Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 10


p.155

Beatha Caoimhghin Glinne Da Lach sunn do reir mar sgriobh manach fa disciobal do féin dar ainm Solamh .i. et sgriobhthar anso i maill friom-sa, Aodh Ó Dalaigh, an t-aonmadh lá fiothchad do mi Ienaredh anno Dom. 1725 a m-Baille Atha Cliath.

1.— Earlamh uasal, oireaghdha, cobhsuidh, craibhtheach, cáomh-duthrachtach, iodhan, aointech, urnaigtheach, briocht-ghlan, bennuighthe, dar ainm Caoimhghin. Tainig do riogh-fhuil uasuil orderc Dhal Meisen Chorb, mic Con Corb, mic Mogha Chorb, mic Conchubhair Abhrad-ruaid, mic Finn Filedh, mic Rosa Ruaidh, mic Fearghasa Fairrge, mic Nuadh Neacht, mic Setna Sioth-bhaic, mic Luighdhech Leith-fhinn, mheic Breasuil Bhric & et cetera.

Agus as é an Caoimhgin sin do beanuigh a n-Glion Da Loch a Laighnibh, a samh-mhuigh Caoimhghin; agus do bhi do naomhthacht Caoimhgin nair mhothaigh a mhathair re linn a bhreithe doigh na diachair, na tinneas uaidh; & iarna bhreith cuirther mná leis d' fios Cronain naomhtha dia bhaisdedh; & 'ar m-beith dona mnaibh ag triall léis in leanbh go Cronan, taisbeanas aingeal é féin dóibh, & dubairt ríu a thabairt fa-dera ar Cronan Caoimhghin do thabairt d' ainm air; & már rainig do lathair Chronain, do ghabh an leanbh 'na lamhuibh, & baistter leis é, & tug Caoimhghin d' ainm fair {MS page 147} ar fhuralaeamh an aingil; & nochtas dona mnaibh, gurab é sin fa h-ainm dileas dho do thoil & d' ordughadh Dé, amhuil adeir Solamh an manach fa disgiobal do Chaoimhghin, lér sgriobadh an beatha-sa:

    R.
    1. 1] As é an t-ainm do dhealbh Día ar nimh,
      2] Bhias aig leanmain don naoidhin;
      3] Smuainidh, a mhna freasduil ghloin,
      4] Gurab é ainm baisde, Caoimghin.
Agus adeir an ughdar cetna gur thaisbeanadair dha aingeal deag thainig do nemh íad féin go t-tapur loinnreach a lamh gacha h-aingil

p.156

diobh do Chronan ré linn a bheith aig baisdedh Chaoimhghin do; aig so mar adeir an Solamh cetna:
    R.
    1. 1] Dha aingeal deag, mar badh cóir,
      2] Do-chuir Día anuas 'na onoir;
      3] As tapar go lasair a gloin
      4] Do bhi a laimh gach aon aingil.

A n-diaigh an bhaisdthe immurro beirid na mna Caoimhghin léo gusan raith a rugadh é, & as Raith an Tobair ghil gairmhther don raith-sin, & do leasoigh annsin é secht m-bliadhna. Gidh edh as ionchuirthe a n-ionguntas 'ar m-beith ar chiochaibh a mhathair dhó, nach ibheadh gach aoine & gach la troisgthe é iad, acht aoin-feacht amhain, & sin um trath nona. As iongnadh fós an raith úd ina rugadh é nach comhnuighenn sneachta uirre gan leagadh go h-obann.

Iar c-caithemh iomorro seacht m-bliaghan dó, do-cuiredh da fhoghluim & da bheas-munadh a b-fochair coimhthionoil manach é, gur chaith athaidh fhada dhá aimsir eattorra; go t-tainig a n-aois a bheith 'na shagairt, & iar n-glacadh gradh n-eaglaisda dhó, do smuain {MS page 148} ina meanmuin an saoghal & caidreabh na n-daoine do treigeadh; & beatha uaignech díthreabhach do thabairt ar an aigein fhasaigh, no a n-alltur roi-dhiamhair ionnas nach biadh roinn risin saoghal ar chor ar bhioth aige.

Ré t-triall do, tainig aingeal comhfortacht ler treorugadh é gusna cargibh ata don leith thiar don da loch ata a n-Glionn Da Loch, & gan do bhiadh aige acht cnuasach na coille & luibhena talman & fioruisge mar dhig; agus ní bhiodh do leabuidh aige acht cloch-chearchuill fana chend, & leac faoi, & leac do gach leith dhe, & ní bhiodh boith os a chionn; & fos as croicne beathadhach n-alta fa h-eadach dhó; & do-theigheadh go minic don sgeilg agus don uaimh dá n-goirther leaba Caoimhghin; & é aig guidhe go sior-guidhe Dé go diograiseach.

Agas do thilledh assin tarais fan c-coil da n-goirther Caol Faidhe ata don leith thuaidh don loch; & do bhiodh sealad fada 'san loch go crios, ag rádh a thrathe, seal 'san ló, & seal 'san oidhche, & do chaith


p.157

seacht m-bliaghna ar an ordugudh-sin a n-uaigneas o chaidreabh daoine, amhuil adeir Solamh:
    R.
    1. 1] A seacht fa diamruibh dluithe
      2] Do bliaghnuibh go m-blaithe
      3] Do re taobh a thuaithe
      4] Gan bhiadh a c-Cáol Faithe.

Agas 'ar m-beith seal fada 'san riocht-sin dó, tarla go n-deachaidh deiredh oidhche sneachta amhuil ro cleachtadh 'san loch, & lé cantuin a psalm dhó, tuitios a {MS page 149} psaltair 'san loch, go n-deachaidh seal ré fana, & tainig an t-aingiol d' a chomhfortacht. Leissin tainig an dobran, & tug a leabhar 'na beol chuige; & dubairt an t-aingiol ris, theachd a c-caidreabh na n-daoine, & gan bheith aga ceilt fein ortha ni as sia. Agus tillis sin an ditreibh anfhasaigh, mar a c-cleachtad bheith roimhe sin, & do bhiodh aga diothladh & aga disliughadh féin a sgailpibh cairrag & a g-cuasuibh athaidh fhada mar sin.

Tarla fan am soin brughaidh boi-cheadach a Laingnibh láimh risin n-glend ina raibhe Caoimhghin as an Midhe ar cuairt bhuailltechuis, & as é fá h-ainm don brughaidh-sin, Dioma mac Fergna, & mar do thairngir Padruig cían ré m-breith Caoimhgin go t-tiocfadh a shamhuil do náoimh ann lé m-beannochthaoi a n-Glionn Da Loch; & do dheonuigh Dia, gur é an Dioma cetna fuair é, 'ar m-beith dó féin aga cheilt ar dhaoinibh, amhuil adubhramar roimhe.

Agas ase modh ar airfrioth é .i. airghe do bhuaibh Dhioma do bheth ag inghilt ar an c-coill ina raibhe Caoimhghin aga cheilt féin; & fuair bo dona buaibh doigh ar an c-cuas ina raibhe an naomh, & é ghá chomhfortacht ag an n-aingeal, agas gabhas an bho ag lidhe a chós feadh an láoi, & um thrath nona, 'ar t-techt do bhaile maráon risna buaibh oile dhi, do cruithidhe oiret bainne uaithe agus do-gheibhthi do lacht o leath na h-airghe; & gacha mhionca do-théidis an airghe fan c-coill-sin, do theighedh an bo cetna do lidhe chos Caoimhghin; agas iar t-teacht don bhaile um noin di, do-bheredh samhuil an lachta cetna.

Mar do-chonnairc Dioma go líon a mhuinntire-sin, do ghabh


p.158

machtna meanman, & iongnad adhbhal-mhór é féin & cach; & adubairt re buachuill na m-bo coimhét agas {MS page 150} lorguireacht mhaith do dhénamh ar an m-boin arnamharach, go bh-feasadh cía an leith don choill a raibhe an inghillt shochrach, ó b-faghadh an bhó an lacht líonmhar do-bheiredh uaithe.

Dala an bhuachalla, cuireas na ba arnamharach fan c-coill ina raibhe Caoimhghin, & leanuis an bhoin-sin go réim-dhireach, go rainig an bhó an cúas ina raibhe an náomh Caoimhghin, & tig an buachuill do lathuir 'na dhíaigh; & mar do-rainig do lathair Caoimhgin, as amhluidh fuair e, go h-anbhfann eugcruadh, gon airbreith dhó aisdear na imtheacht do dhenamh, 'ar m-beith da bhrigh chorparda 'arna breoghadh, tre iomad crabhaidh & ciorrbuidh cuirp le troisgodh & le h-urnuighthe, & le luighe ar leacuibh loma, & gan boith na bealsgath os a chionn.

Agas le faicsin an bhuachalla dhó, biodhigus, & iarruis mar athchuingne air, gan a nochtad do neach 'san bhioth, é féin do bheith 'san chuas-sin. ‘Ní eaduimh sin’, ár an buachuill, ‘ó frioth leam thu, agas an bhó-so Dhioma ag teacht dot fhios gach áon lá chugat agus uait, & go raibhe d' fiachuibh oram féin an m-boin do leanmhuin, go bh-feasuinn cret da t-tainig an lacht lionmhar do-bheir uaithi’, amhuil adeir Solamh 'san rann ar taobh thall:{MS page 151}

    1. 1] ‘Tar eis bhó Dhioma’, ar an buachuill,
      2] ‘Ag techt uait 'sad dail 'san ghlend’
      3] ‘Do cheilt ni fhuil ar mo chumas’,
      4] ‘As tú ar th' faicsin go follus leam’.

A racht don bhuachuill tar ais do lathair Dhioma, do thogair an naomh do cheilt; & gabhus fearg Dioma léissin, & tug fa-dera an buachuill do cheangul a c-cuibhreach dhocruidheach, gur fhaisneis dó mar fúair Caoimhghin a c-cuas croinn, & 'arna chlos sin do Dhioma, gabhus luthghair mhór é, & dabairt réna chloinn crothar do dheanamh, go n-deachdaois a c-cuinne an náoimh, & go c-creidthi léo dhó;

& gurab é do thairrngir Fionn cían roimhe shin, do beannochadh 'san ait-sin; & ollmhuighther an crothar léo; agus trialluid


p.159

rompa, go rangadar tresan c-coill, Dioma & a chlann, go c-crothar léo, gur threoraigh an buachuill íad gusan c-cuas ina raibhe an naomh; & 'ar m-beth don choill ro-aimhreidh dluith, iarras Dioma ar Chaoimhghin Día do ghuidhe fa bhealach do reithtech 'san choill; & do gheruidh Caoimhgin ar a ghuidhe go Dia, aga iarruidh air bealach do reidhiughadh reampa, le b-fetfadaois an chlann-sin Dhioma é fein d' iomchar gusan n-glend, mara raibhe a bhara faoi, eaglais & ionaid comhnaidhe do dhenamh dhó féin; & claonus an choill do gach leith, go n-dearnadh bealach socar, so-imthechta thrithe; & leissin togbhas Dioma & a chlann Caoimhgin 'san chrothar léo, {MS page 152} & as amhluidh do bhaoi an t-aingiol ag claonadh na coille roimh an c-crothar, & an choill aig eirghe ina h-alt féin d' eis an naoimh, go rangadur ar lar an ghleanna, ait a bh-fuil teampull Caoimhghin aniugh.

Tarla dhá mhiorbhal fan am suin do dhis do chloinn Dioma. Fer dhiobh, dar ainm Dioma og, lér h-eimdhedh dul faoi an c-crothar, oir adubart nach t-treigfedh a sheilg ar iomchar chrothair Chaoimhgin, & iar c-ceileabradh dá athuir & da bhrathribh, ní cían do-chuaidh an tan do ghobh confadh na coin do bhi aige, & lingid air féin, & marbhuid, & ithter léo é. An dara miorbhal .i. mac oile do Dhioma, dá n-goirrthe Ceallach, do-chuaidh fan c-crothar, & do creid do Chaoimhghin; & 'ar m-beith ag triall trésan c-coill fan c-crothar dhó, tuites faoi, & linges a anam go h-obann as. Biogas Dioma & a chlann leissin, & gabhas tuirrsi mhor iad.

Mar do-connairc immorro Caoimhghin anní-sin, do gheruidh ar a ghuide go Día, 'gha iarraidh air Ceallach dh' aithbheoghadh, & eistder lé Dia, go t-tugadh Ceallach ó bhás go beathuidh. Agas bronnus Ceallach é féin do Chaoimhghin tresan miorbhal-sin; agus do iarr maran c-cetna ar a athuir, & ar a bhraithribh, umhla agus onóir do thabairt do Chaoimhghin, feadh a ré, & gabhuid sin ortha fein. ‘Gloir do Dhia’, ar Caoimhghin, ‘mar do-chuir se sibh-se ata ar deoraidheacht as an Midhe dom fhreasdal sa & dom fritholamh; & do-bheirim mo bheaneacht duit-si, & dot chloinn, a Dhioma’, ar se.

{MS page 153} Do ghabh Caoimhghin ré n-ais tré chruas crabaidh gach corghus do dhenamh a c-cró caolaigh, & leac ghlas mar leabuidh faoi, & as é ceól na n-aingeal do budh proinn dó; & do chaithedh caoicios ar mhí mar sin. Agus corghas da raibhe amhlaidh sin, tainig lon on


p.160

choill don chro, & toirlingis ar a bhois, & é 'na luighe ar an lic, & a lamh sinte uaidh amach; & congmhuis a laimh mar sin, go n-derna an lon nead innte, & go t-tug enlaithe amach.

Tig an t-aingeal da éis sin d' fios Caoimhghin, & adubhuirt ris teacht as an b-peannuid ina raibhe, & a theacht a c-caidreabh na n-daoine aris. Do raidh Caoimhghin gur bheag an phian do féin a lámh do bheith fan lon, go tabairt a líne amach, seach an b-pian d' fuling a Thigerna ar a shon; do réir mur adeir Solamh 'san rann-sa ag faisneis bhriathar Chaoimhgin:

    R.
    1. 1] Farior! an phían as mo an chomaoin
      2] Mo lámh mur loman fan lon,
      3] Fuil a ghlac, 'sa thaoibh, 'sa troighe,
      4] Do dhoirt rí nimh ar mo shon.

Tairisin tug an t-aingeal air Chaoimhgin techt as an c-cro, & nochtus do gur geall Día nar baoghal do guais an bhreitheamhnuis na an bratha, gunadh uime sin adeir Solamh an rann-so:

    R.
    1. 1] Tug Dia cumachta do Caoimhghin,
      2] Mar thug do gach naomh ar bhioth
      3] 'San brath beith tenn ar dhaluibh
      4] Mur a beid clann Adhuimh ar crioth.

{MS page 154} Do-cuaidh Caoimhghin do dhenamh oilitre don Roimh. Fuar cadhus & onóir on phapa, & fos fuar cumhachta turus oilitreach do bheith a n-Glionn Dá Loch do shíor, ionnus gomadh ionann loghadh & sochar dontí do dhenamh seacht t-turuis a n-Glionn Dá Loch, & dontí do dhenamh aon-turas don Roimh. Gurab uime sin adeir Solamh an rann-so:

    R.
    1. 1] As mór í oilithre Chaoimhghin,
      2] Da n-denamh d' aois daoine e go coir;
      3] Ionann teacht fa seacht 'na n-aonach
      4] & dul aoin-fecht don Roimh.

An tan immorro thainig Caoimhghin on Roimh, tug cuid don n-úir teampuil na Romha léis, gur croith ina theampall féin, & ina


p.161

roilgibh h-í go t-tainig do naomhthecht Chaoimhghin 'ar t-tabhairt turuis oilithreach go Gleann Da Loch iomad oilitreach do bheith ag aithighe as gach aon-aird d' Eirinn dá chill; ionnas gurab í an ceatramadh priomh-thurus a n-Eirinn o shoin. Mar ata Uaim Phadruig a n-Ultaibh, Cruach Padruig a Connachtuibh, Inis na m-Béo 'san Mumhuin, & Gleann Da Loch á Laighnibh, mara bh-fuil Cill Chaoimhghin.

Agas ata d' fiachaibh air gach áon rachus do dhenamh turuis innte gan troid, na eagra córa, na faladh, na goid, na fuadach do dhenamh innte. Amhuil adeir Solamh 'san rann-so:

    R.
    1. 1] Ni lamhthair troid a h-aenach,
      2] Na eagra córach, na ceart,
      3] Na faladh, goid, na fuadach,
      4] Acht dul slán uatha & teacht.
Gidh be brisios iomhad reacht a chille, ag so sios do reir Soluimh na dochair thigmheas do thall:{MS page 155}
    1. 1] Gidh be do mhillfedh an t-aonach
      2] D' faguibh Caoimhghin, nar thlath brígh,
      3] Ifrend & girre saoghuil
      4] As bheith a m-baoghal rena bhith.

Do fhaguibh fós trí sochair ag an t-té choimhetfedh reachta a chille, mar atá slainte, saoghal, & bás aithrigheach; & ní tre sharugadh reachta a chille 'mhain do thuicfeadh na dochair rimheraithe, acht tre sharughadh reachta Dé, & na h-eagluisi, & ní h-e anté do dhenamh an mhighniomh amhain do-bhearadh díol ann, acht an triath no an tigerna ghriosas fer na fillberte ré denamh an uilc, no do-bhir caomhna no dion dó, do réir mar adeir Caoimgin féin 'san rann-so:

    R.
    1. 1] Gidh be eaccoir do-rinedh
      2] Donithior, no do-ghentar,
      3] A dioghuil tuitid go cert
      4] Ará nert as a n-dentar.

Do fhaguibh Caoimhghin cheathra h-ainiarsmadha ar an andruing airgeas a chill, mar ata aillsi, easbuidh bhraghad, fiolun, agus cuthach, & gan foirighin ag lus, no aig liaighh ortha & et cetera.


p.162

Lá dá raibhe oide foghloma Chaoimhghin ar tí aifrinn do rádh, adubairt ré Caoimhghin air m-beith 'na mhacaomh og dhó dul d' iarraidh teineadh re lasadh coinnle an aifrinn. ‘Tabhair soightheach damh a t-tiobhrad an n-grios leam’, ar Caoimhghin. Mar do-chualaidh an t-oide sin do ghabh ferg é, & dubairt ris an n-gríos do thabairt a m-binn a brait leís, & do-rinne Caoimhghin sin; agus mar do-connairc an manach an n-gris n-deirg 'san bhrot, & gan aon-shnaithe don bhrot ag gabhail loisgthe {MS page 156} chuige: ‘As fíor sin, a Chaoimhghin’, ar an manach, ‘ata rath an Spioruid Naoimh ort; & ní fíu misi do bheith ag freasdal oram ní bud sia, acht do budh cora dhamh-sa bheith aig freasdal & ag friothalamh ort-sa’. Tainig don miorbhuil-sin gur moradh ainm De & Caoimhghin don chur san, & et cetera.

Lá dhá n-deachaidh Caoimhghin d' ionghuire a chaorach fein, tarlaidh drong mhór do bhochtuibh cuige, & íad do dhith bidh ag dul don gorta. Iarruid deirc ar an b-fhiren ar ghradh Dé. Do freaguir Caoimhghin go h-aisioch, & dubairt nach raibhe biadh 'san fhasach aige an tan-sin, & tograid na boicht leissin ceileabradh dhó; gid edh d' fasdaigh Caoimhghin íad, & marbhtur leis seacht muilt da thread, & biathadh leis na boicht, gur ba sathach aig imtheacht íad. Arnamharach 'ar n-dul do Chaoimhghin d' fios a treada, fuar iomlan na molt ar an t-tread, gan aón mholt do theasdail díobh, ionnas gur moradh ainm De & Caoimhghin treasan miorbhal-sin, agas gur saoradh on naire do ghabh é, an tan tangadar boicht De dh' iarraidh foide air, & gan ní 'na láimh an tan léa ríarfadh íad, & et cetera.

Tarla coimhthionol manach a c-Cill Ifín no Eithfín; & do-bheiredh an dobhran aighi ler togbhadh psaltair Caoimhghin as an loch bradán gach aon-lá gusan c-coimhthionol do bhí innte; & lá dhá bh-facuidh {MS page 157} Ceallach mhac Díoma an dobhrán ag teacht, & an bradán 'na bhéol aigi, do mheas gomadh tairbhteach dona manchuibh croiceand an dobhráin; & do thogair dá bhrigh-sin an dobhran do mharbhadh. Agus leissin teilgios an dobhran an bradán do bhí 'na bhéol uaidh, & téid fan abhuinn, & níor thaisbein é féin o shoin dona manchaibh.

Tainig immorro teirce bídh dá toisg sin dona manchuibh, ionnus gur eigin dóibh dealughadh ré ceile. Agus mar do-chonnair Caoimhghin sin, do gearuidh ar a ghuidhe go Día uma fhoillsiugadh


p.163

dhó, crét dá t-tainig an dobhran do threigeadh an choimthionoil. Agus do dheonuigh Día do Cheallach techt go h-aisioch aithridheach go Caomhghin, ag admhail go raibhe do rún aige an dobhran do mharbadh, & gurab ré linn na h-uaire-sin do-chuaidh an dobhran fan abhuinn, & do thréig na manchu o shoin. 'Arna chlos sin do Chaoimhghin curis Ceallach uaidh. Tuig, a leaighthóir, gurab tre bhrígh ghuidhe Chaoimhghin do-chuir Dia mar d' fiachuibh ar Ceallach, an droch-run do bhí aige do thaobh an dobhrain do mharbadh, do nochtad do Chaoimhghin.

Lá n-aon da t-tangadar lucht seanma gana c-cruitibh léo go Cill Eifin, áit ina raibhe {MS page 158} coimhthionol manach ag Caoimhghin, & iarruid foidhe bhidh ar na manchuibh. Ní raibhe biadh ag an c-coimhthionol; & do ghabh naire mhór Caoimhgin & an comhthionol uime sin.

As amhluidh tharla beagan síl d' fuigeall lóin ag an c-coimhthionol, & ní raibhe fuirthinn na n-deoradh ina an chomthionoil ann; & as é ní do-concas do Chaoimhghin le congnamh an choimhthionoil da saoradh ar ghuth na glaimhe-sin, drong dona manchuibh do chur do romhar ceapcha, ina c-cuirfidhe an began síl do bhiaca, & ionnus go m-biadh toradh an t-síl-sin 'na phroind aig na deoradhuibh um noin, agus Caoimhgin féin & ag na manaigh uile. Agus do bhi Caoimhghin & an drong oile dona manchuibh ag diul-chaoineas risin n-aois senma, aga saimh-cealgadh go michar muinnteardha; & nirbh ferrde dhoibh.

Gabhuid na h-oirfidigh go h-eigneach ag iarraidhdh, & gan é ann; & ceileabhruid da brigh-sin d' aimhdhéoin Caoimhghin; & tugadur toibhéim ar an c-coimhthíonol. Et iar n-gabhail feirge Caoimhgin tre naire, guidheas na cruite do bhí aca-san, do chlaochodh a c-clochuibh. Agus leissin 'ar m-beith ag triall dóibh tresan sruth ata don taoibh ó dheas don chill, do-nither clocha da{MS page 159} c-cruituibh, & tuitid 'san t-sruth; & taid 'san clochrán-sin fa chosuibh caich ó soin; & an síol do-cuireadh le Caoimhghin ar maidin an lae chetna a c-Cill Eithfinn, as don torudh thainig um neonuidh dhé do biathadh na manuigh 'san oidhche cétna dá eis sin; amhuil adeir Solamh 'san rann-so:

    R.
    1. 1] An síol do-cuiredh amach trath
      2] A c-Cill Eithfinn, diadha rath,
      3] As dé go neimh-chríon 'san oidhche
      4] Do bhiathadh saoithe fa seach.


p.164

Tarla do righ Ó bh-Faoláin mac rugadh dho do cur da bhaisdedh go Caoimhghin, & cuireas sgeala cuige an mac do congnmhail aige féin dhá oileamhuin; & as uime do-chuir chuige é, do brigh go millthighe leis an aois áin, no leis na siodh-bhruighibh, gach mac dá m-beirrthi roimhe sin dó. Agas mar thainig an leanbh dá bhaisdedh go Caoimhghin, do lean bean chomhachtach shitha, dá n-goirthi Caoineog, maraón ré banntracht an leanbh; & íad ar ti a millte, amhuil do milledh léo gach mac eile da ráibh ag righ O b-Fhaolain roimhe sin. Agas mar do mhothuigh Caoimhghin sin, malluighis na mná, & 'rinnedh a c-claochadh a c-clochuibh an tan-sin; go bh-fuilid a reachtuibh cloch ar bhruach an locha ata 'san gleann ó sin ale.

{MS page 160}

Dala Chaoimhgin & an leinbh: ní rabhadar ba na buailte 'san ghlionn an trath-sin & tainig de sin go raibhe 'na ceisd go mór ar Caoimhghin, ca b-fuighe betha no lachta lean oilfedh an leanbh; & gabhus imsníomh insin é. Gidh edh silledh dá t-tug thairis, 'chí eilit lachtmar, & laogh beag lena h-ais; & mar do-chonairc Caoimhgin sin do-guidh e Día go duthrachtach fan eilit dó ceannsughadh ré teacht do thabairt lachta don leanbh. Agas leissin tig an eilit don bhaile & tig go cennsa go Caoimhgin, & do thal do lathar ar chloich tholta lacht don leanbh & dá láogh féin, ionnas garab é ainim cinnte na h-aite-sin ina bh-fuil an chloch, Innis Eilte, o shoin alédh. Mar sin don eilit aigteacht gach áon lá do thal a lachta ar an c-cloich tholta, go bh-faghbhadh sasughadh an leinbh gach áon lá re h-aghuidh a oileamhna ann.

Achd chena, lá n-aon, dá n-deachaidh an eilit d' ingilt fan c-coill, tainig faolchú as cuas cairrge, & marbhthar leis laoigh na h-eilitte, & do ith é. Mar do-chonairc sin, fograis don mac tíre teacht go ceannsa fan eilit a n-ait a laoigh,{MS page 161} & doní an mac tíre sin do ghnáth. Leissin do thaladh an eilit a lacht ar an c-cloich le biathadh an leinbh, amhuil do dhenadh aira láogh, agas gan acht mac tíre 'na sesamh rena brollach. Mar sin dóibh do gnath, gur h-oiledh an leinbh amhlaidh sin, & go raibhe 'na dhisgiobal ag Caoimhgin dá eis sin. Go moradh ainm De & Caoimhghin 'san mhiorbhal-sin.

Lá n-áon dá rabhadar dias ban ag techt do dhenamh turais go Cill Chaoimhghin, & tarladar meirligh ar bhealach ríu, & do bheanadur a neadail diobh, & do dhichennadh léo íad. Agus mar rainig an sgeal-sin go Chaoimhghin, téid go h-easgaidh d' fios na m-ban, agus cuirios a c-cenna ar a c-colnuibh, gur h-aithbheoadh leis iad. ‘A Chaoimhghin’,


p.165

ar na mna, ‘do shlanuigh tú sinn, & bronam sin féin duit an séal mhairfem’. Rug Caoimhgin leis na mna, & do-rinne cailleacha dubha craibhtheacha diobh; & anuid a c-coimhthionol bhan riaghalta do bhi láimh re cill Caoimhgin; & tugadur a m-bethuidh as go craibteach h-ionnruic, aointeach, urnuightheach, fedh a ré, go t-tainig d' aithbheoghadh na m-ban-sin, go moradh ainm De & Caoimhgin ann o sin alé.

{MS page 162}

dhá ráibh Caoimhgin craibhtheach laimh rena chill, go b-facaidh ag teacht cuige 'san slíabh cleireach bocht mighneach, & é ar baill-crioth tre uathbhas feillbheirte anadhbhla do-rinnedh. Agus mar do-chonairc Caoimhghin é, adubairt nar iongnadh dhó gomadh olc a dhealbh, treisan b-fiongal do-rine, mar gur marbh a chompan cleirigh ag teacht 'san t-slíabh, & ‘a thruaighe’, ar Caoimhgin, ‘beir eolus damh-sa gusan ait inar fhagbhuis corp marbh do chompain’.

Leissin triallus an cleireach a b-frithing na slighthe tair ais, & Caoimhghin maráon ris, go rangadar an corp. A n-aoin-fheacht-sin, & coin allta don leith oile ag teacht do chraos-longadh an chuirp, & 'ar b-faicsint Chaoimhghin doibh teithid ar a c-culuibh & tig Caoimhghin os cionn ann chuirp, & guidheas Dia go duthrachtach fan marbh dh' aithbheoadh; & leissin tig anam 'san chorp, & fa slan é ona lot. Mar do-chonnairc an cleireach do-rinne an fhionghal an mhiorbhail mor sin, do gabh aithreachas é tresan mighniomh do-rinne, & tiomnnus e féin {MS page 163} do Chaoimhghin, & teid ar a choimairce.

Gabhais Caoimhgin ré ais é, & beireas é féin, & an cleireach do aithbheodhaidh, chill féin, ag tabairt a m-beathadh as go crabhteach, caoin-duthrachtach. Agas a g-cionn athaidh dhá éis sin, gabhais Caoimhghin a n-ord mannach íad, gur chaithetur a raibhe rompa dhá ré go riaghalta go bas; gor móradh ainm Dé agus Caoimhghin tresan b-fiort-sin.

As do mhiorbhal Chaoimhgin fos, go m-biodh creamh, & sealgán, & luibhe iomda oile fhoireas re a nithi, ur-glas fedh na bliadna 'san dithreibh ina raibhe air teithedh ó chadreabh na n-daoine don leith thíar don sgeilga n-Glionn Dá Loch, mur chuimhniughadh go m-biodh féin taobh riu mar bheathadh.

Lá n-áon dá raibhadar lucht sealga ag saothrughadh tuirc allta, & iar n-gluasacht an tuirc do lucht na sealga, sgaoilid a c-cona 'na


p.166

thoruidheacht; & mar do mhothuigh an torc na cona da fharrath, triallus go fan an ghleanna ar coimirce Caoimhghin, & na cóin dá leanmhuin. Gabhuis {MS page 164} Caoimhghin coimhirce an tuirc, & fograis do conuibh fuireach uaidh; & leissin leanuid cosa na c-con don talamh, a c-cruth nar fhetadur asdur do dhenamh d' einleith as an laithar.

Go grod dá eis sin tigid lucht na sealga do lathair Caoimhgin, & 'ar b-faicsin a c-con cenguilte don talamh, & an torc ar coimirce Caoimhgin, gabhus machtnadh menmhan, & iongnadh adhbhal aigenta íad, tresan miorbhal-sin, & iarruid go h-umhal aiseach ar Chaoimhghin sgaoiledh da c-conuibh, & gealluid dhó gan toiruidheacht an tuirc-sin do dhenamh o sin amach go brath. Agas leissin sgaoileas Caoimhgin an torc fan c-coil; gur moradh ainm Dé & Caoimhghin trésan fhiort-sin.

Lá n-aon dar chuir Caoimhghin Ceallach mac Dioma do bhi 'na mhanach aige ar bhealach atá don leith thíar-thuaidh don ghlionn, a n-doigh go b-fuighbedh buidhéin eigin ag toigheacht lé deirce bidh gusna manchuibh, & iad aig denamh oibre 'san chill.

'Ar m-beith ar an m-bealach dhó, tharladur mna chuige, & maothla no molchain a m-bennuibh a m-brat aca. {MS page 165} Fiafroighis an cleireach dhiobh an maothla do bhi aca. Freagraid na mna ag radh nachar eadh, acht gurab ugha na ceirtlíne snaith bhaoi aca. Agas leissin tig Caoimhgin do lathar, & mar do-connairc ceilt na m-ban arna maothlaibh, guidhis Dia uma chlaochlodh na maothladh a c-clochuibh a bh-fiaghnuisi chaigh; & do-rinnedh Dia 'ma maothla do chlaochlodh go h-obann a c-clochuibh ar chomair caich; go bh-fuilid rea bh-faicsin ar a m-bealach cedna aníu. Go t-tainig don gníomh-sin gur moradh ainm De & Caoimhgin.

Agas do bhi Caoimhghin fedh a bhethadh mur sin, ag denamh miorbhal, go bh-fuar bas cian-aosta a c-cionn a náoi m-bliaghan & sé fichid; & as e Suibhne Meann mac Fiachna, mic Fearadhuigh, mic Muireadaigh, mic Eogain, mic Neill Naoighialluigh, fa righ ar Eirinn an tan-sin, & as a t-tus fhlaithis Shuibhne fuar Caoimhghin bas.Genealoig Chaoimhghin.

Genealoig Chaoimhghin

Caoimhghin mac Caoimhlogha, mic Caoimhfeada, mic Cuirb, mic Ferghasa Laoigh-deirg, mic Fothaidh, mic Eachach Laim-deirg, mic Meision Chorb, mic Con Chorb, {MS page 166} mhic Mogha Corb, mic Conchabhuir


p.167

Abhradruaidh mic Finn Filedh, mic Rosa Ruaidh, mic Ferghasa Finn, mic Nuadhad Neacht, mic Setna Siothbhaic, mic Luighdech Loithfhin, mhic Breasuil Bhric. & et cetera.

1213

p.168