As mór an fonn fuáir Des. i gcomhrádh & a ccéill
an aodhaire, agas mar a dubhaíirt gurab mó do bhí
325]
ag foghnamh dá thighearna ar son a ghrádha iná ar
son a thuarasduil; agas a dubhairt ris: Innis
damh, a dhearbhráthair, ós gnáth leat bheith ag
siobhal na bhfásach-sa, an mbiadh énfhocul do
sgéluibh dhúine uas{MS page 11}uil agot atá ar n-a ionnarbadh
330]
óna aítreibh féin, agas iar n-a thréigean óna
bhasáillibh, bhíos ag imtheacht na 'na aonar dá fhéachuin cia do ghéabhadh lais nó do léigfeadh asteach é.
Cionnas ainmnighthear é? ar an t-aodhairi.
Des.: Grádh Dé a ainm, & as d'fhuil ro-uasuil
335]
é.
Dar mo chubhois (ar an t-aodhaire), as aithnidh
dhamhsa go maith an duine uasol sin; & dá madh eól duitsi tréad do choimhéd mar as eól damhso, & dul leó ar inghioltradh, do bhéruinn tú abhal a
340]
bfhuil, ór as ionmhuin leis na haodhaireadha, mar
as éidir a thuigsin as an ngrádh do bhí aige ar Abraham, Isaac, & ar Iacob, bádar 'na n-aodhairibh & do thogh Dia mar aithreacha do phobal Israhél, & mar as follas fós ar Mhaoíse dá-ndearnadh uachtarán
345]
ar an bpobal ccéadna, & ar Shaul & ar Dháibhí do
óirn mar ríogha ós a ccionn. Dar leamsa, ar an
t-aodhaire, as oileamhain pháláis atá ortsa, ór a
Agas créd an tshlighe ghlacfá;s mé? ar Des.
As éigion duit, ar eisean, dul san ndíthreibh
355]
ar h'aghaidh, agas teigémhaidh mainistir mhaighdean
riagholtha dhuit, agas do bhéraid sgéla dearbtha
an duine uasuil sin duit; & as cosmhuil gan amharas
go bhfuighe mar sin é, ór ní gnáth leis é féin d'fholach
ar dhuine dá n-iarronn é mar as dual.
360] As mór do thaitin lé Des. méd na meisnighe & an
dóthchais tug an t-aodhaire dhó fá Ghrádh Ndé
d'fhagháil, & adobhairt: Guidhim thú, a dhearbhráthair, & múin éolas na sligheadh dhamh, ór as
eagail leam dul amugha.
365] Ní héidir dhamh mo thréd do thréigion,ar an
t-aodhaire, ór as éigean damh condas do thabhairt
ar a son dom thighearna. Gidheadh, ar son mo ghrádho don duine uasol-suin & duitsi
féin, do bhéaro mé éolaighe dhuit mhúinfeas an sligeidh dhuit gus
370]
an {MS page 13} mainistir & bhias ad choimhideacht go soiche
abhal a bfhuil Grádh Dé. Beir lat an gadhar-so & treóróchoidh thú.
Créad as ainm dhó? ar Des. Asé a ainm, ar an t-aodh., Toil Mhaith.