresat na huli daíni a bás ar in t-apstal iar cosmailius áesi & delbi
2544] Crist. Tri bliadna trichat im ropsat slána do Christ & is i cosmailius na
2545] haisi sin atrachtsom a bás. I n-aís dano Crist atbeir in t-apstal inna huli
2546] daíne do eserge & ní inna méit .i. ni commétius a chuirp ar ni hairchend
2547] combat commeti ule cuirp na esergi. Fedligfid im Crist do
2548] gs cen tulled cen dígbáil isin delb & isin méit inro arthraig dia
2549] apstalaib iar n-esergi. & is airi sin cid i n-óenaís atresat inna huli
2550] doíni .i. i n-aís trichtaigi. araidi techtfait méit n-écsamail & méit
2551] n-ecutrumma ina corpaib iar cosmailius & iar n-aicniud na n-amser &
2552] na ferand irro genatár. Aní didiu testá do chomlanius a cuirp forna
2553] toglúasachtaib & arna nóedenaib becaib & ar arailib torothraib derólib
2554] na techtat a méit ndlechtaig & ara n-esbat araile baill a cuirp. comslanaigfid
2555] {folio 35a} in Comdiu sin uli thall isind esergi conna heseba nách ni
2556] fortho do rudilse a ndelbe nach a n-aicnid dílis. úair ni techtaidsium
2557] intib féin sin iar ndligud nemaicsidi & inclithi a n-aicnid céin coro
2558] techtsat iar n-adbar nach íar méit chorpdai.


2559] Ind forcraid im fil for aicniud isna corpaib roremraib. & dano isna
2560] hulib torothraib techtait méit n-anmesarda digébthair ind forcraid sin
2561] forro thall isind esérgi. & fedligfid iar sin i meit dlechtanaig & i méit
2562] mesardai a folaid & a n-aicnid dilis. Na torothair dano techtaid da
2563] chorp i n-óenaccomol deligfitir sin tall isind eséirgi & gébaid cách dib
2564] fo leith a chorp ndiles amal demniges Iob sin ic tairchetul inna libur
2565] in tan atbeir na huli daini do esérgi ina corpaib dilsib.


2566] Is tomtiu im icond eclais co techtfat cuirp na martíri nóem intib


p.84


2567] iar n-esergi fulliuchta na créth forodmotár ar Crist cen esbaid cen
2568] dígbáil deílbe no socraidechta forthu do falsigud a mbuada & a
2569] coscair. & dano do falsigud na focraici móri dlegait ón Chomdid
2570] ara mmartra. iar ndesmirecht sin chuirp in Chomded techtas and iar
2571] n-esergi fulliuchta na crécht forodaim ó Iudib do folsigud a umalloti
2572] forbthi dond athair nemda. & dano do thuilliud phene & todernama
2573] dona hIudaidib o ro fodaimsium na crechta sin.


2574] Cestnaigthir dano do forcraid na foltni & na n-ingen cía ord bias
2575] forru isind esérgi. Érnid Augustin in fer naem in cesta sin & is i a
2576] thomtiu forcraid na foltni & na n-ingen connách intib féin nammá
2577] comthoíther tháll isind esergi acht i n-aicned in chuirp hi coitchinni.
2578] úair ni de fat na foltni .i. dia forcraid. acht día n-árim nammá cumniges
2579] Ísu isin toscélu in tan aithnes aní seo día apstalaib co n-abbair.
2580] Foltni for cindsi ar Isu fria apstalu atát i n-árim chinti & in n-aichnius
2581] demin icon Chomdid. & mértait ule duibse aci thall isind esergi.


2582] l^ dano maso intib fein nammá comthothir forcraid na foltni & na
2583] n-ingen amal is chetfaid do fairind ar iss ed as chosmail forcraid cech
2584] baill do thinól & do thimarcain ind féin corop isin bul sa fein fogaba
2585] cip ed do phéin l^ do fochraic dliges tria chomchétfaid & comopred in
2586] baill sin.


2587] Is ed as chretithe co ndluthfa & co timaircfea thall in Comdiu isind
2588] esergi tria elathain diasneti ind ecnai díadai curpu talnidi na ndóeni
2589] i semi & i fáelli ind folaid nemtrualnidi & a n-aicnid spirtállai. iarna
2590] terbud & iarna ndeligud o cech elniud. iar ndesmirecht sin & intsamail
2591] inna tinni dogníter do dlúthad & timarcain tria eladain ind ecnai
2592] dóennai i sémi & i foilli a cuirp dilis iar ndícur cech él{folio 35b}niuda & cech
2593] slaidrid úadib.


2594] l^ dano is tomtiu and co cruthaigfea in Comdiu andall curpu na
2595] esergi dind adbur toltanaigfes dó cip é méit l^ laget i mbé in t-adbar
2596] sin .i. do neoch ro thirúarthestar din churp doenna isin duine ar cind
2597] báis. amal chumtaiges innossa inna curpu móra dena sílaib dereolaib.
2598] & dano amal ro chumtaig thall i céttustin na ndúl na curpu dermara
2599] den dligud nemaicside & den dligud nemchorptha ro techtsat co
2600] hinchlithe intib na dúli diaro tusmidea na curp sin. Ar isochma do
2601] Día coro cumtaige cen adbar l^ de adbar deróil cech n-admat l^ cech
2602] n-aicde bes áil dó. & combad aire sin atberad in t-augtar naro taithmen
2603] Ísu do forcraid na foltne & na n-ingen l^ nach baill archena & isochma
2604] do Dia coro athnuige i comlanius a ndelbe & a n-aicnid dílis cen in


p.85


2605] forcraid sin do thinól doridisi isin churp. acht araidi is dolig nach
2606] mball isin churp l^ nach rand de do sechmall on phein & on dammain
2607] dliges tria chomchetfaid n-imarbais. l^ ond fochraic dliges tria chomchetfaid
2608] degníma. Conid ed is dóig didiu as chreti and comlanius in
2609] chuirp dóennai ule do athnugud isind esergi. co fagba ind anim i
2610] n-oentaid fón innasin cep ed dliges di phéin l^ di focraic ara
2611] ndegariltib l^ ara ndrochariltib. Ar fomtin didiu & ar imgabáil remlatrad
2612] .i. demnigthe aneich na dlegar do demnigud acht is coir do bith i
2613] cumtabairt ata in brechtrad tomten sa. Uair cidat demni & cidat falsi
2614] araile di ruinib na esergi ar is todochaide n-airchend ind esergi fein
2615] iar forcetul ind apstail & na screptra archena. araide atát ruini díb
2616] indemni & anfalsi. conid trebairiu & conid trebairiu & conid ecnaidiu a mbith i ndóchus
2617] & i tomtin andás i ndemnigud tria slatrataid.


2618] Atresat tra na huli daíni thall i ndeilb & i n-ecosc ecsamail .i. na fir
2619] i n-ecosc ferda & na mná i n-ecosc banda. Úair airm i n-apair in
2620] t-apstal na ule dóeni do esergi i fer forbthe. ainm fir dorat and sin for
2621] in duine coitchenn eter firu & mná. Uair dígebthair thall a lochta & a
2622] n-anmi ara corpaib na ndáeni. Cométfaidir im intib rudilse a ndelbe
2623] & a n-ecosca dílis. ní thechtfat dano cuirp na esergi intib elscoth l^
2624] accobor nó nách nduálaig archena. & is aire sin dano ni bí nach
2625] n-imnáire dóib cid lomnochta beti .i. cena fortugi etir o étuch.


2626] Hi corpaib dlútaib dano & i corpaib tiugaidib bias esergi na ndóeni
2627] & ní i corpaib sémib & rofollib mar aer l^ gaíth. amal ropo chetfaid sin
2628] dond eritecdu do Eotaic doruménair curpu na esergi comtis semiu &
2629] comtis fóiliu indás aér l^ gáeth. Ro forúaslig im Grigoir{folio 36a} náem in
2630] cétfaid sin & ros fathgé.


2631] Cestnaigthir didiu úair is in corpaib dlúthib & tiugaidib atresat na
2632] dóeni cid ar n-apair in t-apstal spirtalda díb. Combad aire atberad
2633] ara chuibde & ara chosmaili intib féin iar ndligud imfrecrai cach baill
2634] díaraile. & dana ara n-áille & ara socraide. ara soilse & ara n-etrochta.
2635] ár taitnébtaít na naím thall amal gin isind flaith nemda. l^ is aire
2636] atbeir in t-apstal spirtaldai díb ara cuibde & ara n-óentadchi thall do
2637] spirut inna hanma amal is óentadach innossa spirut na hanma dóibsium.
2638] Úair bid óentadach thall co mór eter in corp & in n-anmain &
2639] bid inund comarli fora mbiat. úair ní bia nach frithbert nó nach
2640] n-imresain tall o neoch díb diaraili .i. ón churp dond anmain l^ ónd
2641] anmain don churp. l^ dano spirtallai do rád díb úair fedligfid tall tria


p.86


2642] bithu isna sostaib spirtállaib eter aingliu Dé for nim. l^ dano spirdaltai
2643] do rád díb dond apstal ón mud sa. uair cumscaigfiter thall asin tróge &
2644] asin trúalniud & asin docraidecht i failet i nglóir & i n-etrochta. i solse
2645] & i socraidecht in bethad nemtrualnide & in bethad nemmarbdai i
2646] fedligfet do gs. & araide niba inund socraidecht do chorpaib na
2647] naem uli thall úair nach inund cid fochraic. Acht amal is écsamail
2648] etrochta gni & écsa & etrochta rétland. & dano cacha retlainde riaraili
2649] is amlaid sin bas ecsamail fochraic na firen íar n-esérgi. & is airi
2650] sin techtfaitsom sosta écsamla i nnim ara n-áriltib écsamlaib. Araídi
2651] ní bia format neich díbsium friaraile. ar ita do mét dethiten & gráda
2652] cáich dibsium feib oc araili. iar nedesmirecht sin ind óenchuirp
2653] techtas and bullu écsamla & bullu ata úasliu araile & araide ní bí
2654] format neich díbside ria cheli. & dano a n-aill and úair ni chesend nech
2655] dibsom fora focraic fein ar is e Dia a óenur bas cosmailius cech
2656] mathiusa tall dona hulib noemaib & fírenaib. Cid ecsamail didiu focraic
2657] na firén. araíde is óenfochraic techtaitsium oraile mud .i. ind fechtnaige
2658] & ind fáelti chomlan fil dóib i nDia. & dano ar is inund frisintí
2659] fil isind fochraic as inísliu & no beth fein isind ochraic as uasliu intí
2660] as chominmain lais fris féin do bith isind focraic sin.


2661] Dobéra im cach duine thall aich for araile iar n-esergi. Acht
2662] araide ni bia dethitiu neich díb thall for araile iar ndligud chardessa l^
2663] chondalbais acht óentadaigfit ule do fugiull fírán in Chomded ernifes
2664] do chách amal dlé.


2665] Dofucfa dano cách thall na mbia fo menmain a chéli cena falsigud
2666] o briathraib nó o chomarthaib ailib & tucfait o teorfégad spirtalla a
2667] mmenman na réta ata écnairce dóib & ata etercíana úadíb iar
2668] ndes{folio 36b}mirecht sin ind fátha noím Elesi ro thuc tria spirut fastine ana
2669] ndernai a descipul Gezi ina ecmais & sé i n-etercéni úad. lóg ón do
2670] gabáil o Némán Sireta ara íc don claime. Uair cia rét fil i n-anfis
2671] ocond fairind dofucad in Comdid oc nách fil nách n-anfis.


2672] Ni dingnet im na fireóin nách monor aile thall acht aní dorairngert
2673] in fáith Dauid co n-érbairt. Mongenair don fairind attrebait itegdaisiu
2674] a Chomdiu not molfat & not adamraigfet do gs triasna saeglaib
2675] suthainib. Ni ó briathraib im l^ ó gothaib corpdaib sechtair dogénat
2676] na noím in molad sa for Dia. acht o theorfegad spirtalla & o scrutan
2677] inmedonach a ndligid & a n-intliuchta.


2678] Atreset dano na huli ecraibdig i n-óge & i comlaintius a corp cen
2679] dígbáil & cen esbaid nach mbaill forthu. Acht araide is amlaid beti
2680] na curp sin co tórtrommad & co n-emiltius co ndodelbi & co ndocraite
2681] dermáir ina comaitecht. Ní thatnéba dano i n-anmannaib na


p.87


2682] n-ecráibdech dliged intliuchta ná tucsen solsi ecnai l^ eólais. acht
2683] beti fó brón & torsi co temel dorchaide a n-aneólais & a n-anecnai ar
2684] medon. Duba dano uli sechtair o churp. mairg iarom for in t-ecnaid
2685] dond fairind filet oc ernaidi na esergi sin. ar ní lugu as ainm dond
2686] esergi sin tathchor a bás i mbás do fedligud i mbás. andás tadchor a
2687] bás i mbethaid do fedligud i mbethaid.


2688] Is é dano bás na hanma a hercha & a hélúd tria phecdaib &
2689] dualchib ón bethaid forordai .i. o Dia. Uair amal is é bethu in chuirp
2690] ind ainm. is amlaid is e bethu na hanma Día. & Amal is é bás in
2691] chuirp a dérge ond anmain. is amlaid sin is é bás na hanma a derge o
2692] Dia ara phecdaib & ara dualchib. Is and im atá esergi dond anmain
2693] in tan tathcures tria sualchib & degnimaib cosin Comdid. & ní hetar
2694] innas aile sin acht tria guth meic Dé .i. tria forcetul in Chomded do
2695] chomollad.


2696] Is cóir a fis co filet da esérgi and .i. cétesergi & esergi tanaisi. is i
2697] in cétesérgi .i. esergi na hanma ona pecdaib hi sualchaib tri athrigi do
2698] denam & ní fil acht dona fírenaib namma ind esérgi sin. Is í im ind
2699] esérgi tanaisi ind esergi bias i lló brátha dona ulib daínib a bás. & cid
2700] óen & cid inund in bás sin iar n-aicniud choitchiunn araide techtaid
2701] delba & gnei écsamla fair ar immad na terchor & na tecmong triasa
2702] fagaib cách and. Ind esergi coitchenn tra bias tall i llo brátha ni
2703] hinund & ind esergi dianid ainm isind augtartas prestrigia .i. esergi
2704] fuathaigthi amal in pitóndacht. l^ ni inund & ind esergi dianid ainm
2705] reuolutio .i. tathchor na hanma i corpaib ecsamlaib iar ndesmirecht
2706] na tathcorthe. l^ ind esergi dianid ainm metaformatio .i. tarmchrutad
2707] iar ndesmirecht na conricht. l^ ni inund & ind esergi díanid ainm
2708] subductio .i. fothudchestu .i. amal bíte lucht ind remeca. l^ ind esergi
2709] dianid ainm suscitatio .i. toduscud marb tria mírbail. iar ndesmirecht
2710] Lazáir.

{folio 37a}


2711] Iss ed so dano bias and atrésat na hule daini thall isind esergi
2712] choitchinn i n-aís trichtaigi ina ndeilb & ina n-écosc díles co comnius
2713] a cuirp & a n-ule cetfaide. Co comlánius dano a foltne & a n-ingen &
2714] cech baill archena & congéba cách tria nert & cumachta in Chomded a
2715] anmain féin i n-óentaid a chuirp dílis. & fedligfit do gs isin bethaid
2716] suthain cen áes cen ercra. Ar is í sin co denim ind fíresergi is di
2717] ainm isin scriptuir esergi tanaisi. i condiulg na cetesergi .i. na esergi
2718] bís tria athrigi.


2719] Cip é im na crete co forbthe & co comlan esergi in ciniuda dóennai
2720] fon n-innas sa sechmalfaid tall on tslanti suthain tarngirther dona
2721] naemaib & dona fírénaib fora n-iris. Acht a duine for in t-ecnaid
2722] máso dodaing lat coro chrete in mírbail sea na esergi. fég lat gníma


p.88


2723] aile in Chomded & cidat gnáthchiu side ní lugu ata mirbaile. Fég ém
2724] lethet ind nimi & a farsingi. méit in talman. abís in mara timchellas in
2725] talmain sin do cech aird & na hule filet indib. Feg dano angliu
2726] nime. Fég ém na duli sin & na dule archena co ndernta do nemní
2727] tría nert & cumachta in Chomded. Ar is lugu co mor di mírbail nách
2728] n-aicde do dénam innossa do adbar tria bréthir nDé andát na hule
2729] dule do denam thall ar thus di nemni triasin mbrethir sin. Ar is inund
2730] guth Dé atberar sund innossa triasa mbia thall esergi dona ulib
2731] marbaib. & in briathar triasa nderna thall ar thús na huli duli de
2732] nemni. A duine íarom for in t-ecnaid demnig duit in mirbail sea inna
2733] esergi. na craind dermara. cuirp na ndaine & na n-anmanna archena
2734] genit & tusmitir dina silaib dereólaib. Turcbala dano na rind íar
2735] funiud. Athnugud dano na fér & na lubi & cech réta archena dia fil
2736] in forbairt & in beógud.


2737] Doraga tra ind úair i mbia esergi dona hulib marbaib tria erfuacra
2738] meic Dé. & Atreset and sin ind fairend dorónsat na mathi i n-eserge
2739] mbethad. ind fairend im dorónsat na hulcu i n-eserge ndigla & fugill. Is
2740] and sin arthraigfes in brethem díada isin delb sin inro mided fó brithemain
2741] dóennai. Is and sin midfedsom co firen forsna dóenib isin deilb
2742] in ro mided co hanfirén óna dóenib Is and sin dano arthraigfes brithem
2743] firén in ciniuda dóennai .i. in Comdiu Isu Crist isin deilb inad sochma
2744] do chách a fegad eter firenu & pectachu .i. i ndeilb a dóennachta. Is
2745] and sin dano ernifes focraice dona fírenaib & píana dona écraibdechaib.
2746] Úair ind faírend na techtat errannus innossa {folio 37b}isin chetna eserge .i. i
2747] nn-eserge na hanma atresat sin uli thall isind eserge choitchinn. &
2748] araide ni faigbet síth nó óentaid fechtaige l^ fáelti ocon Chomdid.
2749] acht láefitir úad i carcair n-aduathmair n-iffirnd. & fodémat and sin
2750] píana & todernama ecutrumma ara mmiaraltib écsamlaib. Ocus cid
2751] mór & cid adbol ind aisneis dobéra nech forin pein sin. is nemni sin i
2752] condiulg & i fegad na peni fessin amal atá.


2753] Ind fairend im atragat innosa tria Crist isin chetna esergi .i. ind
2754] esergi bís tria aithrigi. Atreset dano thall tria Christ i n-esergi in
2755] bethad suthain. & nos béra leis isin flaith suthain i frecnarcus ind
2756] Athar nemda tria bithu na mbetha. Is and sin fogébat na fíreóin
2757] focraic ndermáir ara sualchib & ara ndegnímaib .i. in Comdiu féin o
2758] fúaratár na suálchi sin & na degníma. Ar is é in Comdiu bas chomlantius
2759] cecha airir & cecha hairfite thall dond eclais. Is é dano
2760] atchichestár tria bithu ond eclais cen crích cen forcend. carfaider cen
2761] emiltius molfaider cen scís. Ar is e seo iar fír in bethu suthain
2762] tarngirther dona náemaib & dona firénaib iar n-esergi frecnarcus na
2763] nóemthrinoti úasli Athar & Meic & Spirta Naím


p.89