Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 8

{folio 274a}

Betha Caoimhgin

Ro boi tra a b-fioghair & a f-faistine go t-tíucfadh ard-náomh uasal airmittnech i l-Laighnibh .i. i n-Glionn Da Locha do-sunnradh, dia n-diochur & dia n-ionnarbadh ó geinntlidecht re senmoir breithre Dé, fri h-íc clamh, & dall, & bodhar, & bacach, & áesa gacha tedhma archena, & do (tho)dhusccadh marbh, & do thurnaamh na trén, & do thoccbáil na t-truagh, & fri h-ionnarbadh plagh & duinebath, do choscc meirlech & mighniomh, & il-piast n-anaithnidh, & fri foircetal áosa gacha claoine no beittis i n-acchaidh thoile Dé.

Ro thairngir tra Patraicc mac Calpuirn ard-apstal na h-Erenn antí Caoimhgin triocha bliadhan riana geinemain, & go n-dingnedh priomh-cathair do chumdach isin n-glionn remhráite fri bíathad dám & déoraidh, & aoidhedh & oilithrech; & go thiubhradh ní d' úir & do thaisibh na n-apstat & na fírén filet isin Roimh leis go Glend Da Lacha.

Ocus ata sccriobhtha isin m-bethaid-si gurab ionann do neoch d' ionnsaighidh na Romha d' faghail diolgadha ó Dhia ina peachtaibh, & taisi & leapta Chaoimhgin maille le h-aithrighe & le h-umhaloitt, & le h-inísle cridhe, amhail gnathaighter.

Ro thairngir Fiond mac Cumhaill maran cedna, gomadh é Caoimhgin no claoinfedh an ul-piast uathmar ro boi acc aidhmilledh caich i l-Loch lagha 'san n-glend cetna, & go n-diongnadh a díochur isin dara loch. Tiagait tra daoine & cethra & aós gacha tedhma dia n-íc & dia leighes fo uiscce Locha laga a n-onóir Dé & Caoimhgin.

An tan tra do fíoradh gach faistine dibh-sin, & tainic an tairngertach .i. Caoimhgin mac Caomhlogha, meic Caimet, meic Rimeda, meic Cuirb, {folio 274b} meic Fergusa laimh-deirg, meic Meissin Corb, meic Con Corb.

Ocus fa h-alacht a mathair .i. Caoimell ingen Ceind Fhindain, meic Cisi meic Luighdech: & fa h-i san Cáoimell-sin mathair Caomhain, Sanct-lethain, & Nad Chaoimi Tíre dá glas; & Caoimeille o Chill Caoimeille; Mionchloth deirbhsiur mathar do Caoimhgin, is uaithe ro genair Colaim mac Criomtain.

I n-ionbaid tuismedha Caoimhghin ní thangattar bresa brighi,


p.126

no alla iodhan día mathair, amhail ticc dona mnaibh ele, oir ba h-endac, feidhil, firén an gein ruccustair. Ocus ro fáid aird-ri na fírinne .i. rí nimhe, da aingel déc go lochrannaibh órda léo dia baisttedh. Ocus do-radsattar na h-aingle Caoimhgin fair .i. gein álainn, taitnemhach.

Ocus as-bertsat na h-aingil frisna mnáibh, an mac do breith leo día baisttedh gusan érlamh n-úasal n-oirdnidhe .i. Cronán, a f-Fortuathaibh Laighen; & ro baist sein íarttain é; & ro edhbair e budein do Chaoimhgin ina muinterus, ar gomadh moide no creidfedh cach dó. Ocus ro thairngir go c-creidfitis riogha & tigernaidhe dó, & go n-dingnedh ferta & míorbhuile móra.

Tuccadh an mac iar sin gusin raith h-i ruccadh é. Ocus do-rinne Día fiorta & miorbhuile móra i n-onóir Dé & Caoimhgin forsan raith-sin, óir ge mór an sioc & an snecta do beith ar gach taobh di, ní teitt innte do grés; & do-gheibhit cethra & indile ind aimsir fuachta & snechta fér innte do gnáth.

Tainic tra bo glé-gheal dochum na naoidhen dia shasadh, & ní fes cia búaile no inis as a t-tainicc, nó gusa t-teichedh. I n-aimsir áoine & troisccthe ní ibhedh an lenab ciche a mathar acht aoinfecht. Ro earb an t-aingel for Cáoimhgin dol i n-ord manach día foghlaim, {folio 275a} & do-coidh fo gradhaibh, gur bho saccart toccaidhe.

As-bert an t-aingel iaramh fris dol isin n-glend f-fásaigh ro tairngiredh dó .i. go fán na loch. Ba mor a mhenma iaramh im sccaradh fri gloir & aoibhnes an bhethadh frecnairc, & beith 'na áenar acc eisttecht fri h-imaccallamh an aingil aga thimtirecht. No luighedh isin oidhce for lecaibh loma for bord an locha, croicne fiadh-míol ba h-étach dó.

No ticcedh immorro tresan loch gan artrach gosein sgeillic do rádh aifrinn gach lái, no biodh gan omhan gan eccla os cend an locha.

Ro bói péist uathmar iongantach isin loch, & ro chuir-si ar con & dáoine for fhíanaibh Erenn go minic. Ro ghabh Caoimhgin a psalma, & ro guidh an Coimdhe, & ro iondarb uadha an péist isin dara loch, .i. Loch Lagha, in loch ina raibhe in phéist, is ann do-gníther anosa foírithin gach aingcisi etar dáoinibh & cethraibh; & fáccbaitt uile a n-gallra ann, & tiaghait a n-gallra & a n-eslainte isin loch ele dochum na péiste; co nach déin urcóid do chách. Ocus in tráth iompoidhes an peist an dara taobh dhi a n-airde, eirghidh an loch comhard fri bennaibh an t-sleiphe, & ní roicheann a nómaidhe antí at-chí h-í. Seacht m-bliadhna ro báoi Caoimhghin gan biadh acht nenntocc


p.127

& samhadh. Do bi Caoimhghin fada do bliadhnaibh nach faca sé aonn-duine; & do bíodh go a crios isin loch ag radh a trath.

Fecht n-áon dia raibhe Cáoimhgin ag gabail a trath ro thuit a psaltair uadh isin loch. Ro gabh sniomh & toirrsi mor-adbal é. Ocus do raidh an t-aingel fris: ‘nár bhad brónach’, ar sé. Tainic an dobhrán iaramh go Caoimhgin, & tucc an t-saltair leis as iochtar an locha gan báthad líne no litre.

As-bert an t-aingel fri Caoimhgin dul do proicept & do shenmóir {folio 275b} breithre Dé dona poiplibh, & gan a bheith aga cleith ní búdh sía. Ro baoi bruccaidh h-i crich Laighen dar bho comhainm Dioma mac Fergna; as dó-sidhe ro bói a n-dán Caoimhgin d' faghbháil. Ro urmais bó do buaibh an brucchaidh for an erlamh, & ro ligh a chosa, & rob adbal a lacht seach na buaibh ele.

O 't-cuala Diomma sin, fáidhis an buachail dia fhios, cionnus do-rala an bliocht dírimhe do beith ag an m-boin-sin. Fuair an buachail Caoimhgin i c-cuas uamha, & an bó acc lighe a chos. Ocus ro chuinnig Caoimhgin fair a dícleith. ‘Na tó’, ol in buachail, ‘oír as éiccen damh sccela fíre do thabairt do Dhioma’. Ocus benais Dioma sccela ar éiccin don m-buachail, úair do thaircc Caoimhgin nemh dó ar a dícleith.

Luidh iaramh Diomma & a chlann gusin c-cúas irraibhe Caoimhghin, & do-ronsat cróchar dó ar airmittin, & ar onóir. Ocus ro ba dluith an choill, & ro luigh for talmain, gur léicc ráon ro-fhairsing don crochar go t-teighedh trithe; ro eirigh arís tre fhiortaibh an aingil. Do-gheall Caoimhgin iffern & saoghal gerr da gach nech do loisccfedh úrach nó crionach na cailledh-sin go brath.

Aon-mac do Dhioma ro bói acc dénamh sealcca; & nach táinic d' iomchar an érlaimh; ro marbhsat a choin féin h-é, & adúadar fadhéoigh. Ro thaithbheoaigh Caoimhgin an mac-sin; & adubert fria athair & fri a braithribh bith-mhuinnterus do dhénamh la Caoimhghein, & a n-iodhbairt dó, eter dháoinibh & cethraibh. Ocus ba deoraidh íatt a crich Midhe.

Ro bhennach Caoimhgin íat a h-aithle a f-feircce ima tabairt as an c-cúas ar eíccin, amail ro bói i t-tairngire doibh. Do-róine Caoimhghein oircinneach ina chill {folio 276a} do gnath do cloinn & do sliocht Díoma, gér bó déoraidh iatt as in Midhe. Is annsin ro áitigh Caoimhgin priomh-cathair isin n-glend.

Do-cóidh Caoimhgin isin chorgus i c-cró cáolaidh for leic luim ina shesamh caigtighis ar mís, & é a c-crois-fighill ar Dhia. Ro ling lon i n-glaic in érlaimh, & do-rinne nead, gur léicc na h-éoin amach.


p.128

At-bert an t-aingel fri Caoimhgin an cró-sin d' fagbail. At-bert Caoimhgin: ‘Ní ró damh pían da méd d' fulang ar son righ nimhe, ro fhulaing gach pían tar cend síl n-Adhaimh isin croich cesta’.

‘Tarr as in cró’, ol in t-aingel. ‘Ni ragh’, ol sé, ‘no go f-faghar ó Dhía saoradh mo chomharbhadh & mo manach, & lochta mo chíosa, & lesaighes mh' ecclas immedhón & anechtair’. Do-ratt an t-aingel secht lán an ghlenda dó i l-ló brátha; & goithne dercc-óir i l-laimh Caoimgin. As mire & as míchíall da gach duine at-cluin míorbuile Caoimhgin, gan beith fo cíos dó, uair do-rad Día nemh do gach aon do h-adláicfidhe i n-úir Caoimhgin; & tucc Dia naenbar gacha sathairn dó día m-breith o péin ifirn, madh iar n-alailiu ad-fiadar. Gach aon immorro do-gheibh bás áoine, & a adhlacadh dia sathairn fo úir Caoimhgin, do-geibh díolghadh dia anmain.

Is iomdha rí & ticcerna do riograidh Erenn, & do riograidh Bretan, do thogh a adhlacadh i n-Glend Da Lacha ar an adbar-sin ar grádh Dé & Caoimhgin. Atad taisi na n-apstal laimh le cró Caoimhgin do dhol leis ar ionchaibh an Choimdhedh go breithemnus m-bratha.

Ní fuair aon-naomh i n-Erinn iomarcraidh Cáoimhgin ó Día, acht Pattraicc namá, úair do-rad Caoimhgin úir na Romha leis amail do ráidhes. Isé immorro Glen Da Lacha in cethramadh Roimh adhlaicthe as ferr i n-Erinn.

{folio 276b} Lá dá f-faca Caomgin ócclach 'na rith chuicce, & fá cléirech eiséin. Ro athain for a ghuth & for a dheilbh go n-dérna droch-gníomh & fionghal. Rucc Caoimhgin lais tara ais é, & fúair an t-occlach marb amhail aduburt reimhe. Ocus ro athbeoaigh é, go n-derna manach dhe.

Na neithe immorro da t-tabhratais lucht aingcisi & easláinte miana & áilghesa, do-beiredh Caoimhgin doibh .i. sméra 'sna fuighlechaibh, & ubhla for crannaibh sailech, & buinnein t-samhaidh d' fagail do gnath for cairrgibh 'san n-gemhraidh.

Do-cóttar lucht seallcca fon n-glend & do-leiccsat a c-coin do cullach allta, & ro lingestair for comairce Caoimhgin, & ro lensat cosa na c-con don talamh, co nar fetsat a m-biodbha bunaidh do lenmain for comairce an érlaimh.

Ro boi trá Colmán mac Coirpre, meic Corpmaic, meic Aillella, meic Dunlaing, meic Énda Niadh, i r-righe Úa Muiredhaigh, ó m-beirdís siabhra a cland uadha tre draidheacht. Ruccadh mac dó iaramh. Ro chuir-siumh an mac da bhaisttedh go Caoimhgin; & cuiris


p.129

ar faosamh an érlaimh é. Ocus do gradhaigh Caoimhgin an náoidhe, & gabhais ina dhalta iaramh é.

Ro bói easbaidh bainne i n-Glend Da Locha an tan-sin. At-connairc Caoimhghin eilit & a laogh, & ro erb fuirre leth a lachta & a bainne do thabairt día dhalta .i. Faolan mac Colmáin, o f-fuilit Clann Tuathail, .i. h-Í Faoláin. Tainic immorro faolcú gusan eilitt, & marbais a laogh. Do-rinne Caomgin míorbuile móra an tan-sin. Ro erb ar an faolchoin allta beith i n-ionad a laoigh ag an aigh n-allaidh. Isin cloich thuill atá uas Droicet na h-eillte, no faccbadh an agh díol an leinib dia loim {folio 277a} & día lacht gach lái, gurab amhlaidh sin ro h-oiledh Faolan d' fertaibh Dé & Caoimgin.

At-bert a oide fri Caoimhgin: ‘ni bhíam i n-aoin-ionad, óir atá a t-tairngire duit, fiorta móra do dhenamh’. Iar sin immorro táinic for a shéd.

Laithe n-aon dia n-deachaidh Caoimhgin do coimhétt cáorach ria óccbhataigh, tangattar buidhen do dhaoinibh bochta ocaracha cuicce, do chuingidh bídh fair i n-onóir Dé. Ro marbh ocht muilt doibh ar sgáth a einigh & a náire; & nír lughaitte comairemh an tréda.

Ro bói Caoimhgin i c-Cill Iffín ar fedh an corgais. Do-bheiredh an dobhrán brádán gach laoi leis docum an coimhthionoil dia sásadh. Ro smúain Ceallach go n-dingentai sging úasal onórach do chroicend an dobhráin. Ro thuicc an dobhrán an smuainedh gér bho bethadach brúidemhail. Ocus ni derna an timtirecht cetna o shin dona manchaibh. O 't-conairc Ceallach sin, ro innis an smuainedh do Caoimhgin. Ro fháid Caoimhghin eisidein go Cill Cheallaigh.

Ro shaor Dia náire Caoimghin an tan-sin. An síol do-chuiredh i c-Cill Iffín ar maidin, no biadh abbaigh ria f-fescor. Conidh amhlaidh sin ro shasadh a mhanchu.

Tangattar aos cíuil go Caoimhgin do chuinge bídh fair, & ni raibhe ag an érlamh biadh an tan-sin. Ocus at-bert fríu anadh fris. Ni ro ansat. Ocus ro gabhsat acc imdherccadh an cléirigh. Do-rónadh iaramh clocha dona crannaibh ciuil i n-éraic imdhercctha an naoimh; & mairid a f-fioghracha fós isin tochar allathoir don baile.

Do badar dias ban ag siubhal i t-termann Caoimhgin. Do-rala meirlecha doibh, & ro marbhsat na mna a b-fionghail, {folio 277b} & ro bensat na cind dibh. Do-rala Caoimhgin doibh, & ro tathbeoaigh íatt iaramh, & do-roine caillecha dubha dibh ina cill féin.

Do thairrngir Caoimhgin go n-dingentai fell & fiongal ina cill;


p.130

& do thairrngir crechadh na cille & an t-samhaid. Ro gheallustair Caoimhgin gach ní dib-sin do dhíogail .i. saoghal gerr, & iffern fadeoigh. Ceithre galair ro thoghastair do denamh innighthe for chorp gach duine do shaireochadh a chill, & a chomarbadha, & a shámhadh .i. aillse, & easbadha, fiolún fionn, & cuthach, ni fétait legh náid fiseccdha na galair-sin d' foirithin, acht an Sláinícidh Iosa Criost.

Dlighidh comharba Caoimhgin a scol & lucht a mionn d' iomchar & do coimhett, & a cioscáin fa a c-cumhang da gach neoch do Laighneachaibh, eter úasal & íseal. Is amlaidh so ro fhaccaibh Caoimhgin coimhétt a áonaigh & a mhuinntire, iter úasal & íseal, eter caraitt & namhaitt; slána, & dísle, & comairce doibh uile, ag techt, & acc imtecht, gan dáil, gan ceist, gan caingin, gan breithemhnus, gan accra fiach do neoch for a ceile et cetera.

7.


p.131