Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)
Caibidil 9
Caibidil 9.
950] Leanaigh don chomhrádh chéadna,
agus teaguisgidh cionnus chlaoítear Antoil na Colna.
Fá mór do thaitin lé Des. díslidheacht & ionmhuine
955]
na Humhla do Ghrádh Dé, & adubhairt: Do
b'fhearr leam, a mháthair, gu múinthea dhamh an modh áirithe ar a ccuire amach & ar a cclaoídhe na drochmhná sin atá a ccogadh riot.
Do budh maith leam, ar an Umhla, a mhic,
960]
do bheith múinte gu maith ria ndul as an tigh-si
dheit. Gidheadh, mar nách fuil eólas iomlán agam ar do mhéin, ní mhínighim na neithe-si dhuit gu fairsing, ór ní hé gach aon do gheibh blas {MS page 44} milis ar an mil tré éxamhlacht na ccoimpléasg.
965]
Atám agad annso, ar Des., & do bheirim mégós féin uile ad lámhaibh, & úmhluighim dod bhreitheamhnas do chum go múintheá dhamh cionnas do ghéabhainn Grádh Dé.
Os amhlaidh sin atá, ar an Umhla, múinfead
970]
mo shecréideadha & mo ghnáthoibreacha agus mo
bheathaidh dhuit. Do bheir an fear pósda-sa a dubhart riot, dár comhainm A Mheas gurab Ainmhidhe Brúideamhail Mé, congnamh mór dhamh do chum bheith am bainthighearna ar an ndomhan,
975]
dá tharcaisnioghadh, & ar mo chorp féin, 'gá smachtughadh
lé troisgthibh, lé sgiúrsadhaibh & lé duadhaibh corpardha eile, & ar an ndeamhan, lé gníomhaibh úmhlachta; & do ní fós, maille ré congnamh Ndé, bainthighearna dhíom ar mhuinntir mo thighe uile
980]
& oram féin fá dheireadh, ór an uair do chíd muinntear
mo thighe criadh fein gu ndéinim mo dhíthcheall ar
p.36
thoil Ngrádha Dé do choimhlíonadh, éirghid uile am aghaidh; gidheadh, bím-si, dá n-aimhdheóin uile, maille ré congnamh m'fhir fpósda, lán do shíoth, do
985]
shochroidheacht, & do chiúnas.
Bá hiongnadh lé Des. méad neirt & chumhachd {MS page 45} fhir phósda na Humhlachta, & adobhairt: Guidhim thú, a mháthair, mínigh sin damh ní as fearr lé heisiomláir lé ttuigfe mé gu maith an ní a deire, ór
990]
atá inntleacht mall neimhghéarchúiseach agam.
Fá binn leis an mbanabaidh itche Dhes., & mar do thionnsgain comhardha úmhla do thaisbeánadh, ag diomoladh a inntleachta féin; & a dubhairt: Bíodh a fhios agad, a mhic, an uair fá ttig énchuid
995]
do na drochmhnáibh úd don mhainistir-si, gurab ar an modh so a dér anois chlaoídhim iad. An uair thig an chéadmhaighdion, dá ngoirthear Antoil na Colna, asteach, mar as aithnidh dhamh gu maith a méin & a béasa, gurab ó iomarcaidh d'ithe & d'ól
1000]
bhíos láidir neartmhar do chum comhraic do dhéanamh riom, beanaim biadha agas deocha uaisle deaghbhlasda dhi, & ní thugaim dhi don bhiadh ná don digh chomhchoitchinn féin an mhéid as mian lé do chaitheamh; & mar nách éidir leam buaidh
1005]
do bhreith uirthe lém chumhachtaibh & lém neart féin (ar an ádhbhar gu ttugadh muinntear mo thighe criadh féin congnamh dhi am aghaidh), guidhim grása Dé dom chabhair, agas goirim ar m'fhear {MS page 46}pósda do chuidioghadh leam 'na haghaidh, & a deirim
1010]
mar so ris an ndrochmhaighdin-sin: 'Do tharcaisnigheas-sa mo chorp féin, & ní fhuil ionnam acht ainmhidhe brúideamhuil; & fá mar as lór leis an ainmhidhe mbrúideamhail an biadh simplidhe lé ttig a ttír, & nách déanann ceasacht ar éinní dá ccuirthear
1015]
'na fhiadhnaisi, & fós an uair bhíos mórsháitheach
p.37
gurab gnáth ceangal éigin do chur ar a bhél do
chum nách caithfeadh do bhiadh ná do dhigh acht
an mhéid as áil léna thighearna do chaitheamh dhó,
as mar sin as cóir dhamhsa do dhéanamh, ó tú am
1020]
beathadhach bhrúideamhail, ór do chuir Grádh Dé
ceangal ar mo bhéul dá ngoirthear an Mheasardhacht,
d'eagla gu n-iarrfuinn nó gu n-íosainn eínní acht an
mhéid do bhéarthaoi dhamh san fproinntigh a measg
an choimhthionóil. & ní hé so amháin do ním, ór a
1025]
dubhairt Grádh Dé riom, más mian leam mo mhúnadh
& mo mheasardhacht do chur a ngníomh, gan a
ccuirfidhe chugam ar mo mhéis an uair sin d'ithe
a n-éineacht, acht fuighioll d'fhágbháil; ór dar leat
an tan fhágbhas duine fuigheall a deir: Bui{MS page 47}dheachas
1030]
duit, a Thighearna; as lór leam a bhfuaras,
& an uair fhágbhas an méis folamh, dar leat a deir
sé: Ní lór leam a bhfuaras, & tugthar tuilleadh
dhamh. A dobhairt Grádh Dé ní eile riom, .i. fond
do bheith oram fán ccuibhriond budh measa, budh
1035]
lugha, & as measa do bheith deasaighthe, do theagmháil
chugam, & fós sólás do bheith oram ar son a
ghrádha féin an uair do ghéabhainn drochchuibhrionn.
Tairgidh an drochmhaighdean-sa uair eile fonn
do chur oram fá ní sa mhó d'ibhe iná as cóir dhamh,
1040]
& a deir gurab móide bhias cumas agom ar sheirbhís
do dhéanamh do Dhia, brígh do chor iondam féin.
Adeirimsi ria: 'Nach aithnidh dhuit, a spiorad na
mealltóireachta, go bhfuil sgríobhtha san sgrioptúir 11
gu ccuir an fíon & na mná fo deara ar na sruithibh
1045]
diúltadh do Dhia? & nach aithnidh dhuit gu
n-abair Pól: 12 Ná déana meisge fhíona 'na bfhuil
an drúis? & nách abair a n-áit 13 eile nách biaidh
p.38
sealbh Fhlaithis Dé ag na daoínibh meisgeamhla?
Do ghoillfiodh oramsa gu mór mo shearbhóntuigh
1050]
féin do bheith meis{MS page 48}geamhail; & cionnas nách budh olc lé Dia misi, atá am shearbhóntuidh aige, do bheith meisgeamhail, nó cionnas do léigfeadh an eagla dhamh ni do dhéanamh ar Dhia nách budh maith leam do dhéanamh oram féin?'
1055]
Adeir riom arís, an tan tigid daoíne maithe ar cuairt don mhainistir, muna rabhar forbhfaoiligh rompa, & muna dhearna mé comhluadar riú a n-aimsir bhídh nó dhighe, nách beid buidheach dhíora. Freagruim dhi nách fuil iarroigh agom ar bhuidheachas
1060]
ná ar chairdeas an duine do chuirfeadh eascáirdeas eadram & Dia, ór dá ccuidighinn lé duine bheith ar meisge, ag cur impidhi air ní sa mhó iná an chóir d'ibhi, gé go mbeth seision 'na charaid agam, do bhiadh Dia 'na eascaraid; & nách búdh
1065]
éigcríonno an mhalairt cáirdeas Dé do thréigean ar cháirdeas phótaire nó fhir mheisge? Ní bhacfad do na daoinibh thig ar cuairt chugam & nách fuil fám smacht an ní thoigeóraid féin d'ibhe; & madh áil leo féin bheith ar meisge, as lugha an sgél iadsan
1070]
amháin do chailleamhuin iná ar mbeith millthe araon, acht munab é ní bhudh {MS page 49} áil leat mo tharraing do chum an chleachtaidh dhiabhlaidhe atá ag mórán do dhaoinibh an tshaoghail amuigh, bhlos ag comhól fá thuairim a chéile lé miosúr gan mhiosúr, mar a
1075]
deir árddhoctúir na Heagluisi, S. Aibhisdín, 14 ghuidhios na Críosdaidhe fán ngnáthughadh mallaighthe-si, do an ag mórán díobh d'iarsma bhéas mbiasdaighthe na bpágánach, d'ionnarbadh uatha; &a deir fós san n-áit chéadna, gibé ar bioth
1080]
aontaigheas an droichchleachtadh so ar a bhord féin
p.39
nó ar an mbord a mbiadh cumas aige, gu ndéineann
gan amharas iodhbairt don diabhal.
Agas a sé so an modh ar a cclaonm an ccédmhaighdin-si
a ttaobh mo fpearsan féin; gidheadh, mar
1085]
nách a ttaobh mo chuirp féin amháin chuireas
cathughadh oram, acht gu ndéineann a díthcheall ar
mo chlaoi lé corpaibh comhaightheacha dom ghluasacht
chum drúisi, as éigean damh an uair-si, tré neart-mhaire na námhad-so, mórán cabhra & cuidighthe
1090]
d'iarraidh, gé nách fuil comhairle as crionna ag an
tí do chí é féín a n-éigean ádhbhalmhór ag {MS page 50} an
ndubháilche nduaibhsigh ndiabhlaidhe-si iná teitheamh
óna comhrac (mar a deir Pól, 15 & mar do rinne
Ioseph) 16 & ó gach ní do chum a ttairgionn duine do
1095]
tharruing. Ar an n-ádhbhar sin iadhaim mo shúile
& an chuid eile dom chédfadhaibh ar cheana, amhail
iadhthar doirsi chaisléin ar a mbíd naimhde a
bfhorbhuis & a bfhaslongphort, do chum gan éinní
d'fhaicsin do adhainfeadh mh'anthoil, ná éinní
1100]
dh'éisdeacht do bhríathraibh gráosta gráosda do bhoigéobhadh
mo chroidhe ná do ghlacadh maille ré glacaireacht
mhíonáirigh, ná do thomhailt do bhiadhaibh blasdha,
ór as cosmhail an cholann ré heach ttréanuaibhreach
tteinnbhéalach bhíos ó iomarcaidh fóisi ag gabháil
1105]
do fpreabuibh ar a mothuigheann 'na goire &
nach ceannsuighthear acht lé laghdughadh ar a libhré.
As amhlaidh sin as cóir an cholann dhíomsach do
chrádh lé hiomarcaidh anshóidh, troisgthe, & tréighionais,
lé sgíursadhaibh, lé hédaighibh róinnigh, agas
1110]
lé luighe ar thalomh lom nó ar leabthaibh anshocra
eili. {MS page 51}
Os chionn an uile neith seachnuim comhrádh &
carodradh na bfhear, & gu háiridhe ar uaigneas, &
p.40
as cóir dona fearuibh an ní céadna do dhéanamh, ór
1115]
ní fhuil duine dá dhiadha dárab daingean san ccás-sa
dóthchas do bheith as féin aige, dá aosdha & dá
naomhthacht dá mbiadh, & dá mhéad mhedh buadha do
bhéaradh roimhe sin, ór ní naomhtha é iná Dáibhí,
& ní heagnaidhe iná Solamh, & ní calma iná Sampson,
1120]
& do mheallsad na mná iad. & mur nach am chorp
amháin chomhraiceas an fpéisd dhubháilchi-si riom,
acht fós am anam, ag líonadh mh'indtinde do smuain-tighthibh truaillighthe colnaighthe, te thim ar an
modh ccéadna, ag filleadh mh'inntinde & mo
1125]
smuaintightheadh do chum beathadh & báis mh'Íosa
ionmhuin, & ag únfairt & ag iompúdh mh'indtinne
sna créuchtaibh do fhulaing dom fhuasgladh óm
fpeacodh. Breathnuighim 'na dhiaigh sin an ghráin
ro-mhór atá ag Dia ar an bpeacadh-sa, mur do
1130]
fhoillsigh dhúind go minic tréas gach n-indeachadh
n-uathbhásach dár chuir ar lucht a dhéanta, mar
atá, an díle do chur ar {MS page 52} an ndomhan, Gen. 6 et 7;
na cóig caithreacha do losgádh lé teinidh ó nimh,
Gen. 17; & forgla threibhe Beniamin, treabh do dhá
1135]
threibh dhéag chloinde Hisrahael, do dhícheandadh
& do dhíoláithriughadh, ludicum, 20; ceithre mhíle
fhichiod do chlannaibh Iosrahél do thuitím lé harm
a mbráthar féin, Numer. 25; & mórán do dhíoghaltasoibh & do ghéarsmachtaibh eile aithrisdear san
1140]
sgrioptúir naomtha, do rinne Dia ar na daoinibh
colnaighthe drúiseamhla. Smuainim 'na dhiaigh so
gur ab teampall do Dhia mo chorp, mar a deir Pól
easpol, 17 & gu salchann & go dtruailligheann an peacadh-so an corp & an t-anam a n-éinfheacht; & an uair
1145]
as mór an chúis innighthe ó Dhia teampoll chloch
dtalmhaidhe do níd lámha daoíneadh 'na onóir do
p.41
thruailleadh, gurab ró mhó iná sin truailleadh an
teampuill spioradáltha do rinne léna lámhuibh féin
& ina mbí 'na chomhnuidhe an fad bhimíd 'na
1150]
ghrásuibh, 18 & fós mo
chorp atá 'na bhall bheó do
chorp Chríosd, mar a deir an t-eabsdal céanna, 19 do
theasgadh dhé, & corp méirdrighe {MS page 53} do dhéanamh dhe; ór gibé luigheas le meirdrigh, do ní éanchorp dá chorp féin & do chorp na meirdrighe, mar a deir
1155]
Pól. Smuainim maille ris so ar ghiorra shóláis an pheacaidh-si, & síordhuigheacht na péine atá ar a shon, & méd mhire & mhíchéille an té do ní an
mhalairt-si, .i. do bheir an sólás bhíos ceangailthe don dheaghchoinsias san saoghal-so abhus, & sólás
1160]
suthain na beathadh thall, ar mhoimint do shólás
shalach cholnaighthe, & reacas ris an ndiabhal ar an
sólás mbeag sin an t-anam do cheannaigh Críosd ar
a fhuil féin. Smuainim a rís ar dhuibhiogánaidhe &
ar dhosgrúdaighthe bhreitheamhnais Dé uileachumhachtaigh,
1165]
& gé gu saoílinn, ag déanamh an pheacaidh-nós si, gu ttiobhradh ré n-aithrighe dhamh dochum aithreachais dho dhéanamh, gu bfhéadfúidhe nách tiobhradh, acht mo chur ar an mball go hifrionn, mar dho chuir mórán eile tréas an bpeacadh-so, agá
1170]
raibhe a súil ré ré n-aithrighe, ar a ttáinig díoghaltas
Dé gu hobann a n-aimsir an pheacaidh do dhéanamh. Fa ris sin smuainim ar an mbás, & mar bhead sínthe
san {MS page 54} n-uaigh am eisléinigh & cnumha dom chreim & dom chognamh, & mar as éigean damh dul a
1175]
bhfiaghnuisi an Bhreithimh do thabhairt ghéarchunndais
in gach uile pheacadh dá ndearnas riamh ó smuaineadh, ó ghníomh, nó ó bhréithir, gu hoiread an fhocail dhiomhaoin as lúgha dá ndubhart, & mar bhudh fhearr leam an tan sin iná comhthrom an
p.42
1180]
talmhan d'ór bheith glan riamh ó pheacadh. Admhaim ó chroidhe gurab tiodhlacadh uasal tig chugainn ó láimh & ó thrócaire Dhé an gheanmnaidh-eacht, & nách éidir leam mar sin bheith geanmnaidh óm chumhachtaibh féin muna dhearna Dia trócaire
1185]
oram. Gúidhim ar an n-ádhbhar sin Dia do ghnáth fá dhrúcht neamhdha a ghrás d'fhearthain ar mh'anam, do mhúchadh theannáa na teineadh deamhnaighthe-si bhíos gum losgadh. Gúidhim mar an ccéadna dom chabhair Muire mhór, ar mBainthighearna,
1190]
mh'aingeal coimhideachta, na heasbail, mo phátrúin, & naoímh na cúirte neamhdha uile ar cheana; & as mar so chlaonm an drochmhaighdion-so as bainbhiocáire do mhainistir an Díomais.{MS page 55}
p.43