Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)
Caibidil 1
Caibidil 1.
5215] Mar do hosgladh doras Mhainistreach
na Désheirce do Dhes., & mar do
labhair ris an ndóirseóir, .i. Grádh
Dé, ar mhórán do neithibh.
Do thionnsgain Desid. doras mhainistreach na
5220]
Désheirce do bhualadh go ciúin critheaglach, & ar
mbeith a bhfhad dó agá bhualadh ní fhuair aonduine
do oisgeóladh an doras dó ná do fhreigeóradh é.
A dubhairt an tShimplidheachd ris: A athair,
ná bíodh droichmheisneach ort. Buail gu láidir an
5225]
doras leis an dá bhaschrann sin, dá ngoirthear Osna
agas Deór, & ní héidir nách cluinfid thú, & gé gu mbeidís 'na ccodladh muisgeólae iad, & tiucfuid
d'osgladh an dorais, ór {MS page 252} mun bhudh áil leó na
daoine thig ann so do léigion asdeach, ní fhuighdís é
5230]
ar énchor.
Ba mór gairdeachas Des. trés an meisnigh thug
an tShimpl. dó, & do bhuail an doras ní as láidire
gu mór iná mar do rinne an chéaduair, ionnas gu
bhfacuidh chuige dóirseóir na mainisttreach dá
5235]
ngoirthí Grádh Dé, an té do bhí d'iarruidh, agas nír
aithin é.
A dubhairt an doirseóir: A athair, créud iarrae
ann so? Féadfuighe go bfhuil fearg oruibh tréna
fhad do congmhadh sibh tar éis an dorais do
5240]
bhualadh; ná bíodh fearg ort, ór as sé so as
gnáthughadh dhúinne, do dhearbhadh foighidne na
p.171
droinge thig chuguinn, & go háiridhe na ndaoine
ndíomsach fearguighthear muna osgalthar dhóibh a
ccéadóir, amhuil & do bheith riachtanas aguinne réna
5245]
seirbhís; ór ní léigthear astteach annso an drong
mheasas gurab fiú & gurab dióngmhála iad féin an
onóir sin d'fhagháil.
Ní díobh sin damhsa, a thighearna (ar Des.),
ór {MS page 253} gé gur fhuloingeas saothar ro-mhór & duadh
5250]
doiríomhtha san sligheidh, as deimhin leam nách
fiú énní mé muna háil libhsi, ar son bhar maithiosa
& bhar subháilche féin, mo léigean a stteach.
A dubhairt Grádh Dé: Cia iarrae annso?
Tánog anos as tigh na Humhlachta (ar Des.)
5255]
maille ris an ccuideachta do chíthí tré shlígheidh na
foighidni, d'iarruidh Ghrádha Dé , 'sa ghnáthchomhnaidhi a dubhradh riom do bheith annso.
A dubhairt Grádh Dé: An ttugubhair litreacha
ar bith libh annso, as a mbeith a dheimhin aguinn
5260]
gurab as tigh na Humhlachta tángabhair?
A dobhairt Des.: Atáid dá litir leam. Fuaras
litir dhíobh, dárab ainm Aithne an Duine Air Féin a
ttigh na Humhlachta, & as ar an slighidh do
sgríobhadh an litir oile, dár ab ainm Aithne Dé.
5265]
A dobhairt Grádh Dé: Taithnidh leam go
mór mar do rinneabhair bhar ngnoaighthe; gidheadh,
innis damh an measonn sibh, ar son na litreach sin
do bheith libh, an cóir dhúinni bhar ngabháil san
tígh-si?
5270]
Adobhairt Des.: A thighearna, adubhart ribh
ó thús gur {MS page 254} ab ar bhar ccumas féin & fá bhar
ngrásuibh amháin atá mo léigion astteach; ór ní
fheadar-sa an maith do sgríobhadh na litreacha thugas leam, nó nar thuigios iad, ar an n-ádhbhar
5275]
nách feadar (gé gu rabhadhas a ttigh na Humhlachta,
p.172
& gur thaisbénadar dhamh na sealluidhe & na
maighdeana atáid san mhainisttir, & a mbéusa uile)
nar dhíleaghas amhuil do dhligheas an toradh thugadar
dhamh dhá ithe, .i. Neamhdhóthchas a Duine Féin,
5280]
gé go bfhuaras blas maith air; & fós ní fheadar nar
choimhédas mé san tshlighidh a ttánog ó na neithibh
contrárdha thárla dhamh; & ar an ádhbhar-sin ní
bhiadh do chroidhe agam a rádh gu ndearna mé ní
maith ar bioth, & fios mo dhubháilciodh & mh'iomad
5285]
peacodh agam féin; maille ris sin ní fheadar nar
bheanas shochar as ar fhuilngeas san slighidh, ór as
minic do leagadh, do leónadh & do chréuchtnuighiodh
gu mór mé, gurab ar éigin tug mo chuideachta
leithbheó ann so mé.
5290]
Ar an n-ádhbhar sin a sí cúis as prionnsapáilte
as a n-iarraim-si Grádh Dé, mar a dubh{MS page 255}radh riom
gu bhfhuil 'na liaigh mhaith comhdomhuin & sin a
bfhoghluim gu n-aithnighionn gach easláinte dhá
seicréidighe dá mbí sna daoinibh. Gonadh aire sin
5295]
as mian leamsa an t-airdliaigh comhachtach-sin
aithnigheas easláinte mh'anma do ghuidhe fám anom
féin do ghlanadh & do shlánughadh.
A dubhairt Grádh Dé: Créud as a n-iarrae
do shlánughadh & do ghlanadh?
5300]
Ar an n-ádhbhar, ar Des., go ndubhradh
riom nách éidir lé hénduine dul a steach ann so
muna raibhe glan slán ó easláinte an anma, ór ní
héidir ar mhodh eile dul san dúthuigh neamhdha.
A dubhairt an doirseóir: ós amhluidh sin atá,
5305]
& go ccuire do dhóthchas uili ionnuinne, an ann sin
nó go labhra tú ré buachuil áiridhe, 'sa aithne 'sa
eólas as éigion duit do bheith agad ria tteacht a
stteach dhuit. {MS page 256}
p.173