Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 119
MAG DÁ GÉSI
FIND MAC CUMAILL cecinit
- In lia notheilginn do grés
dar Maig Da Gés co Druim Suain.
ba fota m' irchor din chloich:
mad indiu, noco roich uaim.
- Ni thoirchet mo dáil adiu
dí ingin buid, buan-ban gleó,
Iuchdelb ocus Lecco Dub:
mór in glond dia m-betis beo.
- Mas é mo sáigul rosiacht,
domriacht cech baegul, cach bét:
aire na toirchet mo dáil,
menip áil mo shechna ar éc.
- Bid Mag Da Gési co bráth
dia n-esi cach trath, cid truag:
bid maigen dedail cen dil
on tshil roselaig rosúan.
- Robith mór láech ar cach ló
sin maig maith co n-ilur chia
dar Mag Da Gés in cach dú
on dú do grés teilcind lia. In.
p.326