Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)
Caibidil 10
Caibidil 10.
Leanaidh an comhrádh céadna , &
1195]
teagaisgidh mar chlaoieas sí Saint
na Súl & Uabhar Na Beathadh.
Agas as éigean, ar an Umhla, do chum na
maighdine ar ar labhramar gu roiche so do chlaoi
1200]
go huilidhe, maighdean eile as bean chumainn di do
chlaoi, .i. banphrócodóir mhainistreach an Diómais,
dá ngoirthear Saint na Súl, ór as mór an cuidioghadh
do bheir don chéadmhaighdin & congmhaigh neimhdhíomhaoineach
gu gnáthach í. Gidheadh, an uair
1205]
fá ttig an dara maighdion so asteach, claoiim-si í
mar chlaonm an ccéadmhaighdin, & a deirim ria:
'Féch gu bhfuilim am bheathadhach bhrúideamhail
nách sanntuighionn na neithe nách bí 'na fhiaghnuisi.
& nách iarrann fós do na neithibh-sin féin acht an
1210]
mhéid as riachtanas do chum a chongmhála suas, &
fós gurab cuma leis a mbeith maith nó saith, ór
ní iarrann biadha blasdha, & as cuma leis an {MS page 56} udhaim
chuirthear air do bheith sean nó nuaidhe, & ní iarrann
a mhainnséar do bheith breaghdha, ór ní beag leis a
1215]
fhagháil tirim. As amhlaidh sin damhsa, ór, ó do
rinne mé beathadhach brúideamhail díom féin ar
son Ngrádha Dé, ní iarrabh mhuirn dom churp acht
an mhuirn as dual do bheathadhach bhrúideamhail
d'fhagháil, & lú shainteóch mar sin acht amháin na
1220]
eithe as riachtanas damh dochum teachta a ttír,
& as cuma leam cionnas bheid sin féin.'
Tuilleadh eile, as gnáth don tí agá mbí beathadhach
brúideamhail, an uair do chí gu mbí airdcheannach
p.44
ag cor a chinn don taoibh-si 's don taoibh eile,
1225]
aghastar do chur ris dochum a chinn do chongmháil crom. As amhlaidh sin do chuir Grádh Dé aghastar riomsa (dá ngoirthear an Náire) dochum mo chinn do chongmháil crom, d'eagla gu bhfhéachfuinn d'éan-taoibh am thimchioll gu fonnmhar ar neithibh
1230]
díomhaoineacha; & a dubhairt Grádh Dé riom, an uair do chífinn ní breaghdha nó áluinn, labhairt ris am chroidhe ar an modh-so: Ní háil leam do ghrádhughadh ná dúil do {MS page 57} chur ionnad, & ní hé
amháin acht tarcaisnighim thú, & ní fhuil do mheas
1235]
agam ort acht gurab díomhaoineas & neimhthni thú, mar as eadh dáríribh, & ní fiú leam mo thoil do chur a bpríosúntacht & a modhsuine dod ghrádhughadh. As fearr leam príosúnach & banmhodh do dhéanamh dom thoil ag grádhughadh na hárdmhaitheasa úd an
1240]
óirchisde, na huaisle & na sgéimhe nách éidir do chlaochlughadh, .i. mh'Iosa roi-mhilis, lér ab maith mh'ionrahuine & mo ghrádh d'fhagháil. & ag so an modh ar a cclaoiim an dara maighdean.
Iar cclaoi, thrá, na deisi maighdean-so dhamh,
1245]
tig an treas maighdean do chomhrac riom, .i. banab mhainistreach an Díomais, darab ainm Uabhar na Beathadh, réar doiligh comhrac óna ceaigaidhe & ó mbí do chleasuibh & do mheangaibh innte. Tionnsgnaidh ar an modh so mo tharrang do chum tnúidh
1250]
& formaid, ór a deir riom: Dá mbeth mothughadh ionnad, do ghoillfeadh ort a olcas bhíd na huachtaráin lat, ór gé sine thusa a n-abíd ináid {MS page 58} na maighdeana
eile, as tú as measa ionad díobh, & as roi-fhearr an oifig fuair na maighdeana eile iná thú & nách tugae
1255]
dhot aire gurab éigion duit an teagh do sguabadh agas na miasa do nidhe, & gu madh aoibhne dhuit ionad mná friotháilmhe d'fhagháil a mainistir eile
p.45
iná bheith mar tá tú san thigh-si? Adeir fós
mórán eile riom & freagraim dhi mar so: Bíodh a
1260]
fhios agat nách chuige do fhágbhas an saoghal & do
ghlacas an n-aibíd, do chum bheith a ccumhachtaibh
ós chionn cháich eile, acht do chum bheith fá smacht
dhuine eile do chuideóchadh leam dul gu Flaithios
Ndé & ar an n-ádhbhar sin do ghéan an ní do chum
1265]
a ttánag & do gheallas, ór ní hé cunntas iarrfas Dia
oram cá líon do mhnáíbh riaghaltha rénar cuireadh
a n-oifig & a n-onóir mé, & cá líon díobh do bhí fam
smacht, acht cionnas do chomhailleas thoil mh'uachtarán
& do roighneas gu hurramach ar fhógradar
1270]
dhamh, & cionnas do mheasas am chroidhe gur lugha,
gur uirísle, & gur mídhiongmhála mé féin ináid mná
an thighe uile. Do ghéan mo dhíthcheall ar choimhlíonadh ris an n-oifig {MS page 59} a bfhuilim, & as ann sa chéim
nar chuir mo Thighearna mé as cóir dhamh anamhain.
1275]
Bíodh ar aire na muinntire sin eile coimhlíonadh ris
na céimeannaibh árda inar chuir Dia iad; saoilim-si
gurab innille & gurab dearbhtha an comhardha slánaighthe
sdaid umhal uirísiol iná sdaid onórach
árdchumhachtach, ór ní thuitionn ó sdaid na
1280]
humhlachta acht an dream lérab mían iad féin
d'árdughadh; & ní gearán as cóir dhamhsa do
dhéanamh ar Dhia acht a bhennughadh, & buidheachas
mór do thabhairt dó, & bheith lán do
ghairdeachas am inntinn mar do ainic mé ón ghuais
1285]
do chum a ttairrngionn an onóir & an oifig na daoine
laga neamhfhoirbhthe; & as uime sin a deir S.
Aibhisdín: Ní aithnighim fearg Dhé riom a n-énní
acht mar dho rinne uachtarán díom ós chionn cháich
eile. Ná bíodh iongnadh agad, a mhic, ar an
1290]
Umhla ré Des., fad an chomhraic bhíos eadram &
an mhaighdion-so, ór mar as sí as banab ar theagh
p.46
an Díomais, as éigean damh mórán gliocais gaisgidh
do sholáthar do chum buaidhe do bhreith uirthe,
nách áil leam d'aithris {MS page 60} anois d'eagla do thuirsighthe;
1295]
gidheadh, do bhéar énghliocas amháin goirid
genearáltha dhuit lé cclaoife tú gach éanrahaighdion
díobh so fá seach agas iad uile a n-éineacht.
Gach uair dá ttiocfaid dot ionnsoighidh iéna n-égnach, déana mar dho ním-si an tan tig Antoil
1300]
na Colna chugam ag casaoid ar a laghad do bheirim do bhiadh dhi, & gu mbí fuar droichdheasuighthe drochbhlasda, & gu mbí an deoch támáilte. Freagraim ar an modh so dhi: Nách faice, gibé ar bioth agá bhfhuil ní sa mhó iná thuilleas, nách cóir dhó bheith
1305]
casaoideach; & an uair a deirdís na naoimh bheann-aighthe riú féin maille ré fírinne nár fhiú iad drocharán dubh & uisge d'fhagháil, as ro-lugha iná sin as fiú misi d'fhagháil, atá am dhrochmhnaoi riaghaltha leisg neamhdhúthrachtaigh chaintigh chuartuighthigh
1310]
& dobhuidheachais ar Dhia; & gé nách airighe ar arán ná ar uisge féin mé, nách faice gu bfhuil arán & annlonn & deoch agam, agas cionnas do láimheóbh-ainn égcaoine do dhéanamh mar {MS page 61} sin & gu bhfhuil ní sa mhó agam iná thuillim? Do bheirim an
1315]
bhfreagra ccéadna-so ar an maighdin-sin an tan thairgios mo tharrong do chum gearáin & ithiomráidh ar mh'uachtaránaibh fá olcas mh'éaduigh.
A sí fós an fhreagra chéadna so do bherim ar an dara maighdin, .i. Saint na Súl, an uair iarras oram
1320]
na neithe do chím do shanntughadh; & a deirim riom féin dom neartughadh 'na haghaidh: 'O a thruagh! ní fíu thú ní ar dhomhan d'fhagháil, & nách fuilid leabhair agat lér éidir dhuit maith do dhénamh dá ttoguirtheá féin, .i. do phortús & do thrátha
1325]
Muire? & ni fhuil acht iomarcuidh & anbharr sna
p.47
neithibh-sin as mian leat d'iarroigh ar seilbh
riachtanuis, & atáid a n-aghaidh bhochtachta na
spioraide, & má tá nách bristhear mhóid na bochtachta
leó, laghduighid a luaighidheacht. Nách náir dho
1330]
bhocht Íosa Críost cuid don chineadh gheintlidhe
íodhaladharthach (.i. Seneca & mórán eile do na
feallsamhnaibh, ar a léaghthar iomad do neithibh
iongantacha fán neimhspéis do bhí aca san saoghal)
dhá shárughadh a mbochtacht & a ttarcaisnioghadh
1335]
an tshaoghail?'{MS page 62}
As ar an modh ccéadna sin fhreagroim an treas
maighdean, .i. Uabhar na Beathadh, an tráth thig
dom ghríosadh chum onóra, díghnite, clú, & oirdhearcais
shaoghaltha d'iarroigh, ór a deirim riom féin,
1335]
do thabhairt mheisnighe dhamh 'na haghoidh: 'A
thruagh, as mó atá dh'onóir agot iná as fíu thú, dá
madh eól duit féin a aithne; & nách minic do thuillis
bheith thíos a bpianoibh ifeirnn fá ré cloinn na
mallacht? Tabhair do t'aire, máseadh, méad na
1345]
honóra thug Dia dhuit dot fhulang beó ar an ttalamh
a measg na coda eile dá chréatúiribh, go ttug dhá
thigh féin tú & ina sheirbhís, do chum beith maille
réna chloinn & réna shearbhóntuighibh, & fós nár lór
leis (gé go rabhadhois roi-mhídhiongmhála do chum
1350]
bheith idir a chloinn) gan a sheómradóir féin do
dhénamh dhíot, & do bheith ag labhairt ris do ló &
d'oidhche, dhá mholadh & dhá bheandughadh, &
feidhm aingil do thabhairt duit ar an saoghal-sa, &
do thabhairt fó dheireadh 'na charadradh comhmór
1355]
& sin go suidhe ar a bhord & go n-ithe biadh {MS page 63} dá
mhéis; & créad mar sin fá ccuirfeá-sa fúmsa (a
mhaighdean mhailíseach atá lán d'uabhar) ní as mó
iná so dh'onóir d'iarraigh? Nó an go flaithios, san
áit as ar thuitis féin, budh mían leat mo thógbháil
p.48
1360]
lé huabhar, asa tteilgfidhe mé fá re t'athair, Lúisifer? Léig dhamh dot fhormod, ag iarruidh mo leagtha. Atá ní sa mhó go mór d'onóir agam iná as fíu mé, & as lór leam an céim & an sdaid inar chuir Dia mé, dá isle dá bfhuil.'
p.49