Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 7

{folio 144a}

Betha Ciarain Saighre annso

Tar eis an scriptuir diadha do legadh do Ciaran isin Roimh, & d' eis epscop do denamh dhe, tarla Patraicc dó isin Ettail, & issedh adubairt Patraicc: ‘Eirigh romham dochum n-Erenn, & cóirigh ionadh duit i medhón na h-innsi-sin; & is ann bhías th' onóir & th' eiseirghe féin’. Freccrais Ciaran sin, & asedh adubairt: ‘Ni h-aitnidh damh an t-ionadh-sin, & ni h-urasa a faghbáil’. Adubairt Patraicc: ‘An t-ionadh a m-benfa an clocc-sin accat, dena comnuidhe ann’. Tainic Ciarán iar sin i n-Erinn, & ní do thaisibh na naemh leis .i. taisi Poil & Pettair, & in clocc balbh co rainic se srath Saighre, & is annsin ro labhair in clocc .i. an bardan Ciarain do-roine German gabha do grasaibh Dé.

Anais Ciarán 'san ionad-sin, & suidhis fo crann ann; & fuair torc allaidh fo sgaile an croind. Teichis an torc-sin roimh Ciarán ar tús, & tainic go mín arís cuicce; & isé an torc-sin cet-manach Ciarain, & ise do ben slata & adbar na h-ecclaisi lena fhiaclaibh. Iar sin tangattar manaigh ele co Ciaran, edhon sionnach, & broc, & faolcú, & do battar co h-umhal dó.

Ocus tárla lá ann an manach re n-abar siondach gur goid leis seabaic in abbadh .i. náeim Ciarain, ina aittreibh; gur chuir anti naemh Ciarán an manach darbh ainm in broc d' iarraidh an t-siondaigh, & na seabhac; & fuair iat. Ocus iarna fagbail ro bhen a dá cluais & a erball don t-siondach maille le moran da fhionnfadh.

Is annsin tainic an siondach & in broc, & na seabaic slan leo a c-cionn an naoimh-fhir. {folio 144b} Adubairt Ciaran risan sionnach: ‘Créd fa n-dernais an t-olc-so’? ar sé, ‘uair mas feoil rob ail let d' ithe, do fhédfadh Día féoil do dhenamh do chroicnuibh na c-crand duit, & do budh milis ar n-uiscce léna ol’. Do-roine an siondach aitricche annsin .i. tredhan téora lá.

Ocus iar t-teacht do Patraicc i n-Erinn do mhétaigh an creidemh & an crabadh, & do iomdhaighettar na daoine naomhtha; & as dibh-sen Brenainn Birra; & as gar a ionad do Chíaran; & do bí aon-bó ag Brenainn, & do ghoid Coirpre Crom an m-boin-sin .i. fer fedhma rígh Laighen; & mar tainic Sliabh Sinore tainic duibh-nell dorcha ina


p.114

timceall, ionnus co tarla i sruth é, & co fuair bás ann; & ro impó an bó go Ciarán.

Dob ail le naemh Ciaran annsin an bo do chur uadha go Brenainn, & nirbh ail le Brenainn an m-boin. Ocus adubairt nach biadh bó aicce go brath. Is annsin do bi Ciaran ina aittreibh féin, & adubairt go raibe tinnes becc air, & go raibe mian bainne air. Ocus do fhuráil Brenainn soidhtech becc cumang umha do lionadh d' uiscci, & do bennaigh é, & do-roine bainne núa de. Ocus tuccadh co tech n-aidhedh co Ciarán é, & do bendaigh Ciarán an bainne, & do-roine uiscce de. Gabhais Brenainn iar sin an m-boin chuicce, & beiris Ciaran a buidhechus le Brenainn an m-boin do gabhail chuicce arís.

Adubairt Ciaran iaramh le Brenainn: ‘Bidh h-í an bó roindfes oighrecht ettrainn araon go brath .i. an fedh rachus an bó ar ingeilt annsa ló-so, bidh h-é an t-ionadh {folio 145a} ina b-fanfa sí bús coicrioch ettraind’. Ocus do-chuaid an bó ar ingheilt in lá-sin go h-Achad Bó, & ise sin as tórann eter Ciaran & Brenainn.

Do bí náemh Ciarán Cluana in la-sin i l-laimh ag righ Forfigi tre choire in rígh do tiodlaic Ciarán do bochtaibh Dé; & issedh adubairt an rí le Ciarán: ‘Madh áil duit do leiccen amach, iarr secht láigh slemhna dercca, & cinn gheala orra’. Tainic iar sin Ciaran Cluana go Saighir mura raibhe Ciaran Saighre, da fhiarfaighe dhe an b-fuighbedh sé indsamail an fhúaslaicthe do h-iarradh air .i. seacht láigh slemhnu dercca, & cinn gheala orra. Ocus fuair Ciaran Clúana annsin an da Brenáinn i t-tigh na n-aoidedh ar a chionn i Saighir .i. Brenainn Birra, & Brenainn mac Findlogha.

Ocus ba forbhailidh le Ciaran Saighre an buidhen sin d' faicsin; & adubairt lena coicc: ‘Créd ata accat do-bermais dona h-aidedhaib-so’? ‘Ata ann slinnen muice’, ar in coic, ‘gidh edh smuainim gurab aoine ann’. ‘Tabair dona h-aoidedhaibh gidh edh’, ar Ciarán; & tuccadh, & is amhlaidh frith ina iascc, & ina mil, & ina ola h-e tre breithir Ciarain; & do móradh ainm Dé & Ciaráin de sin.

Ocus do bi tuata annsin .i. mac in coicc, & ni derna sé a shuipér farúsan, mar do-connairc se slinnén na muice ag in coicc, & narb áil leis feoil isin aoine. Adubairt Ciarán Saighre ris: ‘Íosair feoil daimh, & si dercc, an aóine roimh chaiscc, & muirfidher ann 'san uair-sin tú let naimdibh, & ni fhuigbhe tú flaithes nimhe’. Ocus do coimhlíonadh sin amail adubairt Ciaran.

Ocus 'ar t-taircsin na h-aidhighechta sin leis na naemhaibh, do-chuaidh Sein-Ciarán Saighre {folio 145b} le Cíaran Cluana isin sligidh do comradh fris. Ocus asedh adubairt Ciaran Clúana lé Ciaran Saighre: ‘Biaidh saidbhres bidh, & sonus at ionad go brath’. Adubairt Ciaran Saighre


p.115

le Ciaran Cluana: ‘Biaidh saidbhres eccna & ola coisrecctha it ionad sa go brath’.

Ocus ina diaigh sin tangattar an da aran co h-Achad Salcur ar bruach na h-abann, & fuarattar na seacht laigh le raibhe Ciaran Cluana i n-gioll annsin, & iad slemain dercc, & cinn gheala orra. Ocus mar do-chuaidh Cíaran Cluana sáer on rígh, ni frith greim arna secht laegaibh-sin. Ocus ro moradh ainm Dé & arain de sin.

Fect ele tainic maccamh darbh ainm Crichid Cluana go Saighir, & 'ar m-beith sealat do laithibh annsin dó, do múch se lá airithe an tene ar furáilemh an diabhail .i. an tene coisreccta bói ag na mancaibh. Ocus adubairt Ciaran risna mancaibh: ‘An faiccenn sibh an teine choisrecctha do bi accuibh’, ar na muchad don maccamh diabhlaighi? & ni bhiadh teine 'san ionad-so go brath, nó go t-ti tene o Día ann. Ocus an maccamh do mhuch an teine do-chuaidh as an m-baile amach iarnamarach, & ro marbsat na meic tíre h-é. Ocus do moradh ainm Dé & Ciaráin de sin.

Ocus mar do-chúalaidh Mac an t-Sáeir bás an maccaimh-sin, tainic sé da iarraidh; & do gabhadh maille le h-onóir h-é; & ni raibhe teine i c-cathair Saighre ar a chind. Is annsin do eirigh Ciaran Saighre, & do ataigh Dia, & tainic teine do nimh ina ucht, & rucc leis h-í go tegh na n-aoidhedh. Ocus 'arna n-goradh dona h-aoidedhaibh, & 'ar c-cur {folio 146a} a suipeir ina fiadhnaisi, adubairt Ciaran Cluana nach caithfed biadh, no go tisadh an maccaomh; & do eirigh an maccamh mar as luaithe adubradh sin, & do-caith biadh. Ocus do moradh ainm De & Cíarain tridsin.

A c-cionn trill iar sin do much cleirech darbh ainm Bartanus do mhanchaib an tighe-sin teine na mainistrech, & tainic Ruadhan Lothra an la-sin go Saighir; & ni raibhe tene le n-dingéntais a n-goradh 'san tigh. Ocus do bennaigh Ciaran cloch, & ro las an cloch, & rucc Ciaran leis an tene ar a lamhaibh don tegh i r-raibhe Ruadhan Lothra; & nir goill ar a lamaibh; & ro moradh ainm Dé & Ciarain de sin.

Aimser ele ina diaigh sin do dhoirt an Bardanus cédna coire lan do bhainne; & do bennaigh Ciaran an coire gur bó lán as a h-aithle.

Liadhain .i. mathair Ciarain, & a c-comfoccus do Chiarán do bí maille lena h-oghaibh. Ocus do bí dalta deigh-dhelbhdha aice darbh ainm Bruitnech, inghen rígh Mumhan; & do-chualaidh Daimhene. i. rí do chinedh Fiachna tuarusccbail crotha na mna-sin; & tainic chuice, & rucc leis h-í, & do bi aicce mar ceile seal do laitibh.

Ocus 'na diaigh sin do-chuaidh Ciaran d' iarraidh na h-ingine ar an


p.116

righ; & nirbh ail leis a tabairt dó. Ocus adubairt le Ciarán nach leiccfedh uadh í, nó go mosccladh guth na cuaiche. Iarnamhárach do fher snecta mor ann, & do folaigh an talamh; & ní tainic sé a n-goire do Chiaran, ná da muinntir; {folio 146b} & do bad geimhredh ann an tan-sin. A mucha do ló iarnamarach do-clos guth na cuaiche, & do eirigh an ri, & ro slecht do Chíaran, & tucc a dhalta dó.

Ocus mar do-connairc Ciarán a dalta chuicce, & a brú mór ó thoirrches, do-chuir sighin na croiche naoimh fuirre, & do laghdadh a brú, & nír tai(dh)bhred toirrches ina broinn; & tucc leis h-i 'chum an ionaidh cetna; & do moradh ainm Dé & Ciarain de sin.

Aroile la iaramh tainic an ri fri Cíaran maille le feircc, & adubairt: ‘Cred far marbh tú mo bhen’? ar se; ‘& ni bheir 'san ionad-so ní 'sa mo, acht scriosfatt as tú’. Adubairt Ciaran: ‘Ní tusa Día; & bett-sa im ionad féin’.

Ro imtig an ri go ferccach maille le dasacht mór go Dun Croibhtine .i. co a árus féin; & is amlaidh fuair h-e ar lasadh. Ocus do theich an rioghan, & do dhermait a mac gradhach istigh. Adubairt an riogán co tuirsech: ‘Cuirim mo mhac ar comairce Ciaráin Saighre’; & do-ronadh firt amhra annsin .i. losccadh an tighe, & an mac do bheith slan.

Tainic iaramh rex Dairine & epscop Aodh co Ciaran Saighre, & do-rinne an ri toil Ciarain, & tucc a da mac dó .i. Dúnchad ro saoradh on tene, & a mac ele, maille lena siol do Chiarán. Mar do imtigh an rí o Chiaran, ro aithbeoaigh se Bruitnech, & ro báoi slán; & ro moradh ainm Dé & Ciaráin tresna míorbhuilibh-sin.

Rí Muman .i. Aengus mac Nad Fraich, robhatar moirsheiser cruitiredh {folio 147a} aicce, tainicc ona t-ticcerna fein as in n-Gallia; & ro marbhadh i Musccraighe iatt, & ro foilgedh a c-cuirp gan fhios do neoch; & do ba toirrsech Aengus tre gan fios a chruitiredh aicce.

Ocus tainic go Ciaran Saighre d' faghail furtachta; & adubairt Ciaran fris: ‘Atád do chruitiridhe 'arna m-bathad i l-loch uiscce, & atád a c-cruite i n-airde i c-crand don thaoibh tuas os cind an locha’. ‘Áilim tú’, ar in rí fri Ciaran, ‘tarra lim dá n-iarraidh’; & ro éirigh Ciaran, & drong da muinntir (.i. n-uimir secht fichit), maille fris docum an locha; & anus ann teora laithe, & teora aidhce acc urnaighthi & ag trosccadh.

Ocus 'ar c-comlionadh na t-teora la-sin dó, traighis in loch, & frith na cuirp ar an traigh; & aithbeoaighis Ciaran iatt iarna m-beith mí fon loch. Ocus gabhait a c-cruitenna chuca, & seinnit iatt, & gabhait a n-dán, ionnus gur chodail an ri cona sluaghaibh léis an c-ceol-sin. Ocus atá an loch o sin alle gan uiscce, & as é as ainm dó, Loch na c-Cruitenn; & ro moradh ainm Dé & Ciarain de sin.


p.117

Fecht n-áen dia raibhe ócclach rígh Muman ag siubal i c-coiccrich Musccraighe, & fuair muic duine naomhta .i. Cáin a ainm, & do marbh an t-occlach an muic, & rucc leis go coill h-í, & do-chuir ar teine h-í. Ocus mar do bí ann aga bruith, tangatar ceitern chuicce, & do mharbhattar é, & fiche dá muinntir maráen ris ar brú na Brosnaige (.i. abhann); & tiagait féin don lathair, {folio 147b} & ni fhacattar an muic ro baoi ar an teine.

Ro foillsighedh sin do Chiarán, & do-chuaid mar a raibe a dalta .i. Carrthach, mac Aengusa, meic Nat Fraich, do toccbháil na c-corp, ar nach íostais na meic tíre íad, & da m-breith leis da ionadh féin; & mar do-connairc na cuirp iomdha, & gan culaidh a n-iomchair aicce, adubairt Ciaran: ‘I n-ainm Iosa Crist éirgidh ar bhar c-cosaibh fein, & tegaidh lem d' ionnsaighe mo reicclesa’; & do eirgettar go luath .i. in prefectus maille lena muinntir beo-slán, & do aithbeoaigh an muic, & tainic ar siubhal dochum a ticcerna féin.

Tangattar an bhuidhen úasal sin le Ciaran; & ise Foda mac Forax maille lena shiol do bí ann, & do aontaigettar iad fein maille lena síol do Chiarán, & tuccattar iad féin dó ó thús, & do h-adhlaicedh iad aicce.

A c-cionn trill iaramh do marbad cend sluaigh Aengusa meic Nat Fraoich, darbh ainm Mac Ceisi; & do-guidh Ciarán tara cend, & do h-aithbeoaicched h-e, & do imthigh slan; & ro moradh ainm Dé & Ciaráin de sin.

Duine úasal, darbh ainm Mac Eirce, dá shíol Ó n-Duach do marbh each carpait Patraicc, & do gabadh le h-Aengus, & do cengladh an fer-sin. Ocus tainic Ciaran dá fhuascladh, & tucc moran oir (&) argait ass; & mar ruc leis Mac Eirce, ni frith an t-ór nó an t-airget ass. Ferccaigis Aengus, & tainic go Ciaran, & adubairt: ‘Tabhair mo chuid oir & argaitt damh, oir as diomhain gach ni {folio 148a} da t-tuccais damh; óir ni fhuil acht sgáile ann’. Ocus adubairt briathra garba le Ciarán.

Ocus adubairt Ciaran: ‘Ni fuighir ar son do choda óir & argait acht mallacht’. Ocus ag radh na breithre-sin do Ciarán, do eirigh dorcadusa t-timcell an rígh, & fuair bás. Mar do-connairc Carrthach a athair do thuitim, do bi tuirsech, & do-guidh Ciaran 'ma thathbeoughadh. Ocus do-guidh Ciaran fair, & ro baoi slán, & do-rinne Aengus aitricche annsin, & tucc é féin cona shíol do Chiarán: & ro moradh ainm De & Cíaráin de sin.

Feacht n-aen do Chíaran ag siubal i n-aimsir foghmair, & do


p.118

shin a lámh dochum drisi ar a rabatar smera dubha. Ocus fuair a fhios o Dhía go riccfedh a les trath ele iatt, & do-leicc doibh.

Ocus ina diaigh sin i n-aimsir earraigh, iar c-caiscc, tainic Aengus mac Natt Froicch ar cuiredh go tech Concrach meic Duach h-i c-crich Osraighe, & do bái a bhen i f-farradh Aengusa .i. Eithne; & tucc sí gradh do Choncrach, & dob ail lé a beith 'na mnai aicce; oir rob arsaigh Aengus an tan-sin. Ocus do diult Concrach sin an fedh do beith Aengus ina bethaigh.

Ocus mar do-connairc Eithne an diultadh tucc Concrach fuirre, do thoccaibh cennairrce eter an dá rígh sin .i. Aengus & Concrach. Ocus ar deiredh na fleidhe-sin do-leicc-si galar chuice; & do fhíarfaighettar cách di créd do fhoirfedh í. Ocus adubairt sisi: ‘Ní h-urusa mo leiges d' faghail isin aimsir-so .i. sméra dubha do fhoirfhedh mé’. {folio 148b} Ocus do bi an rí & a mhuinnter go brónach de sin, do bhrígh nar thúalaing iad sin d' faghbail di.

Ocus do ghabh eccla Concrach go n-anfadh Eithne aicce d' éis Aengusa d' imtheacht, d' fagháil a toile uadha. Ocus tainic Concrach go luath mar a raibhe Cíaran, d' innisin anmiana-sin tuccadh don mnaoi .i. smera dubha 'sna h-íarccasccaibh; & do-chuir Ciaran Concrach co n-uicce an dris arar fhagaibh na smera i n-aimsir in fhoghmair roimhe sin; & frith na sméra mar do fhaccaibh Cíaran iatt, & do thionoil h-i soidhteach umhaidhe iad, & do-cuiredh édach geal ós a c-ceann, & do-chaith an ríogan íatt, & do bí slán; & do ithettar na riogha ele iatt, & do bi blas meala orra, & meiscci fíona.

Ocus do shiodaigh Ciaran eter na rioghaibh-sin .i. Aengus & Concrach, & do-leicc Eithne ar a gluinibh do Chiaran h-í, & rucc a bhuidhe fris mar do shlánuigh se h-í, & tuc Concrach e fein cona shíol do Ciaran, & móradh ainm Dé & Ciarain de sin.

Feact n-áen tainic Laeghaire mac Neill cona shlúagh i n-aghaid na Muimhnech, & do-cuaidh Oilill ri Caisil ina coinne; & dob áil le aran sídh do denamh ettorra, & ni thuccattar na riogha diomsacha onoir do Ciaran. Ocus is annsin do-ghuidh Ciaran Día, & anní nach fuair ona riogaibh díomsacha, fuair ó Dhía h-é; óir an uair dob ail leis na cathaibh dol a c-cenn a cheile, an choill do bi le h-agaidh na Muimnech do luigh go lar, & an sruth do bi re h-ucht na n-Ulltach {folio 149a} do eirigh go h-ard, ionnus go t-tangattar Muimnigh tara n-ais gan cath, & go n-deachaid Laeghaire maran c-cédna. Ocus tucc Ciarán annsin a saith bídh d' feraibh Mumhan le h-én mart, & le slinnen mairt ele; & ro moradh ainm Dé & Ciaráin de sin.

Fecht da t-tangattar ceithern do Clannaibh Fiacrach d' iarraidh


p.119

muc léna n-goid a criochaibh Mumhan, & do fhoilgettur iad féin i c-coill. Ocus fuair Lonan mac Nat Fraich .i. derbrathair Áengusa, fios ara m-beith annsin; & do-chúaid ina c-cend. Ocus do-guidhettar san Ciaran fá fhurtacht d' fagail doibh. Ocus mar do-guidettar do las an choill fo chédoir. Ocus mar do-connairc Lonan sin do iompo tara ais; & tangattar an mhuinnter ele go Ciaran, & do bhattar ina mancaibh aige go laithibh a m-bais; & ro moradh ainm Dé & Ciarain de sin.

Feacht n-áen tainic Patraicc go Saighir, & deich riogha do rioghaibh Muman maraén ris; & as doibh-sin tucc Ciaran fledh tri lá & tri n-oidche do sheacht m-buaibh do bí aicce. Ocus do bennuigh topur, & do-rinne fín de, ionnus go ra battur subhach saitheach forbfáilidh; & ro moradh ainm Dé & Cíarain de sin.

Fecht n-áen ann adubairt a cheallóir le Ciarán: ‘Ni fuilit muca aguinn, & as éiccen a c-cennach’. Ocus adubairt Ciarán: ‘Ní dhingnem’, ar se, ‘acht an rí do-beir bíadh & édach duinn, do-bera se muca duinn’. A mucha na maidne iarnamarach, fúaratar cráin & da bhanbh decc ar {folio 149b} lár an bhaile, ionnus go n-dernatar go lór do mhucaibh dib; & ro moradh ainm Dé & Ciaráin de sin.

Feacht ele adubairt a chelloir le Cíaran: ‘Ní fhuilit caoirigh aguinn’; & adubairt Ciaran: ‘Ante tucc muca dúinn, do-bhéra se cáoirigh duinn’. Iarnamharach ar madain fuair an cellóir trí naoi cáoirigh geala i n-dorus in bhaile; & ro moradh ainm Dé & Ciarain de sin.

Feacht ele do aithbeoaigh Ciarán Laegaire mac Fintain, & do mhair móran do bhliadnaibh ina bethaid i c-curp daenna, & ina dhiaigh sin tucc ferann i n-offrail do Dhía & do Ciarán.

Fecht ele no teighdis daimh Cíarain go muir siar go seipel Cochae .i. buime Ciaráin, do treabhadh dhi: & mar do thairsedh leo an treabhadh do-thiccdis arís go Saighir gan duine da t-treorucchad.

Fecht ele do-chuaid Ciaran oidhce nodlac tar éis seirbísi go sepel Cochae .i. go Druim Benncair, & tainic isin maidin arís tara ais go Saighir.

Carracc cloiche ata 'san muir thiar mar a m-biodh Cochae .i. buime Ciarain ag denam a h-urnaighe ina h-aenar eter tonnaibh mara; & do-theigedh Ciaran gan luing gan eathar mar a m-biodh Cochae ar in c-carraicc, & do thiccedh eisti arís.

Aon do laithibh tainic Ciarán go seipél Cochae, & moran {folio 150a} do


p.120

daoinibh maraon ris; & tuccadh aoidhigecht dó ann .i. slinnen muice; & ro bennaigh Ciarán an slinnén, & do-rinne cruitnecht, & mil, & iascc dhe, & biadha uaisle ele; & do bennaigh topar uiscce do bí 'san ionadh-sin, & do-rinne fín de; & isé lion do sásadh leissin .i. da fichet & ocht céd; & ro móradh ainm Dé & Ciaráin de sin.

Fecht ele tainic Ciaran go Raith Tamnach, & ro shuidh annsin maille le móran do dáoinibh a c-comairle. Ocus do bí annsin rex Cobranus .i. nech aga raibhe suile millteacha; & do-connairc se mac meic Aengusa meic Nat Fraich 'ar t-techt chuca; & do fhech dona suilibh neimhnecha h-é, & ba marbh an mac accédoir.

Mar do-connairc Ciaran sin, fergaighis i n-acchaid in righ, & dallais accedoir an rí. Slechtais an rí do Chiaran, & tucc a radharc dó, & tucc h-e féin cona shíol dó. Ocus aithbheoaighis an maccamh fuair bás le neimh sula an righ reimhe sin; & ro moradh ainm De & Ciarain de sin.

Feacht ele do bi dalta mna ag mathair Ciarain .i. ag Liven, & do bi dalta fir ag Ciarán .i. Carrthach mac meic Aengusa meic Nad Fraich, & tucattar grad collaidhi da cheile; & do-rinnetar ionad coinne re 'roile do dhenamha t-toile féin; & mar do-conncattar aighthe a chéle, do las an choill ettorra, & do theichetar ó chele; & on lá-sin ní facaidh an bhen-sin áen-rét riamh, & do-cuiredh Carrthach ar ionnarbadh ar muir re shecht m-bliadan, & do légh an sccrioptuir diadha iar n-aitricche; {folio 150b} & ro moradh ainm Dé & Ciarain de sin.

Feacht ele do bi lín ar tiormugadh ar fraighidh an tighe ag Liven .i. ag mathair Ciarain, & do ghlac tene h-e, & do las an tegh de sin. Ocus do-chonnairc Cíaran sin, & sé a b-fad uadha, & do thogaibh a laimh, & do bhennaigh an tegh, & do mhuch an tene, & do fóiredh an tegh ona losccudh; & ro moradh ainm De & Ciarain de sin.

Fecht ele do gabadh maighden lena naimdibh, & do bhenattar a cend di; & mar do-chonnairc Ciarán sin, do-ghuidh tara cend, & do aithbeoaigh í, & ro moradh ainm De & Cíarain de sin.

Fecht ele do bí saccart Liven .i. Cerpanus ag siubhal na conaire, & fuair bás; & do ghuidh Cíaran ar a son; & do h-aithbéoaigedh é; & ro moradh ainm Dé & Cíarain de sin.

Fecht ele tainic mathair Brénainn Birrae Mannsena a h-ainm go Saighir, & rob ail lé dol ar ionnarbadh go h-Oilén Doimle. Ocus adubairt Ciaran: ‘Na h-éirigh’, ar sé, ‘óir ni h-annsin bhías th' eiséirghe, acht a Tamlachtain do-ghéba tú bás; & is ann eiréochus


p.121

tú & do mac .i. Brenainn; & an trath do-berthar a chorp as an ionadh-sin go a chathair féin, bíaidh soillsi dermair eter an da ionad-sin {folio 151a} in oidche-sin’. Ocus do fíradh sin do Bhrenainn & dá mhathair.

Tuilledh dia míorbhuilibh .i. dias brathar do Chiaran a Muscraighe o Leitrechaibh .i. Odhranus & Midranus a n-anmanna, & dob áil leo dul i n-Osraighe ar ionnarbadh; & mar tangattar go Saighir dob áil le Medhranus anadh annsin a b-farradh Ciarain. Adubairt Odhranus ris gan anmhain, & adubairt le Cíaran gan a fostadh; & isedh adubairt Ciaran: ‘Beiredh Dia breth ettraind, an accam-sa anfas sé, nó an letsa raghas. Gabadh lochrand gan ola gan tene ina laimh, & da lasa in lochrand o anáil do chur fáoi, as accam-sa anfus’.

Ocus do-rinned mar sin; & do las an lochrand, & do an Miodranus co bás h-i farradh Ciaráin. Ocus adubairt Ciarán le h-Odhranus: ‘Cibe ar bith slighe a n-geba tú, tiocfair slán go Muscraighe fo deiredh, & an trath (do)-bértar Colum mac Criomtain iarna folach h-i c-cruithnecht dia adhlacad letsa & le Mo Chaimhe Tire da Ghlas, tiocfaisi, a Odhrain, dod chathraicch féin, & as innte bhías th' eisgéirghe’.

Ben uasal darb ainm Achaill do thuit as a carput, & fuair bás; & ro aithbeouigh Cíaran h-í a c-cionn an tres láe; & tucc sí an ferann, darab ainm Léim Achaill, do Dhía, & do Chiarán; & ro moradh & reliqua.

Aimser ele iaramh tainic Fergus Cind Faelad .i. taisech tecclaigh righ Muman, & do thacht se feirthighis Ciarain .i. Cronan a ainm, & ro aithbhéoaigh Ciaran an feirtighis h-i c-cind seacht lá, & asedh adubairt {folio 151b} Ciaran: ‘Mar do tachtad Cronan, tactfaidher Ferccus, & loisccfidher a chorp i r-Ráith Lochmuighi la h-Eilechaib’.

Ina diaigh sin tainic Ailill ri Muman d' iarraidh a ócclaigh ar Chíarán, & mar do-chuala Ciaran sin, do bhen a urlabra de co cend seacht la; & a c-cionn an sechtmaid láe tainic in ri mar a raibhe Cíaran, & do slecht dó. Ocus mar do-connairc Ciaran sin, tucc a urlabhra don righ; & do moradh ainm Dé & arain de sin.

Feacht ele manach tuata do bí ag Ciaran, Gobranus a ainm, & dob eccail leis bás do rinn d' faghail: & do-guidh Ciaran gan an bás-sin d' fagháil dó. Ocus at-rubhairt Ciaran: ‘Do-geibim-si (no ni faghaim-si) ó Dhia gan an bás-sin d' fagáil duit, & do-gheibim inní as ferr, gan dul i n-ifrionn duit’. Ocus do-rinnedh samlaidh.

Do bi Cainneach & Brigitt ag comhradh a n-ionadh úaignech,


p.122

& adubairt Cainnech le Brigit: ‘As mor an tiodlacadh tucc Dia do Chíaran Saighre .i. an manach do dóirt fuil, go f-fuair se a anam-sin a h-ifurn; & adubairt, go m-beith se fein i n-ionadh an mhanaigh-sin i n-ifurn, muna saortaoi dó é; & do sáoradh’; & ro móradh ainm De & Ciarain de sin.

Laithe n-aen tainic a airgeach go Ciaran, & at-bert fris: ‘Do-cuaidh damh dár n-damhaibh uainn’ .i. mac bó do bí ag Brenainn, & dath dercc do bí ar an damh, & cos gheal aicce. Isedh adubairt Ciaran: ‘Erigh go Glenn Damháin, & do-ghebhair annsin h-é, & ellach ele nach iarrann tú maille ris’. Ocus do-chúaidh an {folio 152a} t-occlach don glenn; & fuair mar adubairt Ciaran an damh; & is amlaid fuair h-é, & secht fichit bó ina fharradh; & ro móradh ainm Dé & Ciaráin de sin.

Aroile oidche iar sin do-chuaid Ciaran i n-dabaigh fhúar-uiscce, & oilitrech immaille fris, darb ainm Germanus. Cuiris an fuacht go mor ar Ghermanus. Bennaighus Ciaran an t-uiscce, & doní te é.

Adubairt Ciaran le Germanus: ‘An faicenn tú Carrthach 'ar t-teacht chugainn dont slighidh anoct? & iair at fochair ní do-bermais dó’. Ocus do shin a lamha uadha, & isé ni fuair, iascc mór; & do theilcc uadha ar talamh é.

Ocus do-cuaidh Ciaran iar sin go cathair Martain, & tucc leis taisi Martan maille le forffailtechus.

Tri tiodhlaice tucc Dia do Chiaran .i. gibe do h-adhlaicfidhe ina mur, gan ifern d' iadhadh fair. An dara tiodlacadh: an duine chuinnebhus a lá go h-úasal, gan a beith daidhbhir go brath. An tres tiodlacadh .i. an fedh do anfadh a manach ina ionad fein, gan nert namat do beith air go brath.

Ina diaigh sin do iarr Ciaran ar Día topur; & do mhuin an t-aingeal-sin dó, & do shlánaiged se gach uile galar 'arna nighe ass.

Fa h-íad sobésa Ciarain re fedh a bethad .i. nir gabh se edach olla uime, acht croicne mac tire & bethadhach n-eccíallaighi; & do-sheachnadh se na biadha saoghalta, & na deocha i m-biodh meiscce; & as bec do codladh doníodh. Ocus do biodh bith-timpirecht na n-aingel maille ris. Ocus as dóairim a med d' escobaibh {folio 152b} & do saccartaibh do-chuir se fo gradaibh. Ceithre cet bliadan ro báoi se béo gan galar amuigh no attigh, gan easbaidh fiacal, gan cronuccadh anála, gan lagduccadh ara radharc, gan uiresbaidh ar a eistecht, gan doille ar a chroide, na ar a cedfadhaibh; acht ge doní námha an chinedha daenna na cedfadha do dhalladh, ni fuair se an tarach-sin ar Ciaran.


p.123

Ocus fos, gach droch-ní do-gnithi fair, as ní maith do-gniodh san ara shon; oir do-beiredh se maithemh arna droch-neithibh; & do-gniodh se saethar lena lamaib ar gradh Dé, d' faghail a riachtanais a les dona bochtaibh; & as mar sin do-caith se a shaogal abhus, ionnus go f-fagadh sé coróin na bethad suthaine thall. Cía an neoch do fhedfadh ar an sáogal-so innshamail bethad Ciarain do chongbáil a churp daenna i n-aointibh, & a t-troiscctibh, a f-fuacht & a f-fuireachrus, a n-gemnaigheacht & a t-tegh n-aidedh?

Ocus as mar sin rucc sé a bhetha as ona naoidhentacht go a écc .i. a n-guidhe gach aon lá, & ag légadh & ag senmoir, & ag breith breithe, eter beth a tocht & ag labhra. Ocus do bí sé caén-uarach, glic, cobhsaidh, trocairech, sobésach, umhal do Dhia & da chomarsain, & ag munadh a mhanach do réir breithre an apstail .i. Póil, & isiad briathra Poil .i. ‘denaidh mh' aithris-si’

, ar Pól, ‘Mar do-rinne meisi aithris ar Chriost, ar onóir d' faghail ó Dhía & ní ó dhaoinibh, & na h-iarraidhar ghloir saoghalta, acht ar Dhía’

.

Ocus nír léicc se ní thairis d' aithentaibh Dé .i. biadh don ocarach, deoch don iotadach, & beith faoilidh {folio 153a} re h-aoidedaibh, & daoine galair d' fiosruccadh, & deirc dona bochtaibh, & edach dona nochtaibh. Ocus ise adbar fa n-dénadh se so .i. d' fagail a coda don bhethaid suthain, & d' eccla achmusain De h-i fiadnaisi na breithe. Ocus do aithin Ciaran da mhancaibh na h-aithenta-sin do chongmail .i. grad do beith aca fein da céile.

Ocus do-rinne Ciaran d' faistine go t-tiucfadh moirsheiser tara éis féin, do dhénadh & do chuinneochadh an riaghail-so, & 'na diaigh sin gach duine do thiocfadh nach coimhlíonfadh an riaghail-so, nach fuighdís a c-cuid do flaithes Dé.

Ocus mar tainic aimser ecca Ciaráin do gallraighed uile é, & do gairmedh a muinnter uile ina thimcell i n-en-ionadh; & issedh adubairt fríu: ‘Annsan aimsir-so atá mo Thigerna fein agom ghairm-si chuicce, & as líach lem-sa, mo tréd d' fagbáil; & aithnighim do Dhía & do Charrtach maille le bhennachtain sibh. Ocus attaim aga bhar t-teccascc imon ionad-so d' follamnuccadh maille le besaibh maite; & na biodh an mac mallachtan ettraibh go fada; uair gerrfaidher bhar laithe da raibh.’

‘Ocus tiucfa aimser ann ina m-beitt plagha imdha adhuathmara scriosfus na h-eccalsa, & beitt ina f-fásach; & impóidhfidher an fhírinne a m-breicc, & ní bhía a dhath féin ar an m-baistedh; & isé ní fa m-beid ag coinntinn .i. imon echtrannach, & ni fá ní fein. A braithre ionmaine, guididh lem-sa ar Día na rab am áenar rachus me chuicce, acht daoine eile do breith lem, & na rab slighe dorcha mo slighe dochum {folio 153b} an rígh, & go m-ba fáilidh romham é’.


p.124

Ocus do-chuaidh iaramh docum na h-altora le h-offrail, & do-chaith corp Crist, & adubhairt le tríar diongmala da mhuinntir a chorp do coimhett; & adubairt ríu: ‘Oscclaidh tri bann-lamha don talamh, & adhlaicidh meisi maille risna naemhaibh ele, & la Martain; & na biodh fios an ionaid seicreidigh sin ag duine’. Is annsin do sccar a anam rea corp dó a medhón-oidhce. Ocus ina diaigh sin ruccadh an t-anam-sin maille le soillsi móir, & le dealradh aingel h-i flaithes nimhe, & tricha espoc i n-aoinfecht fris.

Ocus do bhattur na manaigh a t-timcheall cuirp Ciaráin maille le h-iomannaibh & le canticibh & le moladh ele; & le h-uinnimintibh mar ata arromanta & a cosmaile; & maille le soillsi dermair secht laithe cona n-aidcibh doibh mar sin. Ocus do cengladh ina diaigh sin h-e le morán d' édaigibh geala lin, & do h-adlaicedh é maille lisna h-edoighibh-sin .i. dochum a éirge maille le soillsi na breithe; & ata ar nimh maille le Patraic & le Martain, & le moran do naemhaibh ele, (da n)-díligther cadhus & onoir per infinita in secula seculorum. Amen. FINIS.

6.


p.125