Corpus of Electronic Texts Edition
Lebor na hUidre (Author: [unknown])


2302] [H] Scéla laí brátha inso sis.


2303] DIA do bennachad na n-éstidi uli tabrad cach óen díb fó leith a
2304] menmain & a innithim co dícra fri scélaib laí brátha .i. amal
2305] ferfas in Comdiu fáelti frisna náemaib & frisna fírénaib do aittreb na
2306] flatha nemda. amal ferfas im anfáelt[gap: extent: 1 letter] frisna pecthachaib & frisna
2307] hanfírenaib oca n-innarba i n-iffernd. Isu Crist mac Dé bi slánicid
2308] ind ule domain in tres perso na deachta úasli as chomsuthain & as
2309] comfolbthaide dond athair & don spirut náem. iss e ro ráid na scéla sa
2310] gair bic ríana chésad do folsigud na tuarascbála bias do féin i lló
2311] brátha cona nóemaib & cona fírénaib. & do nertad a apstal & a
2312] descipul. {folio 32a} nachas ragbad torsi día chessadsom. ar rofitirsium coro
2313] chomacsig amser a chesta. Matha mac Alphín suí Ebraidi indara fer
2314] déc ro thog Ísu na muinterus in cethramad fer ro scríb in soscela
2315] comdeta iss é ro scrib & ro lesaig na scela so lathi bratha. mar rochúala
2316] a bélaib a mágistrech .i. Ísu co farcaib hi cumne cond eclais co
2317] n-ebairt fón n-innasa. In tan doraga mac Dé & duini i n-óenpersaind.
2318] co n-onóir & co míadamla. & a ule aingil malle fris. suidfid in tan sin
2319] fora chathair rígda & for sossad a míadamla. & tinolfiter and sin na
2320] huli daine na fíadnaisi & dogéna a ndeligud & a terbod iar tain.
2321] Ordaigfid ém a nóemu & a firénu dia deis. Ordaigfid im na pecdachu
2322] & na hanfírenu di chlé.


2323] Is and sin atbéra in rí dond fairind beti dia deis. Ticid a
2324] bennachtnachu selbaid flaith m'athar ro fuired dúib o thosuch domain.
2325] Úair ro ba i ngorta & doratsaid bíad dam. Ro bá i n-ítaid & doratsaid
2326] dig dam. Ro bá i rríchtain a les tigi aíged & doratsaid aigidecht dam.
2327] Ro bá cen etach & doratsaid etach dam. Ro bá i ngalur & tancabair
2328] dom torroma. Ro ba i cumriuch & tancaibair dom thúaslugud & dom
2329] fortacht.


2330] Is and sin doberat na fíreóin in frecra sa for in Comdid. a thigerna


p.78


2331] for iat cuin atchoncammárni thú i ngorta l^ i n-itaid & doratsam biad
2332] & dig dait. & Cuin atchonnarcmár i rríchtain a les tigi aíged l^ cen
2333] etach tú & doratsamar aígidecht & étach duit. l^ cuin atconcamar i
2334] ngalur l^ i cumriuch thú & táncamár dot fis scél & dot fuaslucud. Is é
2335] seo im frecra dobéra in Comdiu forsna fírénaib. Cach tan ar se
2336] dorónsaith maith arna bochtaib im anmumsa is foromsa dorónsaid. Is
2337] íat sin trá sé hernaili na trócairi o cennaigther ind flaith nemda. Is
2338] iat na sé dorsi glainidi triasa tic solsi in bethad suthain isind eclais.
2339] Is iat sin na sé cémend iarsa frescabat na naím & na fíreóin dochom
2340] nimi.


2341] Athbéra in Comdiu dano cid dond fairind beti día chlí in n-athesc
2342] n-acarb n-adúathmar sa .i. don lucht náro chomaill a thoil & a thimna.
2343] & is ed atbera fríu oca cur i n-iffern. scuchaid dím a mallachtnachu &
2344] ercid isin tenid suthain ro faíred do Díabul & dia drochmuintir. úair
2345] ro bá i ngorta & i n-ítaid & ni thardsaid bíad l^ dig dam. Ro bá i
2346] rrichtain a les tigi aíged & étaig & ni thárdsaid aígidecht l^ étach dam.
2347] Ro bá i ngalur & i cumriuch & ní thancabair dom fis scél l^ dom
2348] thúaslucud


2349] Is and sin dobérat na hecrabdig in frecra sa for in Comdid. A
2350] thigerna for siat cuin atconnarcmárni i ngorta. l^ i n-ítaid l^ i rríchtain
2351] a les tigi aíged. l^ cen étach. l^ i ngalur l^ i cumriuch. & na dernsamar
2352] timthirecht & umallóit duit. Is and sin dobéra in Comdiu frecra
2353] forrosom. Cach tan for se na dernsaid maith ar na bochtaib imm
2354] anmaimsea is foromsa na dernsaid. Is íat sin tra sé nechi airegda
2355] triasa n-insaigther iffernd. Sraínfitir tra iar sin na hanfíreóin hi péin
2356] iffirn & isin todernam suthain. Ragait im na naím & na fíreóin isin
2357] mbethaid suthain do aittreb nime malle fri Dia cona ainglib tria bithu
2358] sír. {folio 32b}


2359] Cesnaigthir isin scriptúir naím can asa targa in Comdiu do fugiull
2360] brátha. Ocus cinnas doraga ocus cid ara targa. De nim trá co
2361] denim doraga in Comdiu do fugiull brátha mar demniges in rígfaith
2362] Dauid mac Iese. Innas im doraga demnigid in fáith cétna & iss ed
2363] atbeir. Bid follus ar sé doraga in Comdiu dond fugiull & nibá
2364] toíthenach. Biaid dano tene mór ar lassad na fíadnaisi & ainbthiní
2365] dermár imme di cach leith. Is aire im doraga in Comdiu dond uugiull
2366] do mes for in ciniud ndoenna eter bíu & marbu. mar atbeir in rigfáith
2367] cétna. Tinolfaiter ar se muinter nime & talman hi fíadnaisi in Chomded
2368] i llo brátha. Is demin dano co ndingniter cethri budni don chinud
2369] dóenda i lló bratha. Buden ém dib dogentar do mes & ragait aithle a
2370] mmessa dochom péné & todérnama.Is friuside atbéra in Comdiu in
2371] n-aithesc n-adúathmar so oca n-innarba uad. Scuchaid dím a


p.78


2372] mallachtnachu isin tenid suthain ro faíred do Díabul & dia drochmuintir.
2373] Is iatside na comallat o gním in maith gellait o bélaib. Is é
2374] ainm na fairni sin isin scriptuir. mali non ualde .i. uilc nach adbulolc.


2375] Buden aile díb na dingentar do mes acht ragait fó chetóir cen
2376] mesrugud etir forro dochom n-iffrind. & píanfaitir iar sin tria bithu na
2377] mbetha cen trocaire Dé dia fortacht ár ní thabratsom smacht l^ recht l^
2378] ríagail ar denam a peccaid & a ndualach hi fus. acht cach olc as mó
2379] ro fétat do sárugud Dé & daíne iss ed dogniat. Is é ainm na budni sin.
2380] mali ualde .i. a n-as mesu don chinud dóenda


2381] Buden aile díb dognetar do mes & ragait a aithle a mmessa dochum
2382] focraice. Is iatside dogniat i fus aithrige ndichra tria chongain cride.
2383] & lesaigit a n-ulcu remtechtacha tria sualchib & caíngnímaib. & dano
2384] doberat almsana bíd & etaig dona bochtaib i n-onoir in Chomded. co
2385] ndíchletside na pecda doronsat ríam. connach cumnig in Comdiu dóib
2386] thall na hulcu dorónsat i fus. Is frisidi atbéra in Comdiu i llóbratha
2387] ica ngairm chuce dochum nime. Taít innossa a bennachtnachu do
2388] aitreib na flatha nemda. Is é dano ainm na budni sin isin scriptuir
2389] naím. boni non ualde .i. mathi nach adbolmaith.


2390] Buden aile im díb na dingentar do mes. acht ragait fo chetóir cen
2391] mesrugud etir dochum nimi. & focraici fororda. Is leoside nach leór di
2392] maith comallud na nn-erailend in scriptur díada forro do denam co tuillet
2393] triana sualchib & triana caindu
[gap: extent: 1 letter]
h
[gap: extent: 5 letters]
féin sin. & co ndénat ni as mó de
2394] maith andas a n-e
[gap: extent: 1 letter]
ailter
forro isna timnaib díadaib. Is dóibside d
[gap: extent: 3 letters]

2395] gellas & tairngires Isu in mórmaith seo n
[gap: extent: 5 letters]
nister
isin tsoscéla co
2396] n-ebre friu oca n-ascin o
[gap: extent: 9 letters]
chuce i mmórchomdáil laí brátha úair
2397] foracsabairsi (forom)sa ar Ísu cach maith ro boí ocaib isin tsáegul (&
2398] tan)cabair im muinterusa & im chomaitecht. taítsi innossa chu
[gap: extent: 3 letters]
co
2399] mbethi malle frim for díb rigsudib déc cen m
[gap: extent: 4 letters]
gud
foraib. is sibsi
2400] oc mes in chiniuda dóenna.[gap: missing folio/extent: uncertain]{folio 33a}
2401] do aitreb iffirnd tria bith sír. Ocus it é beti i scoraib & i llongphortaib
2402] Diabail. Ocus scérait fri airfitiud in domain deo ro charsat. Ocus
2403] fri gnúsib muintire nime. .i.na n-aingel & na nóem & na firen. ar
2404] mbith dóib míle bliadna i tenid bratha. ar is é sin ré lathi bratha mar
2405] innisit trachtaireda na canoni noími.


2406] Nibá sóinmech thrá a sét na pectach sin. ni faigbet dig na biad.
2407] acht sírgorta & roítu & rouacht. Is ed bertair iar sin do taig Diabail
2408] co fogur derchaínte co tromosnadaib sírrechtaidib. Bid trúag gáir &


p.80


2409] núall golfadach & éigmech. bron & basgaire. na túath pecdach and sin
2410] ica tarroing dochum pene iffirnd. Acht bid hísin in mallaithrige cen
2411] greim furri. ar ni chluinfider a ngudisium and sin. Úair naro
2412] foichlitar ar thus céin ro bátár hi fus hi comaitreib a corp & a
2413] n-anmand. Iadfaitir and sin tri glais na pecthach .i. iadad iffirn tria
2414] bith sír forru. & íadad a sul frisin ndomun dia tartsat grád & iadad na
2415] flatha nemda friu. Suidfit iar sin sudi nemthrócar for richessaib
2416] rothened ar bélaib ríg na claíni i nglind na pían airm i mbiat dóib
2417] todérnama tromma .i. bás cen betaid. tene dorcha. bethu brónach
2418] toirsech salach inglan. airm i mbiat ilchoin géra cicara. cróesmóra
2419] clúaslethna ingnecha crobgéra a ttóebaib. Ocus loscind géra garba
2420] oc imesorcain. Ocus nathracha nemnecha imlúatha im chuaird
2421] cathrach Díabail. Ocus leómain lonna letarthacha. Ocus ilar na
2422] ndubdlúm & na ndublúachat. airm i mbiat eóin etecha ingnecha
2423] ágmara iarnaide. Ocus brenlocha ainbthencha úara iffernaide. Tenti
2424] dorcha oc sírloscud. Lecca derca fo chossaib. Claidib ic cirriud.
2425] Cait ic scripad & ic dercad. Demna ic píanad. Créchta cen leges.
2426] Lassar cen díbdud. Gabáil for tengthaib. Tachtad ar brágtib.
2427] Búadred ar cennaib. Iachtad & gabáil ar gothaib. Glassad ar
2428] bonnaib. airm i mbia fri taíb cach uilc in pheist irdairc úathmar
2429] ilchennach co rubnib riches rúad. Ní dia tuarascbáil .i. cet muinel
2430] furri & cét cend for cach muineol. & coic .c. fiacal cach óenchind. cét
2431] lam furri. & c. mbas for cach láim. & c. n-ingen for cach bais. airm i
2432] mbethir cen chóemu cen cardiu i n-ítaid i n-acorus i rrouacht i
2433] rrothes. i n-esbaid cach mathiusa & hi comlaintius cach uile. i n-eontaid
2434] esóentad demna & muintiri iffirn. Bíaid dano and sin mairg & íachtad.
2435] gol & egmech. cnet & grechach. cach óenbeoil. & mallacht cen
2436] chumsanad ona pecthachaib fora n-apaid .i. for Díabul. ar iss ed
2437] dos{folio 33b}beirsium ic fulang phéne cach olc dorónsat triana aslachsom.
2438] Ocus mallacht dano úadsom fora manchaib imme .i. forsna pecdachaib
2439] ar is moti a píansom féin cach olc doronsatsom triana aslom forro oc
2440] aslach cach uilc.


2441] Is adúathmar im & is granna in carcar sin dorigni in Comdiu do
2442] Diabul cona demnaib .i. iffern. Is ísel tra & is domain a sudigud. ar
2443] cia no léicthe cloch mulind i mbélaib iffirn. ni mó indá hi cind míli
2444] bliadna rosesed a ichtur. Ude anma dano iar techt a curp fri ré
2445] trichat bliadna o úachtur coa íchtur. mar as chétfaid díarailib. Is
2446] daingen a himtimchell na carcrach sin. Is aigthech úamnach.
2447] gaibthech golfartach. Is dorcha dubgranna a chróes Is all do
2448] thimarcain cach anma phíantair. is bréo do loscud. israigell do
2449] esorgain. is fáebur do athchumma is adaig do erdallud. Is dethach do
2450] muchad. is croch do phíanad. Is claideb do dígail. is arm úathmar do
2451] guin & do letrad. is buriud pían. is rubne todernam. is bádud is plágud.


p.81


2452] israínud. is brúd. is linud. is tragud. is dód. is leód. is loscud.
2453] islucud. is ard. is isel. is roúar. is rothe. is cumung is farsiung. is
2454] mór bréni a brothgaile. Cid tra acht dia curta nech i secht n-áesaib.
2455] & co mbeth míle bliadna in cach aís díb ní mó andá óenmad rand
2456] fichet olc n-iffirnd no innisfed. Acht it íat sin chena prímthesmalta
2457] iffirn cona phíanaib. Ní mó chin for talmain cid árdrigi in domain o
2458] turcbáil co fuinud no beth acci. díambá hadba ind adba sin & día
2459] mbia i ccinniud aittreib na carcrach sin.


2460] Gairmebtair im co somíad. co n-onóir. co n-airmitin. na naím &
2461] na fíreóin ro chomailset timma in Chomded & a forcetul. isin bethaid
2462] suthain for deis Dé tria bith sír. .i. lucht na censa & na hálgini.
2463] na déirci & na trocairi. & cach caíngníma archena. Lucht ógi & athrigi
2464] & fedba irescha ar Dia. Is and sind bias tairm adbul & fogur dermar na
2465] n-anmand nglan ic céimnigud for deis a rrig & a tigernai issin flaith
2466] nemda i nggradaib ríg nimi & talman & iffirn. Airm i fil in tsoilsi
2467] doróisce cach soilsi. can tairthim. cen turbrúd. cen dorchataid.
2468] Bethu suthain cen bas. nuall faelti cen torsi. slanti cen galar. óetiu cen
2469] sentataid. síd cen debaid. sáime cen dóinmige. saire cen sáethar cen
2470] sním. cen ocorus bid l^ étaig l^ cotulta. naími cen ais cen ercra. Óentu
2471] Solusta aingel. airera parduis. fledugud cen túrbrúd eter noi ngradaib
2472] aingel & nóemthuath ríchid. & noemairechtaib in ríg roúasail. & eter
2473] náemtlachtaib spirtáldaib nimi. & étrochta gne. hi flaith aird úalail
2474] adamraigthi. chaim chóir chumtaigthi. móir mín milidi. sair sáim
2475] sorchaide. i mbrugib ríchid. {folio 34a} i sostaib aíbnib. hi cathaírib órdaib. i
2476] llepthaib glainidib hi sostaib argdidib. i sudigfider cach óenduine ara
2477] mmíad & ar dliged & ara sognim fodéin. Is diasneti im farsinge &
2478] lethet na flatha nemda. ar in t-én as luathiu lúamain for bith ni
2479] tháirsed dó tóichell ríchid o tossuch domain coa dered.


2480] Is adbul dano a suthaige & a solsi. a chaime & a chobsaide na
2481] cathrach sin. A sámi & a somilsi. a fostacht a logmaire. a rrédi a
2482] rruthnigthi. a glaine a grádmaire. a gile a ceólmaire. a naími a
2483] níamglaine. a haille a hailgine. a hardi a hetrocta. a hordan a
2484] hairmitiu. a lánsíd a lánóentu. ni túalaing trá nach ndúil in chétmad
2485] rand do tuarascbail mathiusa na cathrach sin d'innisin. Acht ammáin
2486] is ferr in becan sa díb d'innisin indá beith hi tast.


2487] Mogenair im bias co ndegarliud. & co ndegnimaib & berthair do
2488] aittreb na cathrach sin i llo brátha. ár bíaid tria bithu cen chrích cen
2489] forcend. i n-óentaid na hecailsi nemda & talmaide. I n-oentaid úasalathrach
2490] & fádi apstal & descipul Ísu Crist. nóem & nóemog in domain.
2491] aingel & árchaingel in Chomded. isin n-óentaid as uasliu cach
2492] n-óentaid. I nn-óentaid na nóemtrinoti úasli Athar & Meic & Spirta
2493] Naím.


p.82