Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)

Caibidil 16

Caibidil 16.

Do threas inghin na Humhla, da ngoirthear Aoibhinn Leam mo Tharcaisnioghadh


2140] Gabhais Des. a chead ag dara hinghin na Humhla, & téid gu sealla an treas inghean, darab ainm Aoibhinn Leam mo Tharcaisnioghadh. Fáiltighis an inghean sin roimhe, & tug ionad suidhe dhó 'na fochair féin.


2145] ‘Innis dhamh, a ógh,’ ar Des., ‘cionnas rod gein an Umhla, ór as éidir a smuaineadh gu madh ait lé duine tarcaisne dh'fhagháil suil do chich{MS page 102} siodh é féin ar n-a tharcaisnioghadh, gidheadh, an uair do chífiodh duine an masla nó an tarcaisne dá láthair,
2150] & é féin iar n-a mhaslughadh dá riribh, as iongnadh leam cionnas bhúdh éidir dhó lúthgháire dho bheith air tríd sin; & as uime so bhudh maith leam fios an neith nuaidhe-si d'fhagháil.’ ‘Inneosad-sa sin duit,’ ar an mhaighdean. ‘Do
2155] ghabh an Umhla 'na broinn, ag cur aithne & eóluis ar a fear pósda dhi, rún ro dhaingean gan cathughadh ná cur a n-aghaidh égcóra ná tharcuisne dá ndéanthaoi uirthe san saoghal-sa, & tig dhi as sin bheith doibh-risthe dochlaoithe, ionnas nách éidir lé hénní dár
2160] cruthaigheadh buaidh do bhreith uirthe. & ní hé sin amháin acht beirigh sisi bhuaidh ar gach n-énní dá ttairgionn a claoi, & geinthear ón bhuaidh sin mórán sóláis. & mar as ón tarcaisnioghadh, & ón bhuaidh sin bheireas ar an ttarcaisnioghadh, gheinthear
2165] a sólás, as uime sin as inghean don Umhla misi, ar a mbí an sólás cédna, & lerab aoibhinn mo tharcaisnioghadh.’


p.74

‘Cionnas as éidir dhi,’ ar Des., ‘bheith doibh-risthe dochlaoithe an uair nách cuirionn a n-aghaidh
2170] énneith?’ {MS page 103} ‘Inneósad-sa sin duit,’ ar an mhaighdion, ‘maille ré heisiomláir. An uair thairgios duine slat úr do dhiorghadh, ní bhrisionn í, mar fhilleas go hurasa lais; gidheadh, an uair bhíos cruaidh,
2175] láidir, daingion, & nách bí soifhillthe, bristhear ar an mball í. As amhlaidh so don dhuine dhlomsach, ór mar bhíos cruaidh, láidir, ag cur a n-aghaidh gach énneith bhíos contrárdha dhó, bristhear é a ccéadóir lé mífhoighidne; gidheadh, mar fhuilngios an Umhla
2180] a filleadh, ní bristhear í choidhche. & as dá fhoillsioghadh so do sgríobhadh an sgéul fábhaill ar an ndaruigh & ar an ngas ngiolcaighe, .i. gu raibhe an dair roi-reamhar ro-láidir, iar n-a fréamhughadh gu foirtill san thalamh, & a n-aimsir ghaoithe móire
2185] gur leagadh í & gur briseadh 'na bloghuibh beaga, & gur an an ghiolcach 'na seasamh. A dubhairt an dair ris an ngiolcaigh: ‘Créud do ainic thusa, & tú beag anbhfann, ar neart na gaoithe lér leagadh & lér bloghadh misi, do bhí ramhar láidir?’ Do fhreagair
2190] an gas giolcaighe: ‘Do bhí tusa, a dhair, ro uaibh-reach, & do shaoilis gu ttiocfadh lat {MS page 104} tréd chalmacht seasomh ré ní budh láidire iná thú féin, & níor aonthaighis dó ghabháil ós do chionn, & nír iongnadh mar sin gu leagfuidhe thú. Gidheadh, ní amháin
2195] don ghaoith láidir fhuilngim-si gabháil toram, acht dá gach gaoith dá laighiod, dom fhilleadh & dom chromadh féin roimpi; gonadh aire so nách déanann éanghaoth díoghbháil dhamh.’’ ‘Guidhim thú,’ ar Des., ‘a mhaighdean, ó
2200] thugais éolas do gheineamhna dhamh, innis damh do mhéin & do bhéusa.’

p.75

‘Inneósad,’ ar isi. ‘Bídh sólás mór oram agas lúthgháire an uair do gheibhim tarcaisne & easonóir, nó do níthear égcóir oram, t-áinthear mé nó do
2205] gheibhim oil nó athais, & do uíthear fochaidmheadh fúm, ór as aoibhinn & as sáimh leam ar son Ndé gach uair dá ndéanthar so oram.’ Fá roi-iongnadh lé Des. an mhaighdean-sa & méad a subháilcheadh, & adobhairt ria: ‘Innis
2210] damh, a dheirbhshíur, cionnas bhúdh éidir dhamhsa leithéid na subháilche-sin agatsa d'fhagháil, ór atú conntrárdha don ní sin a deiri-si, ar an n-ádhbhar nách mothuighim mé féin {MS page 105} sólásach an uair tharcaisnighthear nó mhasluighthear mé, & ni hé sin amháin
2215] acht mothuighim mé-féin lán d'fheirg & do dhólás do bhuaidhreadh.’ ‘A sé ádhbhar fá a mbí mar sin,’ ar isi, ‘mar nách fuil urduil an dadoimh d'umhla ionnad; & as comhardha maith'an ní sin a cleire ar dho bheith
2220] lán dod ghrádh & dod mheas féin & líontha dh'uabhar. Gidheadh, ó do tharruing Dia do chum an thighe-si thú, múinfeamaoid duit bheith subháilceach, & an croiceann tuguis lat do chur dhíot, & bheith ad dhuine eile dár bhfágbháil; & uillmheócham thú dochum
2225] gumadh éidir lat labhairt ré Grádh Ndé, ór do bheith do thuras díomhaoin ar mhodh eile. Ar an n-ádhbhar so, madh áil leat mo shubháilce si do bheith agad, ní fuláir dhuit ó thús rao dheirbhshíur rér labhrais roimhe so, dar ab ainm Fonn mo Tharcaisnighthe, do
2230] chur ad chroidhe gu daingean, & smuaineadh meinic uirthe, & a rádh at inntinn mar so: ‘As áil & as mian leam ó so suas bheith iar nam tharcaisnioghadh & iar nam mhaslugliadh, aindligheadh d'fhulang, & bheith am fhuigheall fochaidmhidh &
2235] fanámhaid {MS page 106} ag cách, & fá mhímheas ag gach én

p.76

nduine.’ & dá raibh an fonn-so agad ad chroidhe, tiocfae lé hurnaighthe, lé díthcheall & le dúthracht do chum mo shubháilce-si do bheith agad; gidheadh, ní a n-éineacht acht a ndiaigh a chéile, ag cleachtadh
2240] gu meinic tarcaisne & aindligheadh d'fhulang, & gach neith eile bhías contrárdha dhuit. & gé gu moitheócha tú documhal ó thosach tré chontrárdhacht na cédfaigheachta, tiucfae leis an ccleachtadh & leis an ngnáthughadh dochum a chlaoithe fá dheireadh go
2245] hurasa, ionnas gu moitheócha tú féin sólás ort fád mhaslughadh. & bíodh a fhios agat gurab mór atá uait ar chomhéigniodhadh do dhéanamh ort féin dochum gu mbiadh fonn agat ad tharcaisnioghadh & at easonórughadh, ór as deimhin nách bí énduine
2250] umhal acht an tí bhíos ceart fíréan, & gibé ar nách bí fonn a tharcaisnighthe, a easonóruighthe, a mhas-luighthe, & fanámhuid do dheanamh faoi, nách bí fíréan nó ceart.’ ‘As iongnadh leam,’ ar Des., ‘an ní a deire,
2255] .i. nách bí enneach fíréan ná ceart acht an tí ar a mbí an fond {MS page 107} sin a deire. Cionnas as éidir sin? ór as beag do geabhthar géabhthar do dhaoinibh fíréanta nó ccarta mar sin, & dar leam ní maith résun na mbriathar soin a dubhartais.’
2260] ‘Cuirfeadsa a ccéill duít, duit’ ar isi, ‘maille réasún féin gurab fírinneach an ní a dubhart. As dearbh gibé ar bioth atá fírén nó ceart, gurab mian leis a cheart & a dhualgas féia do bheith ag gach aon, & gach ní as cóir dhó d'fhagháil ó dhligheadh; & muna
2265] dhligheann an duine d'fhagháil acht tarcaisne & masla, ainndligheadh & fanámhad, as ainbfhíréan, éicceart é muna raibh fonn air sin d'fhagháil.’ ‘Cionnas dhearbhas tú,’ ar Des., ‘nách dligheann an duine acht tarcaisne & easonóir?’
2270] ‘As urasa leam sin do dhearbhadh,’ ar isi. ‘As

p.77

follas gurab dual an mhaith do ghrádhughadh, d'iarraigh, do shanntughadh, d'onórughadh, do mheas & do mholadh; & dá uaisle & dá feabhas dá mbia, gurab móide dhlighthear so dhi. As follas mar an
2275] ccéadna a chontrárdha sin, .i. gurab cóir dhúinn fuath, gráin, & tarcaisne do bheith {MS page 108} aguinn ar an n-olc, & a inghreim, & a easonórughadh,
2280] & a iomcháineadh; & mar atá an uile pheacthach olc, as éigion gurab dual a tharcaisnioghadh & a easonó-rughadh, a neamhghrádhughadh, & fochaidmheadh do dhéanamh fáoi.’ ‘Dearbh dhamh an ní-sin,’ ar Des., ‘.i. gu bfhuil an uile dhuine olc.’ ‘As toil leam sin,’ ar isi. ‘Ní fhuil maith acht
2285] Dia amháin; ar an n-ádhbhar sin atá an duine uá féin gu holc.’ ‘Dar leam,’ ar Des., ‘ní maith dhearbhas tú fós gu bfhuil an uile dhuine olc.’ ‘As maith,’ ar isi, ‘agus dearbhaim mar so ní
2290] sa mhó an ní céadna. Atá Dia maith, & ní fhuil ní ar bioth nách fuil 'na Dhia, maith uaidhe féin, acht olc. Ar an n-ádhbhar sin atá an duine, nách fuil 'na Dhia, olc, & má tá sé olc, as dú dhó ó cheart neamhghrádh, tarcaisne, easonóir, & gráin d'fhagháil.’
2295] ‘Féuch,’ ar Des., ‘nach fuilim coisgthe lé arguimeintibh fós, lé ttairge a dhearbhadh nách fuil maith acht Dia amháin, & mar sin nách fuil éinní nách fuil 'na Dhia, maith; ór adeir an sgrioptúir naomhtha go {MS page 109} bhfacoidh Dia na huilc do rinne, & go
2300] rabhadar, ní amháin maith, acht ro-mhaith. & fós má tá Dia maith—mar atá gan amharas, uair asé féin an mhaith fhíre, & an árdmhaith uas gach maith—an uair as é as cúis don uile chréutúir, & do chruthoigh iad, as éigean go bhfuilid uile maith, ór

p.78


2305] as dual don ní do níthear bheith cosmhuil réna chúis, mar adeir an feallsamh; & má tá an uile ní dár chruthoigh Dia ro-mhaith, ní héidir nách fuil an duine, atá 'na chréatúir as uaisle dár chruthoigh do na créutúiribh corpardha, mur an ccéanna ro-mhaith;
2310] & má tá sé maith, do réir na loighice sin agatso, as éigion a admháil gurab cóir grádh, onóir, agas moladh do thabhairt dó, & meas maith do bheith air.’ ‘Ní háil leam,’ ar an mhaighdean, ‘dol a
2315] nduibheacán diospórachta riot, ór atá sin a n-aghaidh mh'umhla; gidheadh míueóchad duit na neithe adubhart, do chum go ttuigthea iad. Bíodh a fhios agat nách fuil maith acht Dia amháin, & go n-abair bél an Tighearna so san soisgél {MS page 110}
2320] naomhtha. Tairis sin, as amhlaidh as cóir so do thuigsin, nách fuil maith ag éinní uaidhe féin iná óna nádúir acht ag Dia amháin, 'sa dhísligheacht bheith maith uaidhe féin & ó nádúir; ór gé go bhfuil gach éinní dár chruthaigh Dia maith, má mheasmaoid
2325] iad do réir na nádúire thug Dia dhóibh, ní uatha féin, ná óna nádúir, atáid maith, acht ó Dhia do pháirtigh riú & tug dhóibh gach maith dhá bhfuil aca. Gidheadh, ní héanchuid dá mhaith nádúrtha neamhchruthaighthe neamhfhoircneadhoidh, as
2330] iononn is é féin, atá spioradálta go huilidhe & nách éidir do roinn, tug dhóibh, acht maith chruthaighthe chríochnuighthe chuimir do rinne as neimhthní, as ionann is iadsan; & ar an n-ádhbhar-soin, má mheasmaoid an mhaith-si atá sna créatúiribh, do
2335] chuir Dia ionnta, as dual grádh, onóir, & moladh do thabhairt dóibh. Gidheadh, as do Dhia théid so uile, & ní do na créatúiribh; & as ar an modh-sa as cóir dhúinn grádh do thabhairt dúinn féin & don uile

p.79

chréatúir, .i. an mhéid go bfhuilid maith ina subsdainnt,
2340] ina {MS page 111} nádúir, & ina mbeith, & ní fhuil ann so acht Dia do ghrádhughadh inntibh. Ná sanntuigheadh aoinneach, ar an n-ádhbhar sin, a mholadh ná a onórughadh ná a ghrádhughadh ar son aoinneith dá bhfuil aigei-uaidhe féin, acht ar son
2345] na maithiosa thug Dia dhó, agus gan an moladh sin nó an n-onóir d'iarruigh mar sin féin dó féin, acht do Dhia amháin, ór as mór an t-eideirdhealughadh atá idir a mbí ag duine ó Dhia & a mbí aige uaidhe féin. Do chéidneithibh, as ó Dhia atá aigi á bfhuil
2350] do mhaith nádúrtha & do thiodhlaicthibh aige; 'na dhiaigh sin as uaidhe atá aigi, sna neithibh mórálta, bheith 'na íomháigh bhéo ag Dia, & an mhaith & an tshubháilce do shanntughadh, & na deaghoibreacha da dhénamh. As uaidhe féin cheana atá aige na
2355] droichmhiana, & é féin do dhénamh léna dhroichbhésuibh éagcosmhuil ré Dia, & bheith dubháilceach lochtach, & an t-olc do shanntughaclh agas d'oibriughadh. As so thuigthear gu follas gurab é an t-olc atá ag an duine uaidhe féin, & as díslidheacht
2360] dó san {MS page 112} staid ina bfhuil d'éis pheacuidh Adhuimh. As dual dúinn mar so grádh do thabhairt don uile ní do chuir Dia san nduine, .i. don bheith, & don mhaith nádúrtha, & gan an duine do ghrádhughadh ar a shon féin acht ar son Ndé, & gráin & fuath do
2365] thabhairt do chuid an duine féin, .i. don locht, don pheacadh, & don dubháilce, ionnas gurab éidir linn onóir & míoonóir, cion & neimhchion, do thabhairt d'én nduine abháin ar mhodhuibh éxamhla. & ós éigion dá gach én nduine, dá naomhthacht & dá
2370] fheabhas dá mbiadh, a admháil nách fuil aige uaidhe féin acht an t-olc, as cóir dhó, dhá mhéad do thiodhlaicfeadh Dia dhó do shubháilcibh, do ghrásaibh,

p.80

& do dhearlaicthibh, gan fonn a mholta, a onóruighthe nó a ghrádhuighthe féin do bheith air, acht an
2375] moladh, an onóir, & an ghlóir do léigion uile ag Dia, as tobar & as cúis don uile mhaith, & ós aithnidh dhó gurab úaidhe uaidhe féin atá a chuid uilc & dubháilciodh aige, fonn a easonóruighthe, a mhaslaighthe, a tharcuisnighthe {MS page 113} & a cháinte do bheith air; & an
2380] uair thig do chum an fhuinn-se, as éidir dhó baramhail mhaith do bheith aige gu bfhuil féin fíréan, ceart. Agas an tan as cóir don duine mhaith, dhá naomhthacht agus dá ghloine dá mbiadh, fonn do bheith aige 'na mhaslughadh & 'na tharcaisnioghadh, nách
2385] búdh mór an égcóir don drochdhuine dhubháilceach, as airighe ar mhasla & ar mhíocháta, gan an fonn so do bheith air acht a chonntráir, .i. fonn a ghrádhuighthe, a onóruighthe, a mhoitha, & a mhóir-mheasa? Ná smuaineadh an drochdhuine gurab
2390] mór an ní do ní, gé gu mbeath an fonn-so air, & gu bfhuil d'fhiachaibh ar an nduine naomhtha a bheith air fhéin.’ Fá mór do thaitin lé Des. gach a ndobhairt an mhaighdean, & adobhairt ria: ‘Guidhim thú, múin
2395] damh na neithe as mó do bhéaradh cuidioghadh dhamh fán bhfonn naomhtha-sa d'fhagháil & do bheith oram.’ ‘Ag so an dá ní,’ ar ise, ‘as fearr chuige sin,— an cední, ionmhaine Dé an dara ní, fear pósda mo
2400] mháthar an Umhla. Fá ris so, má ghabhann tú an chomh{MS page 114}airle do bhéar-sa dhuit, búdh héidir lat mórán dod leas féin do dhénamh san thigh-si & mo shubháilce-si d'fhoghlaim go hurasa.’ ‘Do ghéan do chomhairle ’ ar Des., ‘ó chroidhe
2405] mhaith.’

p.81

‘Meas agat féin,’ ar ise, ‘& cuir ad chroidhe go daingean nách fuil námha nó easccara ar domhan as mó ag Grádh Dé (ar a bhfuil roi-chion agodsa) iná do cholann ainmhianach féin; ar an n-ádhbhar-sa
2410] gnáthuigh gacha maidne & gacha hoidhche labhairt rét anam mar so: ‘Faiciom, a mo anoim, cionnas bhéaras tú gráin a niogh don drochcoluinn-se, as easccara dot Thighearna & dot Chruthaightheoir mhilis, Iosa. Faiceam créd an fonn bhíos ort fána
2415] tarcaisnioghadh, fána heasonórughadh, fána maslughadh, & fána hinghreamughadh, lé fochuidmheadh, lé náire, lé himdheargodh, lé hiomcháineadh, & leis gach ndrochbhail eile.’ & iar tteacht na hoidhche abair an ní céanna: ‘Faicim, a mo anuim, cionnas
2420] fríoth thú a niogh ar ghráin do thabhairt dot choluinn, th'easccara féin agus do thighearna, & cionnas do bhí {MS page 115} fonn a heasonóruighthe, a tarcaisnighthe, & a masluighthe ort, & créad an díthchioll do rinne tú ar a smachtughadh & ar a hinghreim gan a coigill a
2425] ccúis ar bioth.’ & dá ccongmhae an cleachtadh-sa, a dhearbhráthair,’ ar an mhaighdean, ‘& gan a léigean as do chuimhne ná as do smuaineadh, búdh héidir lat teacht do chum mórán subháilcheadh & go céim n-árd san Umhla, & biaidh gráin agat ar do
2430] cholainn & ort féin, & búdh fonnmhar lat tarcaisne & easonóir d'fhagháil dí & an tan thairgfeas duine oile spreagadh nó masla do thabhairt duit, biaidh misi & mo shubháilche agat, ór búdh sólásach sáimh leat an mhasla sin d'fhagháil, & do bhéarae buidheachas
2435] do Dhia, ag rádh: ‘Beannughadh & moladh dhuit, a Thighearna, fhuilngeas an díoghaltus-sa do theacht ar námhaid mo Chruthaightheóra & mo Shlánaightheóra, Iosa Críosd.’’


p.82