Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 11

Betha Cholmain Eala annso.

Colman Eala immorro, do sliocht Eiremhoin meic Mhilidh Espaine doisein, amhail fhoillsighes a gheinealach. Ocus ba h-iad gnath-lucht lenamhna Colmain Eala .i. Cuiniugán, 'sa sliocht ara b-fuilit muinnter Cuiniugáin an tan-sa. Do sliocht Briain meic Eachach Muighmedhoin doibh-sem.

Imthusa Colmáin Ela, an trath rainicc sem go Feraibh Ceall, nir bó failidh iad-sem roimhe, & ni raibe nech ler bo mesa h-e ina Cuinniugán, & do bí cás i t-tecmáil'ar n-eirge 'san tír an tan-sin .i. Peist urcoidech do bí i l-Loch Eala; oir ni lamhadh duine na ainmide dol a n-gaire don loch ar a h-ecla. Ocus ba h-i so tuarusccbáil na peiste .i. fuad becc biorach bel-sgaeilte i n-deilb mna. Ocus adubert Cuinniugán riu an tan-sin: ‘Do badh ferr dúinn an fer naomhtha úd, re nabarthar Colmán Eala, do chur da comhrac frisan b-peist. Ocus dob fearr linn nach tigedh cechtar aco ó cheile’.

Ocus bha h-e ba ri ar Feraibh Ceall an tan-sin .i. Dondchad mac Aodha, meic Sath Mainidhe, do Cenel Fiachach meic Neill Naoighiallaigh. ‘Tabraidh Colman chuccainn’, ar an rí, ‘go n-dernadh se senmóir dúinn, go f-fesmaois crét an met do-chuirfedh sé 'cum creidmhe againn’.

Tuccadh Colmán cuca, & do-rinne se senmoir doibh. Ocus do-chuir fios ar a cairdibh conganta, & fa h-íad fa cairde do .i. Colaim Cille mac fír-alainn Feidhlimidh, & do bí a n-gaol re 'raile .i. Mór inghen Feidhlimidh, meic Fergusa Cend Fada, meic Conuill Gulban, meic Neill Naóighiallaigh, mathair Cholmain. Ocus tainic Mancan Leith cona naomhaibh cuicce, óir do ba gar a n-gaol. Ocus do battar i n-aon-ionad; & adubairt Colaim Cille go m-biadh fein ina deochain bachla ag Colmán an la-sin. Ocus adubairt Mancán go c-croithfedh sé féin uiscce ar na sluagaibh, da c-cur 'chum muinnterais do Cholmán.

Ocus do tionnsgnadh senmóir ag na cléircibh-sin; & do bhadar leabair lán-áille laidíanda aca ann, & iatt {folio 219b} ag solas-ghabhail a leighinn, & acc adhmoladh an Duilemhain go dasachtach. Ocus ba gairdiuccadh menman & aiccenta leis na sluagaibh, beith oc eisteacht friu. Ocus gach nech ag na raibhe a aire roimhe sin ar Dia, do bai a aire an tan-sin air. Ocus as dona céd-daoinib tucc é féin do Dhia & do Colmán an la-sin .i. Cuiniugán.

Do battar triar mac ag an righ-sin adubramar .i. Muadh & Duinecha & Ailléan; & ba hé Muadh mac ba sine dibh. Ocus adubairt


p.169

an fer-(sin), gur ghradaigh se fein Colman; & damad ced lena athair, gomadh maith leis fein ionad árais & comnaidhe dho thabairt dó. ‘As briathar dam-sa’, ar Duinecha, ‘gurab mar sin atáim fein. Ocus gibé slighe do ceithre randaibh an bhetha ria racha sé, go lenfatt féin h-é; & go t-tiubhar mo siol tarm eís do’. ‘Na dein si sin’, ar an rí, ‘Óir da marba sé an pheist, do-bher sa an t-ionadh ina b-fuil si dó; & do-bhér mo shíol im diaigh; & do-bhérar mo muinntir conganta bús feirrde é do tabairt do’.

Ocus ó 't-cuala Colmán sin, do ghluais 'cum na peiste gusan loch. Ocus dob e comhainm na peiste-sin .i. Lainn; & fa h-é a tuarusccbáil .i. fuad becc, biorach, bel-sccailte, & gruág gherr-ghiomach, gan nighe, gan leasachadh, fana cend. Ocus do ghab an peist tir. Ocus adubairt Colmán: ‘Masa ced le Dia, as ced lem-sa cuilcc an locha-sin dod cengal damh fein, go n-dernar 'hoidhigh’. Ocus mar adubairt Colman sin, do déch súas, & do freccair an firda é; & gach ní dar iarr sé air, fuair uadha.

Ocus do bái Cuiniugan ina fharradh an tan-sin, & do bái Duineacha. Ocus iad 'ar c-creidem dó. Ocus ba h-iad-so na naoimh do bhai ina fharradh ann .i. Blaan, easpog Findcen, & espog Coirill. Ocus secht maca Deiccill, & easpog Eogan, & Odhran, & Forgan, & Mernag, & Fachtna.

{folio 220a}

Ocus at-bert Colman Eala an tan-sin: ‘Ionnsaigedh naomh éiccin aguibh an peist; & benadh a cend di’. ‘Ragatt fein’, ar Cuinedha ‘da dichendadh, ar do grad-sa’. ‘Raccat féin da diongbail’, ar Duineca, ‘& ni h-ail lem righ-míad m' ionaid uait-si, oir as accat fein dob ail lem m' adhnacal do bheith. Ocus o nach f-fuil do maccaib ag mh' athair acht mé féin, & días ele, téid mh' aire si le flaithes d' fagháil. Gid edh cena, as accat-sa dob áil lem mo chorp do beith’.

Ocus do gluaiseattar an días-sin .i. Cuinegha & Duineca, & do dichendsattar an pheist. Ocus tuccattar leo 'cum Colmáin an cend. Ocus do bennaigh Colmán íatt a n-dís. Ocus adubairt Colmán an tan-sin re Cuinedha: ‘Beir-(si) & do shiol go brath accam fein 'bhar maoraibh; & beitt mo mionna accaibh, & faicfet olc ag lucht bar laghdaighti’. ‘Bed féin im ócclach accat’, ar Duinecha, ‘no go raibe th' aittreab & do saothar uile ullamh’; & at-bert an laidh:

14
  1. 1] Treisi an ecclas na gach rígh,
    2] Indissim daibh gan dimbrígh;
    3] Sen-focal-sin go brath beacht,
    4] Feirrde lem cach da cloisteacht.
  2. 5] An f-faicenn sibh si budhdéin?
    6] A naomha Erenn go scceim;

    p.170

    7] Antí do bí im acchaid go tend,
    8] An pheist at-cidh gur díchenn.
  3. 9] Ba tar, do-bheirim si duib,
    10] A cleirchi uaisle an domuin,
    11] Búdh feirde dáib beit 'con dail,
    12] La na ceilge 'sa congair.
  4. 13] An uair gabhus tú do tratha,
    14] Is bías tú i m-broinn do mathar,
    15] Gabh lat iad go mall don dáil,
    16] Mas áil a t-tarba d' fagail.
  5. 17] Gach fersa gabus tú díbh,
    18] Mínigh a texa go min;
    19] Labhair it aignedh co becht,
    20] Ocus saigh ionnta t' inntleacht;
    21] Is do-gebhair o righ na renn,
    22] Is a coimghi gan forcend.
  6. 23] An fersa gabhait na ruaig,
    24] As fada let go t-teid sí úait;
    25] Fer na ceilge bís 'con dail,
    26] Ni feirde dhuit a gabhail.
  7. {folio 220b}
  8. 27] Gabh let go min, milis, mell,
    28] Th' urnaighthe ocus do leighend,
    29] Minigh a l-Laidin gan ceilcc,
    30] Is cuir do paider i n-Gaoideilg.
  9. 31] Tadhaill si go moch, as cóir,
    32] Ionnsaigh go mhinic altóir;
    33] Dena ro-grádh da m-bladhaibh,
    34] Cuir senmóir 'sna tuatadhaibh.
  1. 35] Innisim duit-si gan len
    36] Úaim ar an ecclais uirsccél;
    37] Ní innisfem dhaibh fath ghan ladh,
    38] Acht sgél bhenfus re bunadh.
  2. 39] Tri neithe as treisi fan gréin,
    40] Innisim si daoibh fa sgeimh,
    41] Ecclas ocus tene te,
    42] Ocus an tres ní an t-uiscce.
  3. 43] An teine fhadas tú féin,
    44] Gidh anbfann é ag techt fa gréin,

    p.171

    45] As fada at-cíter í amach,
    46] Is bidh soilléir a deathach.
  4. 47] An fír-topar traighes ann,
    48] An uair ticc an tart, bidh anffann;
    49] An uair lionas tuile gan cleith,
    50] Bídh trén o iomat uiscce.
  5. 51] An ecclas an uair bhíos sí ann,
    52] Is bús tren uirre rí fann,
    53] Truagh lem-sa mar bhías amach,
    54] Bidh anffann guth na c-cleireach.
  6. 55] Gid edh an úair testaid síad,
    56] Rioghradh anffann Atha Líacc,
    57] Bidh maith ag Dia bruignech clana,
    58] Beid an la-sin go h-anffann.
  7. 59] Ni bía maith acc duine,
    60] Da t-tainic ar bith buidhe,
    61] Acht accan aon-Día gan cleith
    62] Nech úainn orra a t-treisi.
  1. 63] Tan téid t' anam ot corp criadh,
    64] Ge raibh tú re h-ecclais dían,
    65] Gidh garbh, a dhuine, ría an gáir,
    66] As buidhe lat a fagháil.
  2. 67] An uair bes tú it aon-bla lín,
    68] Bíaid tú risan ecclais mín;
    69] Ní bía maith accat a cleith,
    70] Go raibh dúinn ort a treisi.
  3. 71] An uair deilighfet rit ann
    72] Th' ocht línta fein gan iomrall,
    73] Adhramaitt ne dit go tigh,
    74] Ocus adhraitt na cleirigh.
  1. 75] As uirre do innis me in sgél,
    76] Ar an b-péist úd, do bí trén,
    77] O do-conncamair ne de
    78] Ar an péist ut dealbh duine.{folio 221a}79] Bermit ne d' ar t-tigh te,
    80] An ecclas ar a treisi.

  2. p.172

  3. 81] Bidh uaithe sloinnter, dar linn,
    82] An péist do marbadh 'sa lind;
    83] Bidh lim-sa an baile gan dail,
    84] Bidh í an laind si laind Cholmain.
  4. 85] As meisi Colmán Eala;
    86] Bidh maith acc áen-Día cena
    87] In días do bí im acchaidh tra;
    88] Me fein 'arna coscc i n-en-la.
  5. 89] Cuinega dom freaccra go min
    90] On t-senmóir do-rinnes don righ;
    91] Ar mo gradh-sa féin gan cleith
    92] É do mharbadh na peiste.
  6. 93] On trath do marbadh an phéist
    94] Balbh ar an sruth lethan linn-garb,
    95] Biaidh accam-sa, tren gan cleith,
    96] Orra go deimhin treisi.

    Treisi.

A h-aithle na laidhe-sin do-ghluais Colman Eala reimhe co Laind Eala. Ocus do-roine dún-árus innte, & do bennaigh an reileacc cona naomaibh ro luaidhemar romhainn; & isí an pheist cét-bethadach ro h-adhnaicedh i l-Loind Eala; & do-rónsat obair mór ann .i. tochar. Ocus ba sé fedh an tochair o Laind Eala co Coill an Cláir. Ocus do thiccdis eladha gacha tratha do chantain ciuil doibh, & do bhuain a t-toirsi diobh; gurab airesin aderar Loind Eala frisan m-baile-sin.

Ocus fa h-é fa h-oide do Colman Eala .i. Grigoir Béil-óir. Ocus do gheall, an tan do-ghebadh féin bás, go f-foilseochadh do Cholmán. Ocus aon do laithibh da raibhe Colmán ag dénam an tochair ar in lícc iartharaigh; & ni raibhe nech ag cur cloiche 'sa tempall, no 'sa caisiol, no 'sa tóchar, nach biodh Duineacha ina fharradh, & Cuinedha 'ga frestal go fíor-calma; & do leicc Colmán a gluine fáoi, & tarfás do clocc eitseachta Grigóra Beil-óir do cloistin. Ocus do tuit taissi & tamhnella móra ar Cholmán an tan-sin tre tascc a oide do theacht.

Ocus do fhiarfaighset a muinnter de: ‘cred h-i cúis do dobróin, a naoimh-cleirigh’? ‘As mór adbar mo dobroin’,{folio 221b} ar se ‘.i. cluicc eitsechta mh' oide 'arna clos accam’. ‘A Dé chumachtaigh’, ar na cleirigh, & ar an lucht oibre, ‘as mór an t-iongnadh lind, go c-cluinfedh nech ar in doman cluicc na Romha’. ‘Aitchim-si Día cumachtach’, ar Colmán, ‘go c-cluine sibh-si, eter clerigh, & giolla, & ócclaigh, anní at-cluinim-si. Ocus leiccidh ar bhar n-glunibh sibh’. Ocus do leiccset.


p.173

Ocus ise líon do battar ann .i. deichneabhar & ceithre fichitt & ceithre cet, & ceithre mile. Ocus ní raibhe acu an tan-sin aonn-duine nach cualadh cluicc na Romha.

Ocus at-conncatar cuca an tan-sin seacht saic ar seacht n-assalaibh, & a lán d' úir na Romha inntibh. ‘Acc súd, a naoimh-cléirigh, a Cholmáin’, ar na gille, ‘congnamh do-chuir th' oide cuccat; & croith ar fad & ar leithett do reilge, & gach nech adnaicfidher innte, ní fhaicfe iffern’. Ocus ro croithedh amal ad-fiadar. Ocus adubairt Colmán an tan-sin: ‘Bidh tús na reilcce accat-sa, a Dhuinecha; & biodh a medon accat-sa, a Chuineda. Ocus biodh an reilecc o sin amach ag Feraibh Ceall & acc feraibh Erenn’.

Isé fa h-abb i n-Durmaigh an uair nach biodh Colaim Cille 'san m-baile .i. Corbmac Ua Liathain. Ocus do-rinnettar muinnter Durmaighi droch-ni ar Cholmán gan ced do Corbmac; uair isé ní do-ronsat .i. teacht do ghoid na h-uire; & tangattar co caisiol na reilcce. Ocus ní dhernsat acht an uir fa n-esa doibh don taobh amuigh don chaisiol do bhreith léo. Ocus do mothaighedh sin arnabharach. Ocus do len Colmán cona muinntir lorcc na h-uire go Durmaigh.

Ocus tainicc Colam Cille don baile an trath-sin; & isé (áit) i r-raibhe se an tan-sin, ar in suidhecan re n-abar suidheacan Cholaim Cille an tan-sa. Ocus do bennaigh Colmán Eala dó, & do bái droch-ghen air acc bennachadh do, & do freccair Colam Cille{folio 222a} sin go genamhail. Ocus ro fíarfaigh: ‘cret cúis do choirighthe, a Cholmáin’? ‘As mór m' adhbar’, ar Colmán, ‘.i. an toircisecht do-chuir m' oide cugam d' uir na Romha, do muinnter sa do techt areir da goid. Ocus, a ghloir do Dia, ní h-í tarla cucu’.

‘Na h-esccain sinn, a chleirigh’, ar Colaim Cille, ‘& do-gebair gach ní fa m-bia do shídh’. ‘Ní dingen easccaine fort-sa’, ar Colmán, ‘óir ni ciontach riom tú. Gidh edh do-ghen esccaine ar Corbmac ua Liathain. Ocus sirim ar Dia na raibh fer baile no leth-baile ind Erinn go brath da chinedh. Ocus gurab coin allta íosas a fheoil fo dheiredh’. Ocus adubairt Colam Cille an tan-sin: ‘Madh ail let-sa, do-gentar an uir d' iodhlacadh tara h-ais’. ‘Ni h-ail’, ar Colman, ‘& guidhim Dia go raibhe bríg úire na Romha duit-si innte o so amach’.

‘As coir dúinn’, ar Colam Cille, ‘an cás atá oruinn féin d' innisin duit-si’. ‘Caidhe an cás-sin’? ar Colman, ‘oír ní fhuil accainn neach darab córa duinn gach cás bías aguinn d' fiarfaighe na thusa; oir bí tú tri la gacha seachtmuine ar nemh’.

‘Isé cás tarla ann’, ar Colam Cille ‘.i. Úanach, deirbhsíur do mhathar-sa, & mo deirbsiur-sa fein, 'ar m-breith deisi mac do Mhaol Umha mac Baedain meic Fergusa, meic Conaill Ghulban, meic Neill Noigiallaigh; & do baistesa íad; & tuccus Ulltan ar mhac dibh, & Báíthin


p.174

ar mac ele. Ocus dob ferr lem nach mardáis, acht go f-faghainn a milled gan naire damh féin; óir as clann a deirbhsiúr & a derbhrathair 15 a n-athair & a mathair. Ocus dob áil lem do comhairle-si do denamh orra’.

‘Atá mo comhairle-si ullamh’, ar Colman ‘.i. tabair damh-sa da n-altrom, & da n-oilemain iatt. Ocus dénam cadach fá c-cend; óir átad da cích accam-sa, nach raibhe acc naomh romham riamh .i. cioch lemnachta, & cioch meala; & do-bér doibh-sion íatt’. Ocus tuccadh do Cholman íatt, & at-bert an laidh and:

{folio 223a}
  1. 1] Dá chích16 acc Colman Eala,
    2] Cioch lemhnachta, cioch meala;
    3] A chioch des do Bhaoithín ban,
    4] Is a chioch ele d' Ulltan.
  2. 5] An fer 'ga ra battar sin,
    6] Ara chomairce dom anmain,
    7] 'S ar comairce Criost na c-cland
    8] Dom chorp ocus dom anam.
  3. 9] Fúic me meisi d' Feraibh Ceall,
    10] An uair nach freccrait me co tenn,
    11] Ocus nach dingnet m' áonach,
    12] As doiph féin bus fíor-baoghlach.
  4. 13] Muna raibh acht aon-ionad ann,
    14] 'S a beith tirim im tempall,
    15] Da t-toirsedh aird-rí Fer c-Ceall,
    16] Is Duinecha gan dícheall,
    17] Suidhedh Duinecha dar lind,
    18] Ar tús 'san ionad tirim.
  5. 19] Congnamh Í Duibhginn accam,
    20] Bidh fada bhías a foghnamh;
    21] Ní mo rachus uaim ar lár
    22] An congnam tucc Ua Bracain.
  6. 23] Tuccsatt da cét loilgheach lán
    24] D' ionnsaighe mo tempuill mair,

    p.175

    25] Gurab íad sin do fhogain damh,
    26] Accam no bhiad dom shaoraibh.
  7. 27] Tuccus doibh-sion da chionaid
    28] Ionad i c-coraidh mo tempuill,
    29] Gairitt o leabadh na righ,
    30] Go derbh deimhin gan imsniomh.
  1. 31] Turus do-cuadus sa sair
    32] Go Cend Tíre i n-Albanchaibh,
    33] Ocus da ruccus sa lem
    34] Duineach is Cuimed gan dícheall.
  2. 35] An uair rangamar in rígh
    36] Alban co n-iomat an gniomh,
    37] Do innis ri Alban an cás
    38] Dúinn go deimhin, 'sa tuath-bás:
  3. 39] ‘Peist nimhe tar criochaibh cuain’
    40] ‘As a loch-laind lethain lionn-búain,’
    41] ‘Ni loiscend tene í 'gon gail,’
    42] ‘'S ni gabhann rinn na faobhair’.
  4. 43] ‘Cúicc duine décc, as derbh lind,’
    44] ‘Atá 'sa m-baile-si ar do chinn,’
    45] ‘'Arna marbadh di gan dail;’
    46] ‘'S maraidh an peist, a Cholmain’.
  5. 47] ‘Muirfe meisi daoibh-si an peist’,
    48] Adubairt Colmán dá éis,
    49] ‘Is roinnidh mo chíos gan ail’
    50] ‘Eter Albain is Saxanaib’.
  6. {folio 222b}
  7. 51] ‘Caocca cos for a tarr tra,’
    52] ‘Is cáocca ingen urghránna,’
    53] ‘Marbaidh sluagh gach tíre go m-bladh,’
    54] ‘Acht co teccaitt da h-ionnsaigheadh’.
  8. 55] ‘Ag súd cuccainn í gan dáil’
    56] ‘D' ionnsaighe ar t-tíre, a Colmáin’,
    57] ‘Maircc cinel ar a b-fuil go m-bhladh’
    58] ‘Dar n-dían-milledh, is dár marbadh’.
  1. 59] Ionnsaighis Colmán an traigh;
    60] Ionnsaigis Duinecha go m-báidh,
    61] 'S da sleigh 'na laimh gan len,
    62] 'S a cloidemh fada fír-tren.

  2. p.176

  3. 63] Seallais súas Colmán na c-ceall
    64] Ar aird-righ nimhe go tend,
    65] Is tuccadh doib anúas do nimh
    66] Gach ni do smuain 'na menmain.
  4. 67] Teilgis Duinecha an t-sleigh caoimh
    68] A laimh meic an righ,
    69] Ocus marbhthar leis an peist
    70] Uathmar, aingidh, aigméil.
  5. 71] ‘Tar d' ainm si cuccam an t-sleigh’,
    72] ‘An crann uasal iubair’,
    73] ‘Ocus lúbthar lem a cend’;
    74] ‘As di do-ronas bachaill’.
  6. 75] ‘An áil let-sa, a Duinecha feil’,
    76] ‘Anos crand do t-sleighe fein’,
    77] ‘Ocus í 'na bachaill go beacht’,
    78] ‘A cíos is a maóraigheacht’?
  7. 79] ‘Gion gub ceird do ro-mhac rig’,
    80] Adubairt Duinecha co fír,
    81] ‘do-bér mo shíol duit don dail’,
    82] ‘Is bed fod díden, a Cholmáin’;
    83] ‘Is tabhair do bachaill dod mháor féin’
    84] ‘A b-foccus a n-eidircein’.
  8. 85] Na cúicc duine décc go derbh,
    86] Do bí 'san m-baile-sin marb,
    87] Tuccus dóibh uile a n-anmain
    88] Lem guidhe, lém glan-tsalmuibh.
  9. 89] Fuarus mainistir on rígh,
    90] Ó áird-rí Alban go fír,
    91] Is do roinnes mo cáin go m-blaidh
    92] Eter Erinn is Albain.
  1. 93] Ticcim annsin d' Feraibh Ceall,
    94] Duinecha is Cuinedha go tend,
    95] Ocus mo bachall bán-oir,
    96] Ós íad sin mo mhuinter cóir.
  2. 97] An tegh as nach fagta acam
    98] Mo bhachall 'sa tír si trá,
    99] Ní bía ioth na bliocht is tigh,
    100] 'S ni bía 'ga mhac 'na deghaid.

  3. p.177

  4. 101] Ni bia mac ar sliocht athar{folio 223b}102] Na inghen ar sliocht a máthar
    103] Go brath brath acc Feraibh Ceall,
    104] Muna raibh cíos na m-bachall.
  5. 105] Faccbaim d' Feraib Ceall búddéin,
    106] In uair nach dingnet m' áonach fein,
    107] Gurab mesa doibh na dhamh,
    108] In uair bías sé gan denamh.
  6. 109] Ni thiubhra muir a monadh,
    110] Is ní tiubhra an talamh toradh;
    111] Gorta gach raithe is doigh,
    112] Teirce bídh ocus édoigh
    113] Fa crích f-Fer c-Ceall amach,
    114] O théid mo bhachall diomdach.
  7. 115] No go n-áiremthear, a chara,
    116] Olc ban, is gainemh mara,
    117] Lionmaire nád na losa
    118] Na míorbhuile móra-sa.
  1. 119] Indis-si úaim d' Feraibh Ceall,
    120] Ocus d' Éilibh gan dícheall,
    121] In úair nach freccraid mé búddein
    122] A b-foccus a n-eidircéin,
    123] Aithnidh damh-sa inní bías de,
    124] Bidh ifrionn a n-iartraighe.
  2. 125] Gach aon duine d' Feraib Ceall
    126] Nach bia dom réir si go tend,
    127] Guidhim-si an t-áon-Día co fír,
    128] Nar faghait lacht a adám cích.

    Da.

  3. 129] Oir is íad a adám cích fein;
    130] An cathair nemhdha fa sceimh,
    131] Ni treicceabh-sa í gan gó
    132] Ara b-fuighe mé d' anró.
  4. 133] Tri meic Donnchaid luaidhes dáil
    134] Duinecha, Muadh, is Ailleán,
    135] Na treiccet Í Duibhginn
    136] A b-foccus na a n-eidircéin.
  5. 137] Is biodh O Gallgan im laimh
    138] Go brath, is biodh O Bracain;

    p.178

    139] Í Ghrúccain leam-sa gan cleith,
    140] Ticcit docum mo reilge;
    141] I Corraccáin lem gan gó,
    142] Na tréiccet meisi ar anró.

    Da cích.

Ocus a h-aithle na láidhe-sin do battar na maccaoimh-sin .i. Baoithín & Ulltan, acc denamh a leighinn i l-Loind Eala, oir ba h-e an tres priomh-aonach Erenn eissem .i. aonach Taillten, & aonach Cluana meic Nois, & Lainn Eala. Ocus do bhádar buadha arna maccaomhaibh-sin .i. gach ní da c-cluinedh Ulltan, do biodh sé aicce do meabhair. Ocus gach ni da n-dentáoi do Bhaoithin, {folio 224a} ní fosdadh aon-fhocal. Go n-dubhradh an laidh:

    1. 1] Tri h-aonaighe Erenn budhéin,
      2] Innisim si daoibh fa scceimh,
      3] Ata a meabhair agam, 's ni gann
      4] A faisnéis, fios a n-anmann.
    2. 5] Aonach Cluana as uaisle diobh,
      6] Aónach Taillten laithe in riogh,
      7] An tres aonach m' aonach féin
      8] A b-faccus a n-eidircéin.
    3. 9] Fuarus ó aird-ri na reann
      10] Gach aon n-duine da t-ticc ann,
      11] Cumas a leith-sceoil ar nimh,
      12] Luach a faicsiona lá m' áonaigh.
    4. 13] Gach aon n-duine do aontaigh
      14] An n-gach tír da f-fuil fan gréin,
      15] Faccbaim-si doibh da chionaid
      16] Nach faicfit a súile ifern.
    5. 17] O Callraighibh, nach mill dail
      18] Fam bachaill, go cloinn Colmain,
      19] Pinginn as gach dethaigh duit,
      20] Ocus in torad comhruic.
    6. 21] Gach ní adubart ó chianaib,
      22] Innisim do réir riagla;
      23] Ni chélam ar dhuine 'sa crich
      24] Gurab íatt sin duibh a trí.

      Tri h-aonaighe.

A h-aithle na laidhe-sin ro buáil Colmán Eala a dhalta .i. Baoithín; & ro imthigh Baoithin reimhe d' éis a bhuailte. Ocus ro


p.179

len Colmán é. Ocus tarla lobhrán truagh tarr-lomnocht dó occan ulaigh leth amuigh don baile. Ocus do bhennaigh do Cholmán. Ocus adubairt fri Colmán: ‘Iomchair ar do mhuin mé, a naoimh cléirigh, gó t' altóir fein ar gradh Dé’. ‘Inné nach foghnann duit duine ele dot breith annsin’? ar Colman. ‘Ní foghnann idir’, ar an lobhar, ‘óir as ferr le Día tú féin do dénam umhla dó’. ‘Más ferr, as meise iomchórus tú’, ar Colmán. Ocus rucc lais co n-uicce an altóir e.

Ocus at-bert an truagh fris: ‘Cuir mo shrón it bheol, a Cholmain, ar gradh Dé; & cuir i m-beind do cubail & cuir tar in tempall amach a m-bia innte’. Do- roine Colmán amal at-bert an truagh; {folio 224b} & do-chuaidh leis an salchar-sin na sróna tar an tempall amach; & in uair tainic amach, issedh fuair ina ucht .i. tinde óir, & sgribend do litreachaib órdha innte tainic on Trinoid. Ocus do ghabh iongantus Colmán 'mun adhbar-sin, & ro ionnto tara ais go luath; & ní fhacadh an lobhar.

Imthúsa Baoithin; iomraiter aguinn do bai ag sechna a leighinn, & do-cuaidh da fholach fon coill ó Laind Eala súas. Ocus do-chonnairc duine ag cur slaite 'na aenar; & mar do- chuiredh slat, do ticcedh ar cenn slaite ele da cur mar an c-cédna. Gidh edh do eirigh an tigh lais. Ocus do-chonnairc Baoithin inní- sin, isedh as-bert: ‘Da n-dernainn-si mo leigenn mar súd, & lenmain de, as doigh go m-biadh leígenn accam’. Ocus ro fer céoth mor-fertana ann an tan-sin. Ocus do-chuaid Baoithin d' iarraidh díona fo dharaigh. Ocus do-chonnairc braon ag siledh i n-aon-ionad. Ocus do-rinne Baoithin locc dia sail isin ionad-sin, & do líon an bráon an locc an uair-sin; & adubairt Baoithin an tan-sin: ‘da n-dernainn-si mo leighend mar súd, do biadh leighionn agam’; & adubhairt an laidh:

  1. 1] Do bhainnib líontar lathrach,
    2] Do shlataibh gníter cruinn-tech;
    3] An teghdais as ionmain la Día
    4] Bidh lia 'sa lia a muinnter.
  2. 5] Da n-adhrainn dom leighionn féin
    6] A b-foccus a n-eidircéin,
    7] Gidh mion do-génainn, dar lind,
    8] Do biadh agam mo saith leighinn.
  3. 9] An en-tslat bhenus an fear,
    10] Ocus cuires ar a thegh,
    11] Ata an teach ag eirge go h-ait,
    12] Gidh min cuires an en-tslait.
  4. 13] An logán do-rinne mo shal,
    14] Bídh maith ag Día 's ag Colmán,
    15] As lán gach áon rioth don braon ban,
    16] É an uiscce 'na conaran.

  5. p.180

  6. 17] Do-bheirim freitech, re mo lind
    18] Nach treiccfet-sa mo leiginn,
    19] A b-fuighe me d' ulc de tra,
    20] Gurab 'ga denamh beo-sa.
  7. {folio 225a}
  8. 21] Do innis Baoithin búddéin
    22] Do Colmán, da oide fein,
    23] Tucc se do Colmán moid tend,
    24] Nach sechonadh a leighenn.
  9. 25] ‘Dia tucc dod munadh, a mheic,’
    26] ‘Duit an eisiomplair oirdeirc’,
    27] Ar Colman reidh 'ga freccra,
    28] Lan d' fheile is d' fír-eccna.

    Do.

Asa h-aithle sin do-gluais Colmán Eala roimhe a c- coinne Mo Chuda. Ocus Mo Chudha 'arna ionnarbadh a Rathain; & ro ghabh tríd Feraibh Ceall, no go rainic go baile Duinecha meic Donnchadha d' iarraidh bídh ar Duinecha; & fuair sé méid éiccin bidh. Ocus ba h-é líon battar ann .i. tri cáocca & tri mile. Ocus fa h-é biadh tucc Duinecha doibh .i. tri mairt, & tri muighe bainne. Adubairt Mo Chuda gur bo becc leis sin. ‘Masa becc’, ar Duinecha, ‘cuir do dhonus ar a muin’, & at-bert Mo Chuda an laidh:

  1. 1] ‘Cluain da crand’,
    2] ‘Imbi Duinecha cruaidh-gand’,
    3] ‘Go raibh Duinecha gan Cluain’,
    4] ‘Go raibh Cluain gan Duinecha ann’;
    5] ‘Ocus co raibh an tres dith’
    6] ‘Uaimh fa thrí ar Fheraibh Ceall’.
  2. 7] Do bí Colmán Eala féin
    8] Acc eistecht ríu fo sgeimh,
    9] Ocus nir bind leis gan cleith,
    10] Fir Ceall aga n-esccaine.
  3. 11] ‘Fagbhaim do Duinecha uaim
    12] ‘Beith graingcíuil gruamdha cruaidh’,
    13] ‘Faccbaim-si doibh da cinn-sin’,
    14] ‘Nach ba meisde da c-coinnim’.
  4. 15] ‘Fagbaim 'na diaigh d' Feraibh Cell’,
    16] ‘A marbadh mar mucaibh tall’,
    17] ‘Fáccbaim-si doibh da cinn-sin’,
    18] ‘A b-fas mar na raithnechaibh’.

  5. p.181

  6. 19] ‘Fáccbaim da cinn doibh búdhdein’
    20] ‘Do muintirDuinecha reidh’,
    21] ‘Gach duine taobh des
    [gap: exemplar illegible/extent: 2 syllables]

    22]
    [gap: exemplar illegible/extent: line]

    23] ‘Bía gairde a saoghal na cách’,
    24] ‘Is goma teirce a conach’.
  7. 25] ‘Fáccbaim si da mnaibh beith druit’,
    26] ‘Ocus fáccbaim dáibh beith báeth’,
    27] ‘Fáccbaim-si doibh da chionn soin
    28] ‘Buaidh conaich is buaidh cloinne’.
{folio 225b}
  1. 29] Ticc chuca Colaim Cille,
    30] Flaith fosaidh na firinne,
    31] Is nír muirneach leis gan cleith (e),
    32] D' easccaine ar a bhraithre.
  2. 33] ‘Cuir an easccaine útt as’,
    34] Adubairt Colam co bras,
    35] ‘No muirfidher th' iomat naem’
    36] ‘A b-foccus no a n-edarráon’.
  3. 37] ‘Guidhim-si aoin-Dia búddein’,
    38] Adubairt Mo Chuda féin,
    39] ‘Nar chuire Dia tara h-ais’,
    40] ‘Is ni cuireabh-sa 'na eccmais’.
  4. 41] ‘Os meisi do-chí an rí’,
    42] Ar Colam Cille go fír,
    43] ‘Cuirfet h-í tara h-ais ana’,
    44] ‘Is cuirfe Colmán Eala’.
  5. 45] Colam Cille ocus Colmán,
    46] Mancán, ocus caomh-Odhrán,
    47] Ocus naoimh Erenn uile,
    48] Do claochlodh na h-esccaine.
  6. 49] Becc narbh aithrech le M' Cuda
    50] A n-derna seision cuca,
    51] An tan do-connairc se go m-buaidh
    52] Naoimh Érenn ag techt go Cluain.

    Cluain.

  1. 53] Gluaisidh Mo Chuda búddein
    54] Roimhe 'san oidhche 'na réim,
    55] No go rainic an fer ócc
    56] 'San choill i r-roibhe darog.

  2. p.182

  3. 57] Sgrechait a lobrain fair fein,
    58] Sgrechait a mhairtire buddein,
    59] Ocus fiarfaighit ga t-toigh,
    60] Cáit a t-taiscdís a leabhair.
  4. 61] Cromaidh an daróg 'na diaigh
    62] Gusna naomhaibh tar eis gliadh,
    63] Is anaítt uimpe na truaigh
    64] Deis a n-díochuir o Chluain.

    Cluain.

Da mhacaomh óga battar iter muinter Colmain Eala. Ro fhoirbrettar, gurbhat sccolócca móra. ‘Cia chan’, ar na chleirigh, ‘gan feidhm crábaidh d' orduccadh dona sccolóccaibh út, ar tainic aóis chrábaidh doibh’. ‘Ní ordaigheab’, ar Colmán Eala. ‘Cidh ón’? ar síatt. ‘Isedh so’, ar Colmán, ‘ata leaba fir dibh i n-ifurn; & cidh crabudh doneth sé isin aois út, is éccrabudh do- déna i n-deiriudh a shaogail, go m-bá i n-ifurn bías. Ni bhenabh-sa a chuid don t-saogal fair, ar ní {folio 226a} fochraic fil aicce. Ata leaba an fhir ele i n-nimh; & gion go n-derna sé crabudh 'san aóis útt, do-dhena fadeoigh, go m-bia for nemh; et reliqua.’

17


p.183