Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

p.3

Life 1

{folio 146b}

Betha Abáin annso sis

Ro gabh oirdnidhe cennus for Laighnibh feacht riamh, Corbmac eissium. Ro bai séitigh lais, Mílla a h-ainm sidhe; & ba deirbhsíur d' espucc Iubhair issidhe. Ocus do-rala gur bo h-alachta h-í; & cuiris fis for a brathair .i. for espocc Iubhair i n-am tuismedha dhi. Et dixit Milla iar faicsin a brathar:

    1. Espocc Iubhair dom chobair,
      'Sé ro-fhidir mo rúna;
      Cuinghedh dilgadh mo chinadh,
      Rom-gabhsat idhain gúra.

Et dixit episcupus:

    1. Espocc Iubair at farradh,
      Rot-gabhsat idhain gúra;
      Béra mac uasal amhra,
      Rot-cabhra na n-dúla.

Beiridh an inghen mac la guidhe an epscuip naemtha, gan doigh gan tiachair, & ro baistedh h-é, & tuccadh Abbán d' ainm fair. Ocus berar dia oilemhain é, & do chur cerda luith & gaisccidh roimhe, día bheith h-i r-righi for lorcc a athar. Ocus nir bó tarba són.

Briathra Dé ro canadh-som gibe ní no canta fris; & ro an in scribtúir aicce gan sáethar gan meabhruccadh. Ro ba follus grasa Dé fair; & nir bo h-iongnadh sin, óir ro thirchan Patraicc h-e, an tan ro gab port h-i l-Laignibh ar tús, & drem dona naemhaibh ele.

Ocus ba machtnadh la h-oidedhaibh Abbáin in abairt for a raibhe; & beiritt leo h-e go h-airm i r-raibhe a athair & a mhathair; & ro chansat fríu nach ar lorcc na righe rob áil le h-Abán a ghniomha do bheith, acht lenmain don fír-Dhia, & don chreidemh chatoilica.

Ocus guidhidh a athair & a mathair é im anmhain aga n-oidhreacht; & nír bó tarbha són. ‘Neimhtní gach ní acht Día’, or sé. Ocus doníad


p.4

cimidh dhe, & cuiritt cuibrighi fair, & cuiritt h-i c-cuithe na n-giall h-e; & do-gheibhit forsgáoilte h-é iarnabharach for urlainn an dúin gan cengal, gan cuibrech. Ocus o 't-concattar gan nert aca air, deonaighit dó a thoil féin do denum. Teid-siumh go h-airm i r-rabhatar a lucht oilemhna.

Laithe n-aen dia m-bói Aban la laogaibh a bhuime, do-chi cú allaidh go h-airm i r-raibhe. ‘Ro chan Día’, ol Abán, ‘an t-éigen d' furtacht. Tomhail in laogh-sin’, {folio 147a} ar se, ‘ata an una (.i. gorta) fort’. Ro ith, & beridh buidhe a coda fri h-Aban.

Ocus ba doirbh leis na h-occaibh ele an laogh do chaithemh; & ro gabh omhan Abán riana bhuime. ‘A Íosa’, ol sé, ‘do chruthaigh in láogh-so gan damhna, cruthaigh anossa h-é leis an damhna fil sunn dhe’. Do eirigh an laeg go h-airm i r-rabhattar na láoigh aile, & ro géim, & do-gní reabhradh ar áon fríu. Ocus tiagaitt oidedha Abáin go h-airm i r-raibhe an righan & an , & innisit dóibh na miorbuile-sin. ‘As deoin lin-ne’, ol síatt, ‘antí do-róine na miorbuile-sin fair, eissiumh d' adradh dó’.

Luidh Aban go h-airm a roibhe easpocc Iubhair .i. derbhrathair a mhathar, & ba failtighi an t-espocc roimhe for a dhiadhacht na for a ghaol fris. Da blíadhain dec áes Abáin an tan-sin. Ba h-iomdha nech naomhtha la h-Iubhar, & reicles oirdnidhe. Ocus do bái recles lais día tucc toil tairsibh i n-inis for an taoibh thes do Laighnibh, & Beicc Éire a h-ainm.

Luidh Iubhar do Roimh, & cuinghis for Abán foss ós cind na manach go t-tísadh doridhisi. Nír bó toil do Abbán sin, gen gur triall la h-Iubhar do Roimh; & cíis gur bo fliuch blae & bruinne dó. Gairis Iubhar h-é, & cuiris a chend ina ucht, & tuitis a shuan fair; & téid Iubhar 'san luing gan ráthuccadh do Abán. Ocus dúisccis Abán, go f-faca in long h-i fudomhain na fairrge; & ba doiligh lai-siumh an ní-sin. ‘A Iosa’, ol sé, ‘soirbhidh in conair damh-sa gusin ethar uccat. Do traighis an Muir Rúadh’, ol sé, ‘& ní decmaicc ni for bith duit; & seol meisi dot adhradh’.

Éirghis, & gabhais for fedh na fairrge, gur bó soilléir aingil fria taobhaibh, & nir bo fess dia f-facaidh h-é, an eitedha diadha do fhás fair, nó an siubhal dáenna donídh. Ro airis an long fris forsan


p.5

muir. Ocus ba machtnadh lásin foirinn-(sin), go ro innis Iubhar doibh gurab le h-Abán ro bái an long ag fuirech.

Ticc Aban isin luing, & gabait port {folio 147b} isin Ettailli. Ocus tiacchaitt go cathair aincriosttaidhe, Padua a h-ainm. Ocus ro fiarfaicchedh dibh: ‘Cia h-airm as a t-tangabair? no ca conair a c-cingfidhi’? ‘Éirennaigh sinn’, ol síatt, ‘ & do Roimh triallmait, d' faghbhail tarbha in luaighidhechta do gheall Día dia mhuinntir’. ‘Cidh sin’? ol in , ‘cred adeirthi fri ar n-deibh-ne’? ‘Dee bodhra balbha filet libh, gan nert cobharta forra féin, na for nech ele aca’. ‘Foillsighid-si dúinn araill do mhiorbuilibh bhar n-Día feín’, ol in ; ‘adhnaidh an t-súdrall-so gan teine lá bhar n-anála, no do-gebtái bás dochraid fo cetóir’. Ocus cuiris Iubhar & a muinnter a n-anála ar uainibh fon súdraill, & ni ro lass; & ba súan do Abbán indsin a h-aithle an aistir do-roine; & dúisccitt h-e; & cuiris a anál fon súdraill, & do lass fo cetóir.

At-bath séitigh an in adhaig-sin, & ticc an arabharach go h-airm i r-rabhattar na naoimh, & cuinghis forra a shéitigh do thodhúsacht dó, & no gébedh baistedh chuicci. ‘Do Abán as déoin la Día an dusccadh do denamh’, ol Iubhar. Guidhis Aban forsan inghin, & ro duisigh a bás h-í. Ocus gabhais an & a séitigh, & a n-uile daine bái leo baisttedh as a h-aithle.

‘Tugaidh furtacht for an c-crich-si’, ol an . ‘Fil peist neimhe aga h-innradh, eter dhaine & innile. Fuath leomhain fuirre, & do ruccusa áes na crichi-so feachtus dia díochur, & ro marbh tri cet laoch dibh, & ros-fuirigh ina h-aiti feín acc fásuccadh forainn’. Beiris Aban drem dibh lais día theccuscc gusin ait i r-raibhe in peist, & tiaghait for cúla, oir ni léigh a n-eccla dóibh acht a foillsiucchad a c-cein uathaibh.

Ticc an peist neimhi i n-dáil Abain go c-colcc mór fuirri. ‘Cuirim-si fort, a h-ucht Íosa, an t-anam-sin do-chuir Día ionnat’, ol Abbán, ‘lasa n-dernais míghniomha, scaradh fris, & an colcc adhuathmar sin fil fort do dhul for neimhtní’. Scarais a h-anam {folio 148a} fría la breithir in naeimh. Lethait a h-aittreabthaigh fon crích dia n-aitte, & dia n-adbhadhaibh, & do moladh Dia leo.

Teitt an righ go h-airm i r-rabattar na naoimh. ‘Fil loch linn’, ol sé, ‘go piastaibh neimhe fair oc ingreim na criche, & isedh as


p.6

áil duinn, sibh d' ar furtacht forra’. Tiaghaitt dibhlinaibh go h-ur an locha, & teccaitt na piastai n-dail Abáin, & luigitt fria thaobh, & lighitt a cossa. ‘Furáilim foraibh’, ol Abán, ‘i n-ainm na Trínóide, dul 'san loch uccat h-i c-cúil m-bicc de, & a iascc do tomhailt, & oirisiumh ann, & gan urcóid do dhenamh (do neoch) for bith’. Ocus doníatt amhlaidh; & do-cíther aníu a ceann na seachtmaidhe bliadna íat for an c-cúil-sin da fhoillsiucchad go maraitt do choimhlíonadh breithre Abáin.

Luidhset na naoimh do Roimh go m-bennachtain an phopuil leo. Ocus ro bhennachsat-somh iatt-somh. Teccaid for cula go h-Eirinn doridhisi.

Luidh Patraicc & espocc Iubhair & Abán h-i l-luing for Loch Garman; co n-facatar an peist n-dímóir fria t-táobh, & cet cend fuirre, & dá cet súil, & da cet clúas, go ro tochuir ainbhtine dermair forsan muir, go ro chuir an grían i n-uachtar, go raibhe in long for (comh)badhadh. Luidh Patraicc & espocc Iubair for sesaibh na luingi do ghuidhe Dé im furtacht forra.

Anais Abán gan dul leo, óir nir mhes a urnaighthe comhard fri h-urnaighthe na náemh n-aile; & nír sccuir an t-anfadh béos. As-bert an t-aingel uaistibh: ‘Tuccaidh Aban chuccaibh, oír as día urnaighthe tuccadh diochur na péiste uccat’. Ocus tuccadh Aban chuca, & doní guidhe 'chum n-Dé, & ro díchuir in pheist; & ní fes cia conair i n-deachaid. Ocus isse an diabhal fo-dera an pheist do theacht 'san cruth-sin chuca do aidhmilledh for na naomhaibh. Ro chiunaigh an mhuir, & tiaghait i t-tír 'san tracht fa togha léo.

Fechtus do Abán fri taobh an trachta, co n-aca an tonn muiridhe ina dhail go méid n-dermáir; & ba h-airdi h-í inás in talamh; & búailis fri tír go {folio 148b} h-airm h-i r-raibhe Aban, & ní deachaid ní búdh síriu. Cuiris Aban a bhachaill forsan tuinn, & téid feín fuirre, & ro iomhchuir an m-bachaill h-e forsan tuinn h-i fudomhain na fairrge; go t-tangattar ili diabhal ina thimcheall. ‘Anossa’, ol siat, ‘aithfimíd-ne fort-sa, na n-deine d' éccoir forainn, occ breith ar muinntire úainn let [H] amain-si & led mealltoireacht n-gúachaich’; dia c-cualadur an guth n-ainglighe úasuibh:

‘Eirgidh’, ol sé, ‘a b-fodomain ifrinn a b-fail a n-aitreabtai do shíor’; & do-ronsad amluigh; & ro baoi Aban for a bachuill in fedh-sin.


p.7

‘Beir-si’, ol an t-aingel, ‘go cenn seacht m-bliadan n-dég & tri cet bliadan ag foghnam do Día gan nert aimsighthe fort; & téid t' anam a b-fiagnaisi na Trionnoide, & bud feirde na daoine go foircenn m-bratha an loingseoireacht-so do-rinnis. Tuc Dia nert for muir duit ná tucadh d' áon romad. Ni fhuil nech rachus for muir a curach no a luing, & gebhus fo tri a n-ainm na Trionoide:
    1. 1] Curach Abain for an linn
      2] Is muinnter fionn Abain ind,
nach ticfad slán; & fo tri teighe do Róim’.

La n-aon do Abán ag siubhal fria h-ur in cuain, go n-acaid tri longa isin purt og triall do Róim. Téid Abán ana n-dail, & téid a luing dhiobh dia n-oilithre ro badur ag dul; & coica i n-gach luing diobh. Tiaguid amach forsan muir, & ni ro fhaolsat cor a cechtar dona h-airdibh díobh. Ba cían doibh for an abairt-sin, & ba machtnad leo-sam sin, go g-cualadur an guth n-ainglighe uaistib: ‘As é bur b-fochann’, ol sé, ‘gin cenn gin ab foruibh. Fil bur n-diol do ab sunn’, ol sé, an t-aingel, ‘& Abán a ainm’. ‘Ni h-aithnidh duin-ne in fer-sin’, ol síad. ‘Cuirigh na croinn-si foraibh’, ol an t-aingel ‘& in nech for a n-anfa an crann-so díbh, tabraidh bur g-cennus dó’. Ocus ro thuit an crann for Aban, & no berid umla dhó, & bá soirbh a slighe doibh go dul do Roim.

Dia t-tárla nech dóibh isin Róim do-beredh cuid na cet-oidhce da gach oilitreach no teighedh inn; & ruc iad-sum lais, & ro baoi Aban fo oirmidhin mhóir lais; & bá machtnad leo-sum an denam baoi for leith for Aban aige, & gin aithne aige fair. {folio 149a} ‘Aingeal do-rad a eol damh’, ol fer in tighi. ‘Ni h-iongnadh sin’, ol siatt-somh, ‘do benadh comnuidhe asain-ne forsan muir, go ro umhlaighemar dó’. Do-bheir Grigoir gradha saccairt fair, & doní abb dhe.

Ocus gluaisit for c-cúla do thoidhecht dochum na h-Erenn, go t-tarlattar dá sluagh dó fri broinn catha do chur, & a renna & a f-faobhair innillte re h-acchaid aroile. Gabhais Abbán an chonair ettorra. ‘I n-ainm na Trínoide’, ol sé, ‘sccuiridh don dásacht for a táithi, & treiccidh an gnímh as mesa for an soighniomh’. Cuiritt a f-ferga for c-cúla, & doníad sith & cáen-comhrac, & anaid h-i sist & h-i c-cairdes tre bithe; & ticc Abbán i n-Erinn go m-bennachtain na sluagh-sin lais.


p.8

Triallais i Connachtaibh, & do-rinne téora reicclesa oirmhidnecha innte. Ocus triallais for cúla co crích Eachach Coinchinn h-i crích Corc Duibhne. Mór trá d' eccalsaibh naemhdha do sénadh la h-Aban. Ocus ro bhennach Boirnech, & do-rad do Gobnait h-é. Ocus ro bhennaigh Cill Aithfe ar Magh Coincinn & do-rad do Finán h-í; & ro thirchan Finán treimsi rena tusmedh; & do-bheir Cill Eachach Coinchinn dó.

Ocus ro bhennach Cúl Collainge, & Brí Gobhann, & Cill Cruimpir, & Cill na Marbh; & ro bennach Cluain Aird Mo Becoc, & Clúain Finnglaisi, & ro fhaguibh Beccan innte; & móran ele d' eccalsaibh; & ro fáccaibh oific na h-eccailsi naoimhi i n-gach ecclais dibh.

Luidh Abán i n-Éilibh; & ro bai in , & áes an tire i n-aenach; & ni raibhe creidemh léo. Ocus ticc Abbán occ síoladh breithre Dé doibh. ‘Cidh ráed é Día’? ol in . ‘Cruthaighteoir nimhe & talman, & aga b-fuil fis gacha torracht & nach torracht’. ‘Innisi damh-sa’, ol an , ‘an lícc dimor uccat fil forsan tulaigh, cía mó atá i t-talamh dhi na úasa’? & ro innis Abbán sin. Ocus do-berar moghadha in rígh dia tobach a talmain, & ro frith amail ro raidh Abán; & gabhais an cona crich baisttedh iar sin.

{folio 149b}

‘Fil peist neimhe isin crich-so’, ol an ri, ‘& fúath cait fuirre; cenn & lái teintidhe le, móa oldát láeigh ar m-buair; fiacla conda le’. ‘Ni dhingni sí urcoid do nech don crich-so’, ol Aban. Ocus tarla an pheist dó lá n-áen occ an abhainn danad ainm Brosnach, & lighis a chosa, & máolais an greann adhuathmar bái fuirre. Ocus tóccbais lais h-í, & cuiris h-i l-loch bái re thaoibh do thomailt eiscc. Ocus aithnighis di gan urcóid do denamh do neoch for bith, & do fíoradh són.

Ocus ba senda an an tan-sin, & ni raibhe oidhre lais acht inghen rucc a shéitig in acchaid-sin; & cuinghis for Aban a baistedh; & ro airigh doilghes forsan rígh tre bheith gan oidhre. ‘Madh déoin do Dia’, ol Abbán, ‘do-ghebair oidhre’. ‘Ac’, ol an , ‘ní thicc dím-sa lem shenndacht’. Gabhais Abban in naidhin eter a dí laimh, & do-gní ernaighthe dhiochra 'chum n-Dé d' faghail eidhre don righ; &


p.9

an inghen ro chuir isin topar, tóccbhais lais ina mhac, & cuiris i n-ucht in righ. ‘Acc so do mhac duit’, ol sé. Ocus gabhais luathgáire dermáir an , & aós na críchi dona míorbhuilibh-sin. Ocus do sccar Abbán & an fri aroile fo caon-comhrac; & ticc Aban go Ros mac Truin.

Laithe do Abban for brú Siuire, & tórmach tuile innte. Traighis in t-áth ria n-Abán gur bó leca tiorma. Ba díairmhi popal diadha ar áon fri h-Aban an tan-sin. ‘Gabhaidh an conair anonn’, ar sé. Gabhaitt, & gabhais Abbán for a lorcc, & macáomh ócc ar aón fris gan rathuccadh dó, go ro muigh an sruth fair. Ní ro airigset esbhaidh an óccáin forra, go rabhattar for a b-proind arabharach. Luidh Abbán gusin sruth, & duisccis an naidhin don grian gan ball fliuch for folt na erredh dó.

Laithe do aodhairibh Abáin ag coimhétt a t-tréda, go f-faccaidh na {folio 150a} faolcoin friu. ‘Leiccidh uaibh, & coimhéttaid’, ol Abban; & doníadh na faolchoin-sin; óir as íad ba h-aodhairedha dó an céin ba béo.

Luidh Corbmac mac Diarmata Úa c-Ceinnsealaigh do denamh creichi for Cam Ross .i. reicles Abbáin. Teid cuid dia shluagh h-i c-cuili Abáin, & do-bherad an miach tomhais bai ann forsan faithche, & ní ro fhedsat a chur díbh, óir do lensat a lámha dhe. Gabhus omhan an ri cona slogh. Cuirit fiss for Abán, & guidhit fair trocaire do dénamh forra on airc ina rabhatar. Cuiris Abán cros dia laimh uasaibh, go ro sccar an miach fríu, & do-radadh an ferann a t-timcheall an bhaile do Aban; & luidh Abbán for cula go m-bennachtain na crichi lais.

Tuitis an aghaid fair; ba fúar, & ba dorcha iséic, conar cumhaingset cor don conair. Do-ciad aingeal ina n-dail, & tapur solusta ina laimh, & dos-fucc i l-laimh Abbáin. Beiris Abán eolus conaire doibh lasin tapar go rochtain ina reccles feín doibh; & fo-geibh an t-aingeal for a chinn isin tempul, & geibhis an tapar a laimh Abáin; & sgarait fri aroile.

Laithe dia f-facaidh Abbán neach amhlabhar ina dháil, do chuingidh furtachta fair, cuiris cros Iosa for ubhall bái ina laimh. ‘Tomhail so’, ar sé. Do-roine an t-eslan samlaidh, & ba slán o gach n-galar bai fair.

Laithe ele at-connairc Abán nech h-i pairilís, & cos & lamh


p.10

dia easbaidh. Cuinghis for Abán ar déirc & troighe furtacht fair. ‘Bí slán’, ol Abán, ‘i n-ainm na Trínoide,’; & ro bái o breithir Abain.

Laithe n-aen dia f-faca Aban nech 'ar t-tuitim lubhra fair, cuinghis a fhurtacht for Abán: ‘Sirim-si ar Día furtacht fort’, ol Abán, & do-roine Día sin la breithir in naoimh.

Battareirrigh comfoccus do Aban i conflicht fri aroile. Gabsat la catha {folio 150b} for aon-maigh go m-battar ucht fri h-ucht. Tiaghar ona tuathaibh dia m-batar go h-Abban, ar co tísedh dia furtacht. Teíd-siumh i c-crois-fighill fri Día fri dénamh samhlaidh; & fuair-siumh ón, co nár bhad cuimhgeach imertha arm, na toidheacht for aroile, gur bhad siodach la breithir Abáin.

Bai araile sáor airmittnech i c-comfoccus do Abban, & ba h-é do-gnídh lubhair gach naoimh fría reimhes; go ro dallta la h-oirbire na naomh for a dáoire fríu, & méd a loighi; Gobán ainm. Teitt Abán dia chuingedh fri denamh reclésa dó. As-bert-somh ní bái a cumang dó, ar ba dall. As-bert Abán fris-siumh: ‘Fogebha do roscc céin bhé occ in lubhair, & a do-la úait iarna forbhadh’. Ro firadh són; & ro móradh ainm Dé & Abain de-sidhe.

Rainic araile amlabhar go h-Abán dia cobhair. As-bert-somh: ‘A Iosa’, ol sé, ‘amhail do-radais labhra for an anmann m-bruidemhail feacht riamh .i. for in asal; tabhair urlabhra dó so’, ol sé. Do-radadh iaramh amail ro chuinnigh.

Batar tra bú iomdha la manchu Abáin; con luidh buachail dibh cucca-somh, & as-bert fris go m-bói bó il-dathach aimrit lais, ba h-áille dona cethraibh talmandaibh, gan bliocht gan laogh o ro genair. Bennaighidh-siumh in m-boin iaramh, go ro eamhnastair dí laogh fona dathaibh uccat, & as ing ma congaibhthi lestra dia h-ass; & bái samlaidh gan trágadh fri re Abáin; & ro thinastair iaramh.

Araile uair do-dhechattar coimhtionol na manach comfoccus go h-Abán do fhiss a m-bethad & a n-eiseirge; & dia t-tecusc & foircetal dó. Cethracha & cétt cleirech a líon. Fogní-siumh doibh amail connaigset fair, & ceileabrait iaramh. 1.