Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)

Caibidil 20

Caibidil 20.

Do sheachdmhadh inghein Na Humhla, dárab ainm an Gheanmnuidheachd.

As mór an t-urgháirdiughadh inntinne thug
2995] seiseadh inghean na Humhla do Dhes., & iar cceiliobhradh dhi, téid a ccoimhideachd na banaodhuighe go sealla an seachtmhadh {MS page 143} hinghean don Umhla, dá ngoirthear an Gheanmnuidheacht. Fáil- tighis an mhaighdion sin ré Ndes., & do chuir 'na
3000] shuidhe é.

‘Guidhim thú, a mhaighdean,’ ar Des., ‘innis damh créd fá ngoire inghean na Humhla dhíot féin, ór go bhfios damh do budh córa dhuit inghean na Measurdhachda do ghairm dhíot, dárab díslidheacht
3005] srían do chur ris an ccoluinn dá congmháil ó ainmhianuibh, & mur sin ní haithnidh dhamh cionnas a taoi at inghin ag an Umhlachd, acht muna leisinghean (féadfaidhe) nó daltha dhi thú.’ ‘Tabhair dot aire,’ ar isi, ‘go bhfuil dá ghné
3010] don gheanranaidheacht ann ar a bhfuil a hainm. As é as feidhm & as oifige don chedghné, ar ccolann do chuibhreach & do smachtughadh, do chum nách cuirfeadh a fonn a neithibh truaillighthe salcha; & gé go bhfuil an ghné-sin don gheanmnaigheacht
3015] agamsa, ní lór leam sin gan an dara gné fós do bheith agam, lé ccuirim srian ris na mianoibh & ris na háilgheasoibh as gnáth don anom do bheith aige an uair do gheibh na neithe ina ccuireann dúil, & bhíos ag buain a shóláis aisdibh trés {MS page 144} na súilibh nó tréas
3020] an n-éisdeacht, trés an mblas nó trés an mboltanas, nó tréas an mothughadh, nó tréns an smuaineadh


p.100

amháin, nó tréas an meabhair; ór dá n-ana an t-anom dá dheóin féin a n-éanshólás díobh so a n-aghoidh ttola Dé, do ní drúis spioradáltha do chum
3025] a sháimhe féin d'fhagháil sna peacadhoibh sin do ní, gé nách beidís 'na bpeacodhoibh colnaighthe. & mar atá an ghné dhéigheanach-so don gheanmnoidheacht agam-sa ar mhodh ro-uasal, ní lór leam an t-anam do chongmháil ó na drochshólásoibh-si, acht
3030] ón tshólás dob éidir lais do bhuain go dlisdionach ceadoightheach as na crétúiribh créutúiribh amháin, gé nách biadh a n-aghoidh ttoile Dé, ar an n-ádhbhar go ccuireann so féin toirmeasg ar an n-anom fána shólás go huilighe iomlán do bheith a Ndia. & mar as
3035] d'airrgheanoibh na Humhla an chaoile & an tsheinge (ór ní háil lé cum fairsing do bheith aice líonta dá mheas féin, mar bhíos ag lucht an uabhair & an díomois, bhíos torrach óna ccion & óna meas orra féin), as uimi sin as inghean di meisi, mar sheargaim
3040] & mar ghear{MS page 145}raim antholo an chuirp & an anma uaim, gum chongmháil féin seang mar sin cosmhoil réum mháthair.’ ‘& cionnas choimhéadas tú do gheanmnoidheacht?’ ar Des.
3045] ‘Atá dias indiltiodh agom,’ ar isi, ‘choimhéadas mo gheanmnaidheacht, .i. Absttinéid & Náire; agas cuidighidh fós mh'ffeear pósda leam, dá ngoirthear Coimheud an Chroidhe, & atá buachoil aige dárab ainm Cumhdach na Ccédfadh.’
3050] ‘Iarroim d'athchuinghidh ort,’ ar Des., ‘taisbéin an buachail sin damh.’ ‘As toil leam sin,’ ar isi, & a dobhairt réna cailín, .i. an Náire, an buachail do ghairm.


p.101