Baoi fer amhra a n-Osraighibh .i. do Dhal m-Birn, Lughna a ainm. Luigh sidhe for cuaird don taoibh budhes d' Eirinn, & tug a dhiongmala do mhnáoi ann .i. a g-Corca Laighe go h-airithe, Liadhain ainm na mna-sin. Ad-connairc an ingen-sin aislingte. Andar le go t-tainic realta do nim, go n-dechaid ana béola, go ro shoillsigh fir Eirenn uile. Ad-racht arnamharach, & ro innis gach ní ad-connairc; gurab í breth rugadh furte .i. go m-beradh gein bhuadha, diamad lar iartar domain a b-fertaibh & a miorbuilibh.
Ba fíor son; ro geinedh an mac .i. Ciaran, & a g-Cleire rodnalt. Ocus ba follas rath Dé fair a miorbuilibh & a b-fertaibh iomdha, go raibhi triochad bliadhan isin ionad-sin, maille re duthracht leighinn & urnaighte, cía ro bhaoi gin bhaisdedh, gin bhennachadh, acht a bh-fuair o neamh dhiobh. Nior bo machtnadh on, air ni bháoi baisde na creidemh frisan ré-sin isin innsi-so; go ro triall Cíaran imteacht aisde go Roim Letha; ar ro taisbenadh do nim dó, gomadh ann no legfadh a salma, & do-ghebhadh gradha easbuidh, ar ba h-i cenn an chreidim h-i.
O rainic {MS page 223} do Roim, ro baisdedh h-e iar riachtain; & ro leigh an sgriobtuir & an chanoin coimdheta ag ab Romha, go m-bui triocha bliaghan ag an fhoghlaim-sin, go n-dubhradh fris toighecht dia tír, ar ba h-ann báoi a g-cínnedh dó oírisemh do dhenamh, & gomadh oirdraic fon uile dhoman a fiorta & a urnaighthe.
Luigh Cíaran aside go h-Edail, gonadh ann do-rala Patraic dó for a chonair, go ro failtighsit fria aroile. Ocus ad-bert Patraic fris, tiachtain dia thír, go ro chumdaighed cathair a medhon na h-innsi-sin, & go b-fhuighbedh úaran ann. Ocus oiris emh aga, & teigemhad-sa friut iar t-triochad bliadhan. Nis am eolach-sa fair, ar Ciaran, air ní fhedar cisi h-úaran sech aroile díobh, aga n-oirisfinn. Bera mo chlog-sa, ol sé, & biodh amhlabhar no go riacht an t-úaran; & benfaidh iar rochtain, & budh é an bardan Ciarain a ainm go brach, & do dentur fiorta & miorbuile libh iomaleith, & biodh Saoighir ainm an ionaidh.
Ceileabhrais cach día chéile diobh .i. Patraic & Cíaran, & do-roine Ciaran amhail adubhradh fris, no go rainic gusan úaran oirdraic fil an Eilibh {MS page 224} Muman, go ro ben a chlodh ann, amhail ro gealladh. Ocus ro thorainn a reigleis iar sin.
Do-roine Día fiorta iomdha sunn for Chiaran. O ro ghabh for claoidhe na reilge, & se a aonur, go b-faca an torc n-allta ana dochum, go ro ghabh for ledradh & tochladh, go ro ben an fiodh uile don tochailt-sin, & go ro claoi an talamh, gur bo réigh. Do-gní iar sin teghais, a n-oirisfiodh an g-cein no bhiadh frisan mor-obair n-ugad, & an t-ainmidhe egcennsa út og bein & ag tarrang an fhedhaigh dó, gur bó h-erlamh. Do-rad Día tuille manach docum Cíarain, co n-faca cuca an faolcú go m-broc, & go sionnach lais, go ro ansat maille fris ag denam friochnama & fritheolma fair.
Badur samluigh fri ré cían ag an b-friochnam-sin, no go t-tarla don t-sionnach a dhuchas fein do eirge for a mhenmuin, go ro goid a bhroga ó Chiaran, go n-dechaidh for teithed ana uaim-thigh. O ro airigh trá Cíaran an esbuidh umale, adubairt risna mancaibh oile .i. frisan g-coin allaigh, & fris an m-broc: Ní maith an cerd manaigh, {MS page 225} ol se, oirgne na slada do dhenam, & eirg, ol se, frisan m-broc, & tug lat ar áis no ar éigin é, go ro cursaighter inn.
Luigh iaramh an broc, go n-dorala an sionnach fris, go ro chuibhrigh ó chluais go laoi, go t-tug ar éigin lais é. Ad-bert Cíaran fris: Dena ainti & aithrighe, ol sé, air ni cerd mhanaigh mibhésa, & oíris for céill, & diamadh miana no bheith fort, do-bera Día duit amhail shirfe. Fóghní-sium, amhail as-bert Cíaran, & ro oiris isin maincine cedna, go no morad ainm Dé & Ciarain de sin.
Asa h-aithle sin tra ó 'd-clos clú & oirdhercas Chiarain, ro tiomairg a choibhnesa chuige do gach leth; & tainic a mathair, dá ionnsaighe, go n-ógaibh iomdha lé fría foghnam Dé & Cíarain. Ocus ro thogaibh reigleis riogha & tempoll toghaidhe do Día, & do-gniodh foircedail iomda ar briathraibh Dé dona criochaibh comfhoigsi, & dia atharda feisin .i. do Osraighibh, & ro chreidsiot il-iomad do dhaoinibh Día tré foircedal Ciarain.
Is annsin do-rala do Patraic teacht do shioladh creidme d' feraibh {MS page 226} Eirenn, & dia m-baisdedh, iarna fularamh ó Iosa fair a sleibh Siona, día t-tugadh an bachall Iosa dó, go no aontoigh, & go ro cengail gach ní cingeladh Patraic isin innsi-so. Oir ní bháoi do choiméd irsi & creidme a n-Eirinn roim Patraic, acht madh Ciaran, & Oilbe, & Déglan, & esbudh Iubair. Ro criochnaighedh la Patraic gach ní, amhail ro iomraidh fria h-Iosa, go ro ben fiora Eirenn a lamhaibh demhan, & a h-adradh iodhal.
Báoi trá dalta dil og Liadhain .i. mathair Ciarain, & ni bháoi for bith ben budh ferr cruth & bésa; & ingen rí do rioghaibh Muman h-í, & Bruinech a h-ainm; & ro chinn a h-oighe do Dhía, & luigh
Ba galar tróm la Ciaran anní-sin, & luigh for iarraidh na h-ingine go tech Dioma, go n-debhairt Dioma fris: Nis-bera an ingen, ol sé, go n-abra do {MS page 227} thigerna frium. Is túalaing Día on, ol Cíaran. Nior bó cian badur ann, go n-ébairt an guth uasa; Leigh uait an ingen, ol sé. Ro léig an ingen la Cíaran iar sin, & ba torrach h-i. Ro cuir Ciaran iaramh sighin na croiche coimdheta tairsi, go n-dechaidh ar neimfni e gan airiughadh fo cedoir.
Ag cionn aimsire iar sin tarla ar mhenmuin Dioma techt d' iarraidh na h-ingine do-righisi, air nior fhulaing beith 'na fegmais. O 'd-connairc an ingen an righ dá h-ionnsaighe, air bá derbh le is día breith lais d' áis no d' eigen tainic, ad-bath fo chedóir. O 'd-connairc Dioma ég na h-ingine, ro criothnaighsiod a bhaoill, & ro buaighredh a aignedh, & ad-bert fria Cíaran iar sin: Ro marbhais mo cheile, ol sé, & diogholtar fort é; & sgriosfaighther as an áit attaoi tú, & ni bía fos fort. Ni cumachtach túsa uimesin, ol Cíaran, & Dia nime edrainn, & ni fhuil mo maith-si ná m' olc ar do cumas.
Asa h-aithle sin tra fuair aon-mac an righ bás lasan aitheasg-sin; go t-tainic buime an mhic a b-fiadhnaisi Ciarain ag basgaire truaigh, & ad-bert {MS page 228} an ben: Do-bheirim-si an mac úd, & me féin a mainchine duit, ol sí, dia g-cabhra an uair-so fair, oir is tú rod marbh. Iar sin tra dus-fáinic soighnen tinntighe do nim for brugh an righ, go ro loisgedh idir duine & airneis, gur loisgedh an dara mac baoi lásan righ .i. Duncadh mac Dioma eiside.
O 'd-clos don righ anní-sin, luigh go Ciaran, & do-roine cros-fhighill de fein ana fiaghnaisi, maille re h-aithrighe mhóir, & re tóirsi thruim, & ro ghuidh é fa fortacht & fa mhaithfechas dó. Do-rad Ciaran do-sum anní-sin & ro dhuisigh a dhá mac iar m-bás & losgadh dó, gur bhó slán. O 'd-chonnairc Ciaran an ingen do eg, ro dhuisigh o bhás maran g-cedna. Ar bá derbh lais nach beradh an righ uadha tar sarughad ní budh mó. Ro morad ainm Dé & Ciarain tresna mor-miorbuilib-sin.
Fecht ann dus-fainic a choig go Cíaran & ad-bert fris: Ní filid muca linn, & do riocfaidhe a les íad fria biathadh ar manach. Is tualaing Día umpa-sin, ol Cíaran. Nior bhó cian dóibh go b-facadur an dá mhuic dég dá n-ionnsaighe. Ansad ocaibh {MS page 229} go ro shiolsad tréda iomdha díobh.
Feacht oile luigh an coig cedna go Ciaran, & ad-beir fris: Regar a les cáorigh linn, ol sé, ar is eigen a g-cennach mona fagabhar. Ní h-usa lá Día na muca, ol Cíaran, & budh fior sin. Ad-cíad an tréd do chaorcaibh geala isin muigh. Is ar eigin ma ro fhedsad fritheolamh for a sioladh.
Fechtus dia n-dechaidh fer oirmhidnech báoi a g-comfhogas dó go Cíaran, Fionntan a ainm, & a mhac marbh lais dia thodhusgadh dó, Laoghaire a ainm side. Ro guidh Cíaran Día umma fhortacht. & do-róine cros-fhidhill & ernaighthe diochra go Día fair. Ad-racht an mac o bhás lá breithir Chíarain; go ro moradh ainm Dé & Cíarain de sin. Go t-tug-sumh a uile ionnmasa & saidhbhresa do Dhía & do Cíaran, & do-rad fós an baile forsa m-baoi fein gona fherann a m-bith-dilsi do Día & do Cíaran .i. Raith Fhera a ainm.
Is a n-aimsir-sin trá ro-siacht Patraic go Caisel a g-cenn rí Muman .i. Aongus mac Nad Fraoich, & tainic Ciaran 'na g-comdhail ann, & teid Aonghus & maithe Muman {MS page 230} fó baithis Patraic. Báoi fer do Iobh Duach Osraidhe isin comdhail-sin, Erc a ainm, go ro ghoid an teach forsa m-baoi Pátraic.
Ro cuibhrighedh an fer-so gusan righ; & luigh Ciaran dia cuinge forsan righ. Ni fuighbhithe uada gin maoine dia chionn. Do-rad Cíaran tomas óir tara cenn, óir ro bhaoi a bhaigh risan Osraidhech. Do-radadh do-sam an cimidh. Ro leigh an t-ór iaram, & teid for neifní. Ro fergaidhedh an rí de sin, & ad-bert: Ciodh umma tucais t-ór aislingte damh-sa, ol sé, & is meabhal fo-dera duit a denamh, & do-roine bagar mor fair. Ni bí don bith uile acht madh aislingte, & dul for neifní, ol Ciaran; & ro lonnaighedh frisan rígh iaramh, & ro triall esgoine & dioghail fair, go ro dalladh an righ; gur bheg nach dechaidh a m-bás.
Go n-dechaidh Mo Cuda do ghuidhe Chiarain fa toirmesg do cur ar an dioghail-sin, & go m-biadh an rí dia réir. Ro fhortachtaigh-sium an righ iaram, amhail biodh ó bhás do éireochaidh. Or ro silesdar cách, gonadh bás do {MS page 231} fuair. Ocus do-rad maoine díairme do Chiaran, & luigh feisin fana thoil do dhenamh; & do moradh ainm Dé & Cíarain trid an mhiorbhuil-sin.
A m-bai righ Muman .i. Aongus, for a chuaird righe sechnoin na Muman, badur aos cíuil & oirfidigh lais. Luighsit uaidhibh for cúaird a Musgraidhe Tíre. At-reithsid biodhbhaidh fríu fria h-edail forta, go ro marbhadh an t-áos cíuil, & ro cuiredh a b-fholach fó loch báoi a b-fhogas doibh. Baoi crann fon loch, go ro cengladh fon g-crann gona g-cruitibh léo, iarna nochtadh fein, oir nior bhó h-ail léo a fhios forta.
Foda lásan righ ro badur a áos ciuil. Ro chuir teachta for a n-iaraidh, go nar frith béo na marbh díobh. Luigh an righ go Cíaran día fhios cred tarla día áos ciuil, ar bá derbh lais, bá faidh a nim & a t-talamh. Ocus ro fhoillsigh Cíaran dó gach ní ro fhiarfaidh de; & luigh Ciaran roiman righ gusan loch n-ugad, & do-gni crois-fhighill & urnaighthe n-diocra go Día, go ro traigh an loch, gur bó follas do cách, amhail {MS page 232} batar a c-coimcengal don crann, amhail adubramair romainn.
Ad-bert Cíaran fríu eirge on loch; & ad-rachtsad iaramh, amhail biodh as a c-colladh, gona g-cruitibh léo, iarna m-beith mí fon loch. Gonadh Loch na g-Cruitirigh a ainm beos. Go ro moradh ainm Dé & Ciarain triasan b-fhiort-sin.
Fecht oile don righ for an g-cuaird cedna. Luigh taoisech dia muinnter go n-dorala for mucaibh Ciarain. Marbhsad muc dhiobh. Ro gáiredh mar namhaid forta, & ro marbhadh fer for a deich diobh uman taoisech. Luigh an righ & Mo Chuda go Ciaran, & ad-bertsad fris air go t-teiseadh léo for cenn na míledh ughad ro marbhadh, día m-breith go Ciaran feisin día n-adhnacal.
Tiaghaid día n-ionnsaighe, & ní bháoi léo lion an iomcair. As-bert Ciaran: Eirgidh, ol sé, a g-coimideacht bur righ, a n-ainm Dé. Ad-rachtsad fócheadoir o marbhaibh lá breithir Chiarain gusan muic iona bethaidh léo, & do-radsat a mainchine dó iaramh, cein robdar béo; & ro moradh ainm Dé & Ciarain don miorbuil-sin.
{MS page 233}Luigh Ciaran lá n-ann fo choill bá comfhogas dó, go b-facaidh muine ard go smeraibh fair. Do-rad dlaoi do bog-simin for an t-tor, go mairedh i n-gach aimsir, giodh be h-uair do iarfad íad. Is annsin do-rala rí Muman for cuaird go tech Conchraidh meic Duach, ri Osraidhe; & do-rad an rioghan serc dó .i. Eithne Uathach; ar ní baoi nech budh cruithidhe anas an Concraidh-sin; & ro cogair Eithne fris a menma uime.
Ní ro aontoigh Concraidh anní-sin, óir níorb ail dó gomadh ciontach frisan rioghain é. Gonadh edh do-roine Eithne, serg & galar bréige do ghabhail fuirte, o nach baoi cumus imteachta lé. Ro h-innisedh do Concraidh anní-sin & téid go h-Eithne dia fhios cred do foidhenadh di. As-bert sí, ní biadh maith di a n-aon ní, mona fhaghbhadh sméra, aris doibh do-rad a miann, & as íad budh leighes & budh luibhi íce dá h-eslainte.
Luigh Conchraidh go Cíaran, & ro innis amhail ad-bert Eithni fris. Luighsid a n-dis gusna smeraibh {MS page 234} adubhramair romainn, & rugsat go h-Eithne íad, & ro caith ni diobh; & ba boladh fiona & blas meala baoi forta. Ocus ba slán o gach serc & o gach galar baoi fuirte; & mion-caisg ann an tan-sin.
Luigh Eithne iaram go Cíaran, & do-roine altughadh buidhe do Dhía & do Cíaran ar son a saorta on anntoil-sin ron-gabh; & do-rad a coibhsena dó, & ro guidh é fana sáorad ar gach n-guais nó biadh fuirte. As-bert Ciaran: Ni fhedaim-si do saoradh-sa ar bhás fil ad cionn; oir cuirfither cath idir Muimnechaibh & Laigin, & tuitfir si, & t' ingean, & righ Muman ann; & do-ghebhair flathas nime iaramh. Ocus ro fioradh uile a n-dubhairt Ciaran; oir do-rochair Aongus mac Nad Fraoich a g-cath Ceall Osnadh la Laighin, amhail ro tharngair Cíaran.
Feacht oile báoi comdhail Muman & Laighen a n-dáil Patraic do thoigecht fria baisdedh & foirchedal breithre Dé dóibh ag comfogus do Ciaran. Ni báoi comas biadhta léo an aghaidh-sin iar sin b-proigept, go ro fhosd Cíaran fría sásadh doibh {MS page 235} a n-ainm Dé & Patraic.
As-bert Ciaran frisan g-coig fritheolamh dóibh. As-bert an coig nar bo h-éidir dóibh fritheolam d' faghbhail; ar is fogas an aghaidh, & ni fhilid acht seacht n-dama liom; & ni fhil furtacht an cedmadh fer diobh ann. Berbhtar libh, ol Ciaran, na seacht n-dama, ar nior bo h-usa la h-Iosa na coig mhile do shasadh lasna choig aranaibh & leis an dá iasg, ina sinne lásna seacht n-damaibh ugad. Bidh fior són; ro sásda laisium am búi ann, gur bhad lór lá gach fer a pruinn fodheisin. Ocus ro bennaigh an tobar iaramh, gur bó blas meala no fiona la gach n-aon no ibhedh, gur bho mesga na slogha iarná sásadh. Go ro moradh ainm Dé & Ciarain triasan b-fiort-sin.
Aroile aimsior do-rala rí Temhrach for sluaghadh isin Mumain; go ro thionoilsit fir Muman fris, go ra bhadur ucht fria h-ucht a n-Éilibh tuaisgirt. Ro ghuidh-sium Día ioma furtacht go ro éirigh fiodh {MS page 236} adhbhal etorta, & abann ard-tuile, Brosnach a h-ainm; & mairigh ann bhéos.
Go ro sgarsad na catha fría aroile. Tiaghaid fir Themhrach dia t-tighibh; & ro ansad Muimnigh isin ionad-sin d' aghaidh iom Oilill rí Caisil. Ro chuir Cíaran mart & muc chugtha, & ro bennaigh, gur bhó lór do shásadh dona sloghaibh; & gona fhuigheall la gach fer aramharach diobh. Go ro moradh ainm Dé & Cíarain de sin.
Báoi gnathughadh og Ciaran for a mhancaibh gusan fairci bai léo, no thigdis gach laithe nollac moire docum cumaoineach do laim Cíarain. Báoi buime laisim, Cuinche a h-ainm, & a Ros Benncuir no bhiodh a n-deisgert Laighen. Feadhbh craibhtech isidhe. No teighedh Ciaran día h-ionnsaighe, iar n-aifreann na geine dó
Ocus no teighedh do ernaighthe araon ré Coinci for carraic iomthuile baoi forsan muir a medhon tonn o Ros Benncair budhes; {MS page 237} gonadh carraic Chuinchi a h-ainm o sin bhéos. Ocus no thigedh go Saoighir isan laithe chedna; & ni fes cionnas do-ghniodh, acht mon budh fosgadh ainglechdha on Trionoid aga togluasacht.
Baoi tra ben oirbhidnech a b-fhogus do Ciaran, Eichill a h-ainm. Ro thuit an ben-so fria carraic, go ná raibhi cnam fria aroili dhí. Ro h-acainedh fria Cíaran anní-sin. Téid día h-ionnsaighe, & ad-bert fria: Eirig, (ol) sé, a n-ainm na Trionnoide. Ro éirig an ben fo cedóir ó bhás la breithir Chíarain, & tug altughadh buidhe do Dhía & do Chiaran; & tuc ferann dó .i. Leim Eichille.
Luigh aroile gaduide tar Bladhma síar; go ro ghad boin o Ciaran. Ad-racht céo & dorchada diairme fair; & sruth trén-tuile, go ro baithedh, & ro ionnto an buin go Cíaran doridhisi.
Badur tra maoir o righ Eirenn og tobhach a chána a n-gach áit. Tarla do fhior acu gur mharbh sé cara do Chíaran gin chionaidh, acht madh ainntreisi a thigerna. Crónan ainm an oglaigh. Rainic an sgel-sin go Ciaran; & luigh for iarraidh an oglaigh, go b-fuair a g-cionn secht {MS page 238} laithe iarna bhás. Go ro dhuisigh fo chedoir lá guidhe Dé fair. Ocus ad-bert Cíaran fria ri Éile Iorghabh an bith-beanach ughad; & loisg iaram issin olc do-roine gin adhbur. Ocus do-roine samhluigh.
Fergaighthear righ Eirenn iaramh .i. Oilill Molt, fria Ciaran fa bhás a oglaigh; go ro aithisigh o briathraibh é. Do-rad Día tachtadh for a iorlabhra-som inn, go m-búi seacht laithe gin labhra. Luigh an rí go Cíaran iaram, & do-roine cros-fhighill iona fiaghnaisi, & do-rad a oig-reir dó. Do-rad Cíaran sigin na croisi for a ghion, go ro labhair iaramh amhail báoi riam; & ro sgarsad iar sin fo sith & caoin-comrac .i. an rí & Ciaran.
Luigh Gearman easbudh o Patroic for ceilidhe go Ciaran. Tiaghaid immaleith isin sruth, do dhenam a n-ernaighthe, amhail bá bés la Ciaran. Ní ro fhuling German an tuisge ar a oighritacht. Ro moithigh Ciaran aní-sin fair; & ro chuir cros dia bhachaill for an sruth, gur bó te la German é iar sin.
As-bert Ciaran iaramh: Tiocfa mac rí Caisil iaramh .i. Carrtach, amárach diar n-ionnsoighe, & mac dhalta tairisi damh-sa h-é.
Báoi aroile rí etrocairech a g-comghar do Cluain mic Nóis. Do-rad a uile ionnmasa do Ciaran Chluana dia thaisge. Ro sgaoil Ciaran ar bochtaibh Dé, & ar egalsaibh naom íaram. Do-cúas on righ día iarraidh, & nior frith lais. Cairigidh-siumh Ciaran de sin, & ro cuibhrigh; & ad-bert nach gébadh gan seasga bó fhionn ó-dhearg día chionn. Is tualaing Día, ol Ciaran, anni-sin; & sgoiligh mo cuibhrighe go n-dechainn for a n-iarraidh. Ro benadh a cuibhrech de; & luigh side go Ciaran Saighri.
Baoi Brenainn for a cionn annsin. Ro gabh lúth & forbfailtechus mor iad roim Ciaran Chluana. Ro fiarfuigh {MS page 240} Ciaran Saighre dia choig, cía proinn nó bhiadh lais dona h-ard-naomaibh ugad. Ni fhuil, ar an coig, acht saill namá, & is alarda. Coraigur go luaith, ol Ciaran, & tabhartur isin pruinntigh. Do-ronadh samhluigh. Bennaiges Ciaran go ro fherasdar mil, & fíon, & ola, & braisech doibh iaramh. Ocus ad-bert manach dhiobh, nách caithfedh ni dhiobh, air is don t-shaill ro fhasadar. Ro fregair Ciarán: Fuicfe t' aibíd, ol sé, & iosair féoil chorghais, & do dhenair gach n-olc, & ní bia nemh lat fadhéoigh.
Ro caithsit a b-proinn, & altaighid iaramh, & ad-bert Ciaran Cluana: Biaidh iomad saidhbhresa & conaigh isin áit-so go brath. Biaidh rath egna & crábhaigh ar th' ionad-sa do gnath, ar Ciaran Saighre. Ro innis Ciaran Cluana a thosga. Tiagham ne for a n-iarraigh, ol Ciaran Saighre, & ol Brenain.
Tiaghaid, & nior bo cian doibh ag siubhal, go ro tiodhnaic Día dhóibh. Ocus ro toirbir Ciaran Cluana don righ tar cenn a ionnmhais. Ocus iarná t-tabhairt don righ ro leaghsad uile, {MS page 241} & do-chodar for neifni. O 'd-connairc an rí anní-sin, sleachtais do Chiaran, & ro ghuidh Día fa mhaithemh na coire-sin dó; & ro maith a uile ionnmas do Chíaran, & ro badur siodhach iaram.
Báoi fer saidhbhir a g-Cluain mheic Nois, & ba h-eolach a móran d' olcaibh, Trichemh a ainm. Luigh side go Ciaran Saighre. Baoi teine casga la Ciaran gan diobhadh on caisg go aroile. Baidhis Trichemh an teine. Olc tarla dhuit, a dhiabhail, ol Ciaran, diobhadh na teinedh; & ní bía teine linn go caisg iar g-cionn, mona tí do nim. Ocus do-ghebhair bás do lathair; & is faolchona iosas do chorp, ol Ciaran; & do fioradh sin.
Do foillsighedh do Ciaran Chluana anní-sin, & tainig go Saighir. Failtighes Ciaran roime & o 'd-connairc gan tine lais fria h-ollmachadh bidh dona sruithibh-sin, ro thogaibh a lamha docum nime, & ro guidh an Cuimdhe go t-tísadh teine dó. Do-rocair caor teinegh 'na fiaghnaisi, & is lé ro bruitheadh a b-pruinn dóibh; & do-cuired ana b-fiadhnaisi a b-pruinn.
Ad-bert Ciaran Cluana: Ni caitheam sa biadh, ol se, go t-tugthar mac muinntire dam. Do fhedamair asíad do tosga, ol Ciaran Saighre, & is toil dam-sa, masa toil lá Dia, an fer-sin do teacht cugad-sa a n-iomlaine. Tainig iar sin la breithir {MS page 242} Ciarain, & ro chaith amaille fríu, & téid as-sidhe le Ciaran go Cluain, & ro treig an demhnaidhecht baoi lais iaramh.
Feacht ann luigh Ruadhan Lothra for cuaird go Ciaran. Tainic an demhan go ro baidh teine Chiarain. O 'd-connairc Ciaran sin, ro bennaig chloch n-adbhail mhóir, gur bhen a caisre teineadh aisde, go rug for lasadh iona laimh a b-fiadhnaisi Ruadhain día ghoradh fria.
Iar sin tra tug an fearrthighis soithech lemhnachta gusna cleircibh. Tig an demhan go ro dhoirt an bainne, & gur bris an soithech. Bertar an soitheach go Ciaran, & do-cuir sighin na croiche tairis, & ro budh slán iaram gona lán leamnachta ann.
O tainic gusna deighioncha do Chiaran, ro-fhidir fein aimser a bháis, & ro shir téora itche go Día riana bhás. Tig an t-aingel cuige, & ad-bert fris, go b-fhuighbhedh gach ní ro sir. Gach nech, ol sé, adhlaicfithir am reigleis, gan doras iofrainn do iadhadh fair; & gach nech do-bheradh onoir no airmhidin día fhéil, buaidh ratha & saidhbhresa fair isin saoghal a b-fhos; & flathas neime táll. Ocus buaidh g-catha for Osraighibh, & gan a n-dichur día n-diles do sior. Oir ro budh diobh dó-sum fein iar m-bunadh.
Do-rala tra for menmuin Fhinnein Chluana h-Iraird laithe deighencha Ciarain ag toigheacht; Luigh Finnen dia {MS page 243} fhios, ar ba h-oide dó é; oír is oga ro leigh a salma, & gach cinel foircedail báoi lais; & ro-siachtadur urmhor naom Eirenn da ionnsaighe ar ba h-oide foircedail dá n-urmhór é.
Badur triocha easbudh imaille fris, do neoch ro foglaim lais, & da t-tug gradha saghairt forgach n-aon acu. Ocus luigh Cíaran ria g-cach isin reigleis an úair a bháis; & ro ghabh cumaoin & sacarbaidh; & tangadur iomad aingel a g-comdail an anma sin Ciarain, & rugsad léo docum nime a spiorad iar m-buaidh aoine & aithrighe, & iar m-breith buadha ar demhan & ar doman, a b-failte muintire nime;